Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-08-27

Baile na nGall


Ainneoin tréan iarrachtaí athair mo mháthair, a ghearr uchtán giolcaigh Loch Rí mar chúnamh snáimhe dom agus é ag tabhairt ceachtanna dom, ní snámhaí maith in aon chor mé. Ach ní hamhlaidh do mo chlann. Níl ní is fearr leo ná léimt isteach sa tsáile ón gcé - Cuas an Bhodaigh nó Baile na nGall.

Baile na nGall is fearr leo. Tá dhá thrá beag deas ar gach taobh den ché, agus leathbhealach síos an ché tá staighre, mar sin is féidir léim ó airde níos ísle. Is féidir léim go sábháilte nuair atá an taoide idir lagthrá agus lánmhara.

Ar ndóigh, is cé oibre Baile na nGall, agus bíonn iascairí ag teacht le cé le lastas portáin nó potaí gliomaigh, agus veain fear an éisc ag teacht á bhailiú. Agus bíonn báid ceangailte le cé.

Ní mór dom a rá nár chuir a leithéid as dúinne, agus bhíomar airdeallach agus in ann na báid a sheachaint.

Ach chuala mé beirt iascaire ag caint ar an Saol ó Dheas - báid scriosta orthu mar gur ghiorraigh duine éigin an téad, agus gur fágadh ag crochadh an bád ag lagthrá, agus gur líonadh le huisce é agus an tuile ag teacht. Is dóigh liom gur deargaineolas agus faillí tromchúiseach é sin. Ba cheart go dtuigfeadh daoine go bhfuil an taoide íseal. Agus ar a laghad ba cheart an téad a scaoileadh amach arís tar éis é chiorrú roimh an cé a fhágáil.

An mór fhadhb eile ná trácht agus páirceáil.

Seachnaíonn mo nuachar tiomáint chomh fada leis an gcé. Fanann sí linn ar imeall an bhaile. I gculaith uisce tig leis na gasúr (atá fásta faoi seo) roinnt uair an chloig a chaitheamh san uisce nó gar dó. Go hiondúil fanaimse leo, agus imíonn sise léi ar a suaimhneas. 

Tá dornán áit páirceála lasmuigh de Thigh Bheaglaoich, ach is annamh nach mbíonn siad lán. Le roinnt blianta anois tá binsí lasmuigh de Thigh TP. Ní bheadh sé cuí páirceáil ansin. Tá dornán tithe saoire le páirceáil dóibh féin i dtreo na faille - mar sin ní hannamh tranglam tráchta - go háirithe mar go bhfuil cúinne géar ann. 

Aontaím go láidir le moladh an t-iascaire go mbeadh clos páirceála ar imeall an bhaile. Ansin bosca mór groí buí ag ceann an ché agus na cúinní chun a dhéanamh soiléir go mba cheart fanacht glan ar an áit. 

Mar a tharlaíonn sé, toisc nach raibh na buachaillí thart an dara seachtain, chaith mé níos mó ama san uisce, ag coinneáil comhluadar leis an déagóir. Is iontach an difear a dhéanann culaith uisce (d'oir ceann Finn dom). Ní hamháin nár éirigh mé chomh fuar céanna, ach bhí snámh sa chulaith a d'fhág nár tháinig tuirse orm de dheasca mo dhrochshnámh. 

Áit iontach is ea Baile na nGall, agus tá súil agam go mbainfear amach cothromaíocht idir riachtanais na n-iascairí agus na fámairí (ar a bhfuil na tithe óil agus ithe ag braith, gan trácht ar an folcadán feamainne...) 


2021-08-25

Ag ól agus ag áineas


Blianta eile agus muid i gCorca Dhuibhne - ní áirím ag Scoil Cheoil an Earraigh - bheadh roinnt tráthnóna pléisiúrtha caite againn i dtábhairne éigin, mise ag éisteacht agus mo chlann ag baint páirt le flosc agus le fonn i seisiún éigin. Ar an ndrochuair ní raibh sin i gceist i mbliana ná anuraidh, agus bhraitheamar uainn go mór é.

I Tig Bhric go háirithe bhíodh seisiúin cheoil notáltha Oíche Aoine, agus ceoltóirí na háite agus ceoltóirí fánacha istigh timpeall boird ag ceoil - agus lucht éisteachta flúirseach ann freisin.

Seachas rud ar bith eile, is deis iontach don gceoltóir óg a leithéid le cuir lena gcumas agus go háirithe lena muinín. 

Is ó bheith ag éisteacht ag seisiún a thug Fionn faoi na píobaí, abair, agus fuair sé a chéad ceachtanna ó Con Durham, beannacht Dé lena anam. 

Bhí mé i dTig Bhric i mbliana, mar sin féin, ag ceannach leann le breith liom, agus uair amháin ag ól ar mo shuaimhneas sa chlós. 

Tá súil agam áfach, faoin am a fhillim ar Corca Dhuibhne - Scoil Cheoil an Earraigh seo chugainn, b'fhéidir, go mbeidh ceol agus amhráin ag baint creathadh arís as fraitheacha an tí, agus ag cuir le milse na coirme... 

Chuadar ag ól... 

2021-08-20

Cuas na Nae



Tá dreamanna éagsúla tar éis go leor lúb siúlóidí a leagan amach i gCorca Dhuibhne. Ceann acu Cosán Cuas na nEighe nó na Nae - tá éiginnteacht faoin logainm. Cuas na Nae atá ag logainm.ie, agus measaim gurb é is dóichí - tá slipe do bháid sa chuas. Ach Cuas na nEighe (< éamh, glaoch - tagairtí feicthe agam do oisíní róin ag glaoch) atá ar na fógraí.

Ar aon nós, de hAoine na seachtaine seo caite bhí lón iontach blasta againn Tig Áine ar an nGráig. (Chabhdar, Pancóg le spionáiste agus cáis, agus an sméar mullaigh, pióg líoma na Sceireacha a bhí agam féin). 

Thug mé féin agus mac liom faoi dreas siúlóide i ndiaidh an béile. Gabhann Slí Chorca Dhuibhne thar dhoras Tig Áine ar an mbóthar agus tar éis cúpla céad méadar casann ar mionbhothár i dtosach agus ansin ar bhóthar glas a leanann go dtí an carrchlós ag Trá Cloichear.

Bíonn radharc iontach le fáil ar an Fiach agus a Mháthair, ar Chuan an Chaoil agus iarsma Chaisleán Phiarais Feiritéar, ar Cheann Sibéal agus go deimhin ar an gceantar ar fad. Siúlóid deas réidh feadh páirceanna ina bhfuil féar gairid cois mara. Balla cloiche idir gort agus muir. Ag Cuas na Nae féin casann an cosán ar ais ar bhóithrín. Is fiú dul píosa eile ar aghaidh go dtí an chéad ceann tíre eile - tá eas a sileadh síos ar na clocha ann, agus tá dhá poll mara le feiceáil. Bhí sé ina lag trá agus muid ann - mar sin ní raibh mórán gleo as na poill. Seans áfach gurb iad faoi ndeara an leagan Cuas na nEighe! 

Tá cúpla casadh sa bhóithrín sula dtagann sé amach arís ar an mbóthar mór ar ais go dtí an carrchlós. Tá Potadóireacht na Caolóige (Louis Mulcahy) gar don láthair; roimh Covid bhí Café deas ann agus beidh arís le cúnamh Dé. 

Ach shiúlamar féin ar an mbóthar chomh fada leis an mBuailtín, áit ar bhuail mo nuachar linn. 

2021-08-19

Slí Chorca Dhuibhne - Airghleann


Cúig bliana ó shin shiúl m'athair agus grúpa ar chomhaos leis sciar de Shlí Corca Dhuibhne ó Abhann an Scáil go Baile na nGall. Os rud é go raibh fhios agam go bhfuil obair déanta ar an gcosán tríd Airghleann, bheartaigh muid inné tabhairt faoi. Bhí tuar na haimsire go maith, agus bhí dóchas agam go scaipeadh an ceo i rith an tráthnóna. (Níor dhein!)


Thiomáin mo nuachar go dtí gar do Cé Bhréanainn muid agus tháinig muid ar Slí Chorca Dhuibhne ag gabhal bóthair ansin. Lean muid ar an mbóthar ar feadh seal, agus ansin ar bhóthar glas go dtí imeall an tSáis (cé nach raibh radharc ar bith againn ar an mbá úd féin - is gá dul ón taobh eile chun é fheiceáil, tá lúb siúlóid ansin) 

Is anseo a thosaíonn an dea obair atá ar siúl ag lucht eagair Slí Chorca Dhuibhne, agus bhí obair ar siúl. Tá cosán nua cré tógtha ar feadh ciliméadar nó dhó, agus lintéar rialta cloiche á thrasnú. Ag dul in airde go seasta agus go séimh a bhíomar agus gan faic ag cuir as dúinn ach na míoltóga - ní raibh oiread is leoithne gaoithe ann agus bhí sé scamallach. Bhíodar dár n-ithe... 

Nuair a thosaíonn an cnoc ag dul i ngéire agus i bhfliche tagann clochán nó céimeanna cloiche in áit an chosáin. Níl an chuid seo den obair baileach críochnaithe agus uaireanta ba ghá dúinn siúl ar thalamh sách sleamhain, san áit go raibh bearnaí sa chonair. Beidh sé iontach ar fad ach é bheith críochnaithe, agus is mór an chosaint a bheidh ann i gcoinne creimeadh talún - bíonn sé de nós ag daoine siúl ar chiumhais cosán fliuch, rud a leathnaíonn go síoraí é. Tá lorg an tsean chosáin amhlaidh in áiteanna. 

Bhíomar sa cheo. 

Tá an chuid deiridh go dtí an pointe is airde géar go maith, agus níl an chosán críochnaithe fós - beidh sé i bhfad níos éasca nuair atá an clochán agus na céimeanna ar fad in áit. Obair thar a bheith slachtmhar atá ann. 

Bhaineamar amach an cloch ogham ag an mám idir Piarais Mór agus Más a Tiompáin. 

Bhí an bealach anuas, go háirithe an dá km deireadh ar an gCosán Bán tríd Cnoc na mBristí (buíochas do Dhara Ó Cinnéide do na logainmneacha) níos aimhréidhe ná mar ba chuimhin liom, agus bhí m'athair ag streachailt le tuirse. Buíochas le Dia agus le fear a sheol mo nuachar inár choinne, d'éirigh linn teacht slán go ceann scríbe ainneoin sin. 

Bhí an cheo agus ár luas mall tar éis mo thuiscint ar cá raibh muid a chuir trína chéile, cé nach raibh aon baol an cosán a chailleadh toisc go bhfuil na cuaillí fairsing. Ach bhíomar níos faide ón ceann scríbe ná mar a shíl mé. (Bhí m'ionchas bunaithe ar teacht an treo sin anuraidh le mo mhac agus muid ag teacht anuas ó Chnoc Bhréanainn. Agus bhíomar ag bogadh níos gaiste agus bhí an aimsir glan). 

Ghlan an ceo tamall sular shroich muid ceann scríbe. 

Ainneoin an corr ag deireadh bhí lá maith againn, agus tar éis oíche mhaith codlata tá m'athair ar a sheanléim arís agus píosa gairid de shiúlóid na Faille siúlta aige fad is a raibh mé féin agus an déagóir ag baint tairbhe as an lán mara agus ag léim de ché Bhaile na nGall. 






2021-08-18

An Fiach 's a Mháthair

“Go saora Dia sinn ar an bhFiach ‘s a Mháthair,
Ar an mBinn Bhig ‘s ar an mBinn Mheánaigh,
Ar Bhinn Diarmuda na fiacaile gránna,
Is ar Log na mBodach na dtonnaíocha báite.”

 [Rann sa tSeanchais, luaite ag Seán Mac an tSíthigh ar Twitter ] 


Sna caogaidí agus é sna déaga bhíodh tuismitheoirí m'athair ar saoire i dteach ar an bhFeorainn, ag an trá i gCuan an Chaoil. Théadh m'athair amach sa naomhóg ag tarraingt potaí gliomaigh le Seán Ó Duinnshléibhe agus duine de mhuintir Bric. Timpeall ar an bhFiach is a mháthair a bhíodh na potaí. Chuirfí na gliomaigh i líon i mbéal Cuain an chaoil. Thagadh trailéir ón Fhrainc a bhailiú go rialta. Cuimhne m'athair ná go mbíodh olaí móra, go mbíodh an naomhóg i bhfad thíos faoin dtrailéir nóiméad amháin, agus ar foluain os a chionn an chéad nóiméad eile. 



An Craiceann agus a Luach


Bunaithe ar an móitíf béaloidis den fear a fhaigheann greim ar chraiceann /cochall murúigh agus smacht uirthi dá réir, tá úrscéal iontach filíochta scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair.

Scéalaí í Eithne sa mhullach ar a saineolas domhain ar bhéaloideas agus ar an nGaeilge agus cruthaíonn sí íomhánna cumhachtacha le teanga spleodrach lán uaim.

Ar chreatlach an scéil traidisiúnta tógann sí úrscéal a chíorann grá - collaí, máithreach, clainne; comhbhá le dúlra ; béadchaint ; fireannachas tocsaineach smachtaithe ;  deacracht comhshamhlú le pobal an té atá éagsúil go feiceálach. Téamaí comhaimseartha uilíocha.

Mar a rinne sí i Múscail, a Ghiorria, tá scéalta béaloidis eile - faoi seilg rónta go háirithe - fite fuaite tríd.

Tá ár gcraiceann róin againn ar fad, agus má bhaintear dínn de láimh láidir é, fulaingt atá i ndán dúinn. Bronntar searc, ní féidir é ghabháil. Agus tá grá máthair iontach láidir!

Tá na híomhánna a chruthaigh Eithne iontach láidir spleodrach - ba bhreá liom léaráidí a fheiceáil curtha leis an leabhar, samhlú ealaíontóra ar an gcaint ceolmhar a mhúscailíonn pictiúir de fiántas agus síocháin dúlra agus duine, de ghrá agus de ghráin, de lúcháir agus dobrón. 

2021-08-17

Ar thóir aontais leis an bhfórsa


Tá rochtain ar na Triúr Deirféar achrannach - tá cuid de na scairshealbhóirí coimín atá dubh ina choinne. Ní leomhfainn dul suas ann gan duine áitiúil i mo theannta. Ach de bharr an búis a chruthaigh scannánú Star Wars sa cheantar tá úinéir talún amháin tar éis an deis a thapú agus cosán a leagan amach chomh fada le himeall na haille, áit ar scannánaíodh an radharc deireadh le Luke Skywalker, ar a mharana ag amharc isteach i bhfuine gréine dúbailte, fad is a raibh a thaibhse fórsa ag coimhlint le Kylo Ren i bhfad i gcéin.

Tá carr chlós beag curtha ar fáil acu freisin, agus bosca beag miotail ag lorg síntiúis. Táim breá sásta síntiúis a thabhairt i gcás mar sin.

Fiche nóiméad siúil go barr na haille, go pointe idir Ceann Sibéal agus na Triúr Deirféar. Ana radharcanna. Bhíomar ann i lár an tráthnóna - shamhlóinn go mbeadh sé diamhair ar fad ag dul faoi na gréine. Tá fógra dhátheangach maidir leis an áit, agus macasamhail an chlocha ar ar suí Luke Skywalker sa scannán. (Tá roinnt botúin cló ar an bhfógra, ar an ndrochuair).

Bhaineamar taitneamh as na radharcanna, cé go raibh sé gaofar go maith ar imeall na haille.

Fionn Trá ⁊ Cill Mhic an Domhnaigh


Agus an Teampall Geal aimsithe agus feicthe againn, thiomáineamar (go leictreach!) ar aghaidh go Ceann Trá, ag fágáil an ghluaisteáin ag Halla Ceann Trá. Síos linn go dtí an Trá mar sin. Tá sé molta do m'athair go mbeadh uisce sáile go maith dá throithe - mar sin shiúl muid costarnach fad na Trá go dtí na Ráithíní. Bhí gainéid flúirseach amach uainn - ar foluain san aeir agus ansin ag titim ina pleist isteach san uisce, cruth sleá orthu. Níor mhaith liom bheith i mo sprioc ag ghob ghainéid! 

Buataisí orainn arís, shiúileamar ar Shlí Chorca Dhuibhne, tríd Cathair an Treantaigh (áit óige an fhile Nuala Ní Dhomhnaill) go dtí Cill Mhic an Domhnaigh. Bhí fonn orm Leac na Ré a aimsiú, áit a bhfuil, más fíor Daire Donn, Rí an Domhain, a thit i gCath Fionntrá curtha. Ag ceal úsáide tá meirg tagtha ar mo chumas meabhair ceart a bhaint as léarscáil 1:50000 na Suirbhéireachta Ordanáise - táim millte ag cruinneas agus líon sonraí léarscáil East West Mapping! Bhí an Celtic Prehistoric Museum príobháideach trasna ó Scoil Chaitlín dúnta mar sin ní fhéadfaí fiosrú ansin. Chuaigh muid suas bóthair a shíl mé a bheith ceart, ag amharc deas is clé. Déanta na fírinne, bhí mé ag súil go mbeadh fógra.
Tháinig deireadh leis an mbóthar i gclós tí. Ní raibh le déanamh ach filleadh síos ar an bpríomhbhóthar.

Agus muid ar an slí anuas (díomá ormsa) tháinig fear a bhí amuigh ag ritheacht. Chuir mé ceist air - ach ní raibh tuairim aige cad faoi a raibh mé ag caint. Nuair a luaigh mé áfach gur cloch a bhí á lorg agam, dúirt sé go mba cheart dom labhairt leis an bhfear sa dara teach ar chlé - go raibh leabhar scríofa aige ar ghalláin Chorca Dhuibhne!

D'aimsigh muid an teach. Ní raibh an cuma air go dtiocfadh éinne go dtí an doras, ach agus muid ar tí imeacht tháinig Cyril Harrington, údar an leabhair, go dtí an dturas. 
Níor thuig sé cad a bhí uaim i dtosach, shíl sé go raibh mé ag tagairt do "leaca réidh" — atá gar do Chom Dhineoil. Seans nach bhfuil an ainm Leac na Ré in úsáid go háitiúil! 

Ach nuair a thaispeáin mé ar an léarscáil dó é dúirt sé "Ah, that's in Tom Garveys Field". 

Bhí sé déanta amach agam faoi sin gur casadh ar a chéile muid cheana, ag ciorcal comhrá Scoil Cheoil an Earraigh faoi stiúir Danny Sheehy, beannacht Dé lena anam. 

Thosaigh sé ag tabhairt treoracha dúinn, ach ansin bheartaigh sé muid a thionlacan píosa. Tá meirg tagtha ar a chuid Gaeilge d'uireasa cleachtadh san dianghlasáil - ach bhí comhrá gabhlánach macarónach againn agus muid ag dul síos an bóthar. 

Ón mbóthar tá Gallán le feiceáil sa chéad gort. Tá an leac a bhí i gceist agam féin sa ghort taobh thiar de sin, agus ar chlé uaidh sin arís tá gallán eile agus iarsmaí Cill Mhic an Domhnaigh - a bhí ina cheallúnach ar feadh i bhfad. Tá cros le feiceáil ar éigin ar an ngallán sin. 

Tá Leac na Ré féin íseal - ach tá dearadh suntasach air. 


Bhí mé i bhfad níos sásta agus muid ag tabhairt aghaidh arís ar an mbóthar! Shiúlamar fán mbóthar chomh fada le tábhairne Pháidí Uí Shé ag Ard a'bhóthair. Tá an bóthar leathnaithe ó bhí mé an treo cheana, agus tá líne péinte ag scaradh píosa de mar chosán coisithe. Feabhas éigin atá ann, cé nach cosaint atá ann. Bíonn an dúrud tráchta ar an mbóthar toisc gur cuid de shlí Ceann Sléibhe atá ann. Is leor tiománaí buile amháin... Agus go deimhin chonaiceamar iarracht baolach dul thar carr ag Francach corrthónach... 

Bhí mé i bhfad níos sásta filleadh ar an dtrá agus siúl ar ais go Halla Ceann Trá. 


Aguisín : Chuir mé ceist maidir le Leac na Ré ar Twitter ar Dáithí de Mórdha. Tá Leac na Ré luaite ag Cuppage et al [Suirbhé Seandálaíochta Chorca Dhuibhne, 1986, foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne] (agus is dócha gur dá bharr sin atá sé ar an léarscáil). Ach tá An Leaca Ré tamall siar an Bóthar, ar chliathán an Dúna le hais Tráigh Chom Dhineoil!
Pictiúir ó Dháithí thíos á léiriú :
Tá Leac na Ré luaite ag an Seabhac freisin [Tríocha Céad Chorca Dhuibhne] san sliocht seo thíos, agus breis eolais maidir leis an áit. Tá an na goirt tugtha chun míntíreachais agus níl na sonraí eile, seachas na clocha, chomh soiléir sin don súil neamhoilte. Ní fhaca mé aon uaimh (ach ní raibh mé á lorg) 


Aguisín eile. 
Tá siopa Leac a'Ré sa Daingin. Bhí bréagchuimhne agam féin go raibh an crosleac ar an bhfógra - ach ní hea, agus is do na haillte i gCom Dhineoil a thagraíonn an t-ainm. 






2021-08-16

An Teampall Geal


Go háirithe ó chonaic mé físeáin Molscéal faoin ceiliúradh ar oíche Naomh Eoin ann, bhí fonn orm cuairt a thabhairt ar an dTeampall Geal. (Tá fonn orm fós bheith i láthair ag ceiliúradh ann!)

Inné mar sin, le cabhair ón léarscáil, chuaigh mé sa tóir ar le m'athair. Gar don áit féin tá comharthaí treoracha soiléire. Bhí leathshúil agam go mbuailfimis le Toose Mac Gearailt ar leis an talamh (ach ní raibh sé de dhánaíocht agam buaileadh ar a dhoras). Bhuaileamar lena mhadra ar aon nós! Neach cairdiúil lingeach - cé nach maith liom féin madraí!

Tá saibhreas seandálaíochta sa phríomhláthair. Fothrach airigil mar atá i nGallarus, cloch ogham cosanta ó eallach ag bandaí miotail, crosleac, poll faoi thalamh - Souterrain - ina bhfuil, is cosúil, roinnt seomraí. Ach ní dhearna mé iarracht dul isteach tríd an bpoll chúng ar a dtugtar Poll na Sagart! 

Maidir leis an dtobar féin, ba mhór an chabhair an cuir síos ar an mblag Holy Wells of Cork and Kerry. 

Bhí sé ag ceobhrán agus sin ann, mar sin ní bhfuaireamar na radharcanna áille atá le feiceáil ar lá glan. 

Tá súil agam filleadh, áfach - ar Féile Eoin, le cúnamh Dé. 


An Afraic Theas


Tá go leor den ficsean Ghaeilge a scríobh Éamonn Mac Giolla Iasachta léite agam - ach ní ficsean atá sa leabhar seo ach tuairisc ar an Afraic Theas, bunaithe ar an seal a chaith sé ann i tríochaidí an chéid seo caite.

Le bheith cruinn, is tuairisc atá ann ar phobail Eorpacha na hAfraice Theas atá ann - ar éigin go bhfuil tagairt ann don bpobal bundúchasach. An dá mórphobal den "fionn-ghné" - sliocht inimirceach ón Ollainn fadó agus sliocht giollaí impireachta na Breataine. 

Is dócha go bhfuil mo shamhlaíocht féin faoin áit truaillithe ag ficsean Rider Haggard agus John Buchan - giollaí de chuid na himpireachta a bhfuil an dearcadh 
atharthaíoch acu ar dreamanna seachas a aicme féin, a léiríonn na bundúchasaigh mar daoine leanbaí ach fealltach. 

Agus an meascán idir bundúchasaigh agus Eorpaigh mar drochrud amach is amach, a mbíonn daoine oilc mar thoradh air i gcónaí. 

Togán atá ansin gan amhras, bréag fealltach Eire an Fhir Ghil a shuaimhníonn coinsias na nEorpach agus tír, talamh agus treabhchais á chreachadh acu. 

Tá, gan amhras, ficsean eile ag scríbhneoirí de bhunadh na hAfraice iad féin léite ó shin agam, ach dada le duine ón gceantar faoi chaibidil. 

Measaim gur daonnachtaí go smior ab ea Mac Giolla Iasachta, ach anois is arís agus a chuntas á léamh agam, shíl mé nach raibh sé saor ó smál an chiníochais. Tá caibidil eile gan amhras faoi "The Colour Problem" - sofhriotail na linne, ach ní raibh sé iomlán soiléir dom an ar mhaithe le seilbh a choinneáil ar an gcumhacht a mheas sé go mba cheart breis cearta a ghéilleadh do na bundúchasaigh agus sliocht na nIndiach, nó toisc gurb é an rud ceart é. Bhraith mé uaireanta go raibh sé ag cuir srian ar féin, ag iarraidh cloí le tuairisciú lom seachas tuairimí a thabhairt ó chroí amach. 

Chothaigh a chuid tagairtí do Ghiúdaigh san saothar amhras ionam freisin - shíl mé gur leag sé béim ar shaibhreas agus cumhacht an phobail sin ar dhóigh míchuí. 

Ach i ndáiríre is scéal na hAfrikander agus na Sasanach atá ann, agus an achrann eatarthu. 

Tá an tuairisc thar a bheith spéisiúil, agus is fiú é léamh dar liom. Molann sé féin ann roinnt de saothair Béarla le tuiscint níos fearr a fháil, idir ficsean agus neamhfhicsean. 

Ní dóigh liom go mbeadh sé samhlaithe aige go raibh bóthar fada fuilteach le dul go dtí go mbeadh cothrom na Féinne ag bundúchasaigh, agus go deimhin ní dóigh liom go bhfuil ceann scríbe bainte amach. 

Éamonn Mac Giolla Iasachta 
An Afraic Theas 
Oifig an tSoláthair, 1947 

Ón leabharlann a fuair mise é. 

2021-08-15

Dirty Habits

Ceathrar deirfiúr ag Daideo. Nóra - an tSiúr Muire Oilibhéir. Cuma crosta uirthi dar linne páistí ach flaithiúil agus í ar cuaird orainn nó muide ar an gclochar i nDroichead Átha. Bríd - Sr Mary Bridget. I Meiriceá formhór a saol. Bearta anall scaití. Róisín - Sr Rosario. San South Pres i gCorcaigh. Ceolmhar gealgháireach cairdiúil.

Áine, pósta ar Bill. Mór gnaíúil cairdiúil. Mátrún i Sráid Teampaill.

Nathán aici - ag tagairt don triúr eile in Ord na Toirbhearta - I'm the only one without a dirty habit. 

Baiste bóchna

Mé coicís d'aois. Cuairt ar tuismitheoirí m'athair, iad ar saoire. Mo thuismitheoirí ag snámh i gCom Dhineoil. Mise i gciseán ar bharr aille. Aintín Nóra m'athair, an tSiúr Muire Oilibhéir, ag feighlíocht orm. Clúidín líonta. Cac ghreamaitheach mar a bhíonn ag bunóc fíor óg. Réiteach? Tumadh sáile.

2021-08-14

Ón mBaile Breac go Baile na nGall

An caitheamh aimsire a bhíonn ag mo chlann agus muid in Iarthar Dhuibhneach ná bheith ag léimt ón gcé i mBaile na nGall isteach sa tsáile. Chun go mbeadh sé sin sábháilte ní mór don taoide a bheith ar a laghad leath bhealaigh idir lag trá agus lán mara. An tseachtain seo tá an lán mara luath ar maidin nó déanach tráthnóna.

Mar sin bhí am i lár an lae le líonadh!

Dé Domhnaigh seo caite bheartaigh mo mhac is sine agus mé féin siúl go Baile na nGall ón mBaile Breac.

Thosaigh muid ar Chosán na Naomh, ag dul ó dheas. Píosa siúl ar an mbóthair mór go dtí Corr Áillí, agus cúlbhóthar ansin go dtí bun Rinn Chonaill. Trasnaíonn an cosán an chnoc sin.

Tá iarsma mainistreach sa pháirc díreach tar éis don cosán an bhóthair a fhágáil. Tá Rinn Chonaill níos géire ná ba chuimhin liom le dreapadh (seanaois....). Ach tá ana radharc ar an ndúthaigh ón mbarr - Paróiste Módhrach ó thuaidh agus Cnoc Bréanainn, agus Cuan Ard na Caithne, Márthain agus Sliabh an Iolair sa treo eile - agus sin ar lá nach raibh an léargas ró iontach. 

Síos le fána ansin go Cill Maolchéadair. Mainistir ina bhfuil saibhreas iarsmaí - Cloch Ogham, Cloch aibítre, Clog gréine... Trasna an bhóthair uaidh, tobar beannaithe (tirim). Lámh leis bullán agus scéal a nascann leis an nGlas Gaibhneach é. 

Leanann Cosán na Naomh an bhóthair arís ansin chomh fada le Lios Deargáin. Tá cúlbhóthar fada díreach ansin síos go dtí an mór bhóthar in aice le Gallarus. D'fhágamar Cosán na Naomh ansin agus thrasnaigh an bóthar chun bóthar glas chun na Trá a leanacht. 

Shiúlamar fán Trá chomh fada le Muiríoch, agus ar an mbóthar ansin go Baile na nGall. Thart ar dhá uair siúlóide, agus bhí goile againn do sceallóga TP! 



Bréanainn ó scrín go scrín

Táimid ag teacht go hIarthar Dhuibhne ó 2003, agus d'éirigh liom Bréanainn a dhreapadh mórán gach bliain acu. Cúpla bliain ó shin, nuair a bhí mo chlann ag dul go dtí an campa uisce i gCaisleán Ghriaire don lá, shiúl mé trasna na sléibhe ón gClochán. Ar an ndrochuair, bhí an aimsir lofa. Ní raibh deacracht agam an slí a aimsiú ach bhí an léargas chomh holc gur bhain mé díom mo spéaclaí mar nach raibh faic á fheiceáil agam!

Bhí cuma maith ar an aimsir Dé Céadaoin áfach agus thug mé féin agus mo chlann faoin siúlóid. Thiomáin mo bhean muid trasna an Chonair. Ní raibh sí ró thógtha leis an bóthar caol géar a thug chomh fada leis an gcarrchlós in aice leis an grotto ag an Fhaiche muid! 
Thosaigh muid amach ag siúl suas an chnoic. Níl sé iontach géar ach bhíomar ag dreapadh go seasta ar feadh thart ar uair an chloig. Deacair go leor san teas! 

Tar éis thart ar uair an chloig shroicheamar láthair timpiste eitleáin ón dara cogadh domhanda. Mhair an seisear a bhí ar bord, agus phós beirt acu mná as Éirinn i ndiaidh an Chogadh! 

Uaidh sin amach bhíomar ar siúl os cionn na locha Pater Noster - radharcanna áille, ach gan muid ag dul in airde mórán. 

Tá an cosán breá soiléir, agus marcáilte le cuaillí cruaiche agus cairn chomh fada le bun an dreapadh - agus saighead buí anois is arís ar na carraigeacha. 

Tar éis thart ar uair an chloig bhaineamar amach an áit go raibh dreapadh géar le déanamh, agus lámha de dhíth mar thaca scaití. 

Tar éis trí ceathrú uaire bhaineamar an droim amach, agus i gceann fiche nóiméad eile bhíomar ag Barr Turasa.
 

Tá tobar beannaithe ar bharr, chomh maith le fothrach séipéilín faoin gcros nua, agus fothrach clocháin atá úsáideach mar fothain ón ngaoth feanntach a bhíonn coitianta ann! 

As sin anuas tá cosán oilithrigh marcáilte go soiléir le turas na Croise agus cuaillí bána plaisteacha síos chomh fada leis an carrchlós os cionn an Bhaile Bhric. 

Uair go leith nó mar sin an turas anuas. Agus ós rud é go bhfuil ár lóistín cúpla céad slat síos uaidh, ní fada go raibh ceann scríbe bainte amach againn. Lá den scoth againn. 




B'as Éirinn di


Alt léi i Feasta (mura bhfuil dul amú orm) faoin Éigipt a spreag mé fios a chur ón leabharlann ar an úrscéal seo le hIsobel Ní Riain.

Bean óg Éireannach í Lisa, imithe chun na hÉigipte, meallta ag leannán. An caidreamh sin tite as a chéile, ach i ana cheanúil ar an dtír. Mothaíonn sí áfach brú inti féin pósadh agus socrú síos. Fear a diongbhála a aimsiú. 

Ach tosaíonn sí ag cloisteáil glóracha... 

Níl aon taithí ná eolas agam ar meabhairghalar, mar sin níl tuairim agam an bhfuil an léiriú san úrscéal cruinn. Is cinnte áfach go bhfuil sé ana éasca glacadh leis. Reacaireacht tríú phearsa ó dhearcadh Lisa atá ann. 

Muid ag cuir aithne ar an tír agus na daoine mar atá sí féin, ag roinnt a cuid spéiseanna. Eachtraí beaga agus móra, tochmharc agus tragóid. 

Nathanna Araibise mar teidil caibidil, agus Araibis scaipthe tríd an leabhar. 

Thaithin an scéal liom, bhí bá agam le Lisa agus í i ngleic leis an gcinniúint a ghabhann í (i bhfad uainn féin a leithéid!) Scéalta agus eachtraí laistigh den scéal a thug blaiseadh (cruinn, measaim) ar an saol i gCaireo dom - ag eachtrannach nach scoitheann í féin amach ó phobal na tíre, cé nach ndéantar comhshamhlú uirthi ach oiread. 

Isobel Ní Riain 
Coiscéim 2018:13




2021-08-13

Sliabh an Iolair


Tá Sliabh an Iolair feiceálach in Iarthar Dhuibhneach (cé nach bhfuil radharc agam air ón mBaile Breac). Ar chúis éigin ní raibh sé siúlta agam go dtí i mbliana. Bhí an aimsir le bheith measartha glan Dé Máirt seo caite agus thug mé faoi le mac liom.

Thug mo nuachar sa charr timpeall Ceann Sléibhe muid agus thosaigh muid ag siúl ag an carrchlós beag Radharc an Bhlascaoid. Bhí mé tar éis dul i gcomhairle leis an leabhar The Dingle Peninsula - a walking guide le Adrian Hendroff. Comhghleacaí ab ea é liom i Parthus fadó ach is dóigh liom go bhfuil sé beo anois go hiomlán ar siúl sléibhe idir bheith ag treorú, ag oiliúint, ag foilsiú leabhair agus grianghraif. Duine spéisiúil. Malaech, de bhunadh Síneach go príomha. Bhíomar cairdiúil go maith an uair úd ach teagmháil caillte ó shin againn.

Ar aon nós ba chabhair an leabhar chun conair a roghnú. Shiúlamar ó dheas b'fhéidir seasca méadar ar an mbóthar go dtí gur tháinig muid ar an áit a fhágann Slí Chorca Dhuibhne an bóthar.

Leanamar bóthar glas suas an chnoic (géar) ansin go dtí an pointe is airde geal leis - leanann SCD ar aghaidh ansin go Fán. Chasamar tríd geata agus ar bóithrín glas eile a chuaigh in airde in línte nathrach a chuidigh dul i ngleic leis an bhfána! Nuair a tháinig deireadh leis an mbóthar glas lean muid balla cloiche suas go barr Binn an Choma (pictiúir thuas). As sin ar aghaidh bhí cosán measartha soiléir go barr Sliabh an Iolair, agus ba mhaith sin mar bhíomar sna scamaill agus deireadh le radharc! Bhaineamar an pointe triantáinithe amach tar éis thart ar uair go leith ón am a d'fhág muid an bhóthar. Bhí an cuid deiridh bog go maith.


Ón mbarr anuas lean muid bóithrín a chas siar agus aniar ag dul síos le fána agus a tháinig amach ar bhóthar an Chlasaigh, tuairim is leath bealaigh idir an Mám agus Dún Chaoin. 

Dá mbeadh carr sa charrchlós againn, leanadh muid an bhóthar ar ais. Ach ní raibh. Bhíodh cónaí ar Reiner Rolff, a tháinig ó Bheirlín go Dún Chaoin sna seachtóidí lena mhac agus a bhean, sa Ghleann Mhór. Chuir a mhac coill beag giúise atá anois aibí go maith, timpeall ar an teach a d'athchóirigh sé. Tá sé féin ar shlí na fírinne le roinnt blianta anois, suaimhneas síoraí air, ach bhí sé de dhánaíocht againn gearradh síos tríd a cheart bealaigh agus tríd an ghairdín. Chuireamar paidir lena anam agus anam a mhnaoi a d'éag ag tús an chéid. Leanamar orainn ansin ar an mbóthar a thagann amach ar an mbóthar mór ag séipéal Ghobnait. Chuireamar paidir le hanam an oileánaigh sa Reilig. 

Ar aghaidh linn ansin fán mbóthar go dtí an iar bhrú óige mar ar leanamar SCD arís faoi bhun Márthain go dtí potadóireacht Louis Mulcahy, áit ar bhailigh mo nuachar muid arís. 

Siúlóid taitneamhach! Thart ar dhá uair go leith san iomlán. Ar an mbealach abhaile fuair muid roinnt leanna Tí Bhric. 


2021-08-12

Ingearán súileach scéalach

Tá ag éirí thar na bearta le Ingenuity - ingearán NASA ar Mars. Togra turgnamhach atá ann, nach raibh i gceist ach dornán eitiltí chun an féidearthacht eitilt ar Mars a iniúchadh. Tá aon eitilt déag curtha de ag an t-ingearán go dtí seo, ag dul i bhfad thar an méid a bhí beartaithe.

Seo gléas a tógadh a baint úsáide as crua earraí tráchtála, agus córas ar leith bogearraí foinse oscailte bunaithe ar Linux - F'. Go stairiúil bheadh togra mar seo ag baint úsáide as crua earraí agus bog earraí a forbraíodh go háirithe don mhisean. Gan amhras rinneadh go leor, leor tástáil - agus tá macasamhail an ingearáin fós in úsáid ag foireann JPL chun rudaí a phromhadh ar an domhan seo.

Um nóin Mharsa a déantar na heitiltí - tráth a mbíonn cadhnraí Ingenuity lán luchtaithe. Caithfear na rótair a chuir ag casadh ar ardluas d'fhonn an árthach a ardú in atmaisféar tanaí Mharsa. Agus níltear ag stiúradh an ingearáin - ní bhíonn teagmháil dhíreach ar bith leis, bíonn ar an fhoireann an misean a reamhchlárú, agus bíonn fánacht roinnt uaireanta an chloig go dtí go bhfaigheann siad sonraí na heitiltí via nasc tríd an fánaí Perseverance agus ar satailít atá i bhfithis thart ar Mharsa.

I measc na sonraí sin bíonn go leor leor pictiúir - fearacht an chinn seo.
Tá níos mó ná pictiúir i gceist leo seo, áfach - is cuid de chóras loingseoireachta Ingenuity iad. Níl na mionsonraí ar eolas agam, ach tá an pictiúr agus an t-am beacht a ghlacadh é in úsáid chun an ingearán a stiúradh (i measc rudaí eile, gíreascóp mar shampla). Bhí fadhb in eitilt amháin nuair a shleamhnaigh botún isteach sa chóras - fágadh pictiúir amháin sa sraith ar lár agus cuireadh am míchruinn leis an gcuid eile den sraith - rud a d'fhág an árthach ag luascadh ó thaobh go taobh ag iarraidh botún nárbh ann do sa loingseoireacht a cheartú.

De bhrí nach raibh ach líon beag eitiltí beartaithe i dtosach, agus teorainneacha acmhainní ríomhaireachta le cuir san áireamh, rinneadh simpliú ar an algartam loingseoireachta - ag glacadh leis go raibh an dromchla ar Mharsa cothrom agus réidh sa limistéar eitilte. De réir mar atá an turgnamh ag dul ar aghaidh áfach, níl an simpliú sin fíor níos mó - agus is gá athruithe a chuir i gcrích ar na bogearraí. 

Is follas go bhfuil foireann oilte éirimiúil cúramach ag obair as lámha a chéile chun an togra seo a chur i gcrích - agus go bhfuil an dearg-ádh leo freisin! 

Diomaite de roinnt beag fadhbanna bogearraí tá gach rud tar éis feidhmiú níos fearr fós ná mar a bhí súil ag an innealtóir is dána dóchasaí ina measc! 

2021-08-10

Mé Suibhne


San gála is déanaí seo de thogra athnuachana litríochta Leabhar Breac, tá Feargal Ó Bearra tar éis feidhm a bhaint as a scoláireacht leathan agus domhain chun leagan taitneamhach den scéal meánaoiseach Buile Suibhne a chuir ar fáil do léitheoirí (oilte) an lae inniu.

Mar atá ráite aige féin san Iarfhocal (ar díol spéise agus lón léitheoireachta ann féin é), is ar an gcluas atá a leagan dírithe agus tá an prós féin ceolmhar fileata. Agus mar ba mhinic sna sean scéalta, tá dánta ag athrá nó ag dlúthú na himeachtaí fite tríd. 

Suibhne féin a labhraíonn linn tríd síos, ag tabhairt léargas dúinn ar a thurnamh ó Rí uaibhreach i measc a theaghlach grámhar go fear buile líonta le sceoin ag lingeadh ó chrann go crann ar a sheachnóin tríd Éirinn. 

Tubaiste a tharraingíonn a chol leis an gcreideamh nua air - níl aon ghlacadh aige le hiarrachtaí Rónáin síocháin a dhéanamh le linn catha. Goineann sé giolla leis an naomh agus caitheann sleá leis féin a bhuaileann an clog a bhfuil fuatha ag Suibhne dó. Mallacht air an toradh, agus téann sé le craobhacha. 

Tá faoiseamh éigin i ndán dó ag deireadh saoil de bharr idirghuí naoimh eile - Mo Ling. 

Scéal ar an gcumhacht, an chreidimh, an tráma inste go paiteanta. 

Ní duine mé a tharraingíonn foclóir chugham agus mé ag léamh - más féidir liom meabhair a bhaint as an dtéacs i gcomhthéacs is fearr liom na cruachainnteana a fhuascailt ar ball. Tá siad ann, ar ndóigh, agus iarracht déanta saibhreas teanga an bhunleagan a chaomhnú. Tá formhór acu le fáil i FGB. I roinnt cásanna bhí air leaganacha a lúbadh go háirithe ar mhaithe le meadaracht san fhilíocht. Tá * curtha leis na leaganacha sin agus fáil orthu san Iarfhocal. (Is trua liom áfach nár déanadh gluais in ord aibítre astu. Ba fhusa sin dá mba mhian le léitheoir iad a chinntiú agus é ag léamh). 

Bhain mé taitneamh as an leabhar, agus fillfidh mé arís air. Chuala mé Feargal féin ar an gCúinne Dána ag léamh agus ag cantaireacht sliocht as - chuir sé sin toise ar leith leis, agus mar a deirim téacs atá anseo don gcluas. 

Tá moladh ag dul don scéalaí a chéad ceap, nach eol dúinn a ainm, don scríobhaí a thug slán an scéal, agus go háirithe do Fheargal agus do Leabhar Breac a chuir ar fáil mar earra snasta ealaíne dúinne é! 

Téacs a bhfuil teachtaireacht ábhartha ann do lucht ár linne féin ós minic ar na meáin [mhí] shóisialta iad siúd is laige ná lucht a lasctha á náiriú go poiblí, iad siúd is mó a thuileann trua á bhfágáil taobh leis an uirísliú urghránna os comhair an tsaoil. 

Ón Iarfhocal 


Beannacht for hanmoin a Dháibhí Uí Dhuibhgheanáin 

Feargal Ó Béarra
€16.00

160 lch (crua); 
978-1-913814-08-3




2021-08-08

Poslusne hlásím


Níl Seicis agam, seachas dornán nathanna proinntí. Mar sin, is as Gearmáinis atá nath cháiliúil Švejk léite agam. Melde gehorsamst - tuairiscím go humhal - Poslusne hlásím. 
Chomh maith le dhá leagan den úrscéal - ceann acu le léaráidí Josef Lada - tá dhá leabhar de phíosaí gairide le  Jaroslav Hašek ar na leabhragáin againn.

I ndiaidh dom bheith ag plé leis an tSeic anseo le déanaí, tharraing mé chugam ceann acu - Meine Beichte (M'Fhaoistin). Dornán scéalta faoi Švejk, dornán scéalta eile agus roinnt dírbheathaisnéis bréige.

Tréith Švejk, an dea saighdiúir, ná orduithe a chomhlíonadh go litriúil, agus spior spear a dhéanamh den Arm dá réir. Ba mhaith leis na hoifigigh fáil réidh leis - ach teipeann orthu. 

Dhá shampla - agus é ina ghiolla ag séiplíneach na reisiminte, ordaítear dó fíon Aifrinn a fháil, ach gan ach an fíon ó bhaile áirithe san Ostair íochtar a ghlacadh. Abhae leis más ea, ó thuaisceart na hIodáile, sa tóir ar an bhfíon... San Aifric a chríochnaíonn sé nuair atá sé ag léiriú eitleán nua d'oifigeach ón Rumáin agus nuair a ordaíonn oifigeach eile dó le teann cantal eitilt go dtí an Diabhail... 

Bíonn scéalta eile níos seirbhe agus fimíneacht an chléir agus na huaisle á sciolladh aige. Greann dubh dóite taitneamhach, fonóid faoin dream in uachtar de bharr oidhreachta agus maoine. 

Áiféis amach is amach atá sna píosaí faoi fhéin, reductio ab absurdum ar cáineadh air ó iriseoirí eile. 

Tá léaráid in aghaidh an scéil de chuid Josef Lada sa leabhar, agus is mór an spóirt iad. 

Is acu a bheadh an spóirt le ciorcail órga na hÉireann, creidim. 


2021-08-02

Tá dhá ó Seiceach ag Labhraí Loingseach

Tamall siar bhí cuntas Twitter Motherfoclóir faoi stiúir ag bean ón tSeic @lejdulka agus ag pointe éigin sí go raibh dán cáiliúil de chuid athbheochan na Seicise faoi anáil miotais na hÉireann. Chuir sin ag tochailt agus ag cuimhneamh mé!

Chuaigh mé féin díreach ón Ollscoil go Beirlín. Tar éis bliana nó mar sin casadh mo nuachar anois agam; agus ceann de na rudaí a bhí i gcoitinne againn ná fonn siúlóide. Níl an tSeic (an tSeicslóvaic an uair úd) ach cúpla uair an chloig ar traein ó Bheirlín agus is iomaí deireadh seachtaine a chaitheamar ar siúl san České Švýcarsko (Eilvéis na Boihéime), díreach trasna an teorainn ón Sacsan - ceantar gaineamhchloiche a bhfuil go leor clasán agus craosán ann, agus áirsí diamhaire cloiche - agus go leor siúlóid marcáilte go soiléir tríothu. Chabhraigh sé go raibh na proinntithe (agus an leann) go maith agus saor don té a raibh Deutschmark ina phócaí ...

Níl de Seicis agam ach dornán nath proinntí, ach chuir sí Adalbert Stifter in aithne dom. Scríbhneoir as Gearmáinis a rugadh sa Böhmerwald/Šumava ar teorainn na hOstaire anois. Tá roinnt mhaith dá chuid úrscéalta lonnaithe sa cheantair sin, agus chaitheamar seachtain nó mar sin ar saoire taitneamhach ann i 1993 measaim. I measc na húrscéalta atá aige tá ceann cáiliúil Witiko - scéal atá bunaithe ar fíorscéal faoi ceann fine sliocht uaisle a raibh ról lárnach acu i stair na Boihéime. (Is cosúil go raibh sraith i gceist aige, ach is dóigh liom nach bhfuil ann seachas an ceann téagartha seo ach úrscéal gairid faoi deireadh tragóideach géag den sliocht sna cogaí creidimh - Der Hochwald). 

Bhí roinnt Kafka léite agam roimhe agus ó shin ar ndóigh, Giúdach de bhunadh Prág a scríobh as Gearmáinis freisin. In aistriúchán Gearmáinise freisin atá An Dea-Saighdiúir Švejk le Jaroslav Hašek léite agam; tá cuid eile dá shaothar léite le fonn agam, greann dóite go háirithe ag baint leis an Strana Mírného Pokroku v Mezích Zákona (An páirtí um dul chun cinn measartha laistigh de shrianta an dlí). (Bhí mé ag súil go mór cóiriú raidió Breandán Uí hEithir ar Švejk a chlos - bhí sé le bheith mar chuid de chomóradh na bhFlaitheartach, ach cuir an paindéim poll sa phlean).

Eolas sách dromchlach ar an tSeic atá agam mar sin, ach spéis áirithe. Agus cuimhní geala (cuireann suirí loinnir ar chuimhní!).

Tagairt eile a ritheann liom ná go bhfuil Cath an tSléibhe Bháin (Bitva na Bílé hoře) luaite san úrscéal An Cléireach le Darach Ó Scolaí. Bhí saighdiúirí Gaelacha i go leor áiteanna ar an Mór Roinn, go minic san áit a raibh manaigh rompu...

Zum Exempel – Dragoner – sprich:
Aus welchem Vaterland schreibst du dich?
Erster Dragoner.
Weit aus Hibernien her komm' ich.

Wallensteins Lager
Friedrich von Schiller


Ar ndóigh, nuair a d'fhill mé ar Éirinn agus nuair a thosaigh mé ag freastal ar an gCiorcal Díospóireachta - thar ar 2003 - chuir mé aithne ar Michal Měchura. An uair úd bhí sé fós ag obair le Microsoft, ach ó shin i leith is ar a scileanna ríomhchláraithe atá go leor de bhonneagar na dána digiteacha Gaeilge tógtha.

Ar aon nós, ón tagairt a thug @lejdulka  don dán, thuig mé gur scéal Labhraidh Loingseach agus a dhá ó pill a bhí i gceist. Bhíos thar a bheith fiosrach cad a spreag Karel Havlíček Borovský an ábhar seo a úsáid! Is cosúil go raibh spéis ag daoine forásacha  san tSeic in Éirinn - go bhfaca siad cosúlachtaí idir an Bhoihéim faoi riail na nOstarach agus Éireann faoi riail na Breataine; agus gur spreag leithéidí feachtas Uí Chonaill um Repeal iad - cé go raibh tuiscint thar a bheith éagsúil acu ar ceist na teangan ná mar a bhí ag Uí Chonaill (cá bhfios cén corr a chuirfí i stair na hÉireann dá dtuigfeadh an Conallach go mba thábhachtaí an Ghaeilge ná an chreideamh chun Éire saor daonlathach a bhaint amach?)

De bharr cúpla nod ó @lejdulka tháinig mé ar alt le fear darbh ainm Moritz Hartmann - Boihéamach a labhair Gearmáinis agus a thug cuaird ar Éireann agus é ar a sheachaint (de bharr an bhaint a bhí aige le feachtais forásacha sna críocha Gearmánach). Más fíor a insint ar an scéal (Briefe aus Dublin, Hartmann), chuala sé scéal Labhraidh Loingseach ó iar-mhairnéalach i dteach óil de chuid an daoscarshlua iar-ghorta i bplódcheantair Bhaile Átha Cliath. (Agus gach seans gur chuala). Bhí an scéal lonnaithe ag an reacaire i gCill Mhantáin (Viklov), mar atá leagan Seicise Borovský.  Borovský a bhaist Kukulin (Cú Chulainn) ar an mBearbóir, ámh. Agus a rinne dord Seiceach den gcláirseach Gaelach.

Agus mé ag tochailt tháinig mé ar an bhfíseán thuas, scannán bunaithe ar an ndán a rinne Karl Zeman sna caogaidí. 

Scéal ársa atá ann, ar ndóigh, ag dul siar chomh fada le Midas na Gréige - ach buan uilíoch mar nach bhfuilimid saor fós ó rialtóirí a imríonn cos ar bolg ar an bpobal ar mhaithe leo féin. Scéal úsáideach, mar sin, do dream forásach - tuigeann an eolach agus an té a bhfuil dúil sa tsaoirse aige an nod, ach is féidir é shéanadh ar na húdaráis - pé acu Hapsburg nó Cumannach....

Moladh eile a rinne @lejdulka ná an leabhar Ireland and the Czech Lands a léamh; sraith aistí acadúla a chuireann cúrsaí éagsúla san dá thír trí chéile. Chuir mé fios air ón leabharlann agus bhain mé adhmaid áirithe as. Na cosúlachtaí spéisiúla; na teagmhálacha freisin. Agus na codarsnachtaí! Ceachtanna fós le foghlaim. Trácht ann ar dhearcadh (impiriúil) taistealaithe Sasanacha agus Gearmánacha - nó cainteoirí Gearmáinise, ar aon nós - ar an dá chríoch a bhí bhí leatrom ag cumhacht ar mhalairt teanga agus leagan den gCríostaíocht - agus cos ar bolg dá réir. Uaisle de na Seanghall as Éirinn a fuair gradam agus tailte tríd seirbhís d'arm na hImpireachta. Beagán eolais ar scor clochar na bProinsiasach i bPrág agus scaipeadh na mbráithre. Seoda beaga eolais.

Ar ndóigh tá Seicis curtha anois ag Radvan Markus ar Cré na Cille; agus tá nascanna cultúrtha eile ann, sa chaoi is go raibh comhdháil as Gaeilge in Ollscoil Cathail i 2017. ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?’: An tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa. Cloisim go mbeidh leabhar ag eascairt as sin féin.

Tá súil agam go mbeidh deis agam arís cnoic agus coillte na Seice a shiúil!