31 May 2010

Áran an Ghiolla

Mheabhraigh an phlé a bhí agam le Dennis ar arán scéal béaloidis dom. Más buan mo chuimhne, scéal ón nGearmáin atá ann.

Agus margadh á dhéanamh idir giolla agus feirmeoir, gheall an fheirmeoir go bhfaigheadh an giolla píosa aráin gach lá a mbeadh dhá lámh de dhíth air chun breith air. Gan amhras, bhí an giolla sásta leis sin, ag súil le líonadh a ghoile d'arán gach lá. Ach ba sprionlóir nótáilte an fheirmeoir. Is amhlaidh gur ghearr sé an t-arán chomh tanaí sin gurbh éigin don giolla breith air lena dhá lámh i dtreo is nach dtitfeadh sé as a chéile!

30 May 2010

Ag coisíocht faoi choimirce Chaoimhín


Táim ag tosú poist nua dé Luain. Bhí seachtain saor agam an tseachtain seo chaite, agus shocraigh mé mion saoire a ghlacadh. Chuaigh mé ar bhus meán lae go Gleann Dá Loch. D'fhág mé an bus san Láithreach agus shiúl chomh fada leis an Loch Uachtarach ar an mBóthar Ghlas faoi bhun Doire Bháin. Tá triomach ann le tamaill, agus bhí Tobar Chaoimhín, atá tamaill roimh an mainistir ar an mbóthar seo, imithe i ndísc. Is deacair an tobar a aimsiú anois. Roinnt blianta ó shin rinne oifig na nOibreacha Poiblí an áit a ghlanadh suas - agus bhain siad na nithe a bhíodh ceangailte, mar atá ina nós ag tobar beannaithe, de na crainn máguaird. Níl ach corr giobal le feiceáil ann anois. Bím idir dhá chomhairle faoin nós seo - blas íoladhartha air, dar liom. Ach mar sin féin, tá amhras orm faoin "nglanadh suas" seo.

Caith mé tamaill cois locha sular shiúl mé ar ais i dtreo an bhrú. Tá an-obair déanta anseo le traidhfil de bhlianta, cosáin marcáilte leagtha amach go cúramach. Tógadh freisin cosáin cláir tríd an riasc timpeall ar Pholl na Péiste. Is an cosán sin a thóg mé: agus bhí an dúrud féileacáin le feiceáil faoi sholas na gréine.

Tráthnóna bhí béile breá agam le cara in óstán Gleann Dá Locha. Seabhdar blasta le iasc deataithe, agus mias breá ae. Bhí sé i gceist agam dul ar shiúlóid faoi sholas na ghealaí láin. Ach mar a tharla, is siúlóid san clapsholas a bhí ann. Thosaigh muid thart ar a 20:30, agus bhí an ghrian fós láidir. Thosaigh muid amach ón óstán, ag tabhairt cuairt ghairid ar an mainistir agus sin ar aghaidh go dtí an bóthar isteach i nGleann Dasáin. Bhí a lán bric bheaga le feiceáil go soiléir i gcoinne ghaineamh gheal an leaba abhann. Tar éis ciliméadair nó mar sin d'fhág muid an bóthar, ag leanacht cosán marcáilte suas gualainn Cham an Doire. Bhí radharc bhreá ón ngualainn ar Loch Uachtair Ghleann Dá Locha. Ar aghaidh linn síos go bruach an locha, ag teacht anuas den cnoc ag bun bóthar na mianadóirí. Shiúl muid fán loch agus ansin ar aghaidh go dtí Teampall Rí Fhearta agus Cillín Chaoimhín. Lean muid ar aghaidh ansin thar an eas agus faoi mhullach Doire Bháin ar bhóthar coille. Bhí sé ag éirí dorcha anois agus bhí an "truailliú solais" thart ar an Láithreach an-soiléir. Thar rud ar bith eile ní thuigim cad chuige go bhfuil an eaglais ann, atá dofheicthe seachas ó na cnoic máguaird, tuilsoilsithe. Tháinig an bóthar síos arís gar do Eaglais St Saviour - áit a raibh mainistir ag Canónaigh Aibhistín a tháinig go hÉireann san 12ú aois. Faoin am seo bhí sé dorcha, agus tóirsí ag roinnt daoine. D'fhill muid ar an óstán do deoch, agus muid díreach in am do na "horduithe deireanacha".

ar lean.....

Íomhánna liomsa: An Loch Uachtar le feiceáil ar éigin tríd na crainn, agus féileacán bán ar lus bháin.

29 May 2010

Blúirín: Tabhair dúinn inniu

An dream seo atá i gceist, sílim. Thaitin an t-arán (ceannaithe san Dunnes áitiúil) liom chomh maith leis an lipéid. Rud beag ró scaoilte do gach lá, ach go deas mar sin féin.

27 May 2010

Blúirín: Cás Copernicus

Fíricí tugtha le chéile ag Mark Shea.

Ach tá finscéal dubh an Eaglais frith eolaíochta ana bhuanaithe, beag beann ar fhíricí!

Fógra: Blagadóireacht á phlé ar TG Fóir

Rinne mé agallamh inniu do mhír ar an gclár Imeall ar TG4.

Craolfar dé Chéadaoin (pé mhéid a bhíonn fágtha den) agallamh.

Ar mhaithe le codarsnacht, is san Músaem Náisiúnta Cló a rinneadh an taifeadadh.

Blúirín: Dhá slat tomhais?

Mír ag David Quinn faoi Mhary Harney a bheith ag diúltú do iniúchadh Stáit isteach i gceist báis leanaí faoi chúraim an Stáit.

Deirtear go bhfuair suas le 200 duine óg bás anabaí, agus an Stát freagrach as gcúram, le deich mbliain anuas. Agus tá roinnt céadta de ghasúir ó thar lear "caillte" ag an FSS le blianta beaga anuas.

Bhí an t-airgead ann chun iniúchadh a dhéanamh ar teip na nOrd Rialta agus an Chléir - nithe a bhaineann cinnte leis an stair. Ach níl an t-airgead ann chun rudaí atá mícheart ANOIS a iniúchadh? Gan trácht ar iad a leigheas.

Blúirín: Léirmheas ó 1950 ar Chré na Cille

I gcló arís san Irish Times.

Is fada ó chonaic mé léirmheas ar úrscéal i nGaeilge i mBéarla. (Is féidir gurbh ann dóibh, sílim gurbh ar Satharn is mó a bhíonn a leithéid i gcló)

Blúirín: Reabhlóid Titley!

Crobhingne an lae:

Más é an leas poiblí an aidhm atá acu, bíodh sé mar sin, agus socraítear an scéal ionas nach bhféadfadh polaiteoir brabús ná maitheas ná sochar pearsanta ar bith, ar chor ar bith, in aon chor a bhaint as an gcóras. ...
Níor cheart go mbeadh aon chur ina choinne sin, mar is iad an leas poiblí agus an tseirbhís don phobal a chomáineann ár gcuid polaiteoirí. Nach iad?

Saorántacht, féiniúlacht agus géillsine

Ina alt i bhFeasta na Bealtaine fiafraíonn Calliomachas:

An bhfuil sé in am againne, mar sin, muide na Gaeil, filleadh ar an seanmhodh labhartha? Ar an modh labhartha a sheas an fód ar feadh seacht gcéad bliain, ó aimsir na Lochlannach i leith? An ceart dúinn anois 'Gaeil' a thabhairt orainn féin, Gaill a thabhairt ar lucht an Bhéarla agus sin sin? Cinnte glacaimis leis an tsaorántacht 'Éireannach', is mar Éireannaigh atáimid inár mbaill den Aontas Eorpach. Ach cén dílseacht is féidir leis an Stát Béarla seo a iarraidh orainn thairis sin?
Maidir liom féin. Is saoránach Éireannach mé. Rud simplí é sin, rud dénártha a socraítear de réir dlí. Tig, freisin, breis agus saoránacht amháin a bheith ag duine - is saoránaigh de chuid na Gearmáine agus na hÉireann mo mhic. Baineann cearta agus dualgais le saoránacht - arís, go dénártha, de réir dlí - táid agat nó níl.

Airteagal 9.3. Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.
Ach cad é an náisiún? Léiríonn an sainmhíniú ag an bhFoclóir Beag an deacracht:

náisiún [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
na daoine go léir a chónaíonn in aon tír nó faoi aon rialtas le chéile; lucht aon chine.
An d'aon chine iad siúd a bhfuil Gaeilge acu, agus iad siúd nach bhfuil? Ó thaobh sinsearachta de, is dócha é. Ach an ionann fís dúinn? Cad dó ár ndílseacht? Idéil choiteann is ea náisiún.

Táimse dílis agus tairiseach don mBunreacht. Ní fhágann sin géillsine orm i léith an Rialtas buan. Is cinnte nach ionann fís - i léith mórán rudaí eile seachas ceist na teangain - domsa agus na maorlathaigh. Ach is féidir obair ar sin, tríd modhanna an daonlathais.

Maidir le idirdhealú a dhéanamh orm féin mar 'Ghaeil' - n'fheadar. Cén dul chun cinn atá le baint as sin? Rud uileghabhálach an féiniúlacht. Ní maith liom línte saorga. Agus ní léir dom cén fís choiteann a bheadh ag baint le mé féin m'fhógairt im bhall den náisiún Gaelach.

Cinnte, tá labhairt agus scríobh na Gaeilge lárnach dom féin-thuiscint. Móide nasc le saoícht na muintire a chuaigh romham. Ach is oidhreacht de chuid gach Éireannaigh an teanga agus an saíocht sin; fiú na 'hÉireannaigh Nua' a tháinig le blianta beaga anuas. Shlog muid na sean agus na nua Ghall. Is é atá le déanamh anois, agus an cuma air go bhfuil ár gcultúir galldaithe agus bochtaithe, ná snas a chuir ar ár seodra chun go mbeidh siad tarraingteach d'Éireannaigh eile nach bhfuil an teanga acu fós.

Chuige sin caithfear gan amhras obair in aghaidh Mandairíní Sráid Mhuirfean, Maológa Sráid Maolbhríde agus na scéiméirí atá fostaithe acu chun dris cosain a chuir inár mbealach.

Ach an cabhair chuige sin muid féin a fhógairt, i modh Oisín i ndiaidh na Féineach, inár bhfuillíoch dílis de shíol Brian Borumha agus Niall Naoi Ghialla?

Nach fearrde dúinn ár scléip agus spraoi a bheith againn? Cinnte, tá Gaeilge againn. Ach ní sin tús ná deireadh an scéil!

25 May 2010

Éisc, sceallóga agus Iodálaigh

Agus mise ag fás aníos i dTír an Iúir, is beag bialann a bhí ann. Ach bhí siopa sceallóga ann. Agus is teaghlach Iodálach, gan amhras, a bhí ina bhun. Ó shin i léith tá gach dara siopa beagnach i sráidbhaile Tír an Iúir claochlaithe ina phroinnteach, bia de chuid gach chine faoin spéir, agus 'chaon ceann acu níos ardnósaí ná a chomharsan. Muintir an chipper féin, d'oscail siad trattoria traidhfil de bhlianta ó shin. Ach fadó, rud mór ab ea é béile teaghlaigh a fháil ón chipper. (Tá muirir mór ar mo mhuintir! ach fuair muid margadh maith i gcónaí, cionn is gur chuir mo mháthair oideachas réamhscoile ar pháistí an teaghlaigh!)

Ní bhím ag ithe sceallóga ró mhinic anois - is fearr liom rud éigin níos folláine de ghnáth. Ach ó am go chéile, bíonn sceallóga agam, agus iasc leo nó uaireanta spice burger.

Tá sé tugtha faoi ndeara agam mar sin go bhfuil roinnt siopaí anois ag léiriú suaitheantas an Chumainn Éireannach sceallairí Iodálacha Traidisiúnta.1

Tá an 26ú Bealtaine - amárach - fógartha ina Lá Náisiúnta Sceallóga agus Iasc acu.

Is mithid.

Is cuid dár n-oidhreacht é cinnte; agus b'iad na Gael iodálaigh cinnte an glúin is feiceálaí d'inimircigh agus mé ag fás aníos: is maith ann an nasc, agus is mithid é a cheiliúradh.

Íomhá ó Wikimedia; le Tannin.

1Tá beachtóir de dhíth orm chun Gaeilge chruinn a chuir ar an lán béil seo d'ainm!

24 May 2010

Ag cróiseáil cruth na cruinne

Tá taispeántas ar siúl faoi láthair san Dánlann Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide, agus bhí deis agam cuairt a thabhairt air de hAoine. "An sceir choiréil cróiseáilte hipearbóileach". Dream a thugann an Institute for Figuring orthu féin a thionscain an togra.

Tá cuir síos an an gcoincheap, agus bréagnú cúigiú postaláid Euclid atá mar bhunús don tuiscint ar spás hipearbóileach ar fáil san nasc thuas.

Maidir leis an taispeántas féin, tá leaganacha éagsúla cróiseáilte de choiréil ann; ina measc ceann déanta le dramhaíl plaisteach chun aird a tharraingt ar an dochar atá soiléir i mórghuairneán thuaidh an Aigéin Chiúin. Tá, freisin, roinnt clónna bunaidh de chuid M.C. Escher, a bhain feidhm as na coincheapa céanna atá mar bhunús leis an saothar hipearbóileach ina léaráidí.

Is fiú go mór cuairt a thabhairt air - ach tá leagan ar líne ar fáil freisin.

Is breá liom an cumasc d'eolaíocht agus na dáin eile a chuireann an Dánlann Eolaíochta ar fáil; modh éifeachtach teagasc atá ann, dar liom.

Íomhá le Margaret Wertheim, aimsithe ar Wikimedia.

Blúirín: Ní thógann maithiúnás ionad na córa



Mar a labhair an Pápa ar a shlí go Fatima ar na mallaibh.

23 May 2010

Faisnéis, údarás agus Cultas an Amaitéaraigh

Tá an idirlíon tar éis costas an fhoilsithe a laghdú - é a dhéanamh beagnach saor in aisce ag duine pé rud is mian leis a rá le slua mór anaithnid daoine, agus tionchar éigin a imirt orthu. Le ríomhaire maith is féidir fuaim agus fís a chuir leis na smaointe úd. Is féidir, le cabhair ó na meáin sóisialta, feachtas a bhunú agus a stiúradh ar chostas an-íseal. Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil réabhlóid chomh mór le teacht an cló i gceist. Eachtra a bhí ansin a chuir deireadh tobann le gairm an scríobhaí. Is cosúil do bhfuil doirseoirí an eolais sna meáin cumarsáide faoi bhrú ón idirlíon agus an saoránach iriseora.

Ach!

Tuairimíocht ar fad beagnach atá á chuir ar líne ag amaitéaraigh; agus is deacair dintiúir an foilsitheora a mheas, chun cabhair éigin a bheith ag duine maidir le breith a thabhairt ar fiúntas nó dóchúlacht na tuairime.

Dhá leabhar a léigh mé le déanaí, agus ar fiú iad a léamh má tá suim ag duine sna ceisteanna seo - ceisteanna a chreidim an-tionchar a bheith acu ar saol ár linne.

"Here comes Everybody", le Clay Shirky (atá dearfach faoin idirlíon): agus "The Cult of the Amateur" le Andrew Keen (atá diúltach).

Creidim féin go bhfuil gá le saineolaithe, daoine a chíorann ceisteanna go domhain. Agus caithfear íoc as sin. Tá an idirlíon ag tochailt faoi foinsí maoinithe na meáin - idir díolaíocht agus fógraíocht.
Ní sé soiléir conas a mbeidh scrúdú iontaofa ar bun ar cheisteanna as seo amach.

Is cinnte go mbeidh orainn ar fad forbairt a dhéanamh ar ár gcumas breithiúnas a thabhairt ar an méid a léann muid - níos mó ná riamh, toisc nach bhfuil an eagarthóir ná léitheoir foilsitheora ag iniúchadh an méid atá a fhoilsiú. Agus maidir le iriseoireacht iniúchta; n'fheadar an mbeidh sé ann níos mó mar atá taithí againn air?

19 May 2010

Blúirín: Breis maidir le h"Ialtóggheata"

Anseo agus anseo.

Treisíonn sé seo ar fad m'amhras.

Na trí rith is tapúla?
Rith uisce,
Rith tine
agus rith éithigh.

Agus is tapúla go mór rith san idirlíon.

Ag seoladh le fuinneamh na Gréine



Beidh an spásárthach BepiColombo ag triall ar Mhearcair i gceann roinnt blianta. Chomh maith le gnáth roicéad, beidh ceithre sáiteoir ian ag an árthach.

Feidhmíonn na sáiteoirí seo de réir gnáth rialacha fisic Newton - leanann frithbheart gach beart. Teilgtear an bhreosla amach as an roicéad; agus brúnn an teilgeadh seo an árthach san treo ina bhfuil sé le dul.

F = ma

Is ionann an fórsa agus an máis móide an luasghéarú. Gan amhras, is beag máis atá ag ian xeanóin; ach de bharr go bhfuil an luasghéarú an-ard, bíonn fórsa ann. Agus de bhrí gur féidir an sáiteoir a chuir ag feidhmiú ar feadh tréimhse an fhada - laethanta agus seachtainí sa turas - bíonn an éifeacht charnaithe an-mhaith.

Mar seo an fheidhmíonn sé. Brúitear gás Xeanóin isteach sa seomra. Teilgtear leictreoin ón gcatóid, agus leagann siad leictreoin as na dúil xeanóin. Bíonn na dúil luchtaithe go dearfach, ach brúnn an gás atá fós ag teacht iad tríd na poill sa chéad greille, atá luchtaithe go dearfach. Tarraingíonn an greille eile, a bhfuil luchtú diúltach air, ansin iad. Fágann siad tríd na poill sa ghreille sin, agus luas an-ard acu - 96,000 km/h. Múchtar an luchtú le sruth leictreoin ó chatóid eile, rud a sheachnaíonn go súfaí na dúile thar nais ag an greille luchtaithe.

Bíonn cuma gorm thaibhsiúil ar an sruth gáis seo.

An rud is cliste faoi ná go bhfaightear an fuinneamh don gcóras seo ón ngrian. Ní ídítear mar sin ach an "breosla", an gás Xeanóin. Agus, ar thurais go Mearcair, níl aon easpa gréine. Go deimhin, is é an dúshlán is mó roimh an dtogra ná féachaint chuige go mbeidh a dóthain cosaint ag na huirlisí ar bhord ó fuinneamh fíochmhar na gréine i ngar do. Beidh teocht thar 350° C le fulaingt ag an árthach.

Deinim amach go bhfuil an ceart agat!

Bhí an Breitheamh as baile, agus iarradh ar Nasrúidín seasamh isteach dó sa chúirt. Aighneas a bhí ann idir bheirt.

D'éist Nasrúidín leis an gcéad duine. Thug sé an-éisteacht dó. Bhain sé tarraingt as a fhéasóg cúpla uair - mar a dheineann na na breithiúna de ghnáth.

'Deinim amach go bhfuil an ceart agat!' arsa Nasrúidín.

Labhair an dara fear ansin. D'éist Nasrúidín go géar leis. Lig sé osna - mar a dheineann na na breithiúna de ghnáth.

'Deinim amach go bhfuil an ceart agat!' arsa Nasrúidín.

Sheas cléireach na cúirte ansin.

'Ní fhéadfadh an ceart a bheith ag an mbeirt acu!'

'Deinim amach go bhfuil an ceart agat!' arsa Nasrúidín.



As Nasrúidín, Athinsint le Gabriel Rosenstock. Mheabhraigh an eachtra ar thrácht mé ar aréir an scéal áirithe seo dom. Gaois an óinmhid?

18 May 2010

Dúirt bean liom go ndúirt fear léi

Altanna stuama ag Kate Holmquist agus Ferdinand von Prondzynski maidir le cás an léachtóra, a chomhghleacaí mná, agus gnáis collaí ialtóga na meas.

Chuala mé cuid den agallamh a rinne an fear seo le Pat Kenny inné.

Bhí cuma na réasúntachta ar an méid a bhí le rá aige. Ach ní raibh mé ar mo shuaimhneas ag éisteacht leis, agus tá an trua agam don mbean sa chás - atá ainmnithe go forleathan sna nuachtáin inniu, tuigim.

Ceist íogair é seo; agus ní gheobhaidh muid an scéal ar fad riamh. Ach beidh sé deacair ag ceachtar acu éalú ón smál a fhágfaidh an raic poiblí seo, a scaip ar fud an domhain a bhuí leis an idirlíon.

Cuireann an scaipeadh seo le'm amhras, caithfidh mé a rá: tá an chuma ar an scéal gurbh eisean atá freagrach as an t-eolas a scaoileadh.

Tháinig mé ar chuid de anseo: agus cuireann sé le'm amhras.

17 May 2010

Filíocht físe

Luaigh Dubhaltach clár nua Dermot Somers Turas Feasa ar na mallaibh.

Bhí deis agam faire air aréir. Sna Gaibhlte a bhí Dermot, agus thug briathra na bolscairí Edmund Spenser agus Seathrún Céitinn creatlach don méid a bhí á chíoradh aige. Is focalbhách é Dermot, agus bhí a chuid cainte draíochtach, paiteanta.

Rith sé liom áfach go raibh lámh ag draoi eile san clár: John Murray, a rinne an scannánaíocht. De bharr eisean a bheith taobh thiar den cheamara, ní fhaigheann sé an t-aitheantas céanna agus a fhaigheann Dermot. Ach bíonn ar an tsiúil chéanna, agus níos mó a dhéanamh: agus trealamh á iompar aige.

Ba léir go ndeachaigh saothar agus grá, agus ceardaíocht den scoth isteach i roghnú na radhairc a cuireadh ós ár gcomhair aréir. Bheidh fonn orm buaileadh siar ar an bpointe chun blaiseadh den na háilleachtaí a léirigh siad dúinn, fís John ag neartú agus ag léiriú briathra Dermot.

Bhí an fuaimrian ealaíonta freisin; go minic gan ann ach fuaimeanna na gaoithe agus an dúlra.

Beidh sé seo ar mo liosta!

Is mór an trua nach bhfuil níos mó de na sár scannáin seo ar fáil ar DVD. Faoi láthair, is féidir teacht ar roinnt acu ar shuíomh TG4.

Theip orm teacht ar aon íomhá a thabharfaidh blas cheart ar an méid a rinne siad: féachaigí ar an gclár féin!

16 May 2010

Blúirín: Aiste ar mhúineadh Mata

Le Les Hatton ar fáil anseo.

I measc rudaí eile, luann sé an fíric thábhachtach go bhfuil sraitheanna i gceist le mata, agus nach féidir plé leis amhail go raibh réimse neamhspleách ar a chéile.

Oidí spreagtha de dhíth!

Dúirt an tEaspag Diarmuid Martin ar na mallaibh go raibh aos óg na hÉireann "an caiticeasmaithe, ach ar bheagán soiscéalú". Feictear dom nach le hoiliúint sa chreideamh amháin a bhaineann sé seo. Ach le hoiliúint tré chéile. Agus gurbh é sin an toisc go bhfuil ag teip ar mhúineadh na Gaeilge. Agus gur léir anois go bhfuil ag teip ar mhúineadh na matamaitice agus na heolaíochtaí.

Bhí alt san Irish Times le déanaí ar chóras na Fionlainne, córas atá an rathúil ar fad. Réiteach na ceiste, dar leis an alt? Oidí a bhfuil gradam agus meas orthu. Cúinse a fhágann go ngabhann daoine le héirim ar léith le múinteoireacht, agus go mbíonn gradam acu agus meas an phobail - meas thuistí go háirithe. Sin, agus go bhfuil an córas díláraithe cuid mhaith.

Ní hé gur dóigh liom nach bhfuil múinteoirí abhus éirimiúil. Ach is fíric atá ann gur beag múinteoir le Gaeilge atá ar a chompord leis an teanga. Agus gur beag múinteoir le mata a bhfuil cumas sa mhatamaitic aige. Gan trácht air é nó í a bheith spreagtha leis an ábhar. Agus conas is féidir le duine, nach bhfuil an splanc acu, grá páiste d'ábhar a adhaint?

Mar sin, ní haon ionadh é nach bhfuil ar bun ach ullmhú do scrúdaithe, ag foghlaim freagraí réamhdhéanta.

Agus go bhfeictear do thuismitheoirí gur soláthraithe seirbhísí iad oidí, seachas comhghleacaithe i ndualgas trom oiliúint pháistí.

Sílim gurbh anseo atá cuid den chúis go bhfuilimid sa bhfaopach ina bhfuilimid, ar easpa smaointeoirí cruthaitheacha, neamhspleácha a threoróidh muid as an ngéarchéim - géarchéim a théann níos doimhne, feictear dom, ná cúrsaí geilleagair amháin.

Chomh fada áfach is atá muid i marbhfháisc an chléireachais - eaglasta nó stáit, agus lámh trom maorlathaigh na Roinne Éadóchais ar an gceist....

Sin mo racht éadóchasach go n-uige seo.

Léiríonn Néidí go dtig múineadh go glic! Sin an sórt spreagadh ar bhreá liom é a bheith ag mo chlann; agus nach bhfaigheann siad sách minic, ainneoin ceithearnach cróga thall is abhus.

13 May 2010

Sindeacáitiú Sár Simplí


Tá solúbthacht agus tráthúlacht blaganna, ach go háirithe, spléach ar teicneolaíocht áirithe - RSS - Sindeacáitiú Sár Simplí.

Nuair a fhoilsím mír anseo, mar shampla, cuirtear le comhad áirithe ar freastalaí. Bíonn sonraí an bhlagmír sa chomhad seo, códaithe ag baint feidhm as nodaireacht áirithe ar féidir le ríomhchláir eile é léamh. Baintear feidhm as leagan amach ar leith in XML. Ansin is féidir le daoine eile an seoladh don comhad sin - an aitheantóir aonfhoirmeach acmhainne a chuir isteach i gclár eile, mar shampla Google Reader.

Is féidir leis an gclár sin an comhad a léamh go rialta, a aithint go bhfuil rud nua ann, agus é sin a chuir i láthair an léitheora.

Murach sin, bheadh sé i bhfad níos moille nithe nua a aimsiú.

Íomhá: Deilbhín RSS ó Wikipedia.

Fiareolas agus Fíor Eolas

Tráthúil go leor, agus Fóram Iriseoireachta seolta ag Conchubhar,agus an caid caite isteach aige le scéal faoi béithe mar tarraingt súl ag Foinse, tá cúpla alt fiúntach léite agam ar ghnó na hiriseoireachta.

Scríobann Alan Titley screamh na ceiste de lena chrobhingne inniu:
Ní féidir linn cothromaíocht eolais a bhaint amach, gan amhras, ach is minicí ná a chéile gur fiareolas is ea na fíorais a chuirtear os ard.

Ní hé gur bréaga a bhíonn á scaipeadh, fág go mbíonn siad sin ann go tiubh, ná go dtiocfadh dod ar an eolach dá n-inseofaí an iomad, ná go dtuigeann an saol leamhfhocail, ach nach mbíonn puinn tábhachta ag baint lena stuáiltear sinn lasmuigh de chillíní an chloiginn a chigilt le cleite.

Tá na hailt eile bunaithe ar aithisc: Errol Morris ag caint le hábhair iriseora i mBerkeley, ag meabhrú dóibh a ndualgas teacht ar an bhfírinne - nach ionann agus carnadh fíricí. Agus ag meabhrú dóibh gurbh iad iriseoirí a dhréachtaínn an stair, mar nach dtig turgnaimh a dhéanamh chun an fhírinne a bhaint amach nuair is eachtra daonna atá i gceist.

Alt measartha fada ag Ollamh le Fealsúnacht, ag cíoradh ceist seo na Fírinne níos doimhne, agus ag teacht ar thátail spéisiúla faoin na Mórmheáin Cumarsáide.

Lón machnaimh. Ceist d'oíche eile an Idirlíon agus Cultas an Amaitéaraigh

Léitheoireacht a mhúnlaíonn scríbhneoir

Bhíos a éisteacht le hathchraoladh Rónán Beo ar maidin. Ag caint le bean óg Gaeltachta a bhí sé. Bean atá ag dul do mháistreacht san scríbhneoireacht chruthaitheach i gColáiste na Tríonóide, agus a bhfuil roinnt ábhar foilsithe aici - i mBéarla. Chuir Rónán an cheist faoi tuige gurbh i mBéarla a scrobhann sí, agus gaeilge ón gcliabhán aici. Toisc, a dúirt sí, gurbh i mBéarla is mó a léigh sí. Is cuimhin liom Tómás mac Síomóin ag aithris scéal ana chosúil leis, faoi daltaí Gaeltachta i gceardlann scríobhnóireachta dá chuid.

Gan amhras, tá cúis simplí leis an easpa scríobhneoireacht i nGaeilge. Ní thig maireachtáil air. Cinnte, tá leithéidí Iarla Mac Aodha Bhuí ag scríobh do dhéagóirí (d'athléigh mé "Tréigean na Cúise" le déanaí). Ach níl sé ná aoinne eile - fiú Ré Ó Laighléis - ag dul i bhfíor iomaíocht leis na hEoin Colfers agus scribhneoirí rathúla an Bhéarla do dhéagóirí.

Beidh thiar orainn muna dtagann glúin scribhneoirí Gaeltachta nua chun cinn chun conair Joe Steve Ó Neachtain agus a chomhbhádoirí a leanacht.

Agus ní thiocfaidh, mura spreagfar iad. Tá bearna ann idir an dúrud leabhair atá ar fáil do pháistí óga, agus na saothair atá ar fáil do dhaoine fásta. Caithfear é a líonadh.

Tá Siobhán Parkinson ainmnithe mar "Laureate na nÓg" - bean a bhfuil Gaeilge aici, agus go deimhin saothar scríofa aici do dhéagóirí. Is maith sin chun aird a tharraingt ar leabhair agus léitheoireacht.

Ach sílim go mba cheart díriú isteach ar mholadh eile a rinne Tomás Mac Síomóin - go mbeadh cnuas suim á chuir ar fáil chun go mbeadh ar chumas scríbhneora díriú ar feadh roinnt blianta ar scríobh. Agus díriú go sonrach ar scribhneoirí a chuirfidh saothar ar fáil do aos óg na Gaeltachta agus na Gaelscoileanna. Artemis Fowl1 na Gaeilge!

Is mó práinn atá leis seo agus an Roinn Éadóchais ag coilleadh an chúrsa árdteistimeireachta, sceanairt á dhéanamh acu ar an ábhar litríochta ann. Fiú má bhíonn cúrsa sonrach ann do dhaltaí le Gaeilge, tá gá freisin le litríocht úrnua dírithe ar aosánaigh.

Agus sin mo racht go n-uige seo.




1Is fíor go bhfuil leabhair amháin maidir leis an óg bhithúnach seo ar fáil i nGaeilge. Tá sé ag bailiú deannaigh ar leabhragán mo mhic. Tuige a chuirfidh sé stró ar féin é leamh, agus an leagan Béarla léite, agus sean léite, aige roimhe?

12 May 2010

Iriseoireacht Beirte

Tá Conchubhar ag moladh smaoineamh spéisiúil thall ar a bhlag - Fóram Iriseoireachta. Ritheann sé liom go bhfuil modh a úsáidtear i mo ghairm féin - Ríomhchlárú Beirte - a d'fheadfadh a bheith úsáideach i ndlúthú gairm na hiriseoireachta Gaeilge.

Dá mbeadh beirt ag obair le chéile ar scéalta, agus ag comhlánú scileanna a chéile, bheadh obair níos fearr mar thoradh - agus foghlaim ann don bheirt. Agus baol níos lú go sleamhnódh sciorradh méire nó nath seanchaite isteach san rud críochnaithe.

Shamhlóinn go mbeadh sé torthúil dís a chuir le chéile, duine acu a mhúnlaíodh a cheird san ré réamh idirlín, agus duine a d'fhás suas leis na teicneolaíochtaí nua. Shamhlóinn go mbeadh an toradh ar chomhoibriú mar sin, agus an beirt ag foghlaim óna chéile.

Ach níl ansin ach tuairim!

11 May 2010

Blúirín: Aitheasc láidir, ceannasach ó Diarmuid Martin, Ardeaspag Átha Cliath

Tá todhchaí na hEaglaise i lámha ár dTiarna; ach is mithid dúinn ár gcreideamh a athnuachan muid féin, agus ár bparóistí a athnuachan.

Is fíor dó go bhfuil muid "an caiticeasmaithe, ach ar bheagán soiscéalú"

An rud ar fad san Irish Times inniu, agus anseo.

Blúirín: File fánacha, baolacha...

Píosa ana ghreannmhar ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh san Irish Times inniu faoin ngaol idir dea fhilíocht agus droch thiomáint...

10 May 2010

Táid fós linn!


De réir taighde a roinne meitheal faoi stiúir an Dr. Svante Pääbo a tuairiscíodh i Science (alt faoi anseo agus anseo), tá suas le 4% de géinte muintir na hEorpa agus na hÁise a d'eascair as caidreamh le Néandartálaigh, i ndiaidh dár sinsir an Afraic a fhágáil.

Íomhá ó Wikimedia

Áilleacht an uafáis


Alt san Irish Times a tharraing m'aird ar an íomhá seo, nó ceann cosúil leis pé scéal é. Pictiúr a ghlac Soichi Noguchi, spásaire Seapánach, atá faoi láthair ar bhord an stáisiún spáis idirnáisiúnta. Tá cáil air as a bheith ag glacadh grianghraif agus á fhoilsiú ar Twitter. Tá an íomhá thuas mínithe anseo:

Léiríonn seo an bealach iontach ar féidir le teicneolaíocht na faisnéise agus teicneolaíochtaí spáis teacht le chéile chun eolas a chuir ar fáil.

Luaitear an Dánlann Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide - a bhfuilim féin ceanúil air. Táimid spléach ar teicneolaíocht - tá sé tábhachtach mar sin go dtuigfeadh muid é, sa mhéid agus is féidir. Cabhraíonn íomhánna go mór leis sin - deirtear gur fiú míle focail pictiúir. Agus go minic bíonn na focail sna teicneolaíochtaí teibí; agus gá le huirlisí intinne, nach bhfaightear ach le dua agus oiliúint, chun meabhair a bhaint astu. Tugann íomhánna spléachadh ar an ábhar, labhraíonn siad leis na mothúcháin chomh maith leis an intinn. Agus is maith sin.

09 May 2010

Lá na hEorpa


Ar an lá seo, i 1950, chuir Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, togra chun tosaigh, ba bhun le cruthú an Aontais Eorpaigh mar atá anois ann.

"Ní láithreach bonn, nó de réir phlean aonair, a dhéanfar an Eoraip. Trí éachtaí nithiúla, a chruthaíonn dlúthpháirtíocht de facto ar dtús, a thógfar í. Chun náisiúin na hEorpa a thabhairt le chéile, ní mór ar dtús an seanfhreasúra idir an Fhrainc is an Ghearmáin a dhíothú. Ag baint leis an dá thír seo i dtús báire a chaithfidh aon ghníomhú a bheith."

Ráiteas fáidhiúil, agus tuar tagtha faoin dtairngreacht ó shin. Ainneoin an chíor thuathail reatha, a d'eascar as polaitíocht a bheadh bunaitheoirí an Aontais measartha amhrasach faoi, sílim!

Íomhá de Robert Schuman ó Wikimedia. Póstaer 2010 – Mo ♥ an Eoraip le Maria Mileńko (an Pholainn)

08 May 2010

Lá an tSaortha ón Faisisteachas

Nó V-E Day, más fearr leat, atá ann inniu.

Deireadh an dara Cogadh Domhanda san Eoraip.

Tús ré síochána san Iarthar ar a laghad, agus anois lár na hEorpa ag teacht as an umar aimléise inár fágadh iad tar éis tubaiste an tríú Reich - faoi lámh iarainn Stailín.

Aguisín: Ghlac trúpaí as tíortha NATO, an Pholainn san áireamh, páirt san comóradh ar an gCearnóg Dearg i Moscó. Agus bhí Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel i láthair.

07 May 2010

Blúirín: An Fronta um Saoradh Sonraí


Bhí alt san Irish Times maidir le togra nua de chuid Google: an Data Liberation Front: Meitheal innealtóirí a bhfuil de cúram orthu é dhéanamh níos éasca sonraí a bhogadh isteach agus amach as táirgí Ghoogle - Blogger, mar shampla, nó Gmail.

Is maith liom an slí go bhfuil an t-eolas seo á lárnú acu, agus an obair atá ar bun.

(Táim tar éis mo bhlag a shábháil freisin, cé nach bhfuilim cinnte an mbeidh ar mo chumas an XML a scagadh go fiúntach. Go dtí seo bhíos ag tógáil cóip míosúil den leathanach líon - ach bhí na léirmheasanna in easnamh ansin)

06 May 2010

Blúirín: Níl an Kindle oirúnach don Teacsdhomhain

Scéal anseo.

Ó tharla go bhfuil Terry Pratchett1 ard ar mo liosta léitheoireachta, coinneoidh mé e-léitheoirí ar an méar fhada.

1Is maith liom fonótaí freisin.