2008-07-04
Trasna na dtailte, dul siar, dul siar
Is mór an ghar, mar sin, go bhfuil coicís saoire agam ó amárach.
Siar ó dheas atá ár n-aghaidh - go dtí an Baile Breac i gCorca Dhuibhne.
I bhfad ó trácht, ríomhairí agus an idirlíon.
Beidh suaimhneas anseo ar feadh tamaill!
2008-07-03
Dar an Leon!
Do léigh - agus bhain mé taitneamh as leabhair Lewis i mo dhéaga luath, agus tá siad athléite agam cúpla uair ó shin.
Tá an scannán rud beag níos dorcha na na leabhair, ach is dóigh liom go bhfuil sé dílis.
Tá Caspian an scannáin níos sine agus aibí ná sa leabhar; agus tá an imreas idir é agus Peter ana inchreidte, agus tugann sé deis tionchar an uabhair ar an ngníomh a ríomhadh. Thaitneoidh sin le Lewis, is dóigh liom. Bhí an cathú dóibh araon cabhair a ghlacadh ón gCailleach Bán ana mhaith.
Thaitin carachtar Trumpkin go mór liom - an cancrán agnóiseach le croí órga.
Bhí na carachtar ar fad spéisiúil - an Ghinearáil Telmarach réabtha idir a choinsias agus a dhualgas, an Rí uaillmhianach, brúidiúil agus a chomhairleoirí sleamhna. Bhí creideamh láidir neamhurchóideach Lucy ann, agus síol saoltachas Susan le feiscint.
Rud spéisiúil eile - bhí canúint Easpáinneach ag na Telmaraigh san scannán. N'fheadar an comhtharlú a bhí ann, toisc an aisteoir i bpáirt Chaspian a bheith den cine úd. Bhíodh tráth ann gur ó Oirthear na hEorpa na "drochdhaoine" i scannán, rud a d'oir don bholscaireacht an ré úd.
Bhí an tírdhreach (an Nua-Shéalainn, sílim) go hálainn ar fad.
Tríd is tríd, leagan mhaith de scéal maith.
Díchoilíniú
Is é an beartas is fearr is féidir leis an Eoraip a dhéanamh maidir leis an Afraic ná imeacht go dtí an Mol Thuaidh agus fanacht ann; nó neachtar acu, ligean do mhuintir na hAfraice léarscáil a gcuid tuisceana agus tíreolais féin a bhreacadh gan beann ar an gcuid eile againn.N'fheadar. Is fíor gur chuir an Eoraip isteach ar stair an Domhain. Ach tá sé ró mhall tarraingt siar ón bpraiseach atá cruthaithe againn. Is cinnte go mba cheart go mbeadh na pobail ar an dtalamh ag múnlú a ndán féin faoi prionsabal na coimhdeachta.
Ach tá ar ndán uile ceangailte anois, agus bheadh sé saonta tarraingt siar go hiomlán.
Is dóigh liom go bhfuil ról fós le n-imirt ag eagrais rialtais agus (go hairithe) neamh-rialtais, ach iad a bheith cúramach an ceannas a fhágáil faoi lucht na críche féin.
2008-07-02
Muicí ó Mhaigh Chromtha - nó Montmarte agus Moabit - ag teastáil
Cuir síos ar chuairt a thug Coimisnéir Eorpach sna 1970í agu miniú a sheasamh.
Is nuair a cuireadh isteach air i dtreo dheireadh a óráide, gur chaill sé foighid agus gur dhúirt sé rud a bhain macalla as an díon agus a d'fhág tost ar an slua.
"Tá mé tagtha anseo," a dúirt sé, "chun teachtaireacht an-simplí a thabhairt: you cannot dine á la carte at the community table."
Ar an mbealach amach as an gcruinniú bhí beirt iascairí as deisceart na tíre os mo chomhair ag labhairt faoi "mo dhuine" Gundelach.
"Cad é a mheas tú de?" arsa duine amháin. "Diabhal glic," a dúirt an duine eile, "ní chuirfeá suas in aghaidh a leithéid ach muicí as Maigh Chromtha."
Ní bhfuair mé amach riamh cad iad na tréithre a bheadh ag muicí as Maigh Chromtha a thabharfadh an lámh in uachtar dó ar leithéidí Gundelach. Ach tá a fhios agam muna raibh sé ag teastáil go dtí seo, go bhfuil géarghá leis anois.
Ceacht eile a bhainimse as. Cá raibh leithéidí Gundelach chun an Aontas a chosaint agus a chuir chun cinn agus muid ag vótáil air?
2008-07-01
Conradh Liospóin ar fionraí sa Ghearmáin anois
Scéal ón Tagespiegel anseo
An gcuirfidh Leipzig casadh i scéal Liospóin?
Tá cinseal Eoraifileach na Gearmáine imníoch anois go bhfuil siad san cóiste deiridh ar traein luais na hEorpa (linne!) seachas á thiomáint.
Hmm. Na Seicigh, na Polannaigh, na Gearmánaigh agus muide.
Agus SPÖ na hOstaire ag gealladh Reifrinn ar conarthaí atá le teacht. Agus Joshka Fischer ar buile leo dá bharr!
Cad tá romhainn? Eoraip an dá luas? Nó fíor athmhachnamh? Nó raic gan críoch? Agus Sarkozy mar "bhainisteoir" ar feadh sé mhí - Paidí Ó Sé na hEorpa, ambaist!
Aguisín: Radharc Francach ar an gceist ó El Pais
2008-06-30
Blagallamh le Nuala Ní Chonchúir
Bliain Phól Aspail
Tá sé thart ar dhá Mhíle bliain ó rugadh aspal seo na gintlí.
Is cuimhin liom i dtús na 1990í cuairt a thabhairt ar Séipéal beag ón 10u aois ar chósta theas na Créite - Agios Pavlos, a tógadh san áit a bhruaigh an Stoirm a long i dtír.
Aitheasc an Phápa ag seoladh na bliana anseo:
2008-06-29
An Irish Times saor ar líne ón Luain
Tá sé dearbhaithe anseo ag an Times féin, faoina seoladh nua http://www.irishtimes.com
Dea-scéala é seo do bhlagadóirí na Gaeilge freisin dar liom. Sa bhreis ar cholúnaí na Bliana Alan Titley, a mbíonn colún seachtainiúil aige, beidh sé indéanta nascadh a dhéanamh leis na hailt spéisiúla eile a bhíonn san Times.
Rud a dhéanfaidh mé, gan amhras!
2008-06-28
Cruach cheisteanna
Luaigh mé an chruach cheana.Réimse cuimhne atá ann a mbíonn athróga sealadacha le fáil ann.
Tá buntáiste ag baint leis - bíonn níos lú cuimhne de dhíth san iomlán do chlár toisc go roinneann na hathróga sealadacha an réimse céanna - sé sin, is féidir le hathróg nua an seoladh céanna a bheith aige ar an gcruach agus atá ag athróg eile - má tá siad i gcodanna neamhspleácha den clár.
"Fásann" an chruach síos san cuimhne ón mbarr de ghnáth. Tá baol amháin ansin - d'fheadfadh an cruach fás níos mó ná mar a bhí ceaptha ag an dearthóir - agus eolas riachtanach sna sonraí nó san téacs a scrios. Bheadh iarmhairtí tromchúiseacha aige sin do bhogearra.
Bíonn baol ar leith ag baint le gnáis nó feidhmeanna atá athchúrsach. 'Sé sin, feidhm a ghlaonn ar féin. Tá tábhacht ar leith le feidhmeanna mar seo in algartaim airithe, i gcuardach mar shampla.
Ach bíonn a réimse féin ar an gcruach de dhíth ar gach glao - agus má theipeann ar an athchúrsaí stop, is féidir tubaiste a bheith ann.
Ach seachas sin, ní mór a bheith cúramach le hathróga ar an gcruach. Ní féidir brath air go mbeidh luach ar leith ag athróg nuair a thosaíonn feidhm. Ní mór dá bhrí sin túsú cúramach a dhéanamh ar na hathróga.
Is minic fabht atá deacair a fháil de bharr easpa túsú. Agus nuair a chuirtear cód breise isteach, athraíonn an fabht - rud is cúis frustrachas go minic do foirne promhadh agus cothabhála.
Is fearr liom féin go mbeadh athróga, fiú athróga sealadacha, san cuimhne seachas ar an gcruach, mura bhfuil cúis ar leith é bheith ar an gcruach.
Má bhíonn siad sa chuimhne, is féidir scrúdú a dhéanamh ar na luachanna nuair a bhíonn an feidhm réidh. Is mór an chabhair sin san dífhabhtú.
Níor phléigh mé an charn - bíonn cosc ar úsáid an chairn agus leithdháileadh dinimiciúil de bharr an baol sceitheadh cuimhne, sé sin, nuair a tógtar réimse cuimhne ón gcruach, ach nach scaoiltear é nuair atáthar réidh leis. Uair éigin teipfidh ar an gclár de bharr an charn a bheith ídithe.
2008-06-27
Cairdeas caide
Cúis faoiseamh agus áthais mar sin an scéal seo ón Tagespiegel.
Ní hamháin nach raibh trioblóid ann - bhain an dá dream sult as, agus bhí lúcháir ar Turcaigh Ghearmánacha.
Táthar anois ag dúil tógáil ar seo, chun na fadhbanna atá ann a réiteach.
2008-06-26
Úire na Staire
Is é is bua don úrscéal staire an léitheoir a bheith beo beathach sa saol réamhchóilíneach, san “Éirinn a bhí anallód ann”, mar a dúirt an file, chan ionann agus “Éirinn lucht Béarla agus anstró Gall”.Aontaím leis an méid a scríobh sé - go láidir. Sa bhreis ar sin, is breá liom úrscéalta staire, i nGaeilge nó i dteanga ar bith eile. Tá Fontenoy agus An Cléireach leite agam, dar ndóigh. Tá rud nó dhó le Ó Tuairisc léite agam, ach ní dóigh liom go bhfuil L'Attaque. Tá sin, agus an dá leabhar atá luaite san aitheasc - 1260 AD agus Seilbh na Coróine - ar mo liosta agam anois pé scéal é.
Is é sin, is leigheas é ar an bhriseadh comhfheasa a tharla dúinn, nasc nua chun slabhra an traidisiúin a cheangal ina chéile arís, chun leanúnacht féiniúlachta na nGael a shlánú arís.
Is cosúil go bhfuil 1260 AD - nó ar a laghad leagan de - ar líne anseo.
Mar a deirim, is aoibhinn liom úrscéalta staire. Is iontach an chaitheamh aimsire iad, agus is féidir stair a fhoghlaim astu gan mórán dua (cé go gcaithfear scagadh a dhéanamh air, gan amhras).
Tá cnuasach agam de leabhair le Lion Feuchtwanger agus thaitin úrscéal Adalbert Stifter faoi bhunú ríocht na Boihéime - Witiko - go mór liom.
Anois, murach ceal L-Spáis....
Toil a níos duine!
Uaidh sin, rinne Maximus agus an Pápa araon argóint láidir ar son Toil an Duine - ach ag léiriú go sroicheann an Toil sin a bhuaic i nglacadh go saor le Toil Dé inár saol.
Beatha - agus Slánú - Duine a Thoil! Agus is tábhachtaí "saoirse chun" ná "saoirse ó".
Táimid ag smaoineamh ar luachanna a déantar cosaint orthu inniu - caoinfhulaingt, saoirse, dialóg. Ach d'éireodh caoinfhulaingt nach bhfuil ar a chumas idirdhealú idir olc agus maith níos mó anordúil agus féin scriosta. Freisin, saoirse nach n-aithníonn saoirse dhaoine eile, agus a dteipeann ar an tomhas coiteann d'ár saoirse coibhneasta uile a aimsiú, bheadh sé ainrialta agus scriosfadh sé údarás. Ní bheadh i dialóg nach eol dó cad faoi dialóg a dhéanamh ach cabaireacht.
Luachanna móra agus bunúsacha iad seo. Ach gan slat tomhais Diaga, ní luachanna in aon chor iad.
2008-06-25
Níos lú ná seachtain fágtha!
Breis anseo:
Tá m'iarratas seolta, agus admháil faighte.
Más moltóir atá á leamh seo; comhghairdeas (nó comhbhrón!) - tá tú ag druidim chun deiridh sruth smaointe fánacha uaim a bhfuil dualgas ort iad a léamh!
Tá súil agam go bhfuair tú rud éigin ar bhain tú taitneamh as, agus go mbeidh tú thar nais mar dhuine saor! Agus nár chuir mó chuid gramadaí "aimsigh agus teip" soir ró mhinic thú!
2008-06-24
Fearaibh Fáil níos fearr ná a gcáil
Rinne Kate Holmquist3 scagadh ar a dtuairisc. Agus tagann sí ar tuairim atá beagán éagsúil ina colún san Irish Times inniu. Rinne sí amach go bhfuil mionlach d'fhir na hÉireann nach ndéanann faic sa mbaile, agus go bhfuil an mionlach seo rud beag níos mó ná an meán san Eoraip. Sna ranganna eile, tá fir na hÉireann ar chomhchéim le fir na hEorpa i gcoitinne. Deir sí, agus an cheart aici, go bhfuil rud beag níos mó mná in Éireann ag obair sa mbaile amháin - rud nach bhfeileann d'oidhrí Procrustes san Údarás Ionannú2. Ach deir Kate groí, agus an ceart go hiomlán aici, gur rogha bhailí atá ann.
Agus ní hionann daoine a bheith Comhionann faoin Dlí - rud atá ina dhlúth agus inneach do phoblacht - agus an saghas polaitíocht ionannú a bhíonn ar bun ag an Údarás thuasluaite agus roinnt dá leathbhádóirí sna heagraíochtaí stocaireachta.
Féach saíocht na Gaeilge - is féidir idirdhealú a dhéanamh - ach ní leithcheal, ná go deimhin fabhar, gach idirdhealú!
1Ní bhaineann ionannas le Gaeilgeoirí, is léir - níl faic níos déanaí na 2005 ar fáil as Gaeilge ar an suíomh úd.
2Muna bhfuil sé tugtha faoi ndeara agaibh, ní maith liom iad!
3Is maith liom colún Kate pé scéal é. Bíonn siad lán de stuaim agus de chiall ceannaithe.
2008-06-30 Ó tharla go bhfuil an balla tite ag an Irish Times, is féidir liom nascadh le alt Kate. Seo é
Easpa innealtóirí
Dhá ghné den cheist céanna. Imní ar ceannasaí Siemens in Éirinn faoi easpa innealtóirí cáilithe. Agus a leathbhreac de scéal sa Ghearmáin, áit a bhfuil comhlachtaí mór le rá ag obair le naoinraí chun suim san eolaíocht a spreagadh - ar mhaithe le innealtóirí an lae arú amáraigh.
Tá titim tubaisteach le roinnt blianta anuas san líon innealtóirí atá ag cáiliú. Bhí 80 i mo rang Innealtóireachta Leictreach agus Leictreonach nuair a bhain mé mo chéim amach i 1990. Ochtar a bhí ann anuraidh.
Siad innealtóirí agus eolaithe cnámh droma an tsochaí, ach ní bhíonn an meas sin orthu. Ní cloistear fúinn ach amháin nuair a theipeann orainn!
Sin, dar liom, ceann de na bagairtí is mó do leas an Iarthair - nach mbeidh innealtóirí an lae amáraigh ann; go mbeidh muid ag brath ar dhuine thar tír isteach - tuige nach mbeadh siadsan ag obair san Ind, nó san tSín, nó pé áit arbh as dóibh?
2008-06-20
"qualités essentielles"
Ní raibh an chúirt ag maíomh go raibh sé de cheart aige deimhniú ócht a lorg ón mbean. Ach ghlac siad leis nár thoiligh sé go saor leis an bpósadh, toisc go raibh sé ag glacadh lena focal gurbh ógh í, agus go raibh sin riachtanach ina thuairim siúd.
De réir Dlí na Fraince, tá pósadh neamhní má tá fabht "i gcáilíochtaí eisintiúil an pearsan". Tá an Dlí mórán mar an gcéanna anseo.
Pé ní faoi ócht, ní haon bunchloch folláin é bréag do chaidreamh buan.
Agus is deacair aon athrú ar an Dlí a fheiscint nach bhfágfadh an scéal níos casta - mar atá á phlé i Le Monde, anseo.
Dála an scéil, thoiligh an bhean leis an neamhniú - agus an cheart aici, dar liom, tá sí níos fearr as gan fear mar sin nach bhfeiceann inti ach luach a hóchta.
Gide laidean is léigheanta
Táthar ag obair ar leagan nua a bheidh níos dílse don mbun Laidin; saothar thar a bheith tábhachtach, ach deacair.
Tá alt eile anseo ag Kath.net - i measc na moltaí ann ná go mbeadh lámh ag aos dána san obair, seachas é fhágáil faoi diagairí amháin.
Is dúshlán aon aistriú; ach ní mór do saothar creidimh a bheith ní hamháin cruinn de réir na diagachta, ach álainn - inurnaithe.
Is minic na leaganacha nua, i mBéarla ach go háirithe, coillte ag drochnósanna an Bhéarla reatha; an bladar, an ceart pholaitiúl, an ná cuir olc ar aoinne, an tsaghais Béarlagair a mbíonn an Feachtas um Ghlé Bhéarla de shíor ag troid ina choinne.
Sa bhreis ar sin, is Béarlaí atá ann - teanga díláraithe í an Bhéarla.
Go raibh rath ar an saothar....
2008-06-18
Coirsmaointe
Saoirse cainte a bhrú faoi chos i gCeanada faoi mheirge an chaoinfhulaingt:
De réir Roinn Dlí Cheanada:
Ní cosaint iad fírinne agus trácht chóir
Tá an scéal seo níos measa dar liom: Tá feidhmeannach sa Bhreatain le briseadh as a post, toisc nach bhfuil sí sásta feidhmiú ag pósadh bheirt den inscne céanna. Ar bhonn coinsiasa. Bhí sí ag déanamh socruithe le feidhmeannaigh eile chun a leithéid a sheachaint, ach rinneadh clamhsán fúithi, agus tá "mí-iompar tromchúiseach" curtha ina leith.
(Tá an scéal céanna ag Times Londain)
Caoinfhulaingt - seachas do Chríostaithe? Pionós de bharr do chuid smaointe?