Seilg i measc na nAlp, Cáisc 2026
2026-05-31
Nur die Gedanken sind frei...
Deirtear go minic gur nuacht an rud go bhfuil duine éigin nach bhfuil ag iarraidh go bhfoilseofar é, agus gur fógraíocht gach rud eile.
Rith sé liom nuair a chonaic mé an póstaer thuas, cuid de feachtas an AE.
Tá go leor constaic le sárú chun nuacht iontaofa cruinn a chur ar fáil. Tá fórsaí láidre tráchtála (atá ag ceannacht nuachtáin agus stáisiún raidió as éadan). Tá mioscais Státeagraithe nó billiúnaí eagraithe. Tá áiteanna ina bhfuil iriseoirí dá feallmharú.
Agus anois tá an caclathas ár mba i turscar ginte ag intleacht shaorga.
Mar sin, tá muinín an phobail as iriseoireacht ag sleamhnú. Agus de dheasca easpa acmhainní, tá sé doiligh ag iriseoirí "dul amach agus fáil amach an bhfuil sé ag báisteach".
Agus ó tharla go bhfuil fiú an iriseoireacht is fearr ag brath ar ioncam fógraíochta, níl saoirse phreasa ann.
Níl réiteach agam.
Léim an taz ar líne. Comharchumann a chuireann an nuachtán ar fáil, agus ní thugaim oiread sin fógraíocht faoi ndeara. Cuirim cúpla Euro sa mhí ina dtreo.
Más buan mo chuimhne bhí a leithéid de mholadh ag Alex Hijmans cúpla bliain ó shin. Seirbhís síntiús ina bhféadfá síntiús a ghlacadh le hiriseoirí ar leith.
Ó rinne Google praiseach den gcuardach, chlis orm an alt a aimsiú arís.
B'fhéidir go bhfuil múnla ansin. Ach bheadh dlíodóirí maithe agus pócaí domhain de dhíth chun teacht roimh dúmhál lucht saibhris is cumhachta.
Clibeanna
Gaeilge,
polaitíocht,
saoirse
2026-05-29
Bóthar na bhFál, Cathair na gClaíocha
Déagóir nó páiste ab ea mise agus na trioblóidí ó Thuaidh fíochmhar fuilteach. Do mac meánaicmeach Deisceart Bhaile Átha Cliath ba thír aineoil, baolach na Sé Chontae. Le cúpla bliain anuas tá roinnt cuairt tugtha agam ar Bhéal Feirste. Ach níl imní an déagóra curtha díom agam.
Bíonn beagán eagla i gceist nuair atá mé ag brath ar Google maps mo choiscéim a threorú ó A go B. Tá mo dhóthain taithí agam anois ar Bhéal Feirste le tuiscint nach bhfuil ceantair dílseacha an tSean Chill ach faoi urchar méaróige de cheantair náisiúnacha. (Agus, sea, d'aon uaim a roghnaigh mé an tsamhail áirithe sin.)
Le déanaí agus mé ag siúl ó thuaisceart Bhéal Feirste go Bóthar na bhFál ba léir go raibh Google do mo threorú tríd ceantar mar é. Is beag duine a bhí thart, bhí sé sách luath, ach bheartaigh mé mo chóta a dhúnadh thar an geansaí glas leis an mana Gael mé. Agus an bóthar a thrasnú seachas mo shlí a bhrú tríd grúpa daoine a bhí cruinnithe.
Tamall ina dhiaidh sin shiúl mé tríd geata "síochána".
Le hais cathracha eile tá níos mó claíocha arda le feiceáil i mBéal Feirste, thart ar séipéil, scoileanna agus a leithéid. Gan trácht ar na stáisiúin péas atá fós ina ndaingean dorcha le fál go haer thart orthu.
Tá an ealaíon sráide suntasach, ach níos mó ann anois nach bhfuil bainteach go díreach le foréigean na dtrioblóidí, ach sách minic is de dheasca na hiarmhairtí atá sé ann.
Is eagal liom go mbeidh sé i bhfad eile go leagfar claíocha - i gcloigne daoine chomh maith le ar na sráideanna.
Clibeanna
Béal Feirste,
Gaeilge,
polaitíocht
2026-05-13
Ríthe sa Bhíobla
Ní cuimhin liom go baileach cén úrscéal le Lion Feuchtwanger a chonaic mé an tagairt seo, ach is dócha gur Iaftá agus a iníon a bhí ann -
Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin.
(Móid meargánta a rinne Iaftá an chéad rud a chasadh air ag baile a íobairt dá mbeadh bua sa chath aige. Scéal a choinnigh raibithe ag díospóireacht ó shin.)
Ba rabhadh roimh Ríthe a bhí ann, sliocht as cuid eile de leabhar na breithiúna.
Chuaigh na crainn amach tráth chun rí a ungadh dóibh féin.
Agus dúradar leis an gcrann olóige: ‘Bíse i do rí orainn!’ Dúirt an crann olóige leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?’
Agus dúirt na crainn leis an gcrann figí: ‘Tar thusa, agus bí i do rí orainn.’ Dúirt an crann figí leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhilseacht Agus mo dhea-thoradh Chun a bheith i réim ar na crainn?’
Agus dúirt na crainn leis an bhfiniúin: ‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’ Ach d'fhreagair an fhiniúin iad: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise m'fhíon a chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoine d'fhonn bheith i réim ar na crainn?’
Ansin dúirt na crainn go léir leis an dris: ‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’
Ach dúirt an dris leis na crainn: ‘Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin, Tagaigí ar scáth mo ghéag; É sin nó tagadh tine as an dris Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.’
Clibeanna
Bíobla,
Gaeilge,
polaitíocht
2026-05-09
An Lúb Liteartha
Mealladh amach go Má Nuad mé chun éisteacht le Anna Heusaff (úrscéalaí) agus Dubhán Ó Longáin (file) faoi agallamh ag Caitlín Nic Íomhair (file). Cuid d'fhéile teanga agus eagna Mhá Nuad.
Pléadh teanga agus aigne go deimhin. Chuir Dubhán scríbhneoireacht i gcomparáid leis an traenáil a dhéanann peileadóir, agus léamh leis na babhtaí sa giom - an dá rud riachtanach. Bhí an bheirt acu ar aon fhocal gur gá an cheird a chleachtadh go rialta, fearacht ceird ar bith eile.
Níl saibhreas le baint as scríobh i nGaeilge, ach mhínigh Anna gur fíor bheagáin údar gairmiúla Béarla a bhfuil in ann slí bheatha a bhaint as scríobh - go bhfuil buntáistí b'fhéidir ag an scríbhneoir Gaeilge toisc go bhfuil scéimeanna áirithe ann chun díriú ar shaothar.
Labhraíodh ar thaighde, ar dhualgais i leith an léitheora, agus neart eile. Luaigh Dubhán nath Gréagóir Ó Dúill, go bhfuil dualgas ar an bhfile fulaingt go poiblí, chun go mbeadh fhios ag léitheoirí nach leo féin atá siad. Agus d'inis eachtra corraitheach faoi léamh filíochta i nGleann Cholm Cille, nuair a reic sé dán faoi beirt dheirfiúr a cailleann a máthair le hailse, agus an dualgas a mhothaigh an duine is sine. Cás díreach bean ó Meiriceá sa lucht éisteachta....
Comhrá iontach fairsing agus spéisiúil, beidh lón machnaimh ann dom. B'fhiú an aistear!
Clibeanna
Anna Heusaff,
Caitlín Nic Íomhair,
Dubhán Ó Longáin,
Gaeilge,
litríocht
Tírghrá, 𝙑𝙚𝙧𝙛𝙖𝙨𝙨𝙪𝙣𝙜𝙨𝙥𝙖𝙩𝙧𝙞𝙤𝙩𝙞𝙨𝙢𝙪𝙨 agus náisiúnachas
Is tríd gach rud a chuimsíonn coincheap seo an náisiún a chaomhnaítear agus cothaítear féiniúlacht cultúrtha agus stairiúil pobail.
Is léir go bhfuil rud amháin a chaithfear a sheachaint ar ais nó ar éigean - an baol go n-eascródh náisiúnachas mí fholláin as feidhm bhunúsach seo an náisiúin. Tá samplaí cumhachtacha de seo tugtha ag an fichiú céad, le hiarmhairtí tubaisteacha. Cad a fhuasclóidh muid ón mbaol seo? Tírghrá an bealach ceart, dar liom. Aithníonn náisiúnachas cearta do náisiúin féin amháin, san áit gur grá do thír máthartha is ea tír ghrá a dheonann na cearta céanna do gach náisiún eile atá á éileamh do do náisiún féin. I bhfocail eile eascraíonn grá sóisialta cuí as tírghrá.
Naomh Eoin Pól II
Cuimhne agus féiniúlacht
(aistriúchán ón mBéarla liomsa)
Is dóigh liom gur gá seo a leathnú anois, Bunreachtghrá a chuir leis. Tá Stáit tíreolaíoch, ba dheacair gan é bheith amhlaidh. Ach is beag Stáit nach bhfuil ilnáisiúnta. Tá cearta ag náisiún, ach tá cearta ag Stáit freisin. Chuige sin an Bunreacht a bhronnann saoránaigh orthu féin agus gur gá a chaomhnú. Verfassungspatriotismus dílseacht don mBunreacht sa Ghearmáinis. Tá a leithéid de dhíth chun an Stáit daonlathach a chaomhnú, stáit atá faoi bhagairt ón gcreachlathas atá ag spreagadh náisiúnachas cúng ciníoch san Eoraip, ar mhaithe le deighilt agus scoilt a chothú. Toisc gur fusa leo goid uainn má táimíd in adharca a chéile.
Fillimis ar fhís Schuman don Eoraip. Fís a d'eascair freisin as an chuid is fearr de theagasc shóisialta na hEaglaise Caitlicí.
Clibeanna
an tAontas Eorpach,
eoin pól II,
gaeilge,
polaitíocht,
síochán
2026-04-29
Guth an phobail
Agus mé ar mo Bhlitzbesuch* ar Bheirlín chonaic mé na fógraí seo. Tá sínithe á bhailiú do dhá togra. Má sroichtear tairseach, beidh reifreann ann. Má éiríonn leis an reifreann, beidh ar an parlaimint stáit i mBeirlín an dlí a phlé (níl mé cinnte an bhfuil ceangal orthu glacadh leis).
Tá an togra Berlin autofrei ag iarraidh gnáthúsáid carranna príobháideacha a chosc laistigh den S Bahn Ring, go bunúsach cuid mhór de lár na cathrach.
Ní dóigh liom go bhfuil mórán seans ag an togra, ar an ndrochuair. Tá spleáchas gluaisteáin iontach láidir sa Ghearmáin. Níor chuir sé iontas orm go raibh na Daonlathaigh Críostaí ag feachtasaíocht ina choinne, agus ag tapú an deis gnúis polaiteoirí dá gcuid a chur faoi bhráid an phobail. Ach bhí fógraí freisin ag an Bündnis Sahra Wagenknecht. Cumannach neamhghéilliúil í Sahra Wagenknecht, a rugadh i Jena i 1969. Chuaigh sí isteach san SED, páirtí an rialtais san DDR, agus bhí ina dhiaidh sin chun cinn san PDS agus die Linke (an chlé). Cúpla bliain ó shin scoilt sí ó Die Linke agus bhunaigh a páirtí féin, ainmnithe aisti féin. Is cosúil áfach go bhfuil sí á bhrú as sin. Cé gur páirtí clé atá san BSW, tá a seasamh ar cheisteanna áirithe, fearacht inimirce agus comhshamhlú gar don eite fíordheis. Chuir sé cineál iontais orm áfach iad a fheiceáil ag stocaireacht ar son an ghluaisteáin príobháideach.
Is í gcoinne fógraíocht leictreonach atá an togra eile. Go háirithe fógraí a ghluaiseann. Maíonn siad go gcuireann a leithéid strus agus tuirse ar dhaoine.
Bheinn go pearsanta ar son an dá thogra.
Tá úsáid reifrinn srianta go maith faoi Bhunreacht na Poblachta Cónaidhmí. Is furasta do dheachtóir, a bhfuil gnaoi an phobail air, mí úsáid a bhaint as a leithéid, agus rinneadh sin san Treas Reich. Dá réir, tá tairseach sách ard chun Volksentscheid a chur i gcrích, agus is ag an parlaimint atá an focal scoir (mura dtagann na cúirteanna isteach sa scéal).
* Blitzbesuch cionn is nach raibh mé ann ach ar feadh ocht n-uaire déag. Bhí mé ag freastal ar chóisir breithlae mo chéad saoiste. Ochtó bliain slánaithe aige. D'fhoghlaim mé go leor sna céad deich mbliana sin, agus tá mé go mór faoi chomaoin aige. B'fhiú an sciurd dá réir.
Fágann sé sin go raibh sé i lár na daichidí an uair úd. Imíonn an t-am.
2026-04-28
Seachrán Jeaic Sheáin Johnny
Go fánach a thóg mé rleabhar an t-úrscéilín seo ar iasacht ó BorrowBox, lón léitheoireachta chun eitilt leadránach a ghiorrú.
Scéilín ar deacair a rá cé mhéad de atá ceaptha a bheith fíor agus cé mhéid is ea brionglóidí macnasacha seanduine dóite a tréigeadh ag an altóir, agus atá i ngrá má tá le gariníon an té a thréig é. Agus b'fhéidir a ghariníon féin? Go leor nach deirtear amach go lom, spás dá réir d'fhiosracht agus samhlaíocht an léitheora. Prós fileata a bhaineann feidhm éifeachtach as ruthaig na scéalaíochta gan a bheith smolchaite dá bharr.
Thaithin an scéal go mór liom. Neart snáithe scaoilte le samhlaíocht a spreagadh ach scéal iomlán mar sin féin.
Seachrán Jeaic Sheáin Johnny
Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
Clibeanna
Cló Iar-Chonnacht,
Gaeilge,
litríocht,
Micheál Ó Conghaile
2026-04-26
Garsún
Spreag sochraid Gabriel Rosenstock agus roimhe sin a agallamh le Tristan ar an raidió mé le fios a chur ar an leabhar seo. Dánta dírbheathaisnéiseacha, portráid den bhfile ag teacht in inmhe. Foinsí a fhilíochta agus a mheon, agus caidreamh lena theaghlach is a chomhdhaoine. Dánta atá éadrom ach lán brí.
Fíricí fite tríd tuairimí. Tá, dar liom, tuiscint le fáil ann ar mheon Gabriel, an meon as a fáisceadh an fear Haiku agus Tanka, ach freisin an fear a scríobh Luimnigh géara greannmhara graosta, fogha faoi polaiteoirí a fhearann bás ón spéir ar bhocht agus nocht.
(Leabhar dátheangach atá ann, ach níor léigh mé na leaganacha Béarla). Na nithe a spreag an tobar filíochta a sheol na mílte ríomhphost chuig ciorcal leathan lucht aitheantais. A bhlogmeister, i. Mise ina measc.
Clibeanna
dírbheathaisnéis,
filíocht,
Gabriel Rosenstock,
Gaeilge
Politisch Verfolgte genießen Asylrecht.
Dlitear tearmann do dhaoine atá faoi ghéarleanúint pholaitiúil.
Alt 16a(1) de Bhunreacht na Gearmáine, a scríobhadh le taithí an Tríú Reich nuair a bhí ar go leor teitheadh, agus neart eile nár éirigh leo teitheadh, nó ar tháinig an géarleanúint sa tóir orthu. (Ar an ndrochuair, tá neart "ach" curtha leis ó shin.)
Úrscéal le Remarque Liebe deinen Nächsten (Bíodh grá agat do'd comharsa) atá díreach críochnaithe agam ar aip an Goethe Institut a mheabhraigh arís dom é.
Scéal lonnaithe san tréimhse reamhchogaidh san Eoraip, agus Giúdaigh agus daoine eile a bhí faoi ghéarleanúint pholaitiúil á bhrú amach an Reich. Ach iad gan páipéirí. Á mbrú thar teorainn idir an tSeic, an Ostair, an Eilvéis ach tearmann áirithe sa Fhrainc. Scéal grá mar snáithe tríd, agus laochra an scéil Ludwig Kern, arbh Giúdach a athair, agus Ruth Holländer ag trasnú na hEorpa, seal le chéile, seal scartha. Tréimhsí i ngéibhinn. Tréimhsí tinn. An pobal siúlach Emigranten (Deoraithe) ag múineadh cleasa dá chéile agus ag tacú le chéile - ach scataí fealltóirí ina measc. Agus idir fealltóirí agus lucht cúnamh i measc an phobal. Eagraíochtaí neamhstáit ag cuidiú. Aitheantas sealadach le fáil uaireanta, faoi chúinsí Kafkach - ádh inniu, tubaiste amárach. Péas atá díograiseach, patuar nó cabhrach.
Bhí taithí ag Remarque féin ar an saol seo, mar is léir ón gcáipéis thuas - cáipéis aitheantas ó rialtas Phanama.
Der Pass ist der edelste Teil von einem Menschen. Er kommt auch nicht
auf so eine einfache Weise zustande
wie ein Mensch.
Ein Mensch kann überall zustande kommen,
auf die leichtsinnigste Art und ohne gescheiten Grund, aber ein Pass niemals.
Dafür wird er auch anerkannt, wenn er gut ist,
während ein Mensch noch so gut sein kann
und doch nicht anerkannt wird.
Bertolt Brecht
Flüchtlingsgespräche 1940/41
An chuid is uaisle den duine an Pas. Ní thagann ann dó ar bhealach chomh simplí agus a thagann an duine.
Is féidir don duine teacht ann áit ar bith, ar an mbealach is fánaí agus gan cúis mhaith. Ní hamhlaidh riamh do phas.
Ach aithnítear pas, má tá sé maith. Is cuma cé chomh maith is a bhíonn duine, uaireanta ní aithnítear é.
Tá gluaiseacht na bpobal teifeach faoi lán seoil arís. Agus is beag atá athraithe seachas beagán soiléire bheith curtha leis an dlí.
Clibeanna
gaeilge,
gearmáinis,
litríocht,
polaitíocht,
remarque
2026-04-15
Christa Wolf - Medea
I ndiaidh dom Kassandra léi a léamh, chuaigh mé ar an saothar seo de chuid Christa Wolf. Athinsint ar scéal Medea, ach ní scéal na mnaoi a thréig a tír, a mharaigh a clann agus bean nua a leannán. Ach scéal níos casta, scéal a bhfuil cuma na daonnachta agus na fírinne air. Scéal laige na bhfear agus neart na mban. Polaitíocht mharfach ríoga. Treas, formad agus uaillmhian.
Inste ag carachtar éagsúla ón bunmiotas. Scéal nach bhfuil gá aige leis an deus ex machina toisc gur leor an nádúr daonna chun imeachtaí an scéil a thuiscint.
Scéal corraitheach cumhachtach.
(ó leabharlann ar líne Institiúid Goethe a fuair mé é).
Clibeanna
Christa Wolf,
Gaeilge,
litríocht,
miotaseolaíocht,
mná
2026-04-14
Pádraig aspal Éireann
Le linn an Charghais rinne mé iarracht Aifreann a éisteacht níos minice. Bíonn Aifreann ag 7:30 in Eaglais an Chroí ró naofa i nDomhnach Broc agus is ann is minice a bhí mé dálach.
Thug mé suntas cheana don fhuinneog tiomnaithe do Phádraig. Ní minic a bhíonn fuinneog dá chuid féin ag Pádraig, agus nuair a bhíonn ní minic a bhíonn níos mó ná an naomh maille na siombail a bhaineann leis, an seamróg abair, le feiceáil.
Ach san pictiúir seo insítear scéal baiste iníonacha Laoghaire. Agus mura bhfuil dul amú orm, tá Agallamh na Seanórach le feiceáil os cionn na fuinneoga, Caoilte agus a shleá ar chlé agus Oisín agus scríbhinn ar dheis. Pádraig sa lár.
Michael Healy, ball den Túr Gloine a rinne i 1914.
Agus bhí cailín uasal beannaithe amháin orthu de chine na Scot agus í in aois mná agus fíor-álainn. Bhaisteas féin í agus tar éis cúpla lá tháinig sí chugainn ar ábhar éigin agus chuir sí in iúl dúinn go bhfuair sí scéala ó aingeal Dé agus gur chomhairligh sé di bheith ina hóigh le Críost agus druidim chun Dé. Buíochas le Dia an séú lá dár gcionn do ghlac sí go hiontach díograiseach an ní úd a ghlacas gach óigh le Dia. Ní de thoil a n-aithreach é ach is é an chaoi a bhfuil siad ag fulaingt géarleanúna agus tarcaisní gan údar óna dtuismitheoirí agus ina dhiaidh sin is ag dul i líonmhaire atá siad. Ní heol dúinn cé mhéad dar gcineál atá tar éis athghiniúna ansin cé is moite de bhaintreacha agus díobh siúd a chuir suas de chearta a bpósta. Ach is ar na mná atá i mbraighdeanas atá an bhail is measa: tá go fiú sceoin agus bagartha a bhfulaingt acu gan sos. Ach do thug Dia grásta dá lán dá bhanóglaigh arae, bíodh is go gcrostar orthu é, tá an lorg á leanúint acu go tréan.
Dolotar de ingin Loigaire maic Neill comoch dontipraait do nigi alamh amal babeas doib .i. Eithne fhinn ocus Feideilm dercc. conairnechtatar (.i. cofuaradar) senod innacleirech (.i. inrobfearr no robeolcadib) icontiprait conhetaigib gelaib ocus dercc.
Clibeanna
ealaíon,
gaeilge,
naomhsheanchas,
stair
2026-04-13
Scríobhann na buaiteoirí an stair, agus na caillteoirí na hamhráin
Víctor Jara
Le tamall anuas táim ag éisteacht (arís, i gcásanna áirithe) le hamhráin réabhlóideacha as Spáinnis agus Gearmáinis (Tá traidisiún fada, síor go dtí na meánaoiseanna, sa Ghearmáinis de amhráin frith údaráis. A chanann cantairí an lae inniu le fonn.)
Ach rith sé liom gur amhráin an dream a chaill ar deireadh atá iontu. ¡No pasaran! a cantar. Ach ghabh Franco Madrid. Cé gur bhuaigh an Viet Cong sa deireadh, is fada muid ó Derecho de vivir en Paz a chan Jara - fear a céasadh agus a dúnmharaíodh ag amhais deachtóireachta eile.
Fiú nuair a bhíonn an bua ag réabhlóidithe, ní fada go mbíonn na buatais ar bholg an phobail arís. La Révolution est comme Saturne : elle dévore ses enfants.
Níl an sásamh céanna le fáil in amhráin buacacha díoltais agus mórtas na réabhlóide - cloistear buillí lorga na péas nua iontu. Port nua ag na réabhlóidithe :
Wir stehen heute barfuß vor den Toren,
in bloßer Scham, oh Joch der Tyrannei!
Wir sind der Freiheit ohne Angst verschworen.
Erpresste Ehre schenk' ich Dir, Partei!
Fad is atá giollaí na máistrí nua ag canadh :
Wer die Menschheit verteidigt,
Hat immer recht.
So, aus Leninschem Geist,
Wächst, von Stalin geschweißt,
Die Partei, die Partei, die Partei.
Bainfidh mé taitneamh as na hamhráin mar sin féin, ainneoin sin. Ach beidh ardú croí in iomaíocht le díomá...
Níl breosla iontaise againn, mar sin réabaimis an nasc.
Mar sin, fiú mura mbeadh an t-athrú aeráide, tá cúiseanna pragmatacha muid féin a shaoradh ó ceangail le hola.
Ach is beag atá déanta. Tá srianta ar ndóigh ar an méid is féidir a dhéanamh leis an líonra leictreachais go dtí go mbíonn feabhas ar na hidirnascairí leis an mór roinn, atá riachtanach chun cobhsaíocht an líonra a dheimhniú. (Féach an mhír seo maidir leis sin).
Fágann sin srian ar an méid fuinnimh in-athnuaite is féidir a úsáid - is féidir le fuinneamh gaoithe nó gréine athrú ó meandar go meandar ó farasbarr go easpa. Fágann sin riachtanachas go fóill do giniúint gáis, toisc gur féidir lena leithéid an t-ualach a iompar ar bheagán fógra.
Sin, dála an scéil, cúis eile fanacht glan ar chumhacht eitneach! Bheadh gineadóir amháin dá leithéid in ann an dlínse a sholáthar - ach dá mba ghá é a mhúchadh, bheadh an fhadhb chéanna ann. (Thairis sin, níl mo thuairim fadbhunaithe ar an gceist sin athraithe.)
Mar chuid de réiteach fad téarmach beidh stóráil fuinnimh riachtanach. Tá an cuma air nach bhfuil hidrigin glas ag comhlíonadh a ghealltanas, áfach.
Caithfear an córas iompair a fheabhsú, agus ní feabhas dáiríre a bheadh i gcarr aonair leictreach a chur in áit charr aonair artola. Leathnú ar iompar phoiblí atá riachtanach, maraon le éascú ar taisteal gníomhach, faoin dtuath chomh maith leis sa chathair. Ciallaíonn sé sin cosáin scartha amach ó trácht eile.
Agus ní fheicim tairbhe i lárionaid sonraí ach oiread!
Ach faoin rialtas reatha, in Éirinn agus san Eoraip i gcoitinne, ní fheictear dom go réabfar na geimhlí.
Clibeanna
athrú aeráide,
fuinneamh,
gaeilge,
polaitíocht
2026-04-12
An Ghaeilge ina uirlis margaíochta
Tarraingíonn fógraí as Gaeilge mo shúil (agus sách minic mo chárta creidmheasa as mo phóca). Ardú croí ceann cruinn, níos mó arís má tá sé cliste. Trúig osna Gaeilge a chodail amuigh. Cúis cantail lomaistriúchán focal ar fhocal ón Sacs-Bhéarla. (Cúis gearáin ag eolas@coimisineir.ie más comhlacht poiblí atá freagrach). Idir ceap magaidh agus fraoch Gaeilge i cló Béarla fearacht Ishka (uisce i mbuidéal) nó Stira (staighre go dtí an lochta). Nó shuppa...
Ar ndóigh, mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tá líon mór fógraí Stáit as Gaeilge. Faraor cuid mhór acu briotach nó oiread meamraiméise iontu gur deacair meabhair a bhaint astu. Ola ar mo chroí na heisceachtaí nuair is léir gur aistríodh nó cumadh an teachtaireacht seachas na focail Béarla.
Tá níos mó spéise agam sna fógraí tráchtála áfach, toisc nach ceangal dlí a spreagann iad. Tá trí aicme ann. Comhlachtaí ilnáisiúnta ag maíomh áitiúlacht. Gaeil a bhfuil sé nádúrtha dóibh. Agus Éireannaigh ar bheagán Gaeilge atá á úsáid mar ornáid.
Scaití bíonn fógraí an chéad is an tríú aicme briotach, scaití ina ceap magaidh. Ach go hiondúil bíonn siad go maith, agus scaití glic - imeartas focal dhá theangach go minic.
Feictear dom go bhfuil a leithéidí ag éirí níos coitianta. Iarrachtaí fréamh áitiúil a léiriú, más cur i gcéill atá ann scaití.
Ní dóigh liom go mbeadh rath ar dá mbeadh an Ghaeilge níos fairsinge, ach....
Clibeanna
Acht na dTeangacha Oifigiúla,
fógraíocht,
gaeilge
Scríbhinní - Mícheál Breathnach
Nod ó Naoise Dolan a chur ar mo shúile go bhfuil tréan rleabhair Ghaeilge ar fáil tríd BorrowBox, córas na leabharlanna. Is féidir iad a fháil ar iasacht agus léamh san aip acu.
Bhí tagairtí do Mhícheál Breathnach cloiste agam, agus bhí fhios agam go raibh Cumann de chuid CLG ainmnithe ina dhiaidh - cloiseann fiú agnóisí spóirt fearacht mise tagairtí dóibh ar an raidió!
Ach is beag eolas a bhí agam air. Bhí Seilg sna hAilp léite agam, creidim, toisc spéis a bheith agam i litríocht taistil na Gaeilge. (Tá an leabhar ag fanacht le bheith léite).
Cnuasach iomlán dá scríbhinní atá sa leabhar seo. Drámaíocht, filíocht, colún nuachtáin agus ficsean. Léiriú ar mheon Chonraitheoir agus fear Gaeltachta roimh 1913. Tuairisc ann, i measc rudaí eile, ar Chogadh na mBórach, agus ár a imríodh ar amhais Shasana i Somaliland. (Áit eile atá fós ina chíorthuathail fós, iarmhairtí an rás don Afraic.).
Léargas grinn agus saibhreas Gaeilge, idir foclóir agus nathaíocht. Plé ar nithe atá fós ábhartha. Fís nach bhfuil curtha i gcrích.
Plé freisin ar litríocht, ceist cainnt na daoine agus an tAthair Peadar mar shlat tomhais!
Táim sásta gur casadh mo threo é!
Mícheál Breathnach Scríbhinní
Tomás Mac Domhnaill agus Seán Mac Énrí a chuir in eagar
Lochlainn Ó Tuairisg a chóirigh
An Chéad Chló M. H. Mac Guill agus a Mhac, 1913
Cló Iar-Chonnachta 2009
ISBN 978-1-905560-38-7
Clibeanna
fonótaí staire,
gaeilge,
litríocht
2026-04-11
Earrach na nÉigise
Le cúpla bliain anuas táim ag freastal ar na hócáidí Gaeilge nó ina bhfuil Gaeil páirteach atá mar chuid buan den Fhéile litríochta Franc-Éireannach. Féile ina raibh a ionad ag Éigse Gaeil ó thús. Agus tá tionchar na Fraince agus an francophonie ar éigse Gaeil ann níos faide - macallaí filíocht na Trobadour i ndánta grá cúirtéiseach na Gaeilge, mar shampla amháin.
Tráthúil mar sin go raibh Ailbhe Ní Ghearbhuigh páirteach, file agus scoláire a bhain PhD amach ar an ábhar 'An Fhrainc Iathghlas? Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893-1922'.
Tá eagraíocht sa Fhrainc ar a dtugtar Le Printemps des Poètes (Earrach na nÉigise ). Duine den eagraíocht sin a bhí i mbun léamh filíochta le beirt Éireannach - Ailbhe agus Cúán de Búrca (atá níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin).
Gaeilge / Fraincis agus aistriúchán Béarla a thug an bheirt ban don lucht féachana. Ach níor chuir Cúán aistriúchán ar bith ar fáil (rud a bheadh ionann is dodhéanta dá chuid spraoi le fuaimeanna na bhfocal, dar liom).
Mar sin fágadh iadsan gan Ghaeilge taobh leis an gceol
Chuala sé an ceol i gcainteanna Dhún Chaoin,
Ní hiad na focail. ach an fonn
A ghabhann trí bhlas is fuaimeanna na Mumhan,
An ceol a chloiseann an strainséir:
Ceol ceantair
Ná cloiseann lucht a labhartha,
Ceol nár chualasa riamh,
Toisc a ghiorracht dom is bhí.
Is mé bheith ar adhastar ag an mbrí
Ceol a chloistear fós sa Mhumhain.
Fiú in áiteanna 'nar tréigeadh an chanúint.
Seán Ó Ríordáin. Línte Liombó, 1971.
Ceantair eile is dúchas do Chúán áfach, agus ré eile. Ach fáisceán sé filíocht foclach fuaimneach as an ré sin, saol aosa óig ár linne. Mheall an chathaoirleach ceol as freisin, an rap ar a sinsir Normannach Níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin (ag teacht chuig ardán sruthaithe gar duit go luath!).
Sna dánta i Tonn teaspaigh is í an máithreachas bé Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Léigh sí cuid de na dánta sin maille aistriúchán le filí eile go Béarla. Bhí roinnt plé ar na difríochtaí i gcuir chuige na filí aistritheoirí, duine acu in aontíos léi...
Thug Adeline Baldaccino dán fada dúinn faoi éirí nocht roimh a hanam agus ag ullmhú go cúramach, aghaidh fidil thar aghaidh fidil, don saol.
Ailbhe faoi agallamh ag Éamon Ó Ciosáin ab ea an dara ócáid, as Gaeilge seachas blúiríní Béarla nó Fraincise (Bhí sciar den lucht féachana gan Gaeilge). Plé níos doimhne ar théamaí agus teanga, dánta á léamh mar a d'oir. Ina measc triptych dánta spreagtha ag spéis agus eolas a hiníne ar miotaseolaíocht na Gréige (nach bhfuil gann ar théama an máithreachais!).
Ag freagairt ceiste faoi tagairtí ón dtraidisiúin ina dánta dúirt Ailbhe "Bheadh sé chomh maith agat bheith ag scríobh as Béarla [mura bhfuil tú ag tarraingt as traidisiún na Gaeilge]".
Spéisiúil go leor dúirt sí gur túisce a thagann filíocht chuci i bhFraincis ná as Béarla, mar sin tá dán nó dhó da cuid aistrithe go Fraincis aici. Ach as Béarla cuireann sí lomaistriúchán ar fáil mar crib do na filí (má tá gá acu leis). Agus ní léi an toradh, dar léi, ach leo.
Ábhar machnaimh agus spreagtha!
Ní bás, ach athfhás
Ócáid teaghlaigh agus cairdis is ea sochraid, fiú nuair is sochraid file mór le rá, ag a freastalaíonn an Uachtarán, atá i gceist.
Bhí mé i measc an tslua in Eaglais Phádraig agus muid ag fágáil slán le Gabriel Rosenstock le deasghnátha na hEaglaise Caitlicí (chuir sé beagán iontais orm nuair a dúirt sé sa chlár sin le Tristan gurb Caitliceach é. Shíl mé go raibh a spéis i mBúdachas dulta chomh fada le hathrú creidimh).
Sheas mé lasmuigh go dtí gur tháinig an eileatram, a nuachar agus a chlann agus garchlann ag siúil go dobrónach laistiar. Conair simplí caolaigh a d'iompar a chlann isteach san eaglais.
Roimh tús an Aifrinn thug a garchlann siombail chun na haltóra, a iníon Héilean á míniú.
- Leabhar do leanaí a scríobh sé Púcaí Schmúcaí
- Leabhar a d'aistrigh sé, arís do pháistí Míofaí
- Bosca pinn. N'fheadar cá mhéid peann a d'fholmhaigh Gabriel lena linn.
- Teidí Ghandi agus an leabhar Walk with Ghandi - bóthar na Saoirse
- Sliogán Conch a shéid Gabriel agus luaithreach a iníne Éabha á scaipeadh aige san India.
- Hata taistil agus scríbhneoireachta.
- Keffiya, ag seasamh leis an dlúthpháirtíocht a bhí aige do na Palaistínigh agus dreamanna eile (agus a léirigh sé go minic i ndánta a rinne aor ar lucht cos ar bolg, agus freisin in aistriú dánta dá gcuid).
Ba iad na léachtaí céanna a léadh ag sochraid Éabha ann freisin.
Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost. Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.
Is iomaí áras i dteach m'Athar.
Sliocht a luaigh Gabriel féin ina agallamh le Tristan. Sleachta dóchasacha.
Ag deireadh an Aifrinn d'aithris Saffron an dán úd
Teilifís
Ar a cúig a chlog ar maidin
Theastaigh an teilifís uaithi.
An féidir argóint le beainín
Dhá bhliain go leith?
Síos linn le chéile
Níor bhacas fiú le gléasadh
Is bhí an seomra préachta.
Gan solas fós sa spéir
Stánamar le hiontas ar scáileán bán.
Anois! Sásta?
Ach chonaic sise sneachta
Is sioráf tríd an sneachta
Is ulchabhán Artach
Ag faoileáil
Os a chionn
Agus ansin thug Tristan aitheasc dhá theangach den scoth faoina athair. Greann, dóchas agus dólás.
Teaghlach ag roinnt grá , brón agus gean linn uilig .
Ar dheis Dé go raibh Gabriel , agus go bhfaighe a chlann sólás .
Tá an searmanas le feiceáil anseo.
Clibeanna
éagnairc,
gabriel rosenstock,
gaeilge
Armad ard in crand is móide co mór benaid na gaetha fris.
Tá cónaí orm i mBaile an Chinnéidigh le breis is fiche bliain anois. Tá stráice coille cois srutháin gar do mo theach, agus taithí agam air le fada. Le roinnt blianta táim ag siúil ann cúpla uair sa tseachtain.
Coill fadbhunaithe atá ann. Tá an crann ar a dtugtar An Bhile Dharach (the mighty Oak) ann ón seachtú céad déag. Tá cuid den gcoill faoi chúram Coillte, a bhfuil a gceanncheathrú agus saotharlann dá gcuid sa choill nó gar dó. Feictear dom go bhfuil an choill measartha nádúrtha seo á fhágáil ina staid nádúrtha acu chomh fada agus is féidir.
Coill leathandhuilleach atá ann. Bíonn brat bláthanna ann san earrach - bím á dtuairisciú le roinnt blianta tríd aip Bithéagsúlacht Éireann. Bíonn cuid de ina bhrat chreimhe timpeall mí Bealtaine.
Is iomaí crann nasctha ag eidhneán nó táthfhéithleann.
San fómhair bíonn neart fungas de chineál éagsúla le feiceáil. I measc na n-éan atá feicthe agam ann tá dreoilíní, smólaigh, lonta dubha, scréachóga coille, cnagairí, glasóga liatha, gaibhne dubha. Agus neart coilm coille.
Tá scata mór ioraí glasa ann, agus fianna agus sionnaigh uaireanta. Tá dallóg fraoigh feicthe agam. Táim cinnte go bhfuil ainmhithe eile ann nach bhfuil feicthe agam. Bíonn sceithreach frog le feiceáil in áiteanna áirithe san Earrach luath.
Coill nádúrtha bithéagsúil.
Ach leis na stoirmeacha fíochmhara le cúpla geimhridh anuas, tá dochar nach bhfaca mé cheana le feiceáil. Crainn arda leagtha, casta, scoilte, réabtha.
Tuar don dochar a dhéanfadh an t-athrú aeráide....
ocus cach airde bias in torad bid trumaide a thuind-seom ac toitim.
Clibeanna
athrú aeráide,
crainn,
cuimhní cinn,
dúlra,
gaeilge
2026-04-10
Creimeadh Cósta
Lagthrá rabharta a bhí ann Céadaoin, 4ú Márta. Thapaigh mé an deis siúl fán gcladach ó Bhré go Cill Iníon Léinín ar mo shlí ar obair, ar mhaithe le mo chroí agus i gcoinne maróg.
Bhíodh cónaí ar mo Nana ar an tSeanchill, agus tá cuimhne agam a bheith ag siúl na trá sna 1970í. Bhí an aill níos faide soir an uair sin, agus mura bhfuil dul amú iomlán orm, bhí an balla cosanta, nach bhfuil fágtha de anois ach smionagar, fós ina sheasamh.
Ar ndóigh, bhí rian an chreimeadh cósta le feiceáil an uair sin féin. Bhí sean droichid an bóthar iarainn, sular bogadh píosa maith intíre é, le feiceáil. Bhí creimeadh le feiceáil ar na haillte cré.
Gar do Bhré tá stumpaí crainn ó forais báite le feiceáil. Agus thug mé faoi deara go bhfuil sráidbhaile báite ó na meánaoiseanna luaite ar an léarscáil, amach ón tSeanchill. Longnon. Tá sé léirithe i léarscáil John Speed ó 1610, sular bádh é. Tá rian de le feiceáil le linn lagthrá rabharta.
Ach mar is léir ó na pictiúir thuas, tá fiacal na mara ag creimeadh na haillte cré ag ráta atá ag dul i méid agus i méid.
Shamhlóinn go bhfuil tithe faoi bhagairt cheana féin. Beidh cinntí crua le déanamh fad an chósta thoir uilig. Tá an iarnród go fada le Loch Garman faoi bhagairt arís - tá codanna de ar an trá, nach mór ag leibhéal reatha na mara. Agus tá creimeadh cósta ag cuir as dó ag áiteanna fearacht Ceann Bhré, áit a bhfuil conair na hAille dúnta le blianta de dheasca creimeadh cósta.
Tá oibreacha ar bun, maith go leor. Ach is dóigh liom nach bhfuil i gceist leo sin ach an fhadhb a chur ar cairde.
Caithfear áiteanna áirithe a thréigean, cinneadh a bheidh deacair. Ach tá iarnród iontaofa riachtanach má tá an athrú treo san iompar le baint amach. D'earraí chomh maith le do dhaoine. Cuan thábhachtach is ea Ros Láir, go háirithe i bhfianaise na Breatimeachta. Agus chun fónamh ar fuinneamh gaoithe amach ó chósta thoir na hÉireann.
Clibeanna
aimsir,
athrú aeráide,
cuimhní cinn,
gaeilge
Abonnieren
Posts (Atom)