2016-07-16
Gobblefunked
2016-07-07
An tIriseoir
2016-06-30
An Béarla san Eoraip
2016-06-23
Tóraíocht taisce tairbheach
Frank Reidy
Cló Iar-Chonnacht
2016-06-12
An Fuadach
2016-05-29
Seacht mBua an Éirí Amach
2016-05-27
Cad Is Saoirse Náisiúnta Ann?
2016-05-26
Sa Bhearna Bhaoil
2016-05-25
Íde na Tine
2016-05-18
ÍDE NA TINE: Tionscadal Joni Mitchell le CAITRÍONA O'LEARY
Duine de na cumadóirí amhrán is mó a bhí riamh ann í Joni Mitchell dar le Rolling Stone. Sna liricí sárfhileata aici, pléitear téamaí an ghrá - an tnúth, an cumha, an ríméad, an domlas - chomh maith le ceisteanna móra sóisialta agus timpeallachta. Cuimsíonn a stíleanna ceoil an ceol tíre fuaimiúil, ceol rithim agus gormacha, popcheol agus turgnaimh chasta snagcheoil.
Léireoidh Tionscadal Joni Mitchell an chuid is fearr dá cuid amhrán ó Big Yellow Taxi, Woodstock is Both Sides Now go dtí The Jungle Line agus God Must Be a Boogie Man. Is iad na filí Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge bhinn bhlasta i mbéal Joni agus is í Caitríona O'Leary a chanfaidh. I dteannta Chaitríona beidh Dick Farrelly (giotáir), Nick Roth (sacs), Dave Redmond (dord) agus Graham Hopkins(drumaí). Teilgfidh Margaret Lonergan na liricí ar scáileán móide íomhánna draíochtúla.
Ticéid le fáil ag an nasc seo: http://ilfdublin.com/event/ide-na-tine-tionscadal-joni-mitchell-sweet-fire-the-joni-mitchell-project/
Tuilleadh eolais: Liam Carson fón 087-2912797
2016-05-07
Gráinne Mhaol Ní Mháille
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-17-7
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.
Litir ó mo Mháthair Altrama
agus scéalta eile
Fionntán de Brún
Clúdach bog, 109 lch.
ISBN 0-9532777-7-1
Praghas €8
Goya sa Phrado
![]() |
| Goya, leis féin. |
2016-04-27
Rún m'Athar
De thaisme a fuair mé an leabhar seo ó na 1960í. Bhí mé sa leabharlann le déanaí. Tá fhios ag an leabharlannaí go bhfuilim tugtha do leabhair i nGaeilge agus bhí an ceann seo i measc na leabhair a raibh siad ag fáil réidh leo. Tá spéis agam i Cathal Ó Sándair, ach is annamh teacht ar leabhar leis.
Scéinséir spéisiúil atá anseo. Buachaill óg, aonmhac lánúin saibhir an reacaire. Cuireann namhad lena athair- fostaí a briseadh de bharr mí ionracas- ina luí air nach mac a mhuintir in aon chor é.
Tá dóthain dealraimh leis an scéal go dtéann sé sa tóir ar a 'fhíor theaghlach'.
Tá cúpla corr is casadh san scéal sula dtagann réiteach air. Tá blas sách láidir a ré air, agus aicmeachas láidir; ach mheas mé gur thug sé léiriú firinneach ar an streachailt i meon an linbh uchtaithe a shantaíonn caidreamh lena ghaolta fola ach a bhfuil grá freisin aige don teaghlach a thóg é.
Níl fhios agam a bhfaigheadh déagóirí na linne blas air, ach shamhlóinn gur shlog siad tráth a fhoilsithe é.
2016-04-13
Dé Luain
Tá saothar seo Uí Thuairisc ag stánadh anuas ó leabhragán mo thuismitheoirí le fada orm. Cuid den canóin nach raibh mé tagtha chomh fada leis fós. I mbliana bhraith mé níos treise ná riamh nár cheart é chuir ar an méar fhada níos mó.
Tá mé sásta áfach gur fhan mé - de bharr cláir áirithe ar TG4 agus leabhair eile atá léite le tamall agam tá tuiscint níos fearr ar stair 1916 agam. Tuiscint atá riachtanach le adhmaid a bhaint as an saothar.
Sruth smaointe go leor dóibh siúd a raibh lámh acu san Éirí amach, idir mór phearsain agus mionphearsain, idir Gael is Gall atá ann. Lingeann an insint idir phearsain ó alt go halt, cé go bhfuil sciar suntasach ag baint le cíor thuathail aigne an Phiarsaigh agus an crú ar an táirne faoi dheireadh.
Níl ach scéal céad lae an Éirí Amach ann, fágtar na snáithe ar foluain.
Cíoradh spéisiúil ar mheoin na gceannairí agus a gcéilí comhraic atá ann, idir iadsan i gCaisleán Bhaile Cliath agus iadsan sa ghluaiseacht a bhí i gcoinne Éirí Amach.
Mothaím gur chuir an úrscéal go mór le mo thuiscint ar fíricí loma an Éirí Amach. Tá tábhacht le mothúcháin agus smaointe chomh maith le fíricí is figiúirí le greim a fháil ar an stair.
Is maith mar sin, go bhfuil an leabhar ar fáil ó Cló Iar Chonnacht
Seachtar Dearmadta
Aindrias Ó Cathasaigh
Coiscéim 2013
ISBN 6-660012-130597
1916 Seachtar na Cásca
Aindrias Ó Cathasaigh
Coiscéim / Abú Media 2010
2016-04-04
Fís fileata na Fuiseoige
Ní hamháin na tírdhreacha sceirdiúla a bheadh ar cártaí poist, ach grinn staidéir ar an talamh is uisce le cuidiú ochtacoptar. Ní tírdhreacha folmha amháin, ach staidéar muirneach ag aghaidheanna an phobail sean agus nua, a mhúnlaíonn Éire agus a ainmníonn í.
Ó Mhám Chonrach go díonta bóthar na bhFál, tugadh a ceart do fairsinge Éirinn.
M'anam ach go bhfuil beatha fónta le baint as bairnigh.
2016-03-27
Hula Hul
2016-02-02
Ailtreacht iar Éirí Amach
![]() |
| Sean Keating 'Night Candles are burnt out' |
2016-01-27
Straitéis Léitheoireachta
Léitheoirí a Aimsiú
Is ann do dhaoine ar maith leo leabhair, fiú leabhair Gaeilge. Ach tá sé deacair teacht ar na leabhar. Tá siopaí leabhar geal leis imithe. Maith go leor, tá siopaí leabhar ar líne fearacht http://www.litriocht.com ann anois; agus tá siad iontach má tá leabhar ar leith á lorg agat. Ach ní féidir leabhar a lorg murab eol duit é a bheith ann. Ceannaím leabhar de ghnáth mar go bhfuil cloiste agam faoi. Sách minic is ag seoladh leabhar a cloisim faoi leabhar eile mar go mbíonn mionsiopa leabhair ann. Tá IMRAM go maith freisin mar bíonn siopa beag leabhair ag imeachtaí dá chuid. Ach ní bhíonn an deis nó an fonn céanna ar gach duine taisteal chuig ócáidí.Tá gá mar sin, ní hamháin le léirmheasanna - ach le margaíocht. Margaíocht in earnáil an Bhéarla freisin, mar nach gach duine le Gaeilge a chuireann an dua orthu féin - agus is dua atá ann - irisí Gaeilge a aimsiú agus a léamh. Chomh maith leis sin, cloisfidh gaolta agus cairde gan ach Béarla faoi agus seans go smaoineoidís ar leabhar Ghaeilge mar féirín nó ar a laghad go dtabharfaidh siad nod do léitheoir gurbh ann do leabhar.
D'aireoinn Leabharlannaí mar gné den mhargaíocht freisin. Má tá réimse maith leabhair i nGaeilge ag leabharlann poiblí, tá seans ag daoine iad a léamh gan costas; agus teacht ar údair agus leabhair ar fiú dóibh airgead a chaitheamh orthu. Faraor, bíonn rogha na leabhair Gaeilge sna leabharlanna poiblí ag braith go mór ar dhíograis an leabharlannaí - tá sé d'ádh orm go bhfuil bá ag an leabharlannaí i mBré leis an nGaeilge agus rogha réasúnta maith leabhair ar fáil dá réir. Bainim úsáid freisin as http://borrowbooks.ie/ ach ar ndóigh, arís, sin chun teacht ar leabhar a bhfuilim ar an eolas faoi.
Ó thaobh na margaíochta de, tá feabhas mór tagtha anois leis an Idirlíon agus na meáin sóisialta - tá cuid mhór de na foilsitheoirí gníomhach ansiúd, ag díriú aird ar na saothair atá acu. Tá lucht Leabhra Feabhra le moladh go mór as feachtas iontach ar líne a eagrú.
Creidim gur cheart tógáil ar a leithéidí agus siopa leabhair fán a eagrú a fhreastalóidh ar féilte cultúrtha agus liteartha suas síos na tíre, le rogha leabhair agus ábhar margaíochta atá feiliúnach don ócáid agus atá feiceálach, spleodrach.
Léitheoirí a earcú
Tá pobal na Gaeilge beag. Ach tá pobal léitheoireachta na Gaeilge níos lú fós. Tá cúis simplí leis sin. Nós is ea léitheoireacht. Tá leabhair iontacha ann do dhaoine faoi bhun a deich agus os cionn a tríocha. Idir an dá aois sin, cé go bhfuil feabhas ag teacht, tá poll. Titeann go leor de léitheoirí na Gaeilge isteach sa pholl sin.Tá triúr clainne orm; beirt buachaillí atá anois fásta agus iníon 9 bliana d'aois. Léim fós le'm iníon, mar a rinne le mo mhic go dtí thart ar an aois céanna, Léann m'iníon leabhair go neamhspleách má thaitníonn siad léi - mar a thaitníonn Asterix abair, agus corr leabhar eile (Cuidíonn sé go mór go raibh eachtraí Asterix ar theilifís leanaí na Gearmáine, agus go bhfuil go leor ar youtube. Spreagann sin í)
Léann mo mhic mórleabhair. Ach ní as Gaeilge. Tuige? Toisc go bhfuil a laghad ann as Gaeilge atá spéisiúil gur chaill siad an nós. Fáinne fí atá ann; mothaíonn siad léamh i nGaeilge a bheith deacair, ceal taithí, mar sin ní léann siad. Ní chuireann sin lena dtaithí!
Tá feabhas éigin ag teacht ar chúrsaí - bhain mo mhac atá 19 sult as An Litir, mar shampla.
Ach tá bearna mhór san soláthar; agus ní stopfar an bhearna sin le haistriú imleabhar amháin de Harry Potter nó Artemis Fowl. (An dá rud againn. Mise amháin a léigh - bhí an sraith ar fad as Béarla léite cheana acu, ní fhaca siad ciall le dua a chuir orthu féin á léamh).
Is anseo atá Eachroim le baint, nó le cailleadh.
Agus sin mo racht go nuige seo.
Tá suirbhé á reáchtáil ag Foras na Gaeilge. B'fhiú é líonadh.











