2023-07-14
Camchuairt Dhuibhneach - Baile na mBroc Rua
Mar a dúirt mé ar bhlagmhír eile, chaith mé proinn Tigh Áine ar mo shiúlóid ón Daingean go dtí an Buailtín. Níl an proinnteach á reáchtáil ag Áine níos mó, í éirithe as tar éis nach mór leathchéad bliain. Braithfidh mé uaim samhlaíocht agus úire a mbiachlár - ba chuid de dheasghnátha ár saoire le scór bliain béile amháin ar a laghad a chaitheamh ann.
Ach ní taobh le healaíona na cistine atá Áine. Bhí fógra sa bhialann go raibh ceannach ar a healaíon sa teach. Ní raibh sé i gceist agam mórán a chaitheamh ann ceal áit a chrochta, ach thapaigh mé an deis comhrá. Isteach liom mar sin agus bhuail an chloigín le fios a chur ar Áine. Tá áthas orm go ndearna.
D'inis agus thaispeáin Áine a togra geimhreadh dom. Staidéar i seacht bpictiúr ar an áit a tugtar Baile na bPoc agus An Slios, bóthar fhada díreach faoi bhun Ceann Bhaile Dháith go dtí Cuas an Bhodaigh.
Scéal achrannach pleanála Bhreandán Uí Bheaglaoich cuid den spreagadh a bhí aici, agus súil aici gur féidir lena healaíon cabhrú cuir ina luí ar an gComhairle Chontae gur córas fiúntach tithíochta an chlachan, cnuasach tithe ar aon láthair, mar a bhíodh sa cheantar fadó agus daonra i bhfad níos mó ann ná mar atá anois - ach nach bhfuil clann na daoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar cead pleanála a fháil chun tógáil ar a dtalamh féin. Breis luach ar an radharc agus gnó na turasóireachta. Barraíocht tithe saoire a bhíonn folamh ar feadh caoga seachtain sa bhliain. Iad gan a bheith ar fáil do bhuanchónaí agus mí-oiriúnach ar aon nós.
Chuaigh Áine i mbun cainte le muintir na háite agus chruinnigh stairseanchas agus dinnseanchas. Ina measc sin gur Baile na mbroc rua atá ar an mbaile fearainn. Pór ar leith broic ann más fíor. Níl fhios agam cén bunús atá leis sin ach feicim leaganacha taifeadta ag logainm fearacht Ballyvicrobuck.
Bhailigh Áine scéalta, agus íomhánna ón áit agus ón dá chlár teilifíse a raibh baint ag Breandán leo agus rinne seacht bpictiúir a léiríodh um Cáisc san taispeántas i mBaile an Fheirtéaraigh.
Eastát tithíochta na Gaeltachta mar fotheideal ar ceann acu. Meabhrú go bhféadfadh an córas pleanála fónamh do pobal na háite gan dochar don dúlra ach beagán samhlaíochta a léiriú. Agus d'fhéadfaí freisin seirbhísí a sholáthar ann. Ní leor an tírdhreach ar aon nós chun turasóirí a mhealladh - is an ceol agus na healaíona a spreagadh an spéis, agus is iad muintir na háite ceárta an chultúir sin.
Go bhfaighe sí éisteacht!
Chroch mé liom cúpla cárta bunaithe ar ealaíon Áine - aimseoidh mé áit fiúntach dóibh, tá súil agam.
Clibeanna
Áine Uí Dhubhshláine,
corca dhuibhne,
ealaíon,
gaeilge,
gaeltacht,
tithíocht
Camchuairt Dhuibhneach - An Díseart agus a ghairdíní
Lámh le Eaglais Mhuire i lár bhaile an Daingin, tá Clochar na Toirbhirte. Ord a bhunaigh Nano Nagle, bean óg ón meánaicme Chaitliceach i gCorcaigh, d'fhonn oideachas a chur ar clann na mbocht d'fhonn cuidiú leo éalú ón mbochtaineacht céanna. Níl fhios agam cén fhad a mhair an clochar sa Daingean. Bhí scoil cailíní bainteach leis go dtí gur cónascadh é le scoil na mbráithre agus gur bunaíodh Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Tá cuntas ar an stair sin ar suíomh An Dísirt. Tá cuntas eile ar an stair i reilig na siúracha sa ghairdín, crosanna iarainn teilgthe le dath bán orthu faoi scáth chrainn mór láidir.
Sna 1920í a rinneadh athchóiriú ar séipéal an chlochair agus fuinneoga áille daite ó Studio Harry Clarke ann. Níl fhios agam an é an áilleacht sin a spreag na forbairtí ealaíne atá déanta ó shin. Nuair a tháinig Pádraig Ó Fiannachta, beannacht Dé lena anam, mar shagart paróiste go dtí an Daingean tar éis tréimhse fada ina ollamh i Má Nuad bhunaigh sé an Díseart. Fuair sé an foirgneamh agus na gairdíní ar léas ó na siúracha agus diaidh ar ndiaidh dhein forbairt ar ionad ealaíne agus cultúir atá ina oileáin suaimhnis i lár fothragadh an Daingin. Sa lá atá inniu ann, bíonn cúrsaí á reáchtáil ag Ollscoil ó Mheiriceá ann, ach é oscailte don phobal freisin, agus ócáidí eile ar bun. Is annamh agus mé sa Daingean nach gcaithim seal sna gairdíní ag teacht chun suaimhneas.
An uair seo áfach bheartaigh mé súil a chaitheamh ar an bhfoirgneamh féin, rud nach raibh déanta agam le blianta fada. Táille trí Euro a gearradh orm. Sa bhreis ar an séipéal, tá saothair eile ealaíne san áit.
Bhí an freascó den suipéar déanach feicthe cheana agam, pictiúir a bhain úsáid as muintir agus radhairc an cheantar mar mhúnlaí. Tá cúpla múrmhaisiú eile tagtha ó shin, mná agus fir agus radhairc na háite úsáidte chun scéalta bíobalta a léiriú. D'aithin mé aghaidh nó dhó!
Agus tá seomra ar leith atá maisithe le radhairc ó shaol Nano Nagle. An casadh ó saol an tsó agus rachmais i dtreo freastal ar na mbocht.
Ach is iad na gairdíní, a bhfuil forbairt déanta orthu de réir a chéile, an seod. Gairdín oscailte thart ar an séipéal agus dhá ghairdín le balla thart orthu laistiar. Sa ghairdín lasmuigh tá gairdín céadfach curtha le plandaí a mheallann pailneoirí. Agus tollán saileach thart air. Bheadh suaimhneas le fáil ann, seachas go gcuireann lus liath gallda (Lavandula angustifolia) ag sraothartach mé.
Sa chéad garraí daingean tá cosán ar cathair gríobháin é, crann úll in aice leis agus roinnt binsí. Gairdín an urnaí a tugtar air agus tá ainm ar an gcosán atá éalaithe uaim - rilleach, sílim. Is áit suaimhneach atá ann le suí tamall agus urnaí nó marana a dhéanamh. Faoi láthair tá dornán dánta de chuid Bhríd Ní Mhóráin as Flóra na Samhlaíochta crochta ar na ballaí freisin - spreagadh midheamhna.
Tá an garraí daingean ar cúl speisialta ar fad. Chuir teaghlaigh áitiúil crainn dúchasacha chun doire beag a chruthú - caorthann agus beith. Baineadh athúsáid as sclátaí ón gclochar chun ainmneacha teaghlaigh agus manaí a bhuanú ag cos na gcrann. Tá bothán beag agus réiteach i gcúinne an gharraí chun gur féidir ceolchoirm nó a mhacasamhail a eagrú (rud nár bhlais mé fós).
Tá an garraí daingean ar cúl speisialta ar fad. Chuir teaghlaigh áitiúil crainn dúchasacha chun doire beag a chruthú - caorthann agus beith. Baineadh athúsáid as sclátaí ón gclochar chun ainmneacha teaghlaigh agus manaí a bhuanú ag cos na gcrann. Tá bothán beag agus réiteach i gcúinne an gharraí chun gur féidir ceolchoirm nó a mhacasamhail a eagrú (rud nár bhlais mé fós).
Tá breis eolais faoin dtogra ar shuímh an Dísirt.
Seod ceart an t-iomlán. Tá súil agam go leanfaidh an forbairt agus feabhas i dtiúin le fís Phádraig Uí Fhiannachta. Draoi agus saoi, leaba ar dheis Dé i measc na naomh agus na hollúna aige. Agus go méadaí Dia toradh a shaothar agus an tinfeadh a thug sé.
Clibeanna
An Díseart,
corca dhuibhne,
cultúr,
gaeilge,
pádraig ó fiannachta
2023-07-13
Éifeachtaí líonra
| Gaeilge dhomhanda, ó bhlag Kevin Scannell Ar chúinsí éagsúla, iad uilig fite fuaite le ceannach Twitter ag Elon Musk agus leis an dóigh a bhfuil praiseach á dhéanamh aige den suíomh, tá an cuma air go bhfuil deireadh ré ann ag druidim linn. Ní léir fós cad a thiocfaidh ina áit don nGael ar líne. Tá cuntas Mastodon ar ásc de mo chuid féin agam le roinnt míonna anois, ach níl mórán comhrá ag tarlú ann. Tá rudaí rud beag níos bríomhaire ar BlueSky ach tá an bogearra féin fós amscaí - leagan beitea atá ann fós. Bhí luach dom i Twitter toisc go raibh líonra sách mór teagmhála agam ann, agus comhrá leanúnach. Tá luach líonra i gcoibhneas le cearnú líon na nóid (i. Líon na baill i gcás meán sóisialta). Sin toisc gur féidir nasc a bheith idir aon dá nód. Ach ní hionann féidearthachtaí agus an méid a bhaintear amach. Agus i líonraí sóisialta bíonn cáilíocht éagsúil ag nascanna éagsúla. Agus bíonn cuid acu níos buaine ná a chéile. Measaim gur i 1995 nó 1996 a chuir mé ríomhaithne ar Dennis King. Ar an liosta r-phost Gaeilge-A. Tá comhrá ar bun againn ó shin - ach níor casadh ar a chéile muid ach uair fánach amháin nuair a bhí Dennis agus Seán Ó Connor ag freastal ar ócáid éigin i gColáiste na Tríonóide, tráth a raibh lucht an Chiorcail Díospóireachta ag ól Tí Duke agus gur bhuail siad isteach. Ach tá an comhrá ar bun ó Gaeilge-A, ar ardáin éagsúla - cláracha plé, blaganna, Twitter. Murach sin ní dócha go mbeadh mé ar BlueSky. Ní duine mé a bhíonn i dtús cadhnaíochta ar ardán nua, agus i ndáiríre táim amhrasach faoi na seirbhísí tráchtála. (Níl fógraíocht ar BlueSky fós, ach glacaim leis go mbeidh. Caithfidh siad na costais a ghlanadh ar bhealach éigin). Chun go mbeidh tairbhe ag ardán ar bith is gá go mbeadh sé éasca lucht allagar a aimsiú. Bíonn réamhaithne i gceist, gan amhras, agus ó tharla go bhfuil gá le cuireadh do BlueSky, tá pobal ag fás de bharr aithne a bheith ag daoine ar a chéile. Ach gan aithne a chur ar dhaoine nua, níl fás i ndán, agus an rud nach bhfuil ag fás ar líne tá sé ag meath. Tá sé luath fós á rá conas mar a éireoidh le cúrsaí ar BlueSky ná Mastodon. Ach tá súil agam go mbeidh deiseanna allagar fós ann, agus freisin deiseanna fíoraithne a dhéanamh as ríomhaithne. Beatha teanga í a labhairt... |
2023-07-09
Camchuairt Dhuibhneach - ón mBaile Breac abhaile
Bhí an ciúnas diamhair sa teach liom féin sa Bhaile Breac, ach chodail mé sách maith. Chaith mé bricfeasta leis an méid bia a thug mé liom agus bhuail an bóthar go dtí an Daingean. Bhí radharc bhreá ar Loch Corr Áillí ar an gcéad cnoc a bhí le sárú, agus ansin ar aghaidh go dtí an Daingean ar bhóthair díreach measartha gnóthach. Rug múr arís orm ach bhí an feisteas cuí agam. Níor mhair sé ró fhada.
Faoi dheireadh bhí an bhóthar curtha díom agam agus an Daingean bainte amach. Rinne mé caol díreach ar Bean in Dingle chun caife fiúntach a ól. Agus mheall cáca fraocháin mé - ní raibh sé ró mhilis! Bhí mé ag fánaíocht thart ar feadh tamaill ansin. Fuair mé sú folláin ar bhonn bhiatas dearg ansin i mBóthar na Trá. I bpróca, d'fhonn bruscair a sheachaint!
Chaith mé seal san Díseart agus sna gairdíní ann, ach tá blagmhír dá chuid féin dlite dó sin. Bhí mé beagnach ag tús an scuaine nuair a d'oscail an Fishbox um a leathuair tar éis an dó dhéag. Béile den scoth. Cupán chabhdar mar réamhchúrsa agus curaí bráthair agus cloicheán. Thar a bheith blasta. Bhí an áit iontach gnóthach. Agus mé ag fágadh chuala mé teaghlach ag beartú cad le déanamh - bheadh fanacht nócha nóiméad sa scuaine rompu! Deas rath a fheiceáil ar ghnó áitiúil (agus is i nGaeilge a rinne mé mo ghnó leo). Milseoga Uí Mhurchú ansin don mhilseog.
Is ansin a thosaigh an taisteal. Bus ón Daingean ag 14:00. I Trá Lí thart ar a trí. Ní raibh an traein le dul go dtí an cúig. Chaith mé tamaill i siopa caife deas. Dathanna na hÚcráine, shílfeá. Chuir mé ceist. Comhtharlúint. Dathanna roghnaithe sé mhí sular thosaigh an t-ionradh is déanaí. Cúis mearbhall do theifigh! Caife ana bhreá. Ní raibh mórán fonn siúil ná turasóireachta orm, chaith mé an chuid eile den fanacht ag léamh sa stáisiún. Ar an ngléas ilfheidhmeach úd ar a bhfuil seo á scríobh agam!
Traein go Mala. Ar aghaidh go Heuston. Ann tar éis an naoi. Luas go Busáras. Fanacht arís ar bhus 22:15. Oibreacha bóthair ar an N11. Beagnach meáin oíche sular bhain mé an baile agus an leaba amach. Turas taitneamhach mar sin féin.
Clibeanna
corca dhuibhne,
gaeilge,
siúlóidí,
taisteal
2023-07-06
Camchuairt Dhuibhneach - Cosán na Naomh go Barr Turasa
Chodail mé go breá i Tigh an tSaoirsigh agus dhúisigh réidh do bhreis eachtraí an maidin dar gcionn. De ghnáth seachnaím pónairí sa bhricfeasta Éireannach, ach ó tharla go raibh siad ar an bpláta d'ith mé iad agus gach pioc eile a bhí air, maille iógart agus fraocháin. Breosla don lá!
Ansin d'éist mé Aifreann i Séipéal Naomh Uinseann roimh bóthar a bhuaileadh. Fuair mé cupán caife sa Mhúsaem le tabhairt liom. Thug mé cuairt tapa ar roinnt cairde a bhí ar lóistín i Tigh Bhric. Bhí mé tar éis buaileadh le duine acu an lá roimh ré sa Bhuailtín. Tar éis seal ag comhrá shiúl mé síos an bóthar go dtí an Trá agus ansin feadh trá an Mhuirigh go dtí an cosán glas a théann go Gallarus.
An bóthar mór le trasnú, agus sin bóthar díreach in airde go dtí Lios Deargáin. Is san áit a thagann cosán idir dhá fhál ard amach ar an mbóthar a bhuail mé le cosán na naomh. Agus le Frank agus Bill, dís Meiriceánach a bhí amuigh ag siúl agus mearbhall orthu cá raibh an bealach ceart. Ghiorraigh muid an bóthar dá chéile i gcoinne an chnoic. Bhí sé beartaithe acu siúl chomh fada le Rinn Chonaill ar a laghad. Mhol mé dóibh leanúint ar aghaidh go dtí an Bóthar, greim bia agus dí a fháil, agus tacsaí a fháil ar ais go dtí an carr a bhí i nGallarus. Bhí orthu bheith ar ais san Daingean tráthnóna, áit a raibh na mná ag siopadóireacht agus bialann in áirithint.
Ó Lios Deargáin leanann Cosán na Naomh bóthar sách gnóthach chomh fada le Cill Mhaolcheadair.
Thaispeáin mé iontais Cill Mhaolcheadair dóibh, an clog gréine is na clocha ogham. Agus corr uaigh a bhfuil suntas tugtha agam dóibh thar na blianta, ina measc uaigh oide scoile ar a bhfuil greanta Níl san saol seo ach naíscoil na síoraíochta. Mana a sciob mé roinnt blianta ó shin do bhileog sochraide mo mháthair, a raibh naíscoil aici féin ar feadh na mblianta.
Suas linn go Rinn Chonaill ansin, a bhí níos tirime ná mar is gnách. Radharc iontach ar Chuan Ard na Caithne fúinn. Nuair a bhí barr an chnoic bainte amach, bhí cinneadh le déanamh ag Bill agus Frank. Chuir mé scairt ar Mhuiris sa Bhóthar le cinntiú go raibh an bialann ar oscailt, agus go mbeadh sé in ann tacsaí a eagrú dóibh. Bhí agus bheadh. B'shin an cinneadh déanta agus leanamar triúr ar aghaidh síos go Corr Áillí agus amach arís ar an mbóthar, nach raibh ró ghnóthach.
Bhi go maith, ach gur rug múr trom báistí orainn. Bhí na cótaí báistí againn áfach. Scar mé leo ag Droichead an Bhaile Bhric agus thug aghaidh ar an dtigh ina mbeadh an oíche á chaitheamh agam.
Bhain mé an teach amach, agus ainneoin go raibh sé folamh níos faide ná bliain - cúrsaí sláinte ag bac an úinéir - ní raibh cuma ró olc air. Bhí imní orm go mbeadh uisce tar éis teacht isteach sa gheimhreadh, ach má tháinig bhí sé triomaithe le fada agus seachas neart deannaigh agus damhán alla bhí an áit go breá. D'fholmhaigh mé mo mhála droma agus d'ith roinnt núdal gasta a bhí ceannaithe sa Bhuailtín agam. Bhí an múr glanta agus bhí breis fuinnimh agam le tabhairt faoin gcnoc.
Ó charr chlos an Bhaile Bric tá an bealach go Barr Turasa marcáilte go maith le cuaillí bána agus turas na Croise - ceithre chinn déag de chrosanna. Bhí mé ag an tríú cros nuair a thuig mé go raibh cadhnra breise liom maith go leor, ach go raibh an cábla fágtha sa tigh agam. Mhúch mé an fón chun an cadhnra a chaomhnú, rud a d'fhág nach raibh deis agam pictiúir a ghlacadh. Ba thrua mar is annamh, ainneoin na scamaill íseal, go raibh radharc chomh breá agam ar an siúlóid. Bhí Com an Lochaigh iontach soiléir, agus an balla atá tógtha gar d'imeall an Ghéaráin. Bhí radharc éigin ar Sliabh Mis agus Trá Lí.
Bhain mé amach Barr Turasa. Las mé an fón le pictiúr a ghlacadh. Bhí na Machairí iontach soiléir agus radharc chomh fada le Ceann Léime an Chláir.
Chas mé i dtreo an Chósta ansin, fán droim go Piaras Mór. Bhí radhairc iontacha ann ar na haillte géara agus na locha dorcha ar thaobh an Leitriúgh den Sliabh. Nuair a bhí an mám ag Airghleann bainte amach agam, áit a bhfuil gallán ogham cuanna, is ea thuig mé nach raibh an fón múchta i gceart agam, agus an cadhnra ídithe go hiomlán.
Ní raibh mé ró shásta liom féin. Síos isteach go Baile na hAbha liom ansin, ar shlí Chorca Dhuibhne arís. Ar aghaidh ar chúl bhóithre ansin go dtí Teach Tábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar. Bhí sé gnóthach go maith, agus bean ón Úcráin ag cabhrú le muintir an Tí. Bhí uaineoil breá rósta agam, agus crumble biabhóige. Agus pionta de dhéantús Tí Bhric.
D'fhill mé ar an dteach sa Bhaile Breac ar chúl bhóithre agus bóthar glas.
Cith maith agus coladh sámh, cé go raibh an ciúnas agus mé sa teach liom féin cineál diamhair!
Clibeanna
Cnoc Bhréanainn,
corca dhuibhne,
gaeilge,
siúlóid
2023-07-04
Camchuairt Dhuibhneach - Slí Chorca Dhuibhne ón Daingean go dtí an Buailtín
Ainneoin m'imní, faoin gcleas óg spleodrach san suanlios liom, chodail mé go maith san suanlios, agus níor dhúisigh mé ach anois is arís feadh na hoíche agus daoine ag bogadh thart. Bhí mé i mo lán dhúiseacht go luath áfach agus rinne mé iarracht cith gairid ciúin a ghlacadh agus sleamhnú as an seomra le mo chip is mo mheanaithí d'fhonn an mála droma a phacáil i gceart don mbóthar thíos. Bhí bricfeasta simplí ar fáil óna hocht - Muesli agus arán, mar a bheinn ag súil leis don luach íseal a d'íoc mé as an lóistín. Torthaí freisin. Ní raibh caife ceart ar fáil, áfach. Bhí fhios agam go mbeadh Bean in Dingle oscailte um a naoi. Thug mé roinnt moltaí siúlóide do bhean na Gearmáine agus chuir chun bóthair, via an siopa Beatha áit ar cheannaigh mé dhá rollóg aráin agus "seilmide" cainéal don mbóthar. Bhí úinéir an tsiopa cloiste agam tamall roimhe ar an Saol ó dheas nuair a ghlac sí ar lámh é ó bhácús Bhréanann ( cé go bhfuil a dtáirgí fós ar díol ann, maille táirgí bia eile ón gceantar). Bhí fhios agam dá réir ná beadh deacracht gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Fuair mé mo chupán caife líonta trí Ghaeilge freisin i Bean in Dingle agus ansin bhuail mé an bóthar amach tríd Baile an Mhuilinn ar Slí Chorca Dhuibhne. Ar chúl bhóithre cúpla ciliméadair lasmuigh den Daingean, go dtí Ceann Trá. Breá ciúin. Téann an bealach marcáilte suas go Mám an Óraigh ó Ceathrúin an Phúca, ach lean mé orm ar an mbóthar toisc go raibh píosa fada romham.
Ag Ceann Trá bhí mé ar an slí marcáilte arís, agus den bhóthar ar feadh seal. Síos chun na Trá agus feadh an trá ar feadh píosa fada. Ghlac mé sos ag an carr chlos ag taobh Ceann Trá den trá, áit a raibh binse le díon, chun an caife a ól agus an seilmide cainéal blasta a ithe. Ar aghaidh liom ansin ag siúl ar an ngaineamh faoin snáth mara, áit a raibh sé crua agus níos fusa siúl. Chonaic mé neart bolgán nádúrtha nach raibh feicthe agam cheana. Feamainn ar a dtugtar gadaí oisrí Colpomenia peregrina. Faigheann sé a ainm toisc, má nascann sé le hoisre óg, go scuabtar iad araon chun siúil nuair a líonann an bolgán le gás.
Ag deireadh an trá tá siúlóid measartha taitneamhach ar chúlbhóithre agus bóithre glasa go dtí Cill Mhic an Domhnaigh. Faraor, de bharr aighneas le feirmeoir áirithe (bhí argóint fíochmhar ag m'athair féin leis breis is deich mbliana ó shin nuair a bhíomar ag leanacht sean mhapa sa treo eile) tá an slí ar bhóthair mór Slí Ceann Sléibhe chomh fada le Fán. B'shin an chuid is lú taitneamh den siúlóid, carranna agus uaireanta busanna ag dul tharam ar luas mhaith. Ar a laghad is i dtreo Dhún Chaoin a bhí formhór mór na tráchta ag dul. Bhí mé ana shásta Fán a bhaint amach agus tabhairt faoin gcnoc. Tar éis píosa ar cúl bhóthar is ar cosáin a bhí an slí, in aice le fallaí cloiche. Radharc anuas ar an mbóthar agus ar an bhfarraige. Neart fothraigh clocháin le feiceáil.
Diaidh ar ndiaidh agus mé ag dul thart ar Ceann Sléibhe, go hard os cionn trácht na gcarr is busanna, agus ainneoin na scamaill, bhí radharc agam ar na Blascaodaí. Go gairid roimh Com Dhineoil bíonn an slí ar an mbóthar arís. Sos gairid ag Carrchlós radharc na mBlascaod.
Píosa ar an mbóthar arís ar feadh roinnt céadta méadar - trácht sách trom. Faoi dheireadh, in aice leis an seanreilig, aicearra ar cosán glas go dtí an tseanbhóthar. Os rud é nach raibh mé sa reilig cheana bheartaigh mé cuairt a thabhairt ar uaigh Pheig. Agus gan amhras cos amháin a chuir ann agus cos eile ar a bhruach....
Bhí siúlóid suaimhneach go maith as sin go dtí Cé Dhún Chaoin. Fuair mé caife oighreata ó sheastán Cupán Sé. Agus mé á ól bhuail lánúin Meiriceánach bleid orm, ag fiafraí an raibh mé tar éis tosú ón nDaingean ar maidin. Bhí mé feicthe ceithre uaire acu fán mbealach.... (Choinnigh mé orm ag siúl, gan aon sos ró fhada ó mhaidin. Is dócha gur stop siadsan go minic).
Seachas dul suas i dtreo Cruach Mharthain, mar a dhéanann Slí Chorca Dhuibhne, lean mé Siúlóid na Cille fán aill. Ní raibh braon i dtobar Ghobnait! Ar an ndroim ansin bhuail mé le Slí Chorca Dhuibhne arís agus síos liom go dtí an Ghráig. Bhí mé ag súil le béile Tigh Áine. Faraor tá Áine imithe ar scor tar éis daichead a seacht bliana i mbun caife. Is ann don gcaife faoi bhainistíocht nua - ach níl an bhiachlár chomh folláin neamhghnách spéisiúil is a bhíodh. Bhí an chabhdar blasta mar sin féin. Agus is Áine a sholáthraíonn na scón fós. Murach an t-amhránaí bailéad Béarla a bhí do mo bhodhrú...
Bhí fógra go raibh Áine fós i mbun gailearaí sa sean teach. Bhuail mé isteach agus bhí dreas bhreá comhrá againn faoin sraith pictiúir a rinne sí sa gheimhreadh faoin Slios - an bóthar idir Baile Dháith agus Cuas an Bhodaigh, áit a bhfuil áit cónaithe Bhreandáin agus Séamus (beannacht Dé lena anam) Ó Beaglaoich agus a gclanna. Baile na bpoc a tugtar air, ach de réir thaighde Áine is Baile na mbroc rua atá air ó cheart. Spreag eachtra Bhreandáin leis an gcóras pleanála agus na deacrachtaí atá ag muintir an bhaile fós tithe a thógáil chun sraith pictiúir den gceantar a dhéanamh. Bhí comhrá ana bhreá againn.
Ar aghaidh liom ansin ar an mbóthar go dtí an mBuailtín, gan bacadh le slí Chorca Dhuibhne a théann an timpeall. Casadh bean na Gearmáine liom a bhí tar éis an siúlóid a mhol mé a dhéanamh seachas gur éirigh sí as lúb Chuas na Nae toisc go raibh an ghaoth chomh láidir ar thaobh na haille!
Rug cith trom báistí orm píosa síos an bóthar. Lean mé orm. Tar éis tamaill thairg fear síob dom. Ghlac mé buíochas leis ach dúirt go raibh mé nach mór ag ceann scríbe agus nach bhféadfaí mé a fhliuchadh níos mó ar aon nós!
Bhain mé amach Tigh an tSaoirsigh, áit a raibh lóistín agam. Cith breá te. D'amharc mé thart ar an sráidbhaile beagán, roimh socrú béile a ithe Tigh an tSaoirsigh agus dul a luí sách luath! Is dócha go raibh mé i mo chodladh go sámh, mar níor chuala mé faic ón dtábhairne.
Ana lá siúlóide.
Clibeanna
corca dhuibhne,
gaeilge,
siúlóid
2023-07-02
Camchuairt Dhuibhneach - An Daingean
Bhí súil agam, ó tharla gur ar Aoine a thit Oíche Shin Sheáin i mbliana, deis a bheith agam freastal ar an tine chnámh ag an Teampall Geal sa Bhaile Riabhach. Ar an mbunús sin rinne mé socruithe deireadh seachtaine fada siúlóide in Iarthar Dhuibhneach a dhéanamh agus ghlac mé an Aoine agus an Luain saor ón obair. I rith na seachtaine áfach fógraíodh ar an Saol ó Dheas go mbeadh an tine chnámh ar an gCéadaoin, oíche an ghrianstad, ó tharla go raibh tuar na haimsire don Aoine go holc. Bhí mo chuid socruithe déanta agam áfach, lóistín agus traein in áirithe, mar sin bheartaigh mé tabhairt faoin dturas ar aon nós. D'fhág mé an baile dá réir chun bus go lár na cathrach a fháil ag 06:30. Ag busáras thóg mé an Luas dearg go stáisiún Heuston. Bhí mé ann thart ar a hocht agus gan an traein le fágáil go dtí a naoi. B'shin mórán mar a bhí beartaithe agam chun ná beadh brú ama ar bith orm. Bhí bricfeasta Éireannach agam san Galway Hooker ar mo shuaimhneas. Bhí mo thicéad bailithe agam ag an t-inneall roimh ré. Agus, iontas na n-iontas, Ó clóbhuailte i gceart. Mar a bhí os cionn an suíochán traenach.
Bhí lánúin ón nGearmáin trasna uaim chomh fada le Mala. Iad ag dul chun tamall saoire a chaitheamh i lóistín féin fhreastail in Áth na Caisle, gar do Chaisleáin Ghriare. Comhrá a ghiorraigh an t-aistear. Athrú i Mala, ó ardán amháin go ceann eile. Ar aghaidh go Trá Lí ansin. Uair a chloig le fanacht ar bhus an Daingin. Gan mórán fonn orm siúl thart. Cupán caife ón seastán. Aisteach nach raibh siad sásta mo chupán a líonadh. Líon mé féin é agus thug an cupán aon uaire ar ais dó. Níor chreid sé go mbeadh iachall air amach anseo cupán athúsáide a líonadh. Tá súil agam go bhfuil dul amú air - cupán aon uaire, buidéil plaistigh agus buta toitíní nó na vapeanna mallaithe aon uaire formhór an bhruscair a fheicim agus é uilig só-sheachanta.
Chuaigh mé féin go dtí an brú chun fáil réidh leis an mála droma. Ansin thosaigh mé ag fálróid thart, ag tabhairt faoi deara cé na siopaí a bhí dúnta, cé a bhí fós ann, cé a bhí nua. (Tá fuinneog Commodum lán de caora cróiseáilte ó 1994 ar a laghad!)
Ní raibh ocras orm fós, ach bhí fhios agam go mbeadh sé deacair áit a aimsiú oíche Aoine gan réamhairithint. Chaith mé súil ar an Fish Box, ach bhí fógra acu nár ghlac siad le áirithintí. Bhí comhrá agam as Gaelainn leis an bhfáilteoir, agus mar thoradh ar sin bheartaigh mé mo lón ar an Luain a fháil ann in ionad. Mar sin chuir mé cúinne in áirithint dom féin don a 19:30 in Out of the Blue, bialann éisc fadbhunaithe. Idir an dá linn thug mé cuairt ar an díseart, oileán suaimhneas i lár fothragadh turasóireachta an Daingin.
Ina dhiaidh sin, ó tharla go raibh sé fós luath d'fhill mé ar an mbrú. Bhí bean ón nGearmáin san suanlios agus rinneamar dreas comhrá seal. Bhí cúpla comhrá eile agam leis an dream a bhí ag caitheamh a saoire seal i bhfeighil an bhrú. Ansin bhailigh mé liom chun proinn. B'fhiú é.
Tar éis an bhéile chaith mé seal sa bhrú arís i mbun comhrá mar nach raibh ceol le bheith aon áit mórán roimh 21:30. Idir an dá linn bhí scata leaids óga as Bleá Cliath agus compánach as Meicsiceo laindeáilte. Rud a chuir imní áirithe orm faoi shuaimhneas na hoíche... (Níor tháinig tuar faoin dtairngreacht). Chuaigh mé féin agus bean na Gearmáine go Nelligans. Comhrá agus ceoil. Bhí leaid óg áitiúil ar an banjo agus duine eile ón gClár ar an mbosca. Ana cheol uathu. Ach bhí tuirse orm féin toisc go raibh mé i mo shuí mall an oíche roimh ré, agus ag taisteal ar feadh an lae. Mar sin thart ar a haon déag bhailigh mé liom agus a luí.
Clibeanna
corca dhuibhne,
gaeilge,
taisteal
2023-07-01
Oilibhéar Pluincéid
Bíonn Aifreann Laidine ar bun i mBaile an Chinnéidigh ar maidin Sathairn. Scaití freastalaím air. Mar a rinne inniu. Éadach dearg ar an altóir. Féile Mairtírigh, mar sin. Ní raibh fhios agam cé acu. Luaigh tuata a bhí ag fógairt deasghnátha an chéad Sathairn gur Féile na Fola luachmhara a bhí ann - ach tar éis atheagar an fhéilire ag Vatacáin II chuir an Pápa Pól VI Féile corp agus fuil Chríost le chéile. Ansin d'fhógair an sagart gur Féile Oilibhéar Pluincéid a bhí ann, ardeaspag Ard Mhacha a crochadh i Tyburn Shasana cothrom an lae i 1681 de bharr teoiric comhcheilge Titus Oates, an Horrid Popish plot.
Bhí triúr aint ag m'athair in Ord na Toirbhirte. Déarfadh an aint is óige, nach raibh san ord "I'm the only one who doesn't have a durty habit!". Bhí duine acu lonnaithe i nDroichead Átha, sa Chlochair lámh le hEaglais Pheadair. Is ann atá cloigeann Naomh Oilibhéar caomhnaithe agus le feiceáil ar altóir. Ghlac sí Oilibhéar mar ainm chrábhaidh. Is minic a chuaigh muid mar theaghlach go Droichead Átha ar camchuairt Domhnaigh. Bhíodh ceapairí deasa le fáil sa chlochar don tae! Thugadh Aintín Nóra, an tSiúr Muire Oilibhéar, chun paidir a rá ag altóir Oilibhéar gach uair.
Tá sí féin, agus an triúr deirfiúr eile, ar shlí na fírinne le roinnt blianta anois. I bhfochair Oilibhéir ar neamh shamhlóinn. Suaimhneas síoraí dá n-anamacha uilig.
(In Ardeaglais Chaitliceach Ard Mhacha a ghlac mé an pictiúir thuas de dhealbh Oilibhéar Pluincéid).
Clibeanna
creideamh,
cuimhní cinn,
gaeilge,
stair
2023-06-25
An tairiscint ghníomhach
Táim ag siúl in Iarthar Dhuibhneach. Bhí mé sa Daingean arú inné - peata scitsifréineach de bhaile. Tógadh mise leis an ngeis gan Gaeilge a bhrú ar dhaoine, go bhfuil a leithéid drochbhéasach. Bím airdeallach sa Daingean go háirithe, mar go bhfuil daoine ann a chreideann sa gheis céanna fós. Is mór an chabhair mar sin, mura bhfuil aithne agam ar an ngnó, fógraí fearacht na cinn thuas atá scaipthe ag na heagraíochtaí pleanála teanga Tobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin. Tugann siad le fios dom nach cantal ná eiteach a bheidh mar fhreagra ar forrán i nGaeilge. Agus ós duine mé a sheachnaíonn achrann ó nádúr, is maith liom an tairiscint ghníomhach seo, cuireann sé ar mo shuaimhneas mé. Go háirithe i mBaile an Daingin, áit ina bhfuil an stádas Gaeltachta agus na teangan uaireanta ina ábhar achrainn. Táim níos faide siar anois agus an cheist níos simplí.
Aisteach go leor, seans go bhfuil níos mó Gearmáinis ná Gaeilge labhartha agam ar an dturas go dtí seo, ó thaobh comhráite de ar aon nós. Lánúin ón nGearmáin trasna uaim ar an dtraein chomh fada le Mála. Bean ón nGearmáin atá ag siúl sa cheantar san suanlios sa bhrú. Comhrá fada fairsing agam léi siúd.
Comhráite as Béarla freisin - bhí leaid ón Afraic Theas ar an mbus ó Trá Lí, é ar intéirneacht le comhlacht infheistíochta i mBÁC. Comhrá spéisiúil againn faoi intleacht shaorga!
Sin ráite, chuaigh mé ar cuairt nó dhó. Bhí comhrá fhada agam le Mazz sa siopa ceoil, aithne aici ar Fionn ó thaobh an cheoil de. Agus cheannaigh mé lón bóthair sa siopa nua Beatha. Agus caife i Bean in Dingle.
Tá Áine Tig Áine imithe ar scoir, rud atá tuillte go maith aici. Tá an biachlár sa proinnteach imithe chun leadrán áfach. Tá sí fós ag soláthar scóin dóibh ar a laghad.
Ar aon nós bhuail mé isteach chuici féin agus bhí comhrá fhada againn faoin dtogra ealaíne a chaith sí an gheimhridh air. Tá blagmhír dá chuid féin dlite dó sin.
Chuaigh mé a luí luath aréir, níl fhios agam an mbeadh mé tar éis comhráite Gaeilge a aimsiú murach sin. Ach théis tríocha km a shiúl agus fliuchadh a fháil ag deireadh na siúlóide inné, ní raibh fonn orm bheith ag fánaíocht thart ar an mBuailtín ar an seans go mbeadh comhrá le fáil!
Mé ag fanacht anois ar bhricfeasta. Aifreann a deich ar ball i Séipéal Naomh Uinseann agus ansin coisíocht arís go dtí an Baile Breac. Tá an ghrian ag taitneamh - b'fhéidir go mbainfidh mé barr Chnoc Bhréanainn amach fós.
Clibeanna
gaeilge,
iarthar dhuibhneach,
pleanáil teanga,
Tobar Dhuibhne
2023-06-18
Fíorbhraon - IMRAM
Cé gur mar fhéile litríochta thart ar seachtain ar fhaid a thosaigh IMRAM tá na cúraimí ar an eagraíocht tar éis leathnú agus scaipeadh, agus an iliomad ócáid a bhaineann le héigse na Gaeilge faoina gcúram.
Cuid de sin an sraith FÍORBHRAON - léamha filíochta san siopa leabhar Books Upstairs i lár na cathrach. Bhí mé i láthair an Domhnach seo caite. Bhí Cathal Póirtéir ina fhear an tí. Chuir Marcas Mac Conghail tús le cúrsaí le leagan de Amhrán Phádraig a chum sé roinnt blianta ó shin nuair a bhí feachtas bailithe airgid ann chun cabhrú le teaghlach Phádraig Schäler cúram a dhéanamh dó tar éis dó gortú inchinne a fhulaingt i dtimpiste rothair i Meiriceá. Is cuimhin liom féin an feachtas go maith, cé, fearacht Marcas, nach raibh ainm Phádraig cloiste agam cheana. Ba tréimhse spreagúil é, toisc gur tháinig a chairde le chéile agus in éineacht lena theaghlach bhain go leor amach. De réir mo thuisceana tá feabhas áirithe tagtha ar Phádraig cé nach bhfuil biseach iomlán i ndán dó. Cumha ag baint le gnéithe den amhrán freisin - tá Seosamh an chlub imithe ar shlí na fírinne ó shin. Scéal-amhrán a shroicheann go domhain. Capsúl ama.
Níl cnuasach foilsithe fós ag Laoighseach Ní Choistealbha, cé go bhfuil dánta léi foilsithe i gComhar, Feasta agus ardáin eile. Cnuasach i lámha Barzaz faoi láthair, tuigim, agus táim ag súil go mór leis. Filíocht meabhrach collaí, ionchollaithe. Íomhánna iontach láidre. Tagairtí neamhghnácha don mBíobla agus oidhreacht léinn eile. Dán iontach faoi Bhean Lot, abair, a rinneadh gallán salainne di toisc gur amharc sí siar ar scrios Sodom. Deireadh iontach - na Rómhánaigh ag tógáil an tsalainn chun saighdiúirí a íoc. Bean Lot ag leá "ar theanga míle fear". (Tá scéalta Lot ar na scéalta is aisti sa Bhíobla. É ag ofráil a iníonacha chun éigniú a aíonna fireanna a sheachaint, nó iadsan á dhéanamh ólta d'fhonn luí leis).
Eascraíonn dánta gairide gonta Mhicheál Ó hAodha óna thaithí ar deoraíocht i Sasana agus a theagmháil ann le heolchaire na ndeoraithe eile, tnúthán an dúchais nach bhfuil sásamh i ndán dó, toisc nach bhfuil aon bhaile ann le filleadh air. Taithí ar leith, mar cé go bhfuil daoine fós ag imeacht ar deoraíocht, níl an briseadh cumarsáide céanna i gceist níos mó. Bíonn siar is aniar ann idir an comhluadar scaipthe, agus feabhas iontach ar na deiseanna cumarsáide - fiú thar na nóchaidí nuair a bhí mé féin ar deoraíocht agus ag filleadh gach Nollaig. Capsúl ama de chineál eile dánta Mhichíl.
Chuig a garraí fiáin nach dtugann bheith istigh do rósanna saothraithe a thug Biddy Jenkinson muid. Éin na coille agus na héin fáin garraíodóirí cúnta a háitreabh i nDoire Bán lámh le Gleann dá Loch. Scéal Róis a tháinig anoir aduaidh ó Albain in éineacht le héan a sciob an scríob óna dhúchas é.
Capsúl de chineál eile! An dúlra ag lúbadh agus ag casadh faoi thionchar aeráid athraitheach an chine dhaonna ach teacht aniar ann fós.
Chuir Marcas clabhsúr ar an ócáid lena rogha dhánta as Ceol Baile agus Spásas, sa bhreis ar na hamhráin a thug sé dúinn idir na míreanna. Fiú nuair nach bhfuil Marcas ag canadh is filíocht don gcluas a bhíonn aige agus is fiú go mór é féin a chlos á reic, toisc go bhfuil réimse iontach in ghlór, ag cruthú pictiúir le fuaim agus focail.
Cat Chamuis, nó siúlóid faoi srianta coibhid 19.
Uair an chloig iontach pléisiúrtha!
2023-06-15
Féile na Gealaí
Bhí ticéad agam do Ravelóid i 2016, agus é i gceist agam freastal air leis an duine is óige de mo chlann, cé nach duine mór féilte ná sluaite mé. Cuireadh an Ravelóid ar ceal, agus b'shin sin, dar liomsa. Bhí dream daoine áfach nár ghlac an seasamh leisciúil sin. Bheartaigh siad Féile a reáchtáil iad féin, agus rinne. Tháinig Féile na Gealaí ar an bhfód. Agus tá sé ann go bliantúil ó shin, seachas blianta na Coibhide, ag fás agus ag forbairt. Mo sheasamh ar an ndream beag díograiseach a chuireann croí agus anam isteach ann. Níor éirigh liom féin bheith sách eagraithe dul ann go dtí i mbliana, cé gur fhreastail mé leis an déagóir ar an ócáid tánaisteach a d'eagraigh an dream céanna i nDún Uí Choileáin lá le Pádraig i mbliana agus anuraidh. Bhí sé níos fusa dá réir an déagóir a mhealladh chun tráthnóna Satharn a chaitheamh i Ráth Chairn!
Thángamar ann thart ar am lóin agus fuair greim bia ó ceann de na seastáin, a raibh rogha fiúntach daoibh ann.
Bhí deis againn ansin cuid de thaispeántas Dairena Ní Chinnéide a fheiceáil san Típí - filíocht dhiamhair reicthe le tionlacan ceoil. Eagraithe ag IMRAM.
Bheartaigh muid ansin dul chomh fada leis an mBradán Feasa, áit a raibh Oireachtas na Gealaí le bheith .i. na hEalaíona béil agus cois mar a bhíonn ag Oireachtas na Samhna (áit nach raibh mé féin riamh, toisc nach maith liom sluaite).
Ceol bhreá ó Cathal Ó Cuirreáin agus Aoife Ní Chróinín. Amhrán ó Domhnaill Ó Braonáin. Lúibín ó bheirt bhan ó Mhúscraí. Fíor mhaith, mar a bheifeá ag súil leis. Ach ansin thosaigh an fíor draíocht. Cailín óg (áitiúil?) a chur agallamh beirte i láthair - léi féin. Amhránaí seacht mbliana d'aois a chan Bean an Fhir Rua go snasta, le foirfeacht a chorraigh go mór mé. Moram go gcloisfear ainm Lasairfhíona Ní Bhraonáin go minic! Bhí ceoltóirí agus damhsóir ann freisin idir leanaí agus daoine fásta óga.
Tá an déagóir tógtha le aistriúchán Bandia a bhlaiseamar ag ócáid Lá le Pádraig. Mar sin d'fhéachamar chuige go raibh muid ar ais san típí áit a raibh Jill ag treorú déanamh puipéid stoca. (Bhí mé féin measartha falsa agus rinne mé nathair nimhe seachas iarracht a dhéanamh Kate Bush, Robyn, Britney ná Cher a chruthú). Nuair a bhí na puipéid (beagnach) déanta thosaigh an canadh, amhráin leis na hoirfidigh a luaigh mé, aistrithe ag Bandia. Damhsa is canadh spraíúil spreagúil. (Faoi choimirce Aerach Aiteach Gaelach a bhí an ócáid áirithe seo).
Tá an déagóir tógtha le aistriúchán Bandia a bhlaiseamar ag ócáid Lá le Pádraig. Mar sin d'fhéachamar chuige go raibh muid ar ais san típí áit a raibh Jill ag treorú déanamh puipéid stoca. (Bhí mé féin measartha falsa agus rinne mé nathair nimhe seachas iarracht a dhéanamh Kate Bush, Robyn, Britney ná Cher a chruthú). Nuair a bhí na puipéid (beagnach) déanta thosaigh an canadh, amhráin leis na hoirfidigh a luaigh mé, aistrithe ag Bandia. Damhsa is canadh spraíúil spreagúil. (Faoi choimirce Aerach Aiteach Gaelach a bhí an ócáid áirithe seo).
Faoin am seo bhí ceol tosaithe ar an bpríomhstáitse. Grúpa rac na pobalscoile i Ráth Chairn a chuir tús leis, Súp. Fuinniúil!
Tháinig sciar mór de na fonnadóirí a bhí páirteach san sraith Bláth na hÓige ina dhiaidh sin - meallta abhaile ag na deirfiúracha Ní Churraoin. (Dá bhféadfaí fuinneamh Mháire a chuir i mbuidéal bheadh íocshláinte ar leith ann!) Bhain mé an taitneamh as na cláracha agus bhí sé iontach iad a fheiceáil beo.
Lean Emma Ní Fhíoruisce ar an stáitse iad, í féin, a giotár agus a meascán sainiúil de hamhráin traidisiúnta agus a haistriúchán féin ar amhráin comhaimseartha. Táim ag fanacht leis an albam ó chuala i dtosach í ag gradam nós, roinnt mhaith blianta ó shin anois... Ar ámharaí an tsaoil cloistear cuid dá ceol ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá beagán ar soundcloud.
Bhí idirghabháil deas idir í agus an slua, féile pobail seo agus na ceoltóirí iad féin fréamhaithe sa phobal.
Dúinne b'iad Róisín Seoighe agus IMLÉ an buaicphointe (bhí orainn imeacht ina dhiaidh!) Agus níor ligeadh síos muid. Bhí sé ana dheas Feargal Moloney a fheiceáil leo ag canadh a chuid amhráin ón gcéad albam. Agus Ríona Sally Hartman. Meascán d'amhráin IMLÉ agus a cuid féin aicise. Faoi láthair, is iad cloigeann an chómharghrúpa Cian Mac Cárthaigh agus an cnámh droma Róisín Seoighe, a bhfuil a cuid féin déanta aici den catalóg cúil, agus a bhfuil amhráin dá cuid féin curtha aici leis chun é a shaibhriú. Tuigim go bhfuil tuilleadh eisiúintí ar na bacáin...
Toisc nach raibh againn ach pas teaghlaigh, agus bóthar measartha fada abhaile, bhí orainn fágáil thart ar a hocht.
Sa mhullach ar an gceol a chualamar bhí neart deiseanna comhrá ann, agus neart comhráite a d'éalaigh uaim. Bhí neart daoine ann freisin nach raibh aithne súil ná twaithne agam orthu fiú. Chonaic mé idir fíor óg agus aosta i láthair, ach dream mór sna fichidí, an chéad ghlúin eile! (Bheinn dóchasach go n-eascródh roinnt straitéis fiche bliain as an teagmháil ann.... Rud a mhol Máire ón stáitse freisin...)
Ba iontach lúcháireach macnasach ceolmhar spreagúil an ócáid é. Ní gan dua a tharlaíonn a leithéid áfach, agus chonaic mé Edel, Hannah Rua, Caoimhe agus Éanna ag gluaiseacht thart ag eagrú agus ag socrú. Measaim go bhfuair siad deis éigin taitneamh a bhaint as cúrsaí freisin ach is léir go raibh an dúrud eagrúcháin agus oibre i gceist, agus é déanta go ciúin éifeachtach acu, gan buaileam sciath. Laochra iad! Ní beag an ní a leithéid a chruthú gan tacaíocht ó eagraíocht, ag mealladh deontais agus ag cruinniú teagmhálacha.
Tá súil agam go mbeidh mé ar ais!
Clibeanna
ceol,
Féile na Gealaí,
gaeilge,
laochra
2023-06-14
Carraig Mhachaire Rois
Bhí mo nuachar agus an déagóir ag cleachtadh ceoil le Ceolfhoireann Traidisiúnta Oirialla maidin Sathairn, i dTigh na mBocht i gCarraig Mhachaire Rois. Toisc go raibh mé féin agus an déagóir ag tabhairt aghaidh ar Féile na Gealaí tráthnóna, chuaigh mé in éineacht leo. Fad is a bhíodar siúd ag ceoil bhí mise ag siúl! Tá roinnt lúb siúlóidí leagtha amach thart ar an mbaile.
Amach liom ar chúl bhóithre thar na droimlíní mar sin, ag leanacht conair na ceithre chontae. Toisc go raibh ceo brothaill ann, ní raibh léargas ró mhaith ann, ach is cinnte go mbeadh radharc bhreá ón siúlóid dá mbeadh lá glan ann. Bhí na cúlbhóithre ciúin go maith.
Chonaic mé fógraí mistéireacha cois bóthair - MGWS. Faoi dheireadh rinne mé amach gur grúpscéim uisce Mhuineacháin a bhí i gceist.
Fuair mé dearbhú ar sin nuair a tháinig mé ar dúnpholl in aice le fógra dá leithéid.
Tá tagairt sa bhileog siúlóide do dhún - agus bhí "an Dún" ar chloch ag geata tí ar bharr aird, ach ní fhaca mé aon rud seachas sin. Lúb thart ar 8 km a bhí i gceist, agus bhí neart ama fágtha agam. Chuaigh mé ag fálróid thart ar an mbaile. Tá áit dúchais Patrick Kavanagh, file, gar don áit, in Inis Chaoin. Thall is abhus ar ballaí bhí leacanna práis agus sleachta leis orthu, ag tagairt don mbaile, dá thaithí féin agus don stair.
Níorbh iad sin na haon scríbhinní ar bhaile. Is cosúil go raibh fear darbh ainm Jim Mc Kenna gníomhach lena shiséal sna tríochaidí agus ina dhiaidh. Ghrean sé dátaí suntasacha staire áitiúil agus náisiúnta i gclocha ballaí thart ar an mbaile. Tá athnuachan déanta ar na fógraí ó shin.
Tá dán de chuid Kavanagh ag scoil San Louis, ag fáiltiú roimh na siúracha a ghlac seilbh ar áras na coilíneach. Ach casadh eile i rotha mór an tsaoil go bhfuil na siúracha iad féin imithe, cé go maireann an scoil. Fógra eile ar gheata an chlochair a chuir mé ar an eolas faoi sin.
Chaith mé súil gairid ar an séipéal mór Caitliceach, agus an cuma air go raibh fuinneoga gloine den scoth ann. Bhí Aifreann á rá ann, áfach (agus slua maith i láthair) agus m'am ag éirí gann. D'fhill mé ar theach na mbocht.
Baile cuanna Carraig Mhachaire Rois, agus cúram á dhéanamh de, feictear dom, ó thaobh ealaíne poiblí.
Clibeanna
filíocht,
gaeilge,
Muineachán,
Patrick Kavanagh,
siúlóidí
2023-06-12
Cé hí siúd amuigh? Naitsíoch lofa go smior!
Tá leabhar Phyllis James, alias Róisín Ní Mhéara, luaite mar fhoinse ag Fionntán de Brún ina Iarfhocal ar a sár úrscéal Béal na Péiste, agus í féin mar phearsa tánaisteach ann. Chuir mé fios ón leabharlann air dá réir.
Ní minic a chuireann leabhar fearg orm. Ach chuir an leabhar seo. Ar maos le frith Giúdachas. Bolscaireacht lofa Goebbels agus a cuid féin déanta aici de. Ag milleánú na nGiúdach iad féin as an droch íde a imríodh orthu. As a bheith ró shaibhir, nó ró bhocht. Na húdaráis Naitsíocha ar mhaithe leo, más fíor. Buamáil na chomhghuaillithe agus an galar a scaip de dheasca ollphlodú na gcampaí dá bharr ba chúis leis an mbás, dar léi. Shiúl mise Auschwitz. Chonaic mé na hoigheann. Tá na finnéithe súil léite agam - Primo Levi, Klemperer, Frankl. Ba dheacair a leithéid de stuacacht gránna a léamh. Bhí mé gar don leabhar a chaitheamh i dtraipisí cúpla uair.
Bhí an gaol Éireannach a bhí sí síoraí ag brú orm deacair cuir suas leis, toisc go raibh sé fréamhaithe i léamh ciníoch Matthew Arnold et al, na Ceiltigh spioradálta ealaíonta i gcodarsnacht leis na Sacsan stuama. Léamh ciníoch aici freisin ar Ghearmánaigh, Francaigh agus ar ndóigh Slavaigh go háirithe na Rúisigh. An tIarthar Chríostaí ina bhábhún i gcoinne sluaite bharbartha lár na hÁise.
Ní galar Gearmánach an Naitsíochas aici, ná ní ar an Mór Roinn a tholg sí é, feictear dom. Is amhlaidh gur tógadh í mar leanbh uchtaithe ag lánúin den fíor uasalaicme Sasanach. "Ceiltigh" mar dhea ós Albanaigh iad, ach ginearál in Arm na Breataine agus ceannaire an Léigiún Briotanach Ian Hamilton, a athair uchtála. Agus a nuachar siúd a thug an tsaibhris léi.
Den eite sin de uaisle Shasana, fearacht a Rí sular thug cúrsaí pósta air éirí as an gcoróin, a bhí ag suirí le Hitler agus ar aon mheoin leis i leith na fhodhaoine.
Ní dóigh liom gur fianaise iontaofa atá ar fáil sa leabhar seo, mar sin is deacair a dhéanamh amach go díreach cén gaol a bhí aici lena clann altrama. Tá meascán aisteach den formad agus gean tríd síos agus í ag trácht orthu.
Tá col ar leith aici le Churchill, a bhí ina chara ag Hamilton ach a thit amach leis, is cosúil, de bharr Hamilton a bheith ag iarraidh idirghabháil a dhéanamh idir Hitler agus é.
I dteannta le leabhair eile, is dócha go bhfuil luach leis an insint seo ar an gcogadh cé gur deacair cuir suas leis an mbolscaireacht. Agus an léamh aontoiseach ar gach dream dá raibh sí i dteagmháil.
Tá bearnaí aisteacha san insint - luaitear iníon, agus ar ball mac, ach gan tagairt dá laghad don caidreamh nó na caidrimh as ar eascair siad.
Tá aiste staraí le léamh uirthi anseo.
An raibh sé ceart an síolteagasc seo a fhoilsiú? N'fheadar. Is coir i go leor tíortha an Uileloscadh a shéanadh, agus tá sin sa leabhar. Mar aon le líomhaintí go leor, cuid acu bréagnaithe, ach mar a bhíonn sa bholscaireacht is nimhní beagáinín den fhírinne réabtha as comhthéacs agus ró shimpliú déanta air i gcásanna eile. Ar mhodh Goebbels.
Clibeanna
gaeilge,
litríocht,
polaitíocht,
stair
Gleann Anna
Chaitheamar dhá oíche i mBaile an tSléibhe i Seanaphobal na Déise agus muid ag freastal ar Féile ceoldrámaíochta Gleann na Móire ag an deireadh seachtaine fada. Is ar an gceol a bhí ar n-aird. Ach rith sé liom go mbeadh deis agam roinnt siúl a dhéanamh. Ní bhfuair mé eolas ar líne, mar sin chuir mé ceist ar roinnt de mo lucht twaithne. Tharraing Sorcha Ní Chéilleachair m'aird ar tóraíocht taisce Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Agus an chuid eile fós ina luí tar éis ceoldráma Oíche Domhnaigh bhuail mé amach maidin Luain. Bhí ceann de na siúlóidí nach mór ar lic an dorais agam. Tamall ag siúl ar bhóithre go dtí gur tháinig mé ar imeall coille i ngleann géar. Casadh isteach ar bhóithrín ansin faoi foscadh na gcrann. Deireadh tar éis tamaill leis an mbóthar ach cosán tanaí ansin ag dul le fána, agus an fána ag dul i ngéire de réir mar a tháinig i ngiorracht don gcósta. Cuas beag idir aillte. Cosán géar nathrach síos chomh fada leis.
Dornán teaghlach i mbun campála ann. Polannaigh, measaim. Ó lár na hEorpa cibé de réir a gcaint. Ní dóigh liom go bhfuil nós na campála fiáin i measc teaghlaigh Éireannacha níos mó má bhí riamh!
Sruthán ag teacht anuas an Ghleanna agus isteach sa bhfarraige ag trá clochach. Ar fhaiche beag glas agus ar na clocha duirlinge a bhíodar ag campáil. Clochán trasna an srutháin a thrasnaigh mé. Roimh dul ar ais ar an mbóthar shiúl mé an ghainimh garbh ar an trá faoi na haillte arda. Bhí obair na cruinne le feiceáil sna ciseal casta claochlaithe le feiceáil sa chloch nochtaithe. Féar agus bláthanna ag bharr agus taobhanna na haillte.
Carrchlós beag os cionn na trá, agus bóthar nathrach suas go barr na haille arís. Flúirse bláthanna fiáine ar gach taobh. Casadh ar dheis ansin, ar an mbóthar ar ais chuig an lóistín, síos beagán go droichead sa ghleann, agus suas arís an taobh eile. Fógraí galánta i gcló fhoireann ar leith Gaelach ag na crosairí. Stad seachas stop ar na fógraí dearga sé shleasach. Na Béarlóirí bochta...
Reilig tréigthe, an féar go com.
Maidin chiúin siúlóide.
(Tá sé i gceist againn filleadh ar feadh seachtaine an bhliain seo chugainn, b'fhéidir. Beidh níos mó le déanamh ag Fionn san fhéile agus sparánacht bronnta air chun cuidiú lena oiliúint i Londain. Súil agam níos mó siúl a dhéanamh. An Coinigéar go háirithe)
2023-06-08
Händel sa scioból
Oíche Luain thugamar aghaidh ar bhóthair caol achrannach go seoid ceilte cois Móire, scioból tuí a bhfuil ceoláras déanta as, ag Clós an Droma Mhóir.
Rogha Paula Murrihy agus Ceolfhoireann Barócach na hÉireann faoi stiúir Peter Whelan de scoth saothair Händel. Buaicphointe - aria aiféala Deianira bean Earcail, a fear maraithe aici le léine nimhneach Nessus, bob buailte uirthi ag eascara Earcail agus í ite í féin ag formad. Tarlaíonn sé go raibh an aria áirithe seo á chanadh as Béarla - bunlibretto saothar Händel óna thréimhse i Londain. Ach fiú gan sin, agus mar a rinne sí in aria eile, léirigh Paula Murrihy lena colainn chomh maith lena guth réimse uilig mothúcháin Deianira agus Ariodante.
É sin agus roinnt amhráin eile neadaithe i gclár inar sheinn na hoirfidigh faoi stiúir Peter Whelan ar uirlisí stairiúla agus ar an modh stairiúil, ag eascairt as a gcuid dian scoláireacht. An maestro féin ag seinm ar chruitchlár agus píosa amháin ar bhasún.
Iad líonta le fuinneamh agus ag líonadh an scioból athmhaisithe le ceol iontach. Slua breá i láthair - bhí ar an bhfoireann breis cathaoireacha a aimsiú!
Dé réir mar a d'imigh solas an lae, thosaigh na crainn solais gloine ag glioscarnach go séimh.
Taithí iontach. Ceol álainn.
2023-06-07
Ag caomhnú milseacht na Bealtaine
Nuair a bhogamar isteach san teach seo, breis agus scór bliain ó shin anois, bhí sraith cufróg Leyland a fiche ar airde an tí ag bun an ghairdín. Bhí smacht níos fearr orthu ar taobh amháin den ngairdín agus fál déanta ann. Nuair a bhog muid isteach, fuair muid duine chun an barr a bhaint de na crainn, ach níorbh réiteach buan sin, d'fhás siad arís. Faoi dheireadh b'éigean iad a leagan ar fad. Ní cuimhin liom go beacht, thart ar 2009 sílim, a rinneamar sin. D'fhan stumpaí sa talamh agus an talamh féin crua clochach driseach. Ní garraíodóir mé ar aon nós. Scaoil muid leis. Le blianta beaga anuas tá an ghairdín imithe chun fiántas ar fad. Tá na leanaí fásta agus an trampailín mór groí a bhí sa ghairdín le fada ag éirí meirgeach. Bhí gá le gortghlanadh. An tEarrach seo fuair muid garraíodóir gairmiúil a rinne an bheart, an trampailín a bhaint óna chéile agus na driseacha agus fiántas a ghlanadh as. I gcomhairle le mo nuachar, d'fhág sé cúpla rud ag fás. Crann gingko a chuir muid féin. Rós. Tor amháin. Agus Trom a chuir na héin blianta ó shin.
Dhá bhliain ó shin rinneamar síoróip as dornán bláthanna uaidh. Bhí fúinn é dhéanamh anuraidh freisin, ach nuair a chuaigh mé chun na bláthanna a bhaint bhí na gasanna dubh le aifidí.
Tar éis don gairdín a bheith glanta, is cosúil gur tháinig breis fuinnimh san Trom agus tá fás rábach faoi. Bhain mé dornán bláth le déanaí, cé go raibh sé deacair teacht orthu. (Tá rún agam an chrann a ghearradh siar go géar an gheimhreadh seo chugainn. Tá súil agam nach mbeidh orm dul suas ar dhréimire luaineach chun fómhair milis a bhaint!)
Ghearr mé líomóid orgánach saor ó chéir ina shliseanna. É sin agus caoga gram aigéad citreach anuas ar na bláthanna, tar éis na gasanna a bhaint daofa. Cileagram go leith siúcra a bheiriú i lítear go leith uisce. É a dhoirteadh ar na bláthanna. An t-iomlán a fhágáil ar maos sa dorchadas sa gharáiste ar feadh trí lá. An leacht a scaoileadh tríd criathar. Agus an síoróip a bheiriú arís. Isteach i gloiní glana.
Anois, diaidh ar ndiaidh thart ar deich n-oiread uisce a chuir leis. Agus é ól. Blasta...
Mac an Bheatha cois Móire
Ó rinneadh amhránaí Opera de thaisme de mo mhac Fionn, táimid ar ais i saol an Opera - bhí mé ag cúpla Opera i mBeirlín sna nóchaidí agus tá meathchuimhne agam ar Carmen sa Gaiety nuair a bhí mé sna déaga. Cibé, le trí bliana anuas, tá Fionn páirteach san Blackwater Valley Opera Festival, tóir ar a dhord sa chór. Agus mé féin agus mo nuachar sa lucht féachana. I mbliana bhí an teaghlach ar fad ann, chun Macbetto Verdi a fheiceáil oíche Domhnaigh i gclós Caisleán na Leasa Móire agus ansin oíche Luain Paula Murrihy agus ceolfhoireann Barócach na hÉireann faoi stiúir Peter Whelan i sciobóil tuí a bhfuil ionad den scoth déanta as, Dromore Yard lámh le hEaglais, cois Móire. Tréith de chuid an BVOF, ceol clasaiceach - Opera go háirithe - den chéad scoth a chur ar fáil in ionad neamhghnácha agus do phobail nua.
Oíche den scoth, agus gach rud ag teacht le chéile chun ócáid a dhéanamh de i dtimpeallacht iontach na gairdíní agus seachfoirgnimh um Caisleán na Leasa Móire. Bolscaireacht ar son Séamus VI na hAlbain agus I Sasana, a mhaígh gaol le Banquo agus a raibh spéis mífholláin aige i mná feasa, a chum Shakespeare. Rinne Verdi slua den triúr cailleach, agus comhshlua dhúnmharfóir i gcór na bhfear. Macbeth fiáin fuilteach eaglach. Banquo uasal a imríonn giollaí Macbeth feallmharú air tar éis feallmharú an Rí. Mac Dubh agus Maolcholm óg freasaitheacha Mac an Bheatha (na drámaíochta, nach bhfuil baint aige le Mac an Bheatha uasal na staire, a bhí seacht mbliana déag i réim faoi mheas!)
Ach domsa b'iad na mná a bhí chun cinn. Na mná feasa i gcónaí i láthair, mar cór ceolmhar nó mar láithreacht bagarthach ina dtost. Bhí cuid acu i gcónaí i radharc, feisteas agus smidiú simplí ach éifeachtach ag cruthú atmaisféar na tragóide. Seit diamhair simplí agus úsáid fíor éifeachtach soilse, go háirithe agus solas an lae ag éalú.
Solas dearg preabach ar foirgneamh na stáblaí ag léiriú dó Dhún Mac Dubh, agus cór truamhéalach na dteifeach ag olagón os a chomhair.
Ba le Serenad Burcu Uyar i ról Bean Macbeth an lá, dar liomsa. Arís, feisteas simplí ach éifeachtach agus guth láidir agus aisteoireacht éifeachtach - diongbháilteacht, uaillmhian, mórtas... Agus ansin aiféala, brón, céastacht.
Oíche dár saol...
An chliar :
Macbeth: Leonardo Galeazzi
Lady Macbeth: Serenad Burcu Uyar
Banco: Goran Jurić
Macduff: John Porter
Malcolm: Andrew Gavin
Doctor /Servant : Rory Dunne
Lady in Waiting: Emily Hogarty
Herald | Messenger: Fionn Ó hAlmhain
Agus ceolfhoireann éifeachtach faoi stiúir Killian Farrell.
Duncan: Philip McCloskey
Clibeanna
Blackwater Valley Opera Festival,
ceoldráma,
Fionn Ó hAlmhain,
gaeilge,
Verdi
2023-05-28
An fhilíocht mar liotúirge
![]() |
| Ó Bhíobla léirithe Julius Schnorr von Carolsfeld |
Agus an foirm a thug Éabhlóid do leabhar filíochta Ailbhe Ní Ghearbhuigh á mholadh aici ag an seoladh, luaigh Máirín Nic Eoin an ribín chun d'áit a mharcáil, rud a thug gné liotúirgeach don leabhar, dar léi.
Ritheann sé liom go bhfuil gné liotúirgeach le filíocht i dtólamh. Fiú murar moladh Dé nó achainí air atá díreach i gceist le gach dán, is iondúil gur ardú meanman atá i gceist le filíocht a reic.
Agus is liotúirge sa chiall chúng neart den filíocht a mhair. Na Sailm nó Laoi na Laoithe, ba mar chuid de seirbhísí reiligiúnda iad a reic. Go leor den méid a mhaireann de filíocht Safó freisin. Nó dánta na Súfaíoch nó na hIndia a bhíonn ar bhlag Gabriel, abair.
Tá Saltair na Rann inár n-oidhreacht féin.
Baineann filíocht le moladh Dé riamh anall, ach mar a phléigh C. S. Lewis, ní hionann sin is a rá nach bhfuil ann "ach" filíocht.
An tslí
Tá sé ar fad romhainn
ar an tslí
Guím
go n-éireod gach lá le fonn
tabhairt faoi,
is mura bhfuil fonn féin orm
nach ngéillfead aon lá
don lagbhrí.
Turas na slí.
Lá amháin sa turas
iomlán mo ghuí.
Liam Ó Muirthile
Camino de Santiago
Dánta
Camino de Santiago
Dánta
Tugann filíocht ardú meanman don reacaire agus don léitheoir agus don éisteoir. Tá gné liotúirgeach ann, gan amhras, agus bhí riamh.
2023-05-27
MAR A BUNAÍODH 'INNIU'
Le Ciarán Ó Nualláin
DEIRTEAR LIOM gur fiú dom cuntas a scríobh ar an bhaint a bhí agam féin le bunú INNIU. Ni mise, ar ndóigh, a bhunaigh INNIU cé go raibh lámh agam ann, ach is féidir a rá gur mise a smaoinigh ar a bhunú.
Silim nach dtáinig lá riamh ar an Ghaeilge ba laige a staid (sa Ghalltacht) ná i mblianta tosaigh an chogaidh, corradh is daichead bliain shin. Chonacthas domsa mura ndéanfai a lán rudaí, agus ar na rudaí sin páipéar seachtainiúil bríomhar a chur amach, go rachadh an Ghaeilge i dtámhnéal a mbeadh sé deacair í a dhúiseacht as. Bhí dornán maith de dhaoine a raibh an tuairim chéanna acu san am, agus iad gan fhios dá chéile ag beartú rud éigin a dhéanamh. Is i dtrátha an ama seo a bunaíodh "An Glór" (ar a bhfuil "Feasta" anois), agus tamall ina dhiaidh sin "Comhar".
Rinne mise amach, ar aon nós, go gcuirfinn nuachtán seachtainiúil ar bun.
Rinne mé dian-scrúdú ar na fáthanna, dar liom, ar theip ar gach seachtanán eile, agus leag mé amach an cineál páipéir a bhí ag teastáil agus a mbeadh seans go n-éireodh leis. Ar na costais chlódóireachta agus gach ar bhain le taobh gnó an pháipéir a rinne mé an scrúdú ba ghéire. Sílim go raibh an t-ainm INDIU (Inniu) i mo cheann ón tús; ach chaith mé féin agus Séamus Ó Néill cúpla lá ag iarraidh smaoineamh ar ainm ab fhearr ná é. Má tá sé ann, níor éirigh linn theacht air.
Shocraigh mé ansin ar an méid a bheadh sa pháipéar, na gné-altanna a bheadh ann, srl., agus leag mé amach cóip shamplach.
Chuir mé imlitir fhada ansin chuig fir ghnó agus tionsclóirí a raibh dóchas agam astu agus chuaigh mé thart á n-agallamh ag iarraidh oiread airgid a bhailiú is chuirfeadh tús leis an pháipéar. Nuair a theip sin orm smaoinigh mé ar sheift eile nac ró-mhaith a thaitin sí liom ach nach bhfacthas dom go raibh mhalairt fágtha agam. Bhí aithne agam, ó bheith ag déanamh oibre dóibh, ar chomhlacht foilsitheoreachta a bhí ina gclódóirí fosta agus bhí súil agam go bhféadfainn a chruthú dóibh go ndíolfadh a leithéid de pháipéar as féin (más ar éigean) ach t-eagarthóir bheith toilteanach beagnach gach rud a dhéanamh é féin, ar bheagthuarastal.
(Ní mór cuimhneamh air nárbh ionann ar chor ar bith costais dóireachta agus páipéir an t-am sin is anois. Bheadh a dheich n-oiread orthu inniu).
Theastaigh uaim gurb iad mo thuairimí féin a bheadh sa pháipéar agus gur ar mo dhóigh féin a reachtálfaí é; agus níor léir dom go bhfaighinn an tsaoirse sin gan roinnt mhaith de chéadta punt a bheith agam le cur sa pháipéar.
Ní raibh aon airgead agam, ar ndóigh. Chuaigh mé amach le mo chóip shamplach de INNIU agus de bhailigh mé luach £300 réamh-fhógraíocht. Bhí mé ag súil le £400 ach sílim, an t-am a bhí ann, go raibh an t-ádh orm an méid a fuair mé a fháil.
B'ionann na fógraí seo is £300 i nótaí punt don té a bheadh ag foilsiú an pháipéir, óir ní geallúintí ar fhógraíocht a bhi agam ach orduithe sínithe comhlachtaí móra.
Leis an tacaíocht seo chuaigh mé chun cainte leis na foilsitheoirí. Chuir siad suim sa tionscnamh, ach tar éis é phlé tamall
ni dheachaigh siad níos faide ann. Thriail mé foilsitheoir eile a bhí ina chlódóir ach dhiúltaigh seisean chomh maith.
Tharla rud ansin a chuir constaic dhosháraithe i mbealach páipéar Gaeilge a bhunú ar chor ar bith nó sin an chosúlacht
a bhí air. Bhí teirce nuachtpháipéir (newsprint) ann de thairbhe an chogaidh agus chuir an Rialtas ciondáil dhian ar a raibh de nuachtpháipéar sa Stát.
Lena chois sin rinne siad ordú nach mbeadh cead aon tréimhseachán a fhoilsiú agus páipéar a fháil dó ach an tréimhseachán a bhi ann roimh dháta áirithe.
B'é brí an ordaithe seo go gcaithfeadh an té a dteastódh uaidh páipéar nua a chur amach páipéar a bhí ann cheana féin a cheannach, rud a bheadh beagnach dodhéanta.
Sa bhliain 1943 agus mé ag obair mar Rúnaí do Ghlún na Buidhe, phléigh mé ceist an
pháipéir le Proinsias Mac a Bheatha, Stiúrthóir na gluaiseachta.
Chuimhnigh seisean go mbeadh cead againn, de réir an dlí, bliain iris a cuireadh amach bhliain roimhe sin, agus ar foilsíodh a lán cóipeanna de, a chur amach arís; agus chonacthas dó gur chóir go mbeadh cead miosachán a dhéanamh den bhliainiris mura n-úsáidfí níos mó páipéir i gcaitheamh bliana ar an mhíosachán ná mar bhí ceadaithe d'uimhir amháin den bhliainiris.
D'iarr muid an cead sin ar an Roinn Tionscail agus Tráchtála. Dhiúltaigh siad dúinn ar dtús, ach tar éis a lán argóna ghéill siad. Agus Lá Fhéile Pádraig, 1943, foilsíodh an chéad uimhir de INDIU.
Bhí daoine a chreid nár mhaith an t-am é le páipéar Gaeilge a fhoilsiú, agus a chomhairligh dúinn fánacht go mbeadh an cogadh thart.
Is féidir a fheiceáil go soiléir anois nach mbunófaí INNIU go deo dá ndéanfaí sin.
Fiú dá mb'fhéidir a chinntiú go bhfanfadh lucht a bhunaithe i gcionn a chéile idir an dá linn, gan lagú a theacht ar a rún, niorbh fhéidir a dhéanamh; óir ní iraibh clódóir le fáil ar ór nó ar airgead tar éis an chogaidh a ghlacfadh páipéar nua as láimh. Agus mhair an staid sin ar feadh chúpla bliain.
INNIU, 18 Márta, 1983
Níl staidéar déanta agam ar an nuachtán iomlán, is cinnte go mbeidh blúiríní eile á fhoilsiú anseo nó ar Mastodon agam!
Clibeanna
ciarán ó nualláin,
gaeilge,
inniu,
nuachtán
Abonnieren
Posts (Atom)



