Guím Athbhliain séanmhar, sona oraibh go léir.
Janus ón nGnáthfhoinse.
Bhí leabhar Sheáin ar mo mhianliosta Nollaig, agus fuaireas é. Is fíor go raibh roinnt dá chuimhní cinn taitneamhacha léite agamsa sna hirisí agus le deireanas ar a bhlag. Ach is maith ann iad idir clúdaigh leabhair. Ciste deas le bheith ag tarraingt as. Feileann an íomhá clúdaigh go maith mar meafar don leabhar - na bóithre mar a bheadh sruthanna ar leith ag eascairt as foinsí éagsúla, ag teacht le chéile. Cuimhní cinn teaghlaigh. Taithí saoil. Samhlaíocht.Für den Christen hängt alles davon ab, ob in ihm das Bild des Herrn ursprünglich und kraftvoll lebt oder aber abgegriffen und matt. Viele Einwendungen gegen Christus stammen wohl im Letzten daher, dass seine Gestalt im Geiste der Gläubigen nicht leuchtet und ihr Herz nicht lebendig von ihr berührt ist. Stünde der Herr mit Macht vor den inneren Augen der Glaubenden, brennte ihr Herz vom inneren Wissen um Ihn, dann würde vieles von dem was gegen Ihn gesagt wird, nicht gesagt werden können.












Nóta san Irish Times inniu go bhfuil Toirc Allta, a tugadh isteach le ceadúnas go hÉireann, ag éalú agus ag scaipeadh. Is mór idir Éireann an lae inniu agus Éireann na Fianna - agus gan Fianna ná faolchon againn chun smacht a choinneáil ar na beithígh seo. Is féidir leo an dúrud damáiste a dhéanamh, agus déanann ar an Mór Roinn, ainneoin cúinsí beatha measartha maith a bheith ann san fiántas dóibh.

Atá ann inniu. Lá mór do phaistí ar Mhór Roinn na hEorpa. Leanann muid an nós anseo, agus d'aimsigh na páistí bronntanais bheaga ina cuid bróga ar maidin.
Sin an fheidhm atá le miontúir, a bhfuil cosc ar a dtógáil anois san Eilvéis. Ar ndóigh, ní miontúr atá sa ghrianghraf ar chlé - mar is léir ón gcros ar a bharr agus an dealbh ag a bhun. Cloigtheach atá ann - ar Eaglais Bantiarna na Síochána ar Sráid Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;Tugann Sé ár dúshlán áfach, a chomhbhá a roinnt. Rud a fhaighimse deacair - tá sé níos fusa féachaint an treo eile, mar a rinne an Léivíteach
tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;
óir is é an Tiarna a dúirt é.
Bhí alt san Times inniu ag Ferdinand von Prondzynski maidir le cruinneas gramadaí sa Bhéarla. Seans go bhfuilim uafásach fimíneach, ach aontaím le cuid mór dá bhfuil á rá aige, cé nach maith liom beachtairí agus saoithíní. Agus, monuar, tá mo chuid Gaeilge scríofa lochtach go maith. Ach ní hionann sin agus mé bheith den tuairim nár cheart caitheamh go cúramach le focail!