29 May 2008

Leas na hÉireann, Leas na hEorpa.

Táim fós idir dhá chomhairle maidir le Conradh Liospóin.

Ach táim ag claonadh i dtreo glacadh leis. Bhí idirbheartaíocht fadálach i gceist leis an gConradh um Bunreacht a Bhunú don Eoraip. Theip ar sin, toisc gur dhiúltaigh pobail na Ísiltíre agus na Fraince dó. Ar chúinsí logánta, ach freisin de bharr Treoir Bholkenstein ar seirbhísí (a theip ina dhiaidh sin). Mar sin, tá muid ag plé le Plean B cheana féin. Is annamh mé ar aon fhocal le Charlie McCreevy, ach aontaím leis nach mbeidh aon Plean C fiúntach ann. Tá cinntí tábhachtacha le déanamh ag an AE ar ceisteanna margaíochta na hEagraíochta Dhomhanda Trádála, ag slándáil, faoi athrú aeráide. Ní hacmhainn dúinn fuinneamh ár dtaidhleoirí a cuir amú le hathsníomh pacáiste nua.

Ceist seo gan coimisinéir de chuid na hÉireann a bheith ann cúig bliain as gach cúig déag, de bharr na rialacha nua. Feictear dom nach meánn sin brobh. Sórt státseirbhísigh polaitiúla iad na coimisinéirí, ag freastal ar chomhairle na n-airí.
Is iad na Rialtais a dhéanann na cinntí. Tá ceangal de réir móid oifige orthu freastal ar leas an Aontais, beag beann ar a dtíortha féin. Sé Buanionadaíocht na hÉireann ag an AE a feidhmíonn ar ár son. Agus tá tionchar nach beag acu - tá tionchar i bhfad chun cinn ar ár daonra ag Éire san AE, de bharr scoth na dtaidhleoirí a bheith againn.

Maidir leis an cuir leis an linn cinntí a ghlacfar le vótáil tromlaigh cháilithe, agus an laghdú dá réir ar an vóta crosta. Arís, ní dóigh liom go bhfuil sin chomh tromchúiseach. Admháil teipe taidhleoireachta atá ann nuair a fheidhmítear vóta crosta. Agus is annamh a rinne Éire é.

Tá an tAE bunaithe ar idirbheartaíocht agus comhghéilleadh; agus toradh air - an tréimhse is faide síochána riamh dá mballstáit.

Cuireann na socraithe nua leis an ndaonlathas i roinnt bealaí. Beidh ról foirmeálta, neamhspleách ar an Rialtas, ag an tOireachtas i cíoradh dlíthe Eorpacha. Is feabhas mór é sin; go dtí seo ba mhinic dlí na hEorpa á chuir i bhfeidhm anseo tríd ionstraim reachtúla nár pléadh in aon chor san Oireachtas.

Tá ról níos leithne le fáil ag an Pharlaimint Eorpach, ina measc an cumhacht coimisinéirí aonaracha a bhriseadh. (Anois, ní ró shásta a bhí mé nuair a stop siad Rocco Buttiglione ó bheith ina choimisinéir, ach sin ceist eile)

Is feabhas é an Cairt um Bunchearta a bheith infheidhmithe de réir dlí nuair is dlí na hEorpa atá i gceist. Agus ní dóigh liom go mbrisfidh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach Bunreacht na hÉireann ach oiread; faoin bpobal anseo agus an Cúirt Uachtarach anseo atá sin.

Tá prótacail a chosnaíonn seasamh na hÉireann maidir le ginmhilleadh agus neodracht.

Tá an rogha ag an Rialtas glacadh le beartais áirithe ag baint le dlí agus cirt, nó gan é dhéanamh.

Tríd is tríd, cé nach seo an daonlathú ó bhun ar mhaith liom feiscint ar an AE, ná an feabhas ar choimhdeacht, is dóigh liom gur margadh sách maith atá ann.

Meicsiceo ag iarraidh teanga a shábháil ón mBás

Scéal ó El Pais:

Níl fágtha de lucht labhartha an xwja ach ochtar atá ag druidim ar an ceithre scór.

De réir an Consejo Nacional para la Cultura y las Artes (Comhairle Náisiúnta don Cultúr agus na Dánta):

Is de bharr easpa úsáide, tost agus cuma liom a cailltear teangacha.

28 May 2008

Fuighle Loin na hInise


(Íomhá ó Wikimedia)

Cuaifeach Mo Lon Dubh Buí le Séamas Mac Annaidh díreach críochnaithe agam. I ruathar seachtaine a léigh mé é - comhartha ar rud éigin é sin! Úrscéal le Flann O'Brien is mó a mheabhraigh sé dom, lena shnáitheanna éagsúla, osréalacha: agus an t-údar nó a athfhéin lárnach don scéal.

Tá sé breac le tagairtí liteartha, staire agus béaloidis; cuid acu a thuig mé agus níos mó (táim cinnte) a d'éalaigh orm. Bhí cúpla sáiteáin i dtreo lucht ró dháiríre na gluaisteachta ann chomh maith; tréith eile a bhí ag Myles.

Tá scéal Gilgamesh tábhachtach ann. Ar ábharaí an t-saoil, bhí leagan éigin den scéal sin léite agam cheana agus breac cuimhne agam air, nó bheinn ar strae ar fad.

Streachailt an ealaíontóra leis an síoraíocht, ag iarraidh an bás a chuir ar ceal, téama atá intuigthe fiú ag innealtóir cosúil liomsa!

Scríobh Séamas an leabhar seo agus é sna fichidí luaithe. Is trua nach bhfuair mé greim air agus mé san aois sin: is dóigh liom go bhfuil gnéithe de a mbaineadh an mise úd níos mó taitneamh astu ná mise anois.

Ach tríd is tríd, thaitin sé liom.

Is cosúil go bhfuil an leabhar as cló: Níl sé ag litriocht.com; ón leabharlann a fuair mise é.

Éire is ainm don Stát

Bunreacht na hÉireann
Airteagal 4
Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland.

ACHT PHOBLACHT NA hÉIREANN, 1948.
2. —Dearbhaítear leis seo gur Poblacht na hÉireann is gnéthuairisc ar an Stát.

Mar sin, de réir Bunreacht agus Dlí na hÉireann, agus in ainneoin leasú ar Airteagail 2 & 3 na Bunreachta, Éire is ainm don Stát.

Éire is ainm don oileáin chomh maith, dar ndóigh. In onóir Ériu, a bhí níos deise le Clann Míle ná a deirfiúracha Banba agus Fódla!

Seans dar ndóigh go bhfeadfaí athghabháil a dhéanamh ar roinnt des na hainmneacha eile atá luaite ag Céitinn. Muicinis, abair. Nó Ogigia.


Ceist a pléadh ag an gciorcal díospóireachta aréir fá ndear an mhír seo.

25 May 2008

Tá gairm éisteachta ag sagairt

Lá Domhanda um Urnaí ar son Naofacht Sagairt is ea de hAoine seo chugainn.

I mbliana, tá feachtas fógraíochta ar bun - ag díriú isteach ar ról tréadach, éisteacha sagairt.

Thug mé faoi ndeara na híomhánna ar an DART - tá siad dubh agus bán, agus sách duairc.

Ach is gné de feidhm sagairt ar éisteacht, san faoistin agus lasmuigh de, agus gné ar féidir leis cabhrú i dtéarnamh duine.
Tháinig tú ónár measc,
le bheith i do dhuine a fhreastalaíonn orainn
Gabhaimid buíochas leat as Críost a roinnt orainn,
agus as cabhrú linn Críost a roinnt ar a chéile
Tá an paidir iomlán anseo:

23 May 2008

Leithscéal dlite do Ghallaibh?

Bhí alt spéisiúil ag David Adams san Irish Times inné.

Cé gur aontachtaí, agus go deimhin (iar?) dílseoir é, amharcann sé ar fhéin mar Éireannach fosta.

Bhí sé ag rá go rabhamar mar phobal fós ag fí brat an íobartaigh dúinn féin, agus ag maíomh as ár uaisleacht toisc go bhfuil muid cairdiúil le Sacsaibh "ainneoin an dochar a rinne sibh dúinn".

Mheabhraigh sé dúinn nach bhfuil deacracht ar bith ag fíor iar choilíneachtaí le cuairt ó daoine mór le rá, nó Teaghlach Ríoga na Breataine féin - ach go ndearna muide scéal mór as go raibh muid toilteanach ligeann do cluiche rugbaí le Sasana dul ar aghaidh i bPáirc an Chrócaigh.

Is dóigh liom go bhfuil pointí maithe déanta aige.

Ní mór cuimhneamh, ón uair go raibh Diarmaid na nGall agus Ó Ruairc Bhreifne in achrann faoi bhean, go raibh ról ag faltanas idir Éireannaigh inár stair duairc, chomh maith le lámh láidir Sasanach. Deacracht Éireann deis Shasana, i bhfocail eile. Fiú inniu, is deacracht idir dhá dream Éireannach a mhúnlaíonn an caidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an dlínse seo; b'fhearr go mór le Sasanaigh bheith réidh leis an iomlán againn!

Ní cheart dúinn ach oiread neamhaird a dhéanamh de go raibh Éireannaigh gníomhach i dtógáil agus reáchtáil Impireacht úd na Breataine.

Mar sin, cad a dhéanfaidh mé má thugann Eilís scuaird anall chugainn? Bhuel, bheadh níos mó fáilte agam roimh Uachtarán Phoblacht Cónaidhme na Breataine; ach mar Ionadaí Pobail na Breataine, is ceart fáilte cúirtéiseach a chuir roimpi. Ní bheidh mise ann; ní nós liom dul ag stánadh ar dhaoine mór le rá. Ach ní bheadh deacracht ar bith agam le haon gníomh de chuid an Rialtais de réir an phrótacal cuí.

Saothar, saoirse agus peannaid

Alt eile ó El Pais leis an teideal "Reiligiún, saothar agus peannaid".

Maíonn an t-údar, ollamh le socheolaíocht, gur creideamh na sclábhaithe í an Chríostaíocht: a theagascann gur pionós de bharr peaca an t-sinsir obair; agus go bhfuil fiúntas san peannaid de bharr slánú an duine ag Críost. Maíonn sé nach fíor níos mó go bhfuil obair doilí riachtanach, agus dá réir go bhfuil ré na Críostaíochta thart.

Tá breall air faoi cúpla rud.

Ar an gcéad dul síos, maíonn an Chríostaíocht fiúntas a bheith san obair, ní toisc gur peannaid é, ach toisc go dtugann sé ról don duine i bhfoirfiú cruthú Dé. Don duine an saothar, ní don saothar an duine. Luadh obair roimh an turnamh, ach de bharr an turnamh, tá obair deacair.

Maidir le peannaid, tá an cheist níos casta ná leamh simplí mo dhuine.
Is cuid den bheith daonna peannaid agus tinneas. Is é teagasc na heaglaise gur iarmhairt den turnamh atá ann. Ach aithnítear freisin gur féidir le duine fás de bharr peannaid.


Níl ré na Críostaíochta thart, ná baol air. Ach maidir le ré na socheolaíochta....

22 May 2008

Ocras

Alt suimiúil agus scanrúil in El Pais, nuachtán Spáinneach.

Níl easpa bídh san Domhan; ach tá ocras. Tuige? De bharr foirceadal an margadh saoir, a fhágann gurb iad na comhlachtaí ilnáisiúnta atá ag rialú an tsoláthair bídh.

Muide san Iarthar, is mian linn bia saor a bheith againn, cuma cad as a dtagann sé, agus más an séasúr don bhia é nó nach ea.

Mar sin, ceannaíonn na hollcomhlachtaí talamh sna tíortha i mbéal forbartha, agus onnmhairítear an beatha astu. Fágtar an dream ann thíos leis; ní hacmhainn dóibh an bia a cheannach.

Ach is ár mbeatha féin atá a chuir i mbaol againn - níltear ag tairgeadh an méid bia abhus agus a d'fheadfaí, toisc nach bhfuil an brabach céanna le baint as.

An moladh san alt: ar mhaithe le hísliú praghsanna, agus fóirithint ar an ocras domhanda, ceannaímis bia áitiúil, san séasúr cuí.

21 May 2008

Céard é Ealaíon?

Tá an bhlagmhír seo á fhuineadh i'm intinn ón idirphlé úd a bhí agam le Rosie.

Tá an nath gurb é staidéir na háilleachta crích na healaíona cloiste agam. Ach tá amhras orm faoi sin. Is minic uafás nó gruaim á léiriú i saothar ealaíona.

Is cuimhin liom cuaird a thabhairt ar an taispeántas Rosc sna 1980í agus mé fós ar an meánscoil, agus fós san rang ealaíona. Tá pictiúr amháin neadaithe i'm intinn - pictiúr a bhí liath agus dearg, agus a léirigh cloigeann daonna agus cith francach craosacha ag tuirlingt air.

Is dóigh liom go bhfuil gné eile ann; léiríonn ealaíon fírinní faoin duine; fírinní a bhraitear, a mbíonn tionchar acu ar an dtoil agus na mothúcháin seachas an réasún.

Tá rudaí suimiúla le rá ag an gCaiticiosma faoi ealaíon, go háirithe ealaíon sácráilte;


(Sliocht as uimhir 2501)
...foirm is ea an ealaín den eagna phraiticiúil, a chuireann eolas agus stuamacht le chéile d'fhonn crot a bualadh ar fhírinne réaltachta áirithe, agus sin i gcanúint a bhfuil teacht ag radharc agus clos uirthi


Is cuimhin liom scéal a chlos uair amháin faoi chumadóir cáiliúil, a sheinn píosa ceoil nua cumtha dá chuid. Cuir duine ceist air "Cad is brí leis?"
Mar fhreagra, sheinn sé an píosa arís. An cheist chéanna a bhí ag mo dhuine. Sheinn sé arís é.
Dúirt Picasso rud gaolta leis sin:

Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, labhraíonn pictiúr ar a shon féin. Cén mhaith léirmhíniú a thabhairt, nuair atá gach rud déanta agus ráite? Níl de chanúint ag péintéir ach an péintéireacht.

Dar ndóigh, ní fiú bheith in achrann faoi toighis - beatha duine a thoil, agus ní lia duine ná tuairim.

Léigh mé tagairt do rud a dúirt Liam Mac Cóil ar na mallaibh; Ealaíon is ea an rud a ghlacann an pobal leis mar Ealaíon. Ach cén pobal?

Cé leis tú?

De bharr cúpla alt san Irish Times inniu, agus aitheasc Des Geraghty don Oireachtas, atá i gcló i bhFeasta na míosa seo, táim ag filleadh ar cheist an fhéiniúlacht Éireannach.

Chuir Bryan Mukandi ceist san Irish Times inniu:

An cailín úd ón Nigéir, a bhfuil roinnt Gaeilge aici, agus atá ag cleachtadh rincí Gaelacha - cad atá de dhíth le go nglacfar léi mar Éireannach?


San eagrán céanna, bhí Vincent Browne ag caint faoin gcaoi ar mhúnlaigh foireann gairmiúil rugbaí aitheantas Muimhneach, nach raibh ann ar an gcaoi céanna roimhe.

Is tógán é aitheantas; bíonn sé mar chuid de féiniúlacht duine má thograíonn sé féin é; agus glactar nó ceiltear ballraíocht i ngrúpa de réir toil an ghrúpa.

Bhí Des Geraghty ag moladh "Clanna Gael" seachas "Cine Gaelach" mar coincheap a bheadh mar bhunús don náisiún Éireannach; coincheap a thugann aitheantas don iolrachas fréamhacha a bhí riamh againn mar phobal; Fir Boilg, Sliocht Mhíle, Dubhghaill, Fionnghaill, Sean Ghall, Pléimeannaigh, ...

Cuid mhaith acu níos Gaelaí ná na Gaeil.

Tá dreamanna eile ag tarraingt orainn anois, agus iad gníomhach ag múnlú an Saol Fódlach.

Agus tá na Gaeil thar sáile, a bhraitheann nasc le hÉireann, is cuma cé méid glúin ó shin a d'fhág a sinsear Éireann.

Mheabhraigh an cheist scéal dom, a chuala mé faoi Nuala Ní Dhomhnaill: Nuair a chuaigh sí go Corca Dhuibhne ar dtúis, agus í ina cailín óg, cuireadh an ghnáth cheist gaelach uirthi - an cheist úd a chuirtear chun áit duine sa sochaí a chinntiú - "Cé leis tú?"

"Is liom féin mé" an fhreagra a thug sí.

Freagra eagnaí, dar liom.

Murab ionann agus saoránacht nó cónaitheacht, arbh dé réir dlí a bronntar iad, ceist don duine féin is ea féiniúlacht.

Táim den tuairim go bhfuil gá againn le tuiscint leathan, solúbtha ar féiniúlacht. Tá a chion den Éireannachas ag dul d'aoinne a bhfuil cónaí buan orthu anseo, nó nasc acu leis an dtír seo.

20 May 2008

Ceist Chigiliteach Caille na gCailíní Cráifeacha: Cosc nó Cosaint?

D'ardaigh scoil i nGuaire ceisteanna faoin gcaille a chaitheann cailíní cráifeacha Moslamacha.

Níl aon aontas i measc Moslamaigh ar an gceist seo, ach táid ann, agus cailín amháin ag freastal ar an scoil úd ina measc, a chreideann gur dualgas reiligiúnda é an chaille a chaitheamh ach bean a bheith tagtha chun caithreachais.

Tá léamh amháin ag lucht an saoltachas ar seo: sé sin gur cheart cosc iomlán a bheith ar creideamh sofheicthe in aon áit poiblí. Diúltaím glan amach don baoth thuairim idirdhealaitheach, leatromach sin.

Ceist thábhachtach agus cinniúnach atá anseo - mar a deir Conchubhar, is féidir go bhfuil muid ag gearradh slat ar mbuailte leis an gceist seo.

Tá tíortha eile san Eoraip imithe romhainn ar an gceist seo - an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc. An dearcadh saoltach atá i réim san Fhrainc - agus a chónach sin orthu. Tá cailíní, ar mian leo bheith cráifeach, díbeartha ó na scoileanna stáit, agus an pobal Ioslamach éirithe radacach dá bharr. Tá an cheist níos casta sa Ghearmáin, le difríochtaí áitiúla. Ach d'fhan nath amháin as alt liom:

Bhí an caille ceart go leor, nuair a bhí muid ag glanadh bhur dtíthe. Ach anois agus muid inár múinteoirí, agus dlíodóirí...


Ná bíodh a leithéid le rá fúinn!

Tuigim go bhfuil ceisteanna ann, agus droch thaithí i dtíortha Eorpacha eile, le hiallach a bheith á chuir ar mhná an chaille a chaitheamh, cuma cad is mian leo féin. Táid ann a deir go gcabhródh cosc sna scoileanna leis an mbrú sin a bhriseadh. Ní dóigh liom é.

Is dóigh liom go bhfuil sé riachtanach dúinn na mná seo a chumasú tríd iad a chomhshamhlú san gnáth saol Éireannach, gan cur isteach ar an dualgas a bhraitheann siad a bheith orthu, ach spreagadh a thabhairt dóibh bheith bainteach go gníomhach le sochaí fíor daonlathach, a bhfuil meas aige ar chreideamh, ach nach ngéilleann don gcos ar bolg.

Focal scoir: deirtear san Times inniu amhras a bheith ar údaráis na scoile go mbeadh an baol ann go ndéanfaí tromaíocht ar an gcailín dá mbeadh Hijab á chaitheamh aici. Is cinnte go bhfuil an baol sin ann - tá sé foghlamtha ag mo chlann nach maith le roinnt gasúr eile an éagsúlacht. Ach ní cheart an milleáin, ná an dualgas athrú, a chur ar an dté atá thíos le tromaíocht, seachas na bullaithe.



Aguisín: tá sé suntasach chomh maith gur Éireannach a d'iompaigh ar an Ioslam athair an chailín - agus Sasanach (sílim) a mathair, a d'iompaigh freisin.

19 May 2008

Cosc ar chnuasbhuamaí?



(Íomhá de chuid Aerfhórsa SAM, aimsithe tríd wikimedia)

comhdháil a d'oscail inniu i bPáirc an Chrócaigh ag iarraidh teacht an Chonradh a chuirfidh deireadh leis na harmáin uafásacha seo.

Is scannalach an rud é go bhfuilid fós ann - is leanaí is minice a bhíonn thíos leo de bharr an ráta ard teip a bhíonn sna mionbhuamaí iontu, an chuma tarraingteach do phaistí atá orthu - agus an baol ard go bpléascfaidh siad nuair a phioctar suas iad. (Scéal anseo)

Tá na príomhtíortha a bhíonn ag tairgeadh na buamaí seo in easnamh ón gComhdháil, mar sin sé an buaic is féidir a bhaint amach ná conradh a chuirfidh brú morálta ar na tíortha sin eirí as.

Ach sin sprioc arbh fiú triail a bhaint as é bhaint amach.
Go n-éirí leo.

Tá an Pápa Benedict agus Rúnaí Ginearálta na NA tar éis labhairt go láidir ar son Chonradh.

18 May 2008

Briseadh croí sa tSín

Tá cúige Sichuan san Sín fós a bhualadh ag creathanna talún agus mé á scríobh seo. Tá na mílte marbh.

Tá trí lá caoineadh náisiúnta gairmithe ag an Rialtas thall.

Tá mo chomhghleacaí Síneach, agus - táim cinnte - mórán Sínigh eile thar lear dubhach faoin scéal seo.

Bhí scéalta truamhéalacha sna nuachtáin faoi thuistí ag lorg a bpaistí i bhfothrach scoile - ní raibh faoiseamh i ndán don gcuid is mó acu, agus ó tharla nach raibh acu ach an t-aon leanbh, is millteanach an bhuile atá ann.

Scéal crua. Ar dheis Dé go raibh anamacha na marbh, agus go dtuga sé faoiseamh don dream a mhair.

16 May 2008

Spraoi sna Speiriní






Thug mé féin agus mo bheirt mhac ruathar ó thuaidh an deireadh seachtaine seo chaite, le teaghlach eile, chun páirt a ghlacadh in san deireadh seachtaine Gaelchónaí sna Speiriní atá á eagrú ag Gaelphobal agus Comhluadar le trí bliana anois.

Aneas linn mar sin, in am do chili chun carne a rinne Brídín agus Dolores - an dís a choinnigh bia linn an deireadh seachtaine ar fad. Murach iad agus Máirtín Ó Maolmhuaidh, eagraí éifeachtach Ghaelphobail, ní bheadh an deireadh seachtaine leath chomh sóúil, sochma.

Tráthnóna Aoine bhí oíche bhreá airneáin ann, ceol á mhealladh ó chách a raibh blas de ann.

Maidin Satharn bhí ard spórt san Halla Spóirt - a bhuaic i gcluiche iomána idir dornán
aithreacha agus scata gasúir. B'fhearr an teacht aniar a bhí sna paistí, agus b'iad a bhain ar deireadh. (Tá mo mhatáinse fós nimhneach...)

Tar éis lón flaithiúil, thug muid aghaidh ar
Pháirc Foraoise Ghleann an Ghoirtín.
Bhí meitheal faoi stiúir Mháirtín tar éis pictiúir d'ainmhithe a chuir i bhfolach sa choill, agus chuaigh muid sa tóir orthu. Ard smaoineamh a bhí ann; bíonn sé deacair freastal ar teaghlaigh a bhfuil paistí de gach aois acu, ó dhéagóirí go diúlcaigh - ach thug an seift seo dúshlán agus spraoi do chách. (Ní bhfuair muid an luchóg fós! Agus maidir leis an seangán...)

Thar nais arís go dtí an loistín sa Ghoirtín arís, agus babhta eile ceoil leis na hoirfidigh ón ngrúpa Craic. Arís, mheall siad ceol ón gcomhluadar go tiubh.

Maidin Domhnaigh, bhí an grian ag scoilteadh na gcloch, agus na paistí in ard ghiúmar ag innealtóireacht san sruthán.

Tar éis lón, scaipeamar. Ach beidh muid thar nais!
Mo mholadh agus mo bhuíochas ag Máirtin agus a dream a chuidigh leis, go mór mór Brídín agus Dolores.

Éireannach san Spás?

(An spásaire Gearmánach Hans Schlegel ag "siúl san Spás" Íomhá le hESA)

Ós ag caint ár mbráithre eachtardhomhanda atá mé, tá Gníomhaireacht Spáis na hEorpa ag lorg spásairí don gcéad uair le seacht mbliana déag. Pléadh an cheist ar RnaG ar maidin fiú!
Bernd den tuairim go bhfuil caolseans go mbeadh Éireannach i measc an líon bheag duine a roghnófar.
Ar shlí, tá an cheart aige - scothaicme amach is amach iad spásairí. Le bheith curtha san áireamh fiú bheidh ardéirim aigne, scileanna faoi léith agus sláinte an bhradáin de dhíth.
Ach tá súil agam go bhfuil daoine amuigh ansin a dhéanfaidh iarracht. Tá na poist seo ag an mbuaic tábhachtach, toisc go spreagann siad daoine óga le tabhairt faoi na heolaíochtaí agus innealtóireacht.
Tá, agus beidh, scoth na n-eolaithe riachtanach dár todhchaí uilig.



Aguisín: Meabhraíonn Fearn dhom go raibh Éireannach san Spás cheana: Deir Roinn an Taoisigh (uimhir 46) gurb é Michael Collins an chéad Éireannach san Spás. Bhí sé ar an gcéad eitilt chun an ré, cé nár thuirling sé uirthi.

15 May 2008

Ár mBráithre Eachtardhomhanda

(íomhá ó Wikimedia)

Feicim go bhfuil príomh réalteolaí na Vatacáine go láidir den tuairim go bhfuil neacha eachtardhomhanda ann.

Mheabhraigh an scéal sin dhá saothar ficsean dhom.

I gceann de scéalta Ray Bradbury i Na Lócaistí Airgid, faoi choilíniú Mhars, déanann roinnt Proinsiasaigh faillí ina gcúram ar na coilínithe ar mhaithe le dul ar mhisean chuig meallta gorma; a bhfuil fágtha de phobal Mhars. Scéal rud beag Mainicésaíoch atá ann; faigheann muid amach go bhfuil na meallta slánaithe de bharr gur éirigh leo scaradh lena gcoirp.

Ansin tá scéalta C.S. Lewis - Malacandra (Mars) áit a bhfuil pobail nár pheacaigh riamh; agus
Perelandra (
Véineas), áit a chuidíonn an laoch le cur in aghaidh turnamh Ádhamh agus Éabha nua.

Creideann Críostaithe gurbh ann do neacha spioradálta seachas sin féin agus Dia - na haingil idir slánaithe agus damanta.

Má tá neacha beo eile ann, atá ina gcumasc idir corp agus anam, mar atá muide, ardaíonn sé ceisteanna suimiúla diagachta. Is fearr liom freagra samhlaíocht Lewis na Bradbury, sa chás seo!

Ach tá nithe deasa i scéal Bhradbury freisin.

14 May 2008

Gairm scoile do Bhlagadóirí ón Oireachtas

Mar a luaigh mé cheana, agus mar a mheabhraigh tráchtaire darbh ainm Clare dom inniu, tá comórtas A29 de chuid an Oireachtais ann anois do "Blagáil".

Tá an t-eolas ar fad, maille foirmeacha, ar fáil ón shuíomh an tOireachtais. Ar aghaidh libh!

An 1ú Iúil an spriocdháta.

12 May 2008

Dúshlán an Ioslam do Críostaithe Eorpacha

Ó Kath.net arís

Sliocht as:

Tá cónaí ar thart ar 20 Milliún Moslamach san Eoraip, 3.5 m sa Ghearmáin....An mbunófar Páirtithe Polaitíochta Ioslamacha ar ball beag? An mbeidh móramh Ioslamach san Eoraip i gceann céad bliain?
...



Tátal an ailt: níl leisce dá laghad ar Mhoslamaigh a fhógairt gurbh acu atá an creideamh is fearr , agus iarracht a dhéanamh an creideamh - a bhfuil éileamh aige ar fhorlámhas i ngach cuid den saoil - a chuir i bhfeidhm. Tá Críostaithe leithscéalach faoina gcreideamh, an foirceadal tuatach gur rud phearsanta, nach bhfuil baint aige leis an sochaí i gcoitinne an creideamh slogtha againn.

Mar sin, is leis an Ioslam a rachaidh an dream atá ag lorg na fírinne, muna bhfuil muide chun ár tuiscint air a fhógairt. Agus is líonmhar iad siúd atá ag lorg cinnteacht agus fírinne.

Deis nach mór a thapú, ar mhaithe linn ar fad.

09 May 2008

Frith-Bholscaireacht samhlaíoch maidir le coisciní

Tharraing Kath.net m'aird ar an bhfear seo.

Bhí sé bréan den feachtas uile láithreach maidir le Coiscíní sa Ghearmáin. Mach's mit a bhfuil débhrí ag baint leis, is ainm don feachtas sin. Ciallaíonn an nath úd "Déan leis é" ach freisin "Glac páirt ann". Dúirt sé:

Cuireann an feachtas sin in iúl go bhfuil gach rud ceadaithe, chomh fada agus go mbíonn coiscín in úsáid agat.


Mar sin, rinne sé athrais ar na híomhanna ón bhfeachtas, ach le teachtaireacht eile. Macht's nicht - ná déan é - atá baiste aige air. Tá sé i gceist aige breis forbairt a dhéanamh ar an smaoineamh, agus eolas soiléir maidir le collaíocht a thabhairt, ach le dearcadh Crostaí.

Bullaí fir, a deirimse!

08 May 2008

Crobhingne ag scríobadh Iosrael

Ar Iosrael, agus cothrom lae a bhunaithe á cheiliúradh aige, a scríobh Alan Titley ina cholún inniu.

Seo blaiseadh (an dá alt deiridh)

Saolaíodh Iosrael san Uileloscadh a thionscain Críostaithe na hEorpa na céadta bliain roimhe sin, agus a thug na Gearmánaigh go barr oilc nuair a d'aibigh an uain dóibh. Sin é a chosaint.

Saolaíodh Iosrael nuair a dhíbir siad an cine dúchais as a dtailte córa san Naqba roimh bhunú an Stáit. Sin é a thubaist. Sin é an poll sa bhagel



Is fiú an t-alt ar fad a léamh; ní féidir le alt dá fheabhas é ach spléachadh a thabhairt ar cheist chomh casta, ach tá fírinne in san méid ar scríobh sé, dar liom.

07 May 2008

Súil eile anoir

Chonaic mé nasc leis an mBlag seo ag Primal.

Inimirceach Gearmánach ag caitheamh súil stuama, fuarchúiseach ar chúrsaí na hÉireann.

Tá airíonna ag Éireannaigh agus Gearmánaigh a fhágann míthuiscintí eatarthu go minic. Má fheiceann Gearmánach rud atá, dar leis, mí cheart, neosfaidh sé go borb dhuit é. Ní dual d'Éireannaigh a bheith chomh lom díreach sin. Is fearr leo corr nod bhéasach a thabhairt.

Fágann sin go bhfeictear do Éireannaigh gur dream borb, bromach iad Gearmánaigh. Feictear do na Gearmánaigh gur dream slíbhíneach, fimíneach na hÉireannaigh.

Maidir liomsa, chaith mé leath mo shaol fásta i mBeirlín, agus bheir mé corr airí Prúiseach liom.
Tuigimse don dá dhream, agus bíonn gnéithe den dá iompar i'm iomparsa.

06 May 2008

Iosrael ag 60: Turgnamh "nach bhfuil éirithe leis fós, nach bhfuil teipthe air fós"

De réir agallamh leis an staraí Tom Segev san Tagesspiegel.

Blaiseadh den alt:
Tá muintir Iosrael níos fearr as ná mórchuid de mhuintir an Domhain, agus tá féiniúlacht Iosraelach ann - bunaithe cuid mhór ar an Eabhrais. Sin bua mhór.

Ach ar an lámh eile, ceileadh roinnt den fíor stair ar an bpobal féin, agus tá deacrachtaí ann plé dáiríre le síocháin seachas le bainistiú foréigin; de bharr druidim chun an imill ar an dá thaobh.

Tá an comhar sóisialta a bhíodh ann ag an tús ag géilleadh do indibhidiúlachas.

(Tar éis an tsaoil, is cuid den domhan thiar í Iosrael, beag beann ar tíreolaíocht!).

04 May 2008

Má théann tú síos chun na coille inniu...

Tráthnóna breá gréine a bhí ann anseo i gCill Mhantáin. Tá sé d'ádh orainn go bhfuil coill bheag trasna an bhóthair ón eastáit ina bhfuil cónaí orainn.

Chuaigh mé ann le m'iníon, atá anois bliain go leith.

Bhain sí an sult as a bheith (mar a dúirt sí féin) ag patscháil. Tá focail a tharraingíonn pictiúr fairsing sa Ghearmáinis, Lautmalerei - fuaim dhathú - a thugann siad air. Is iontach an focal patsch le cur síos beacht a dhéanamh ar bhuatais ag teacht anuas agus ag díbirt uisce agus draoib!


Bhí coirm siansach na n-éan faoi lán tseoil freisin, agus chonaic muid beacha, féileacáin agus seangáin. Bhí bláth discréideach na darach le feiscint, chomh maith le lusanna agus bláthanna níos feiceálaí. Agus bachlóga na raithní, a bhfuil cuma bachall orthu.

Tá a leithéid de rud ann sna críocha ina labhraítear Gearmáinis agus Waldkindergarten naíonra sa choill - bíonn na gasúr amuigh faoin aer ó cheann ceann na bliana.

Is dócha go bhfuil sé ró thais anseo dá leithéid, agus pé scéal é, tá deireadh na gcoillte ar lár!

Críost agus Caesar

Bhí Ardeaspag Denver ag cuir sochaí ré tús na Críostaíochta i gcomparáid lenár linn in óráid a léigh mé le déanaí.

Mheabhraigh sé go raibh na céad Críostaithe in ann, de bharr a gcreideamh, sochaí á iompú ó Chultúr an Bháis. Tá iompú mar sin práinneach arís.

Tá cur síos ag C.S. Lewis in a leabhar Lom-Chríostaíocht ar an gcuma a bheadh ar sochaí fíor Chríostaí: gach aoinne ag saothrú chun tairbhe an sochaí (murar mian leis obair, ná íosfadh sé, a dúirt Pól), cúram á dhéanamh de cách - nithe a dtabharfaí Cléach orthu inniu (nó le bheith cruinn, le linn Lewis). Ach freisin umhlaíocht agus urraim do údaráis dlisteanacha, do thuistí, do ceannasaithe i gcoitinne. Easpa uabhair agus geáitsíochta. Agus áthas agus lúcháir i measc an phobail.

Anois, pobal na naoimh a bheadh ansin. Ach is féidir linn dul méid áirithe den slí san sochaí agus muid ag iarraidh bheith inar naoimh - rud atá riachtanach.

Ach ní hé ról an chléir ceannasaíocht a thabhairt sna nithe seo. Cinnte, tá dualgas trom ar na heaspaig agus an cléir uile foirceadail na hEaglaise a mhúineadh agus a léiriú do na Fíréin. Agus labhairt amach má tá an sochaí ag réabadh dlí Dé. Is gá dóibh bheith glic chuige sin - mar a dúirt John Waters ar an Times le déanaí#, labhairt tríd barr bhuabhaill an dreama atá ina gcoinne.

Ach tá gach baistíoch páirteach i Ríogacht, fáidheacht agus sagartóireacht Chríost, agus dualgais dá réir orthu.

Ach ní tríd páirtí nua Caitliceach is fearr chuirfí é seo chun cinn. Ní ardán polaitíochta í an creideamh, agus tá saoirse inti don iliomad tuairim polaitíochta, chomh fada agus nach dtagann sin salach ar dhlí Dé.

Ní mór obair i gcoitinne le daoine a bhfuil deá thoil acu, beag beann ar a gcreideamh. Ní mór do cách iarracht a dhéanamh a ghairm fhéin a chríostú. As sin a thiocfaidh sochaí níos fearr dúinn uilig.




# síntiús de dhíth, faraor. Léigh mise an leagan cloíte.

03 May 2008

Má bhíonn tú liom, bí lom

Feicim go bhfuil Conchubhar agus Rosie araon ag caint faoi mo dhuine a chuireann daoine lomnochta le chéile chun saothar ealaíona a chruthú. Go deimhin nocht Rosie go mbeidh sí ag glacadh páirt ann i mBÁC.

Ní thuigim an bús seo faoin tsóirt seo ealaín suiteála: pé acu an daoine nochta nó foirgnimh gléasta a là Christo atá i gceist.

Ceart go leor, éadach a dhéanann an duine, agus tá neamhainmníocht a bhaint le bheith nocht i slua.

Ach uafáis seachas iontais a mheabhraíonn sé domhsa.

Meas tú an mbeidh cuimhne ar seo i gceann scór bliain, nó céad mar atá ar na saothar mhóra dearcéalíona ón athnuachan Eorpach?

02 May 2008

Saoirse cainte - seachas do Chríostaithe?

Dúirt Rosa Luxemburg tráth
Freiheit ist immer Freiheit der Andersdenkenden

(Saoirse an té atá ar mhalairt tuairim an saoirse i gcónaí)

Ach is léir nach bhfuil cách ar an eite chlé den tuairim sin.

Tá féile óige de chuid na Críostaithe soiscéalacha ar bun i mBremen na Gearmáine - an Christival. Agus táthar ag déanamh tréan iarracht é a scrios.

Bhí orthu éirí as plé poiblí faoin homaighnéasachas de bharr bagairtí. Tugadh Naitsithe orthu. Scriosadh suíomh idirlín s'acu ar feadh seal. Scéalta anseo, anseo agus anseo.

Tá an cuma air go bhfuiltear ag iarraidh Críostaithe a bhrú go hiomlán ón gcumarsáid poiblí.

Cén saghas daonlathas é sin?

Lear líocha lus is luibh

Tá muid sa Bhealtaine.

Sa bhreis ar Bhuí an Earraigh a luaigh mé thíos, tá na crainn faoi bhláth agus faoi úrdhuilliúr.

Fágann sin go bhfuil dathanna áille eile le feiscint. Bán agus Bándearg is mó atá i mbláth na gcrann. Ach fágann an duilliúr nua go bhfuil brí leis na nath seanchaite Béarla úd faoin daichead chineál den ghlas.Tá ó bhánghlas na gcrann leathanduilleacha gona duilleoga leochaileacha úra go dubhghlas an chuileann agus gach glas eile eatarthu le feiscint agam ar mo bhealach ar obair.
Sé an cnó capaill is suntasaí faoi láthair, lena bhláth choinnealach agus a dhuilliúr úr ghlas.



(Íomha ó Wikimedia)

Ealaíon fhoirfe an Dearthóra agus Coimhde ar gach taobh, moladh Leis. Ardú croí an Earraigh. Ba dheacair a bheith dubhach agus an ghrian ag foilsiú an dúlra. Tá smál bheag ar domhsa - tá fiabhras léana orm!

01 May 2008

Lá foréigneach na nOibrithe

Thosaigh an 1 Bealtaine mar fheile na nOibrithe sa Ghearmáin.

Ach táid ann ar mian leo toradh oibre na n-oibrithe a scrios.

Bíonn dream ann i gcónaí a úsáideann an lá mar leithscéal chun loitiméireacht a dhéanamh.

Scéal anseo:

Aguisín - an "scór" 138 gafa agus 115 póilín gonta.

Creideamh is Réasún

Tá comhthuiscint bunaithe, de réir Zenit, ag dream Caitliceach agus Moslamaigh, ar an ábhar seo:

  1. Tabhartais ó Dhia don chine daonna is ea creideamh agus réasún araon.
  2. Ní thagann creideamh agus réasún salach ar a chéile, is féidir go mbeadh creideamh ós cionn réasún faoi chúinsí áirithe, ach ní bhréagnaíonn sé réasún riamh.
  3. Tá creideamh agus réasún neamh fhoréigneach astu féin. Ní ceart feidhm a bhaint as creideamh ná réasún chun críche foréigneacha. Faraor, baineadh feidhm uaireanta as an dís chun foréigean a chur chun cinn. Ach ní bhréagnaíonn sin ceachtar acu.
Tá breis san alt maidir leis an treo chun cinn, agus buanú chomhthuiscint idir Mhoslamaigh agus Caitlicigh. Is maith sin.

Fuighle feabhsaithe fear ceannais fáil

Thug Bertie Ahern, an fós taoiseach, óráid thar a bheith spreagúil i dTithe na Comhdhála i SAM inné.

Is deacair gan a bheith mórtasach as. Is léir go ndeachaigh an t-uafás oibre agus taighde isteach san óráid, agus gur cuireadh snas air.

Ní duine de lucht leanúná saighdiúirí a cinniúna mé, ach rinne Bertie cion Taoisigh inné.

Mheabhraigh a scoth óráid scéal grinn dhom faoi Uachtarán éigin thall a bhí in achrann lena scríobhnóir óráidí, agus a thug bata agus bóthair dó. Ach bhí óráid amháin eile le scríobh aige.

Thosaigh an fear mór ag léamh:
"Is mian libh fhios a bheith agaibh conas a rachaidh mé i ngleic le dífhostaíocht? Neosfaidh mé díbh!
Is mian libh fhios a bheith agaibh conas a rachaidh mé i ngleic le ocras san Afraic? Neosfaidh mé díbh!
Is mian libh fhios a bheith agaibh conas a rachaidh mé i ngleic le sceimhlitheoireacht? Neosfaidh mé díbh!"

ansin chas sé an leathanach: Ní raibh scríofa air ach

"Fút fhéin atá sé anois, a scraistín!"

Maith an rud nárbh amhlaidh do Bhertie!