Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-06-28

An matamaiticeoir, an bitheolaí & draoi na bhfocal

Thóg mé lón fada inniu chun freastal ar chaint faoi "Eolaíocht an Teascdomhain" san Dánlann Eolaíochta. Sraith leabhair atá i gceist, scríofa ag Terry Pratchett i gcomhair leis an matamaiticeoir Ian Stewart agus an bitheolaí Jack Cohen. Caithfidh mé admháil go raibh mé ag seachaint na leabhair go dtí seo, mar shíl mé gur litríocht tánaisteach maidir leis na leabhair faoin Teascdomhan a bhí i gceist, cineál Annotated Pratchett File i bhfoirm leabhair. Mar sin, le bheith ionraice, is chun Terry Pratchett a chlos beo a chuaigh mé ann.1
Admhaím áfach gur spreagadh suim as an nua ionam sna leabhair seo anois. Rud eile ar fad atá i gceist - is amhlaidh gur chuir an triúr aithne ar a chéile de bharr suim Jack Cohen2 ach go háirithe i ficsean eolaíochta agus é a bheith ag freastal ar comhdhálacha. Bhí leabhair chun oideachas a chuir ar an bpobal faoin eolaíocht scríofa ag Ian agus Jack araon ar leithligh roimhe, agus fuair siad comhairle ó Terry maidir le conas scéal ceart a dhéanamh as leabhair eile a bhí beartaithe acu.
As sin d'fhás togra chun an Teacsdomhain a úsáid chun mistéir na heolaíochtaí ar an Domhain seo - an mealldomhain - a mhíniú. An consaeit ná go raibh lámh de thaisme ag draoithe an Teascdomhain i gcruthú cruinne s'againne, agus go mbíonn siad ag coinneáil súil uirthi. Mar sin, scríobhann Terry urscéilín faoi na heachtraí ar an domhan mar a fheictear do na draoithe iad agus cuireann an dís eile caibidil faoin bunús eolaíochta don rud atá ag tarlú leis. Cineál fonótaí fada.3
Maidir leis an gcaint féin, thug Ian Stewart cnámha an scéil dúinn faoi conas a tháinig ann do na leabhair, agus chuir an bheirt eile isteach air aon uair go mba mhian le cuir leis an méid a dúirt sé. Bhí an rud ar fad idir éirimiúil agus greannmhar, agus an-spéisiúil. Tá sé deacair a cheart a thabhairt don chaint anseo.
Ag an deireadh bhí plé ar an dá dhearcadh is féidir le duine a bheith aige ar an gcruinne - an dearcadh paróisteach gur an duine lár agus brí na cruinne, agus an dúlra ann dá úsáid; nó an dearcadh nach bhfuil ionann ach screamh ar spota smúit i réaltra leadránach ar imill na cruinne. Ní leor ceachtar dearcadh. Is fearr an dá dhearcadh a chuir le chéile agus ligeann dóibh a chéile a mhúnlú.
Bhí nath deas ag Jack Cohen a dúirt a sheanathair leis an pointe cinniúnach ina shaol: nath atá seafóideach ó thaobh na bitheolaíochta, ach lán gaois mar sin féin: "An mian leat bheith i do foiche nó i do chráinbheach?" i. an mian leat dearcadh fairsing, leathan, cuiditheach nó cúng santach a bheith agat?
Tá na leabhar anois ar mo liosta agam. Mar a tharlaíonn, chroch mé an tríú ceann liom ón leabharlann de Máirt seo chaite mar chuid den stoc leabhair atá mé chun breith liom ar mo shaoire. (Táim ag dul siar ar feadh coicís.)

1Bhí sé ar an Late Late ar na mallaibh, ach ní raibh mé san tír - d'fhéach mé ar ar an ríomhaire ar ball, shíl mé go ndearna Tubridy praiseach den agallamh. Ar youtube anseo agus anseo.
2Caithfidh mé a rá gur mheabhraigh Jack Cohen draoi de chuid an Teascdomhain dom - fear mór groí agus é gléasta i veist ildaite!
3Mar a dúirt duine acu, thug Terry Pratchett ina chuid leabhair nós na bhfonótaí, a bhí tite i léig, ar ais arís.4
4Sea, tá mise ag déanamh aithris ar an nós!

2012-06-23

Ar Chonair na gCatárach: Ceist na Teangan

Is sa Languedoc a bhí muid, ceantar atá ainmnithe as an dteanga. Na Langues d'Oc, i codarsnacht leis na Langues d'Oïl as ar eascair Fraincis na Ríthe. Ba ghné den eile den streachailt a bhí an sin, sa bhreis ar chúrsaí creidimh. (Tá léarscáil deas anseo) Ní dóigh liom gur chuala muid Ocsatáinis á labhairt, ach thug mé faoi deara go raibh fógraí dhá theangacha ann ag na bailte agus sna stáisiún traenach. Agus thug mé faoi deara an inscríbhinn thuas ar thollán i gClais Galamus. Is dócha mar sin go raibh an teanga sách láidir san 19ú aois. 
Ansin agus mé ag fánaíocht thart ar Charcassonne chonaic mé scata gasúir agus máithreacha óga ag teacht amach as geata áirithe san Cité.  Ar chúis éigin mheabhraigh siad Gaelscoil dom - agus féach, Calandreta - scoil Ocsatáinise - a bhí ann! 
Go raibh rath orthu!

2012-06-22

Ar Chonair na gCatárach: Carcassonne athuair

Tá an turas traenach idir Quillan agus Carcassonne spéisiúil - fá ghleann an Aude, agus tríd corr tolláin. Traein beag compordach (le aerchóiriú!) a thug muid ann, agus bhíomar i gCarcasonne um ardtráthnóna. Chuaigh muid díreach go dtí an brú san Cité arís chun fáil réidh lenár málaí droma. Ansin chuaigh muid thart ar an mbaile, inár dturasóirí cearta an uair seo, ag iarraidh bronntanas le tabhairt abhaile. Ní raibh aon ghanntanas siopaí!
Trí chineál siopa a bhí ann, go bunúsach. Siopaí bia, siopaí bréagán agus siopaí le bréagán do dhaoine fásta! Bhí an ghnáth truflais ann - t-léinte, bréagáin saoire,  agus araile, ach bhí an chuid is mó den stuif a chonaic muid ar chaighdeán mhaith. Is dócha gur maith an rud é go raibh muid ar bheagán airgid nó seans go mbeadh éadach san stíl meánaoiseach nó seafóid éigin mar é ceannaithe. D'fhéach mé ar adharc óil don mac a d'fhán sa bhaile ach bhí sé daor - €36. Sa deire fuair mé léine deas daite dó seachas aon seafóid eile. Míreanna mearaí banphrionsa - Luaithríona - don banphrionsa ag baile, i mbosca le cruth banphrionsa air. Bhí sé níos deacra rud a aimsiú do mo bhean. Agus tá nós againn ar obair milseáin a bhreith ar ais go dtí na comhghleacaithe. Faoi dheireadh d'aimsigh mé siopa tae, fear a rinne a chumaisc féin, agus chroch liom roinnt tae glas le luibheanna agus torthaí. (Rinne mé an rogha ceart buíochas le Dia, ach tá an tae á ídiú go tréan ó shin!)


Chuaigh mo mhac a bhealach féin ansin, agus chuaigh mise ag fánaíocht tríd na sráideanna. Bhí scata siopaí milseáin ann, brioscaí agus milseáin uaisle acu ar fad ina gcairn arda. Agus bloic mór seacláide - ach ní raibh fonn orm seacláid a iompar san teas. Chaith mé seal ag fánaíocht thart ag iarraidh m'intinn a dhéanamh suas. Faoi dheireadh cheannaigh mé roinnt ológa seacláide - milseáin le dromchla crua agus seacláid bog laistigh. (Ní riabh saol fata i mbéal muice in ndán don méid a cheannaigh mé díobh!) 
An gnó déanta rinne muid rud beag féachaint thart. Thaitin Ardeaglais Saint Nazaire liom - an obair cloiche ach go háirithe. Tá costas ar an caisleáin agus an balla laistigh, mar sin níor bhac muid leo. Ach níl costas ar bith ar shiúl ar na ballaí lasmuigh agus tá siad spéisiúil.
Bhí sé feicthe againn ar an gcéad lá go raibh sé chomh maith againn ár proinn a chaitheamh san Cité, mar go raibh na bialanna sa bhaile féin (ar chaighdeán fiúntach) chomh costasach céanna. Bhí fonn mhór orm Cassoulet a thriail, mar sin do lorg mé áit go raibh sin mar chuid den "formule" (béile trí chúrsa ar phraghas réasúnta - €24 sílim) acu. Bhí sailéad agam mar réamhchúrsa, ansin babhla mór de Cassoulet - cineál stobhach de pónairí bána, feoil lachain (ar an gcnámh), ispíní spíosracha agus muiceoil. Bhí sé thar a bheith blasta - agus bhí mé sách go maith tar éis an béile! Sílim gurbh cáis agus mil a bhí mar mhilseog agam.
An maidin dar gcionn thug muid aghaidh arís ar an aerfort - tá bus ann ón Cité.  Agus b'shin sin. Ar ais san gnáth saoil oibre - agus é ina shíorbháisteach geal leis ó d'fhill muid!

Aguisín: Tá finscéal deas dinnseanchais ag baint le hainm Carcassonne. Tá leagan deas anseo i bhFraincis. Ba, de réir an scéil, baintreach an prionsa Saraistíneach nuair a bhí an baile faoi léigear ag an Impire Cathal Mór. Mhair an léigear i bhfad ach níl ghéill Carcas. Faoi dheireadh ní raibh fágtha de bhia sa bhaile ach muc agus dornán gráin. Thug sí an gráin don muc ach chaith thar an balla é. Scoilt an muc. Nuair a chonaic na Franc sin, tháinig ísle brí orthu - muca fós á chothú le gráin sa bhaile! thosaigh siad ag imeacht. D'ordaigh Carcas na stoic a shéideadh do idirghabháil - chuala na Franc sin is scairt "Carcas sonne" (Tá Carcas ag glaoch).

Bhí Cathal Mór tógtha lena clisteacht is crógacht agus thug uirthi pósadh le duine dá uaisle. Deirtear gurbh í is sinsir don Clann Trencavel a bhí i réim ar feadh i bhfad san Languedoc.

SCOLÁIRE

Tabhair a dhóthain den ardléann do Ghaeilgeoir agus ní Gaeilgeoir a thuilleadh é ach SCOLÁIRE. Agus, a chairde mo chléibh, is iontach na héanacha iad na scoláirí nuair a bhaineann siad amach beanna arda an léinn mhóir. Tugann siad gráin don uile fhocal den teanga Ghaeilge ach na focla a bhfuil seacht sreama na seanaoise orthu.  Níl canúint is fearr leo ná an chanúint atá marbh le céad bliain.
Bíonn a chanúint fhéin ag gach duine acu agus murar féidir leat í sin a labhairt leo go clocharach pislíneach mar is dual labhróidh siad Béarla leat. Bíonn Béarla an-bhreá acu go hiondúil. Le fírinne agus leis an gceart bíonn sé acu chomh maith nó níos fearr ná an Ghaeilge féin. Béarla gan chanúint a chleachtann siad, rud a chuireann ar a gcumas labhairt le formhór chuile Bhéarlóir. Buntáiste mór é seo gan dabht.
        Breandán Ó hEithir, Feabhra 1958

2012-06-21

Ar Chonair na gCatárach: Quillan

Quillan ón Château
I ndiaidh dúinn bheith ag crochadh as na crainn, bhí sé in am bogadh ar aghaidh. Shiúl muid an ciliméadar isteach i mbaile Quillan ar chonair an tsean bóthar iarann. Thug sé sin díreach go dtí an stáisiún muid.  Ní raibh aon taighde déanta againn ar an mbaile agus ní raibh plean againn conas an cúpla uair a chloig go dtí gur tháinig an traein a chuir dínn. Chaith muid seal i gcafé ag ól deoch fuar. Bhuail ocras ansin muid agus chuaigh muid ag lorg greim beag le n-ithe. Thuig muid ansin go raibh muid tar éis dul sa treo mícheart roimhe, go raibh an baile féin ar an dtaobh eile den iarnród. Pé scéal é, fuair muid boulangerie agus bhí quiche deas cainneann agam.
Ní raibh fonn ar mo mhac rud ar bith eile a dhéanamh mar sin d'fhill sé ar an stáisiúin. D'fhág mise mo mhála droma ann agus chuaigh ag fánaíocht sa bhaile.  Fuair mé amach go raibh eaglais deas Rómánach ann. Faraor, bhí an Eaglais dúnta. Bhí na cloigeann greanta úd ar an mballa. Ar an dtaobh eile den abhann tá fothrach Château agus radharc iontach ar an dtimpeallacht uaidh, an baile agus na sléibhte maguaird.
Pé scéal é, d'fhág muid Quillan ar an dtraein agus d'fhill go Carcassonne don oíche deiridh ar an turas.

Ar Chonair na gCatárach: ag crochadh as crainnte

I measc na ngníomhaíochtaí a chuireann an Brú i Quillan ar fáil, tá cúrsaí téadaí arda sna crainn. Fuair muid an deis triail a bhaint astu seo gan aon chostas breise. Tá cúrsa íseal agus cúrsa ard ann - an cúrsa íseal sách ard domsa! Ach rinne mé é mar sin fhéin. Fear as Peru a bhí mar theagascóir againn, fear feadóige, agus de bhrí gurbh ceoltóir é bhí taithí aige ar Éirinn, agus suim aige i gceol na hÉireann.
Bhí an cúrsa íseal sách maith, slite éagsúla chun trasnú ó chrann go chrann agus ansin eitilt téada ag an deireadh. "ça suffit!" arsa mise ansin agus lig do mo mhac dul ar aghaidh leis féin go dtí an cúrsa ard - a bhí níos dúshlánaí chomh maith le bheith níos airde! Mar shampla, bhí na céimeanna úd suas síos le trasnú aige, agus ag pointe amháin bhí ar luascadh ar rópa mar a dhéanadh Tarzan agus greim a fháil ar eangach, ansin dreapadh suas san eangach le dul ar aghaidh. Ba faoiseamh éigin domsa gur tháinig teagascóir na báid ón lá roimhe an treo díreach ansin agus gur admhaigh sé gur chuir an cúrsa sin sceon ar siúd! Ach níor chur sé isteach ná amach ar mo mhac - is aoibhinn leis a leithéidí.

2012-06-18

Ar Chonair na gCatárach: Ag snámh in aghaidh easa

Abhann an Aude, i Quillan, píosa síos ón áit a raibh muid.
Shroich muid La Forge de Quillan, brú agus ionad spóirt uisce. Bhí babhta raftú bánuisce ordaithe agam. (N'fheadar faoin leagan sin, ach níl leagan níos fearr ag rith liom.) Mar sin, ach ár málaí a bheith curtha san seomra againn, chuaigh muid chomh fada le teach na mbád chun an feistiú cuí a fháil. Chroch an teagascóir beirt eile faoi oiliúint leis, agus thug an cúigear againn aghaidh ar an abhann píosa níos faide suas. Bád mór inséidte a bhí i gceist leis an "rafta". Thug an teagascóir oiliúint ghairid dúinn as Fraincis, ag meabhrú dúinn na horduithe arbh gá éisteacht leo. Bhí beirt againn ag suí ar gach taobh den bád, agus an teagascóir ar cúl. Bhí muid ar craobh-abhainn ciúin i dtosach ach níorbh fhada go raibh muid ar an príomhabhann agus an sruth ag luasghéarú go seasta. Bhí rudaí éasca go maith ag an tús, agus cé gur iompaigh an bád uair amháin, is d'aon ghnó, mar chleachta a rinne muid sin.
Ach chuaigh muid thar corr fánsruth a bhí garbh go leor. Ansin, mar ullmhú don dúshlán a bhí ag teacht stop an teagascóir an bád agus dhreap muid amach ar an mbruach. Bhí muid ceaptha léim ó aill thart ar 4 m, cosa i dtosach isteach san abhann agus ansin snámh go dtí an bhruach eile áit a raibh an teagascóir. Fadhb ar bith do na leaids óga, ach ní maith liomsa airde, agus gan mo spéaclaí ... loic mé! Tháinig mé anuas den aill agus shleamhnaigh isteach san abhann in ionad. Tá mé sách caoch gan mo spéaclaí, agus ní haon snámhaí láidir mé, mar sin bhíos ag imeacht le sruth cuid mhaith agus b'éigin mé a tharraingt isteach!  Ba léir dúinn uilig ansin neart na habhann agus muid ag tabhairt aghaidh ar giota ina raibh na fánsruth líonmhar agus an abhann á bhrú isteach i clais. Bhí an bád ag pocléimneach idir na bruacha, muid ag baint feidhm uaireanta as aill chun cabhrú leis an stiúradh. Ó am go chéile bhí mar a bheadh céim san abhann agus muid ag léim thairis sa bhád.  Tugadh deis dúinn éirí as roimh an cuid is fiáine ach lean muid orainn.
Bhí dua agam fanacht i mo shuí ar imeall an bhád, ag iomramh go tréan nuair ba ghá, ag éisteacht go cúramach leis na horduithe i bhFraincis: "Droit, en avant", "Droit, a derrière" agus mar sin de. Agus muid ag dul tríd clais ar a dtugtar "La Pucelle" tharla an rud a bhí mé ag dréim leis agus caitheadh as an bád mé. D'éirigh liom áfach greim a choinneáil ar an gcéasla agus greim a fháil ar an rópa ar thaobh an bháid i dtreo is go rabhadar in ann mé tharraing isteach arís.   
D'éirigh an abhann níos fiáine fós ar feadh seal ach choinnigh mé greim daingean. Bhí amanta ann go raibh an cuma ar na tonnta ann go raibh siad ag dul in aghaidh an tsrutha bhíodar chomh fiáin sin. Faoi dheiridh tháinig muid amach in áit ciúin leathan. Deireadh na turais. Ní shásódh faic na boic óga ach an bád a iompú arís le teann spraoi. Bhí faoiseamh ormsa go raibh an rud thart! Táim sásta go ndearna mé é, ach ní bheinn ag déanamh nós as.

D'fhill muid ar an mbrú. Agus cith te. Nuair a bhí mé ag cur an áit in áirithint roimh an turas fiafraíodh díom an raibh dinnéir uainn. Ní raibh mé cinnte ach nuair a dúradh liom go mbeadh orainn rá ag an am shocraigh mé gan dul sa tseans - tá an brú píosa beag ón mbaile agus ní raibh mé cinnte an mbeadh aon fhuinneamh fágtha againn - agus d'ordaigh mé an dinnéir.   Agus b'shin an t-aon béile nach raibh togha! Sailéad leadránach le tuna, ansin géag sicín rósta le brúitín - as mála dar le mo mhac. Milseog siopa. Tuiscint as an nua agam ar feabhas na béilte eile!


2012-06-17

Ar Chonair na gCatárach: Trompe l'Oeil

Queribus ó thaobh Maury

Ós rud é nach raibh deis iompar poiblí as Duilhac, bhí orainn aghaidh a thabhairt ar Maury. Ó tharla gan ach 10 km eatarthu, bhí mé ag smaoineamh i dtosach ar siúil - ní bheadh an bus ann go meán lae. Ach nuair a thuig mé go mbeadh orainn an droim ar atá Caisleáin Queribus a thrasnú, dhaingnigh sé mo chinneadh Taxi a ghlacadh. Bhí fear an Taxi cruógach, agus is ar 11 is fearr a d'oir dó muid a bhailiú. Bhí mé breá sásta le mo chinneadh, ainneoin an chostas de €25, nuair a thrasnaigh muid an mullach agus thug aghaidh ar bhóthar chasta sléibhe anuas go Maury! Bhí na Piréiní le feiceáil ar íor na spéire, sneachta ar cuid den na beanna. Bhí muid ann ar thart ar 1130 mar sin. Chaith muid deoch fuar i gcaifé, agus sin thosaigh muid ag fánaíocht thart beagán. Tá áthas orm go ndearna -  d'aimsigh muid sraith spéisiúil de ealaíon trompe l'oeil sna sráideanna.
 Ainmhithe, daoine, fuaráin - gach cineál ruda. Agus ansin ar bhinn tí amháin léaráid iontach de chaifé, thar airde iomlán an fhoirgnimh.  Chuir sin an t-am a d'fheadfadh bheith leadránach isteach go breá. Tá blaiseadh beag den saothar le fail sna grianghraif agam. Ansin d'imigh muid ar bhus - ar chostas eoró arís - tríd bailte an ghleanna chomh fada le Quillan.

Ar Chonair na gCatárach: Bonne Balade

Queribus
Siúlóid lúibe go Queribus agus ar ais.
Turas siar agus aniar a bhí san lá deiridh siúlóide a bhí sa phlean. Muid le tosú agus críochnú i nDuilhac, mar sin chuir mé oíche breise san óstán in áirithint tríd dream na siúlóide. (Ní raibh aon deis iompar poiblí imeacht as an áit!) "Bonne Balade" an Fraincis ar bíodh lá maith siúlóide agaibh, agus tar éis bricfeasta ar nós na tíre a chaitheamh san óstán thug muid aghaidh ar an mbóthar arís. De bhrí go raibh muid ag filleadh air bhí muid expedimenta arís. Bhí an chéad cuid den siúlóid éasca go maith - ar úrlár an ghleanna, tríd fíonghoirt, ar freadh an ceithre km idir Duilhac agus Cucugnan, baile beag ar chnocán. Bhí an sprioc don lá, Caisleáin Queribus le feiceáil ós ár gcionn ar feadh an ama.

Mar sin bhí fhios againn go mbeadh dreapadh romhainn arís! Ach bhí an lá scamallach agus gan a bheith ró thé, mar sin bhí an siúl taitneamhach. Seachas cloí leis an conair Catárach, a chuaigh díreach go dtí an caisleáin is amhlaidh, a bhí sé leagtha amach dúinn siúlóid lúibe de 12 km a shiúil. Rud a thosaigh leis siúl tríd an baile, suas an cnoc beag agus síos arís, agus ansin an droim sléibhe ar a bhfuil an caisleán a dhreapadh go réidh ar bhóthar a rinneadh bóithrín de sar a bhfad. Faoi dheireadh bhí barr na droma bainte amach agus shiúil muid fán droim ar feadh tamaill go dtí gur shroich muid bun an chnocáin ar a bhfuil an caisleáin.
Mar is iondúil, bhí dreapadh géar suas go dtí an caisleáin féin, agus m'anam ach bhí sé gaofar ann! Éacht a rinne an dream a thóg daingean chomh láidir san áit sceirdiúil a rinne. Tá roinnt athnuachan déanta ar an dún agus an an túr sa riocht gur féidir dreapadh suas agus radharc iontach a fháil i ngach treo.
Le pique-nique!

Chaith muid seal sách fada thuas ag féachaint thart cé go gcaithfidh mé a adhmháíl go raibh an áit chomh hard sin go raibh faoiseamh orm ag teacht anuas uaidh! Is amhlaidh go raibh dearmad déanta ag lucht an óstáin go raibh picnic le tabhairt dúinn. Mar sin gheall siad é a chuir go dtí an oifig ticéid ag an caisleáin. Bhí, mar sin, proinn bhreá ag fanacht orainn uair a thuirling muid agus gan fiú an dua é a iompar orainn (rud a chuaigh chun leasa an bhia, déarfainn!) Arán breá úr francach, cáis, liamhás deataithe, sailéad, piobar rósta, milseog agus dhá úll bhreá.

Chaith muid lón mar sin agus thug aghaidh an an mbealach ar ais."Descente difficile" a bhí scríofa ar na fógraí, agus bhí. Cosán casta clochach géar síos taobh an chnoic tríd cré dearg. Bhí cothabháil maith déanta ar an gcosán ach fós féin bhí gá bheith aireach de bharr na clocha beaga air agus a ghéire agus a bhí an fána. Bhí muid sásta mar sin an bóthar ag Cucugnan a bhaint amach. Tá muileann san áit a raibh an muileann gaoithe fadó san áit, agus siopa acu a dhíolann brioscaí déanta lena bplúr féin. Ghlac muid scíth ansin ar feadh tamaill ghairid roimh dúinn an  bealach ar ais go Duilhac a thabhairt orainn féin. Bhí deireadh anois leis na béilí réamhordaithe, ach bhí muid tar éis dinnéir a chur in áirithint do 19:30. Bhí faill againn an uair seo roghnú ón mbiachlár muid féin. Bhí muid fiosrach faoi béile amháin air: "civet de sanglier" Nuair a chuir muid ceist thaispeáin an freastalaí ceann torc allta ar an mballa dúinn mar fhreagra! 
Is é a bhí ann ná feoil toirc réitithe in anlann fíon dearg agus pónairí bána réitithe i mblonag an toirc.  Dhá mias mór groí a thug siad dúinn de, mias cré leis na pónairí agus mias cré leis an bhfeoil. Ainneoin ocras a bheith orainn theip orainn an béile a chríochnú, bhí an oiread sin ann. (B'iad na béilí breátha cuid den turas seo, ambaist! Agus fíon na tíre ag dul leo. Gan trácht ar mhilseoga bhlasta)

2012-06-16

Ar Chonair na gCatárach: Síos le fána, suas an chnoc - agus tríd an Clais!

Ag féachaint siar!

Droichead coisithe thar an Agly
Os rud é go raibh muid gan bagáiste bhí deis againn bheith rud beag níos amhantraí ar tríú lá siúlóide. Mar sin féin bhuail muid bóthar luath go maith - thart ar a leathuair tar éis a hocht. Ar bhóithrín ar feadh seal ansin ag dul ina airde go mall; ach níorbh fhada gur chas muid de agus ar chosán chúng chlochach ag dreapadh in airde, faoi scáth na gcrann don chuid is mó. Anois is arís tháinig muid amach ar phaiste screathan a thug faill féachaint siar an an áit ónár tháinig muid: radharcanna áille.  Dhreap muid go 500 m agus suas síos ar feadh tamall ar chosáin sách géar go dtí gur shroich muid abhann an Agly. Bhí muid théis teacht anuas go 290 m ansin. Thrasnaigh muid ar an droichead thall. Bhí orainn dreapadh aníos arís go dtí an bóthar. Thug sin go béal clais an Galamus muid. Bhí muid ceaptha aistriú ón Sentier Cathare anseo agus dul ar chosán níos éasca - an GR36. Ach ní thabharfadh sin tríd an chlais muid. Ós rud é nach raibh muid ag iompar mórán shocraigh muid fanacht ar an gConair.
Clais Ghalamus
Díseart sa chlais atá spéisiúil, ach bhí an cuma air go mbeadh orainn siúl ann agus ar ais, mar sin níor bhac muid leis. (Mar a tharlaíonn, bhí breall orainn agus bhí bealach le teacht ar ais an an mbóthar ón dá thaobh) Bhí muid ar an mbóthar ansin ar feadh seal - bóthar a chlóinn go dlúth leis an aill (féach thíos) agus atá crochta roinnt céadta méadar ón mbun. Nílim ceanúil ar airde, agus shiúl mé go faiteach, faichilleach, ag stopadh uair ar bith a tháinig carr an treo! Ach bhí an áit go hálainn ar fad. 
Bóthar chrochta Galamus
Tar éis rud beag níos mó na ciliméadar d'fhág muid na bóthar agus dhreap ar aicearra thar a bheith géar go dtí Col das Souls ar ghualainn an Pech d'Auroux. Dhreap muid ar aghaidh ansin go dtí barr an Pech geal leis - os cionn 900 m. Is amhlaidh gur obair chrua a bhí san dreapadh seo ar fad agus cé go raibh uisce á iompar againn bhí imní ag teacht orm nach raibh ár ndóthain againn! Thosaigh muid a bheith níos cúramaí leis. Bhí foinse marcáilte ar an léarscáil ar an slí síos ach bhí píosa le dul fós.
Uisce!
Bhí an cosán géar ar feadh tamall ag dul síos, clochach agus géar. In áiteanna is ag dreapadh a bhí muid.Thuirling muid cúpla céad méadar go dtí móinéar ársa ag Pla de Brézou. Is ansin a bhuail muid arís leis an GR36. Chuaigh an cosán tríd píosa coille arís ansin agus tháinig muid ar an bhfoinse, buíochas le Dia. Mhúch muid ár dtart le fonn agus líon arís gach ceann de na buidéal a bhí againn ar eagla na heagla. Chonaic muid niút ag snámh san umar ach deirtear gur comhartha sin ar uisce ghlan! Lean muid orainn le fuinneamh breise agus ár tart múchta. Mhúscail sin ocras, ach ní raibh scáil thart chun  proinn a chaitheamh faoi. Lena muid orainn ar feadh seal ag lorg áit maith don lón ach ar deireadh shocraigh muid ithe cois bóithrín.  Faraor de bharr an teasa bhí cuid den picnic a thug fear an gite dúinn scriosta. Ach ba leor an méid a bhí fágtha lenár ocras a mhaolú. Lean muid orainn ansin ar bhóithrín measartha leathan. Thosaigh muid ag cloisteáil toirní agus nuair a d'fhéach muid siar an bealach a tháinig muid bhí an spéir éirithe dubh thaobh thiar den Pech.
Pech d'Auroux agus stoirm laistiar!
Bhí píosa fós le siúl againn mar sin bhí muid ag súil nach rugfaí orainn san anfa. Ach bhí an t-ádh linn. Tar éis thart ar 2 km shroich muid bun an chnoic ar a bhfuil Caisleán Peyrepertuse. Bhí orainn casadh i leataobh ansin agus an chnoc a dhreapadh chomh fada leis an caisleáin. Bhí an cnoc sách géar! Bhí tuirse orainn faoin dtráth seo, agus bhí fúinn Aifreann a éisteacht um a cúig i Duilhac, mar sin níor chaith muid an oiread ama sa chaisleáin. Níor bhac muid leis an cuid "nua" de a tógadh nuair a fuair na Francaigh seilbh ar an áit gur thóg túr ag deireadh staighre ghéar eile ag deireadh amháin den chnoic, faoin Rí Laoiseach Naofa.
Peyrepertuse
(Ní raibh fonn orainn dreapadh níos mó!) Síos le fána linn ansin go baile Duilhac. Bhí ár málaí romhainn san Hostellerie du Vieux Moulin Ba iontach an rud é deannach an bhóthar a ghlanadh dínn sa chith ag éadach úr a chuir orainn! Thug muid aghaidh ansin ar Eaglais Naomh Micheál Ardaingeal, eaglais breá san stíl Rómhánúil. Slua beag a bhí ann don Aifreann seachas muide, ach bhí ceol acu! Cuireann amhránaíocht go mór leis an Aifreann ach is annamh ceol maith san séipéal abhus. Bhí an sagart lán fuinneamh ach monuar is beag a thuig mé dá aitheasc. (Domhnach na Tríonóide a bhí ann an lá dar gcionn, agus is ábhar dúshlánach sin i dteanga ar bith - ach níl agamsa ach bruscar Fraincis na scoile.) Thug mé suntas dó go raibh cineál parlaimint paróiste acu roimh deireadh an Aifrinn,  ag plé ceisteanna a bhain leis an bparóiste.
Peyrepertuse, laistigh.
Bhí béile an tráthnóna le cuir romhainn san Auberge trasna ón óstán. Arís, bhí an béile socruithe roimh ré. Cáis blasta gabhar mar entrée le sailéad leis agus é téite i cineál pancóg thar a bheith tanaí. Blasta! Ansin (sílim!) gualainn muiceola rósta le glasraí rósta. Raidhse aráin dar ndóigh agus fíon agus uisce. Agus mar mhilseog Panna cotta le sméara dearga.
Mar thoradh ar an dreapadh agus siúil go léir - breis agus 20 km san iomlán, agus b'fhéidir 1 km eile de dhreapadh, bhí muid tuirseach go maith. Mar sin, ainneoin an teasa (agus daoine lasmuigh den fhuinneog) chodail muid!

2012-06-14

Ar Chonair na gCatárach: Coillte, Clais agus Crêpes

An Gîte
Thosaigh an dara lá siúl le bricfeasta bhreá: arán breá úr, muesli, sú úll baile, caife, agus araile. Bhí muid ar an mbóthar um a naoi, ag iarraidh píosa maith a bheith siúlta againn roimh teas an lae. Shiúl bean an tí linn ar feadh seal chun muid a chuir ar an gcosán ceart. I dtosach bhí muid ag siúl ar bhóithrín coille, éasca go maith cé go raibh sé láibeach agus fliuch in áiteanna a raibh innealra trom feirme tar éis sclaigeanna a fhágáil ann. Bhí muid ag siúl síos an ghleanna mar sin is beag dreapadh a bhí i gceist. Ar deireadh tháinig muid amach ar bhóithrín níos daingne a bhuail le bóthar ceart.
Clais San Jaume
Chuaigh an bóthar in airde beagán go dtí an dá Ghráig Bordes agus Coumes. Chuaigh muid ar strae beagán anseo de bharr mí-bhrí a bhaint an comharthaíocht, ach bhí sé soiléir sara bhfad go raibh muid ag dul in airde seachas síos mar ba cheart. Chas muid ar ais arís agus isteach ar chosán caol a chuaigh síos go géar go dtí an abhann. Ar feadh thart ar 2 km  ansin bhí an cosán ag dul tríd clais caol a ghearr an sruthán as na carraigeacha, ag trasnú siar is aniar cúpla uair ar droichid fearacht an chinn thíos. Tháinig muid amach ar an mbóthar ansin gar don séipéal Notre Dame de Laval. Bhí an Eaglais féin dúnta ach bhí scrín deas amuigh. Faraor bhí greille ós comhair an dealbh de Mhuire agus Íosa mar sin níor éirigh liom pictiúir fiúntach a ghlacadh. Ach bhí an ridire thíos mar cuid den mhaisiú ar an scrín, cuma air go bhfuil sé ann le fada. Bhí poll sa ghreille a thug deis dom an pictiúir sin a ghlacadh. Bhí uisce úr le fáil ag an séipéal freisin, rud a raibh fáilte roimhe mar bhí sé ag éirí te faoin am seo.
As sin lean muid orainn tríd coill giúise ar feadh tamaill. Ag pointe amháin sciorr earc fhada  geal-uaithne trasna ár gcosán: Lacerta viridis seans. D'oscail an cosán amach agus shiúl muid tríd fíniúin go dtí baile Caudiès de Fenouillèdes. Stop muid ann agus bhí deoch agus Crêpes againn: sú líomóid úrbhrúite a bhí thar a bheith blasta. Ar aghaidh linn ansin tríd coill arís ar bóithrín coille. Bhí sé te go maith faoin dtráth seo agus saothar orainn leis na málaí droma. Stop muid fán mbealach chun an picnic a bhí tugtha dúinn ag bean an tí a chaitheamh. Chuir sí dua uirthi féin, ach faraor ní go rómhaith a d'oir an teas don bia - bhí an cáis scriosta. Bhí sailéad deas rís, piseanna agus rísíní ann. Agus úlla breá blasta.  Ar aghaidh linn tríd an teas. Ag pointe amháin chuala muid torc allta sa choill in aice linn - siosarnach sna crainn agus ansin gnúsacht mucúil. (Táim sásta go maith nár tháinig sé nó sí inár dtreo!)
An foinse i bPrugnanes
Bhain muid ceann scríbe, Prugnanes, amach ag a 1430. Bhí mé báite le hallas agus ag súil go mór le cith. Ach mo léan, bhí fógra beag ag doras an gîte ag fógairt nach mbeadh sé ar oscailt go dtí 1600. Bhí 15 km siúlta againn. Chuir muid ceist ar bhean sa sráid a raibh bar ná a leithéidí san sráidbhaile. Ní raibh. Is amhlaidh a chuaigh sí sa tóir ar Monsieur le Maire  chun dul sa tóir ar fear an gîte. Ní raibh sé siúd buíoch in aon chor! Bhí ar a laghad foinse sa bhaile, faoi scáth dhá chrann mór seiceamóir a thug foscadh ón ngrian. D'fhan muid ansin mar sin go dtí gur oscail an gîte. Bhraith mé go raibh col éigin ag fear an tí linn, is dócha de bharr an maor a bheith sa tóir air. Mar sin féin, ach dream siúlóirí eile a bheith tagtha chuir sé scoth béile ós ár gcomhair. Muscat mar apéritif arís, agus fíon. Raidhse sailéid glas agus quiche mar réamhphroinn. Mais lán de muiceoil rósta in anlann agus trátaí móra rósta leis. Agus cáis bog agus mil mar mhilseog. Bhí comhrá againn leis na Francaigh óga a bhí ag siúl an chonair ar fad ó Foix go dtí an fharraige. Is amhlaidh go raibh siad ag tosú go luath ar maidin agus ag dul a choladh i lár an lae sular chríochnaigh siad siúlóid an lae sin tráthnóna. Mar sin fhéin bhí siad tuirseach go maith.
Bhí fhios agam go raibh lá fada romhainn lá arna mhárach agus shocraigh mé - le cabhair ó fhear an tí - iarracht a dhéanamh an chuid is mó dár bagáiste a chuir ar aghaidh le Taxi agus gan ach bia agus uisce a iompar. D'éirigh liom sin a dhéanamh, ar chostas €40. Chodail muid go maith!
Caudiès de Fenouillèdes

2012-06-11

Ar Chonair na gCatárach: Ó Lapradelle go Aigues Bonnes

Caisleán Puilarens
Mar a dúirt mé, de réir an eolais a thug an gníomhaireacht dúinn, bhí muid ceaptha tosú ag siúl ag Axat. Shíl muid go raibh bus aimsithe againn a thabharfadh ann muid, cé nach raibh sé le Carcassonne a fhágáil go dtí 10:30. Ní raibh am luaite le  hAxat, ach bhí sé le Quillan a bhaint amach ar a 1200. Sách mall le tús a chuir le siúlóid san teas. Agus ansin chuir fear an bhus ar mo shúile dom nach raibh an bus sin ag nascadh le hAxat ach ar laethanta áirithe, agus ní raibh an Déardaoin ar na laethanta sin. Ní raibh neart air, agus chuaigh muid ar an mbus go Quillan. Tá sladmhargadh ar fáil ar na busanna agus traenacha sa cheantar - €1 is cuma cén faid atá á thaisteal agat. Bhí imní orm mar sin féin maidir le conas a rachadh muid ar aghaidh. Bhí béile mar chuid den pacáiste, réamhíoctha agam, agus le bheith ag 1230 i Lapradelle. Ní raibh fonn orm é sin a chur amú. Ach ní raibh plean agam.
Bhí an dearg ádh linn i Quillan agus shleamhnaigh muid isteach san oifig turasóireachta agus iad ar tí dúnadh don lón - ar feadh dhá uair a chloig! Nuair a d'fhiosraigh mé Taxi i dtosach dúirt siad go mbeadh thart ar seasca eoró le n-íoc cuma an go hAxat nó Lapradelle a chuaigh muid. Ach d'iarr mé orthu an cheist a chuir pé scéal é. Scéal níos fearr ag fear an Taxi, thabharfadh sé muid go Lapradelle ar €25. Shocraigh mé gurbh sin an seift is fearr, bhí an lá ag éirí te agus bhí ocras orainn.
Béile trí chúrsa a bhí san déjeuner a cuireadh romhainn sa phroinnteach le Catharôme; é roghnaithe roimh ré. Sailéad, paté agus couscous mar entrée. Píosa mór groí mairteola le sceallóga. Ceathrú lítear fíon geal leis. Crème Brûlée mar mhilseog. Caife noir. Bolg lán!
Bheadh sé níos críona siesta a bheith againn théis proinn mar sin, ach bhuail muid bóthar, ag tabhairt aghaidh ar chaisleán Puilarens ar bharr an chnoic. Píosa gairid ar an mbóthar ansin cosán géar clochach faoi na crainn (buíochas le Dia) suas an cnoc. Bhain muid an carrchlós amach ar deiridh. Ach anois bhí muid faoin ghrian láidir. An ámharaí an tsaoil bhí muid in ann na malaí droma fhágáil ag oifig na dticéid. Tá táille ar chuairt chun an caisleáin, ach bhí an táille seo san áireamh cheana féin. Bhí dreapadh géar ceathrú uaire ón oifig ticéid go dtí an caisleáin féin. Idir an ghrian agus mo bholg lán, is beag nár thit mé i bhfanntais - bhí orm cúpla sos a ghlacadh. Ach b'fhiú é. Fearann claímh ag dul i bhfad siar an ceantar seo, ar theorann na Fraince agus na Spáinne anallód. An Marche d'Espagne. In am na gCatárach agus an crosáid ina gcoinne bhí an caisleáin seo i seilbh Ríocht Aragon. Bhí an ceantar ar fad roinnte i gcontaetha a bhí a bheag nó a mhór neamhspleách, nó faoi thiarnas Rí Aragon, nó Cúnta Barcelona nó Toulouse. Iad a smachtú cuid den chúis go raibh Ríthe na Fraince chomh diongbháilte sin maidir le páirt a ghlacadh san crosáid in aghaidh na Catáraigh. Ach ní raibh an caisleáin seo páirteach sna cogaí sin. An méid atá ann de anois is daingean teorainn Francach atá ann, ón am sular bogadh an teorann - san 18ú aois - go barrtha na Piréiní.
 Tá codanna den fothrach spéisiúil go maith, go háirithe an cosán fiarlánach chomh fada leis an geata, agus an túr. Agus bhí na radharcanna ar an gceantar máguaird, coillte agus sléibhte dochreidte álainn. Níos doimhne sna sléibhte sin a bhí ár dtriail. Rinne muid botún áfach, ag filleadh ar Lapradelle seachas an cosán ceart go dtí an gráig Puilerans ag bun an chnoic a aimsiú. (Mo chuid Fraincise lag ba chúis leis sin, bhain mé mí-bhrí as na treoracha). B'éigean dúinn ceist a chuir i Lapradelle agus ansin siúl ar ais ar an mbóthar go dtí gur aimsigh muid an áit ceart. Ar ámharaí an tsaoil bhí fógra go dtí an áit go raibh muid leis an oíche a chaitheamh. Agus muid ag iompar ár malaí droma bhí sé achrannach go leor san teas. Tar éis tamaill ar an mbóthar chas muid isteach ar bhóithrín agus tar éis tamaill eile isteach ar chosán caoil. Muid ag dul in airde an t-am ar fad. Sosanna agus uisce de dhíth go minic. Aer cumhra álainn de bharr na sceacha agus lusanna - ach imir de bhualtrach triomaithe tríd.
Bhí fear Québec i ndiaidh rá liom go raibh ar an cosán a roinnt le eallach minic go leor agus uaireanta gur chuir siad bac ar dul ar aghaidh, ach níor tharla sin dúinne. Bhí muid ag streachailt nuair a bhain muid an ard amach, agus rud beag imníoch de bharr nach raibh an fhógraíocht ró shoiléir. Faoiseamh a bhí ann nuair a thuirling muid síos beagán chuig bóthar fógra chuig Aigues Bonnes a fheiceáil. Gráig nach bhfuil ann ach dhá theach, an Gite ceann acu. Níorbh fada go raibh sé bainte amach againn agus chuir bean an tí fáilte romhainn le sirop mismín dá déantús féin. Ba bhreá an rud é allas an lae a ghlanadh díom i cith. Nós na tíre, is cosúil, ithe ag thart ar 2000. Ligeamar ár scíth go dtí sin.
An Tarbh Ceolmhar
Cuireadh béile breá eile romhainn. Ag tosú le Muscat mar Aperitif. Ansin sailéad ón ngairdín agus pióg spionáiste ón ngairdín freisin. Píosa mór mairteola, óna gcuid eallach féin - feirmeoirí mairteola ab ea iad. Agus muid ag ithe agus ag comhrá i Béarla (lag ag bhean an tí, gan pioc ag a fear) agus Fraincis (níos laige agamsa), bhí an tarbh le clos amuigh ag "canadh". Bhí sé scartha ón gcuid is mó den tréad - gan ach dhá bhó agus a lao leis, mar go raibh siad chun an eallach a bhogadh go tailte níos airde.  Bhí an tarbh le dul i trucail chun an baol bualadh le tarbh eile fan bealach a laghdú. Lean sé air ag fógairt a mhíshástacht - go measartha ceolmhar - go ceann i bhfad. Bhí an comhrá deas séimh agus an bia blasta. Ciste seacláide agus creme anglais mar mhilseog. Bhain mo mhac triail as Tisane, seachnaím féin luibheanna mar go mhúsclaíonn sibh an fiabhras léana orm, mismín ach go háirithe. (Bhíos tar éis sirop líomóide siopa a fháil seachas an mismín níos luaithe).
Dála an scéil "Uiscí Maithe" an chiall atá le Aigues Bonnes (san Ocatáinis is dócha) agus toibreacha maithe fíoruisce sa ghráig agus sa ghleann. Ach na feirmeoirí beaga ann faoi bhrú mar atá chuile áit. Dóchas ag muintir an tí as an athrú Rialtais thall. Beidh le feiceáil.

Déanaim amach go raibh thart ar 8 km siúlta againn leis an siar is aniar ar fad, agus thart ar 800 m dreaptha. Chodail muid sách maith, ainneoin an teasa!

2012-06-10

Ar Chonair na gCatárach: Carcassonne

Cathair (Cité) Carcassonne ón Sean Droichead (Pont Vieux). Liomsa.
Thosaigh ár imram le turas bus go dtí Aerfort Átha Cliath go moch ar maidin. Ar aghaidh ansin go dtí Carcassonne ar eitilt de chuid Ryanair agus uaidh sin isteach go dtí baile Carcassonne ar bhus áitiúil. Bhí an eitleán plódaithe go maith le - go háirithe - teaghlaigh óga ar saoire. Ní raibh an oiread sin daoine ar an mbus. D'fhág an bus ar imill an bhaile "nua" muid. B'é an chéad cúram a bhí againn ná an gníomhaireacht taisteal a aimsiú chun an pacáiste eolais a bhailiú - d'iarr mé orthu gan é a sheoladh sa phost mar go raibh imní orm nach bhfaigheadh mé in am é. Chuige sin shiúl muid tríd an ceantar coisithe sa bhaile; ní raibh sé chomh suntasach sin, an ghnáth chumasc de siopaí agus bialanna. Bhí séipéal ársa istigh ina lár, san líne céanna leis na tithe. Agus muid ag teacht as an cuid sin den mbaile bhí ársa spéisiúil ann, geata go dtí an chuid sin den bhaile tráth. Bhí an áit a bhí muid ag lorg ar an taobh eile den Aude áfach agus chun teacht air bhí orainn an Pont Vieux a thrasnú. Ba uaidh sin a fuair muid an céad radharc cheart ar an Cité. Is iontach an radharc é ar mhullach cnoic thuas ón abhann. D'aimsigh muid an oifig agus ansin ar aghaidh linn suas go dtí an Cité, is ann atá an Brú ina raibh muid le cur fúinn don oíche. Faoin am seo bhí teas san lá agus fonn mór orainn fáil réidh lenár málaí. Rud a rinne muid. Bhí ocras orainn agus roinnt rudaí le socrú don gcéad lá eile. Cé go bhfuil an Cité lán le bialanna, bhí amhras orm go mbeadh siad níba daoire ná ba ghá, agus pé scéal é bhí fúm traenacha a fhiosrú go dtí an áit a raibh muid le siúlóid a thosú, Axat.
Bhí béile beag againn i caife sa bhaile, agus ansin chaith muid tamall ag rith thart ag iarraidh cúrsaí a shocrú - is amhlaidh go raibh mo chuid taighde lochtach agus ní raibh aon traein ann go hAxat. Ní raibh aon eolas bhreise le fáil san stáisiún traenach agus thóg sé tamall orainn an oifig turasóireachta a aimsiú. Nuair a rinne, bhí mearbhall orthu siúd i dtosach ach ar deireadh thug siad amchlár bus dúinn. Mar a tharla níor fhéach mise ná iadsan i gceart air - mar is amhlaidh nach raibh an bus chun muid a thabhairt níos faide ná Quillan an lá dar gcionn. Ach sin scéal eile. Pé scéal é d'fhill muid an an mbrú. Bhí mo mhac bocht scriosta ag fiabhras léana (ach bhí muid théis frith-hiostaimíní a fháil sa phoitigéir mar sin bhí smacht éigin aige ar don gcuid eile den turas). Mar sin chuaigh sé i bhfolach le leabhar san seomra. Rinne mé féin deas spaisteoireacht ar na ballaí, agus d'fhill ansin ar an mbrú agus bhí deoch cidre agam. Bhuail mé le fear as Québec a raibh codanna den conair siúlta aige, agus é ar a bhealach ar aghaidh chun roinnt den Camino a shiúl. Fuair mé comhairle maith uaidh. 

2012-06-09

Ar Chonair na gCatárach: Comharthaíocht



Ní cosán stairiúil an Sentier Cathare, marab ionann abair agus an Camino de Santiago. Is siúlóid marcáilte é - nó le bheith cruinn córas de shiúlóidí marcáilte ón Port la Nouvelle ar an Meánmhuir go dtí Foix sna Piréiní. Ba cuid beag de a shiúl muidne le cabhair ó bhileoga i bhFraincis a fuair muid ón gníomhaireacht taisteal agus freisin lámhleabhar (a bhronn an gníomhaireacht orainn) agus léarscáil 1:55000 a cheannaigh muid. An deacracht leis an lámhleabhar ná gur ndearna sé cur síos ar an gconair ón muir go dtí na sléibhte, agus bhí muidne á shúil san treo eile. Bhí na bileoga maith go leor ach ní raibh mionsonraí orthu.
Tá taithí agam ón nGearmáin agus ó Phoblacht na Seice ar chosáin marcáilte. Ach tá córas na Fraince rud beag éagsúil, rud ba chúis linn dul ar strae ó am go chéile. Ar ámharaí an tsaoil bhí comhrá agam le fear as Québec san brú i Carcassonne a thug nod dom faoin difear is suntasaí le tíortha eile: Nuair a bhíonn bealaí éagsúla ag dul ar an gcosán céanna is minic ná bíonn marcáilte ach an ceann is "tábhachtaí" díobh, mar shampla ceann de na "Grand Randonnées". Fágann sin gurbh gá bheith thar a bheith airdeallach nuair a scarann an conair atá uait ón mbealach marcáilte sin. Thug muid faoi deara agus muid ag siúl gurbh amhlaidh go raibh na comharthaí cén cosán gan dul níos flúirsí ná na comharthaí cén bealach le dul! Bhí comharthaí le ainmneacha bailte agus a leithéid orthu i bhfad níos gainne ná mar a bhí súil agam leis. Bhí pollaí fearacht an chinn thuas ann ceart go leor anseo agus ansiúd, ach is minice arbh gá dúinn súil in airde a bheith againn do marcanna ar chlocha nó ar chrainn. Ba faoiseamh i gcónaí é theacht ar mharc mar é tar éis gabhal nó casadh sa chosán!
Bhí an corrán gealaí úd ar chúlra dubh go fánach ar na comharthaí a chonaic muid, cé go raibh sé síonchaite go minic agus uaireanta ar lár ar fad ar na pollaí. Tagairt atá ann do na Catáraigh, bunaithe ar an déachas a bhí mar cuid  dá creideamh, i. an tuiscint go raibh Dia maith agus droch-Dhia ann, agus gurbh den droch-Dhia an saol thart orainn.

Ar Chonair na gCatárach (Réamhrá)

Chaith mé seachtain go dtí an Céadaoin seo chaite san Languedoc. Bhí turas ag dul do mo mhac is sine as gan praiseach iomlán a dhéanamh den Teastas Sóisearach. Bhí fonn ar siúd dul go dtí an Íoslainn, ach bhí sin i bhfad ró dhaor. Ní mé baileach cinnte níos mó céard go díreach a chuir an Sentier Cathare i'm intinn. Is dócha go bhfaca mé rud éigin san Mountain Log. Ach bhí fonn le fada orm dul ag fánaíocht i nDeisceart le Fraince pé scéal é, agus mheall mé mo mhac leis an smaoineamh. De bharr m'aineolas ar an taobh tíre bheartaigh mé turas eagraithe a roghnú. Chuir an dream seo lóistín in áirithe dúinn, béilí san áireamh agus eolas ar cén bealach le siúl. B'shin ceithre lá as an seacht lá réitithe.D'eitil muid le Ryanair chuig Carcassonne, chaith oíche amháin roimhe agus i ndiaidh na siúlóide i mBrú Óige ann, agus oíche eile sa bhrú i Quillan.
Bhí orm mo chuid Fraincise scoile a úsáid níos mó ná mar a bhí súil agam leis - bhí an t-eolas ar fad a fuair muid i bhFraincis. Bhain mé cuid mhaith úsáide as an Foclóir Póca Gaeilge Fraincise! Tá léamh na Fraincise go measartha agam, agus má labhair daoine go mall bhí tuiscint agam air. Ach fuair mé thar a bheith deacair é abairtí a chuir le chéile! Ach is cuid den eachtra sin.
Bhí an bheatha blasta, agus an fíon flúirseach. B'é an bricfeasta an béile amháin nach rabhas ró thógtha leis, tá na nósanna ró éagsúil. Agus iógart nádúrtha gan blas ....
Bhí an síon tirim agus te don cuid is mó, seachas lá amháin a bhí scamallach. Bhí leoithní gaoithe ann, fionnuar don gcuid is mó ach níor bhuail neachtar acu an Cers ná an Tramontane ró dhona muid.
Tá sé i gceist agam cuntas ár fánaíochta a scríobh diaidh ar ndiaidh anseo.
Ach molaim an ceantar agus an conair!

2012-05-28

Bunreacht Pollta

Tá litir láidir san Irish Times inniu ag díriú aird ar foclaíocht an leasú atá le cur ar an mBunreacht san Reifreann Déardaoin:
Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí atá ar an Stát faoin gConradh sin a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac comhlachtaí atá inniúil faoin gConradh sin ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.
Ní hé seo an chéad uair a cuireadh cúldoras mar seo inár mBunreacht. Rinneadh é do geal le gach Conradh Eorpach. Chinn an Cúirt Uachtarach san cás Crotty vs an Taoiseach go raibh reifreann de dhíth má bhí flaitheas le bronnadh ar aon dream eile; is é sin má bhí aon chuid den cumhacht a bhronn an pobal ar eití éagsúla an Rialtas - Reachtas, Feidhmeannas nó Breithiúna -  le cur ar aghaidh.
Airteagal 6.1. Is ón bpobal, faoi Dhia, a thagas gach cumhacht riala, idir reachtaíocht is comhallacht is breithiúnas, agus is ag an bpobal atá sé de cheart rialtóirí an Stáit a cheapadh, agus is faoin bpobal faoi dheoidh atá gach ceist i dtaobh beartas an Náisiúin a shocrú de réir mar is gá chun leasa an phobail.
Ach seachnaíonn an Rialtas an deis a thabhairt don bpobal  iniúchadh a dhéanamh ar na himpleachtaí, ag sleamhnú isteach ailt fearacht an chinn seo:

Airteagal 29.4. 10° Ní dhéanann aon fhoráileamh atá sa Bhunreacht seo aon dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac an Stát, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach nó de na Comhphobail a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac an tAontas Eorpach nó na Comhphobail nó institiúidí díobh, nó comhlachtaí atá inniúil faoi na Conarthaí ag bunú na gComhphobal, ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.
Bhí tuairiscí ann  go ndearna an Rialtas a seacht ndícheall foclaíocht a fháil don gConradh a seachnódh reifreann. B'é breith an Ard Aighne áfach gurbh gá reifreann. Mar sin, tá cuid éigin den mBunreacht - a bhí daonlathach agus forásach sna 1930í nuair a reachtaíodh é, ach atá tagtha sna blianta, le bheith lagaithe ag an gConradh seo. Ach ní heol dúinn go beacht cén tionchar a bheidh aige mar gur chinn an Rialtas cúldoras eile a oscailt sa Bhunreacht seachas a léiriú dúinn céard go díreach a athróidh an cháipéis meamraiméise seo.

Ba cheart do bhunreacht a bheith glé, grinn soiléir soléite. Bhí tráth. Níl níos mó. Táimid mar sin spléach ar aos dlí chun meabhair a bheith a bhaint as - rud a chiallaíonn gur gá do saoránach misniúil éigin dul sa bhfiontar na deicheanna nó na céadta míle dá airgead a chailleadh d'fhonn ceist ar bith a shoiléiriú. Airgead an cháiníocóra a bhíonn a chaitheamh ag an dtaobh eile agus is beag buaireamh a bhíonn orthu dá réir.

Gheall an Luch [stet] Oibre Comhdháil Bunreachta dúinn chun bunreacht soiléir (agus "forásach" de réir a dtuiscint siúd, ach sin scéal eile) a bhronnadh orainn. Ach n'fheadar an gealltanas bhriste eile san.

Maidir leis an Reifreann fhéin, tarlaíonn sé nach mbeidh mé san tír Déardaoin. Agus níl éirithe agam theacht ar chinneadh bealach amháin nó bealach eile. Ach ní maith liom na cúldoirse seo!

2012-05-25

Camchuairt cois cósta na Cnocadóirí

Ag tús na míosa, an deireadh seachtaine fada, bhí mo mhac agus mé féin i measc cúigear déag Cnocadóirí a thug aghaidh ar Sir Penfro na Breataine Bige. Bhí sé i gceist againn roinnt siúl a dhéanamh cois cósta ar Slí Cósta Sir Penfro.
Bhailigh muid le chéile i Rós Láir tráthnóna Aoine chun dul ar an mBád um a naoi go dtí Abergwuan. Thart ar cheithre uaire a mhaireann an turas ach tá na longa chomh mór sin - agus bhí an fharraige ina chlár geal leis pé scéal é - nach mbeadh fhios agam tú bheith ar an uisce. Faoiseamh domsa, mar ní mairnéalach maith mé! Bhí an fear eagar, Seán, tar éis mionbhus a chuir in áirithe chun muid a bhreith go dtí ár gceanncheathrú don deireadh seachtaine Brú na Seanscoile i Trefin. Ba Brú de chuid na heagraíochta a bhí ann, ach tá sé anois i seilbh lánúin a bhfuil athchóiriú déanta acu air agus a thug togha na haire dúinn ó thaobh bricfeasta dhe!  Stíl Art Déco a bhí ar an seomra ina raibh mo mhac agus mé féin ag cuir fúinn agus cóipeanna de phictiúir le Tamara de Lempicka ar na ballaí, maille cnuasach leabhair ealaíona. Ach bhí na leapacha sách compordach, rud a bhí de dhíth tharla go raibh sé tar éis meán-oíche sular shroich muid iad!

Maidin Satharn chaith muid bricfeasta maith - leite ar stíl na Cairibe dóibh siúd ar mian leo é - agus ansin bhí mionbhus ann chun muid a thabhairt go tús na siúlóide gar do Abergwuan -an teach solais ar Inis Mhichíl lámh le Pencaer. Uaidh sin lean muid an conair cósta ar feadh thart ar fiche ciliméadar. Cloíonn an cosán go dlúth leis an gcósta don gcuid is mó, cosán caol clochach, thuas seal thíos seal. Tá an chúram tugtha dó, geataí ann chun eallach a choinneáil ó fhánaíocht, droichid agus dreapaí deá fheisithe nuair is gá iad. Bhí bláthanna flúirseach - bainne bó bleachtáin, sabhaircíní, odhrach bhallach agus flúirse eile nach bhfuil eolas agam orthu! Chonaic muid rónta cúpla uair freisin thíos fúinn. Bhí ionadh orm nach bhfaca muid mórán éan mara in aon chor - bheadh a leithéid de chósta abhus breac leo mar atá Conair na haille i mBré. Bhí an siúlóid taitneamhach go maith, ach ní cuimhin liom anois aon bhuaicphointí ar an céad lá sin! Is amhlaidh gur shiúl muid ar ais chuig Trefin, á shroicheadh thart ar a sé in am mhaith chun muid fhéin a sciúradh tar éis brothall an lae agus an siúil. Chaith muid proinn ansin istoíche san "Ship Inn" (suíomh idirlín s'acu as feidhm faoi láthair is cosúil).
Maidir Domhnaigh thug muid aghaidh ar an dTrá Mór gar do Theach Daithí. Léiríonn an mír seo den suíomh mórán an bealach a thóg muid. Thosaigh muid ag an Trá, agus thrasnaigh Ceann Daithí agus ar aghaidh fán cósta ar ais go Trefin. Cé go bhfuil an taobh tíre seo ciúin anois, ba áit tionsclaíoch é tráth - slinn a bhaint as cairéal cois cósta, agus ansin nuair a bhí deireadh leis sin brící á dhéanamh as an fuílleach.  Tá na hiarsmaí fós le feiceáil:  mar shampla an Poll Glas i Abereiddi, poll mara atá san áit gur baineadh cloch as na haillte, nó na sean monarchan brící i Porth-Gain.
An Poll Glas, Abereiddi
An Teach Mór, Porth-gain. Monarchan brící tráth
Bhí muid á ghlacadh go breá réidh, agus bhain muid sult as tae agus uachtar reoite in Abereiddi agus ina dhiaidh sin "Cream Tea" i mbialann i Porth-Gain - cé nach raibh an oiread sin scones fágtha acu! Bhí muid ar ais i Trefin in ama maith do béile breá eile san Ship Inn agus an uair seo bhí coirm ó Ghleann Gwuan agam mar anlann leis. Bhí oíche breá codlata againn. Bhí muid le bád meán lae a thógáil as Abergwuan. Tá dún ar an taobh eile den chuan ón calafort farantóireachta (atá i Widg seachas Abergwuan). Mar sin, d'fhág muid an bagáiste san calafort agus thug an mionbhus síob dúinn go dtí an dún agus shúil muid an cuid sin den cosán cósta ón dún go dtí an calafort.
Tríd is tríd: deireadh seachtaine fiúntach, tairbheach, taitneamhach.


2012-05-24

An Reacaire i mo phóca

Bíonn seinnteoir MP3 liom go hiondúil ar mo bhealaí, ceann de chuid Sony. Raidió atá ann chomh maith, agus bainim feidhm as chun éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Seachas sin is le ceol is mó a bhím ag éisteacht uaidh. Ach oireann sé go maith do chaint, agus go háirithe do scéalaíocht agus filíocht. Tig liom mar sin éisteacht leis an mBabPeig: Nó cluas a thabhairt Aniar.
Tá foinse nua aimsithe agam le tamaill áfach. Tá muintir Chló Iar Chonnachta ag bronnadh seoda reacaireachta saor in aisce orainn lena rannóg "An Béal Beo"
Go dtí seo tá Scéalta an Phiarsaigh crochta liom agam. Agus filíocht le Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock agus Máire Mhac an tSaoi.
Sin anois comhluadar léannta ildánach don gcomaitéir bhocht! 
Tá scéalta an Phiarsaigh mós maoithneach, ach léite go seoigh ag Liam Mac Con Iomaire. Taitníonn an fhilíocht liom freisin nuair a bhuaileann an taom mé. Ach is breá an áis an reacaire póca, agus táim thar a bheith buíoch do Chló Iar Chonnachta as an t-ábhar a sholáthar. Cá bhfios nach spreagfaí amach anseo mé le cuid de na leabhair a cheannach (arís!).

2012-05-15

Ambaist!

Bhain mé feidhm as Ambaist! le teann grinn i ngiolc de mo chuid. Mháigh Conchubhar nár chuala sé aoinne á rá le tríocha bliain agus go raibh sé mínádúrtha é a úsáid. Go raibh rud éigin bréagach faoi fiú. Gach seans go bhfuil. Tar éis an tsaoil, cé gur tógadh le Gaeilge mé is cainteoir athdhúchais mé, a tógadh i bhfad ón nGaeltacht. Nuair a bhím ag labhairt Gaeilge is le foghlaimeoirí is mó a bhím á labhairt. Is mó i bhfad an tionchar atá ag mo chuid léitheoireachta ar m'fhoclóir mar sin, cé go mbím ag éisteacht go craosach le Raidió na Gaeltachta agus ag sciobadh nathanna fearacht "Am gliondála" ón méid a chloisim. Luíonn sé le réasún go bhfuil mórchuid den ábhar a léim seanfhaiseanta, scartha amach ó theanga bheo na Gaeltachta, fiú nuair is  údar Gaeltachta de chuid na linne seo, Joe Steve Ó Neachtain nó Maidhc Dainín Ó Sé abair, a scríobh. Níl leigheas ar sin.
Tá gné eile ann. Bíonn mo leithéidí ag iarradh lorg an Bhéarla a sheachaint agus is féidir go mbíonn ró-choigeartú ar bun agam, agus ró thóir ar an nath ársa. Tá ríomhaithne agam ar dhuine a mhaíonn go n-aithníonn sé an fíor nath Gaelach de bhrí nach féidir ciall a bhaint as má aistrítear focal ar fhocal é. (Leithéidí "Go n-éirí an bóthar leat", abair). Sílim an ceart a bheith aige san méid sin cé go bhfuil amhras orm go bhfuil a mhalairt fíor, i. nach nath dúchasach atá ann má tá ciall leis fós má thiontaítear na focail - sampla cáiliúil is ea "Tá fáilte romhat" mar fhreagra ar "Go raibh maith agat". Nath atá sa Bhéarla agus sna teangacha a bhfuil teagmháil acu leis. Nílim féin cinnte nach an bealach eile thart a bhí sé an uair seo - sna teangacha eile ar an Mór Roinn is rud éigin fearacht "le'd thoil" a bhíonn mar fhreagra i gcás mar é, nó "Na habair é".
Pé scéal é, tá sé i gceist agam an méid a léim a scagadh do nathanna, agus gan a bheith ró bhuartha faoi cé chomh hársa is atá siad chomh fada is a tuigtear mé. (Dála an scéil tá 70 amais do Ambaist sa chorpas).
Bhí plé spéisiúil eile againn ar théarmaíocht agus claonadh agam aontú le tuairim Conchubhair nach bhfuil "Cobhsaíocht" nádúrtha mar cur síos ar an seasmhacht i gcúrsaí airgeadais a mhaítear a bhronnfaidh an conradh úd orainn. Agus bhí an plé maidir le drong smaointeoireacht" (Moladh "Aonghusa) nó "sluasmaoineamh" nó fiú "sluamachnamh" a bhí againn le déanaí thar a bheith tairbheach dar liom. Ag deireadh an lae, beatha teanga a labhairt - agus buanú teanga an nathaíocht agus an sáraíocht scríofa ar líne!

Aguisín: Fuair mé an fhreagra seo ó Mharcus ar Twitter: "Theip orm seo a d'fhágaint ar do bhlag ar chúis éigin. Tá 'ambaist' beo i gCorca Dhuibhne. Ó bhéal déagóra a chuala le déanaí é."

2012-05-14

Cé hé Paul Murphy?

Thug mé suntas don bpóstaer seo don reifreann ar an gConradh is déanaí. (Nílim cinnte cén teideal is ceart a thabhairt air - ná nílim cinnte cén breith atá agam air). Go dtí seo ar aon nós, níl ceann ar bith eile feicthe agam le aghaidh duine air. Is cosúil mar sin gur cuid den feachtas Paul Murphy a fháil atofa atá i gceist leis. Tuigim dó ar shlí. Go bhfios dom níor sheas sé i toghchán go dtí seo - tháinig sé i gcomharbacht ar Joe Higgins, nuair a bhuaigh seisean suíochán dála arís. Seanfhondúir sa pholaitíocht abhus is ea Higgins, agus cé go raibh sé i gcónaí sa bhfreasúra, is fear deisbhéalach é a bhíonn nathanna maithe aige a fhágann go bhfaigheann an méid a deir sé clúdach sna meáin náisiúnta go furasta. Ní hamhlaidh don fear a thóg a áit. (Ní bhíonn fothoghchán i gceist don Parlaimint Eorpach, ainmnítear duine le suíochán a ghlacadh má éiríonn duine eile as)
Mar sin, is gá dó an sciar den bpobal a aithníonn é a mhéadú roimh an gcéad toghchán eile. Tá cleas mar é á imirt ag an Lucht Oibre chomh maith, an feisire reatha Proinsias de Rossa éirithe as chun deis a thabhairt don mbean (nach cuimhin liom a hainm) a ghlacfaidh a áit san céad toghchán eile a seal san spotsolas a ghlacadh. Sin gné d'ár córas atáim anois idir dhá chomhairle faoi - gurbh daoine seachas polasaithe a toghtar. Bhí an t-am ann gur shíl mé gur deá rud a bhí ann go mbeadh ar dhaoine an pobal a mhealladh astu féin, seachas áit socair ar liostaí a bheith ag saighdiúirí maithe páirtí. Tá bá áirithe agam leis an smaoineamh sin fós. Ach an toradh atá air go bhfuil an córas lofa le cliantachas, gurbh iad na daoine is fearr ag déanamh gar (nó a chuireann an cuma orthu féin go ndearna siad gar) a thoghtar. Rud a fhágann go bhfeileann córas atá briste dóibh, de bharr go mó na deiseanna gar a dhéanamh a bhíonn i córas mar é le hais córas éifeachtach. Agus rud a fhágann gur beag difear dáiríre maidir le riar na tíre a dhéanann sé cén dream atá i gcumhacht. Cuirtear acmhainní amú dá réir, rud a chuireann leis an bhfaopach ina bhfuilimid. Ach, mar is léir ón íomhá thuas, mothaíonn fiú iadsan a bhfuil seasamh láidir idé-eolaíoch acu gur gá dóibh an cluiche lofa céanna a imirt.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

Aguisín: De bharr go bhfuil a pictiúir ar Phóstaer mhóra reifreann sna stáisiún DART tá's agam anois gur Emer Costello atá tar éis suíochán an Lucht Oibre a bhí ag Proinsias de Rossa a ghlacadh.