Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-09-18

Dúil sna Dúile

Fad is a bhí daoine eile ag faire ar fhaill Bhaile Átha Cliath Corn Mhic Uidhir a bhreith abhaile, bhíos ag turasóireacht i lár Bhaile Átha Cliath le m'iníon agus cuairteoir ón nGearmáin. Bean sna 70í déanacha, cineál de sheanmháthair dár gcuid - ach bean a bhí fad a saoil ina eolaí. Mar sin, thuig muid aghaidh ar Dánlann na hEolaíochta agus an taispeántas "Dúile". Anois agus m'iníon in aois scoile bhí sí beagnach in inmhe tuiscint a bheith aici  ar a bhfaca muid - cé gur shíl sí gurbh draíocht cuid mór de! Bhí mé ana thógtha leis an taispeántas seo, curtha le chéile go hana mhaith, agus iníonacha (níos mó ná) & mic léinn ag cuir codanna de i láthair.
Tábla Peiriadach na ndúil a bhí mar téama ag an léiriú. Bhí an céad urlár tógtha suas le seilfeanna ina raibh leagan sluafhoinsithe den tábla ann - iarraidh ar dhaoine nithe a raibh dúil áirithe bainteach leo a tabhairt isteach. Thuas staighre bhí turgnamh éagsúla le feiceáil "beo". Chonaic muid scragall alúmanaim á thuaslagann i hiodrocsaíd sóidiam (bun ana láidir) ag gineadh teas agus sruth sofheicthe hidrigin. Bhí muid ag spraoi le adhmaint agus mionrabh iarainn; chonaic muid calóga arbhair á iompú dubh ag iaidín de bharr an oiread stáirse atá iontu. Chonaic muid - rud a chuir an ionadh orm - "Cheerio" á tharraingt thar uisce ag adhmaint - de bharr an iarann ann!
Bhí taispeántas ann de na dúile spéisiúla fearacht mearcair - é á chroitheadh gach cúpla nóiméad. Bhí próca sulfar in aice leis - bhí fhios ag Opina gurbh chun aon mearcair a doirteadh a neodrú a bhí sin ann. Bhí dealbh spéisiúil de Sizewell ann - déanta de gloine úráiniam, substaint lonrach uaine. Bhí, gan amhras ór agus platanam ann.
Tríd is tríd, ana taispeántas: Tá áthas orm nár chaill mé an deis, ó tharla go mbeidh deireadh leis dé hAoine!

2011-09-17

Dúiseacht an Choiligh Chodlataigh!

Bhí an siopa Cúpla Focal i mBré plódaithe tráthnóna do sheoladh an leabhair is déanaí ó Futa Fata - An Coileach Codlatach. Nuala Nic Con Iomaire, beannacht Dé ar a hanam uasal a scríobh. Chaith Nuala roinnt blianta ina cónaí i mBré. B'í an chéad fostaí a bhí ag an mBéal Binn. Mar a tharlaíonn sé, bhí mé i mo bhall den gCoiste a cheap í sa phost sin, agus plé measartha rialta agam léi sna blianta luaithe sin. B'iontach an flosc oibre agus cruthaitheachta a bhí aice. Mheabhraigh Bríd Ní Choincheanainn sin dúinn ina cuid cainte - bhí Bríd ina príomhoide ar Scoil Chualann, agus rinne Nuala roinnt drámaí leis na gasúir ann. (Anois agus í ar scoir is dócha go bhfuil sé sábháilte rún a scaoileadh - b'í an chéad mhúinteoir a bhí agam i Scoil Bríde: níorbh inniu ná inné é sin). Mheabhraigh sí dúinn conas mar a mhúscail Nuala féin mhuinín, cruthaitheacht agus spéis sna healaíona sna daltaí agus iad ag obair ar dhrámaí a chum nó a chóirigh  sí féin. Ní duine mé a léiríonn a mhothúcháin; ach caithfead admháil nach raibh na deora i bhfad uaim, agus bhí tocht i mo scornach.  Sílim gur beag duine a bhí ann, seachas na gasúir óga, nach raibh tionchar mar é ag Nuala orthu; mar is as an gcomhluadar seo a tháinig sí - ceann de na líonraí Gaelacha sa Ghalltacht; aithne againn ar a chéile le fada, muid go minic ar aon scoil, agus uaireanta ar aon rang le chéile sa Bhunscoil. Duine againn féin, duine a raibh tionchar thar a bheith dearfach aici orainn, ainneoin nach raibh i ndán di inár measc ach seal ró ghairid. Bhí, mar sin, an cumha agus an cheiliúradh in orlaí tríd caint Bhríd. Nuair a bhí deireadh ráite aici, léigh Pádraic Harvey, baintreach Nuala an scéal - scéal a bhí forbartha aici ag ceardlann a d'eagraigh Tadhg i Futa Fata. Scéal iontach faoi neach nach bhfuil i ndán don ról atá ceaptha dó san sochaí - ach a théann chun tairbhe don gcomhluadar mar sin féin. Faoi dheiridh an scéil bíonn a ionad aimsithe ag an gCoileach, ainneoin gan é bheith ar a chumas éirí le éirí na gréine agus glaoch mar is ceart chun cách a dhúiseacht. Scéal ana dheas, inste go breá. Agus cuireann léaráidí Donough O'Malley go mór leis an scéal. (Bhí sé féin ann chun na leabhair a shíniú - agus tá áthas orm a rá gur díoladh a lán acu, beidh scíth ina chrobh ón scríbhinn, shamhlóinn!)
Éacht eile ó FutaFata! (I gceist agam mír níos faide a scríobh faoin spás ar mo leabhragán atá i seilbh thograí Thadhg.)

2011-09-16

Íosa Nazórach, Imleabhar II

Tá an dara imleabhar de sraith Josef Ratzinger ar Íosa Críost léite anois agam. As Gearmáinis an babhta seo - tá níos mó muiníne agam as leagan Gearmáinise, gan dul sa bhfiontar ar saothar aistritheora! Cé gur chuir an foilsitheoir Pápa Benedict XVI mar údar ar chlúdach an leabhair, déanann sé féin soiléir ina réamhrá don gcead eagrán nach saothar le údarás na hEaglaise atá ann, ach tuairimí phearsanta:
"Es steht jedermann frei, mir zu widersprechen. Ich bitte nur um jenen Vorschuss an Sympathie, ohne den es kein Verstehen gibt."

Níl bac ar aon duine mé a bhréagnú. Ní iarraim ach an réamhíocaíocht sin de chomhbhá atá riachtanach chun go mbeadh comhthuiscint ann.
Ach ó tharla gur toradh ar saol fhada de staidéir, machnamh agus urnaí na tuairimí,is mór is fiú é a léamh. Gan amhras, leabhar dóibh siúd a chreideann cheana atá ann - cothú do chreideamh seachas díonchruthú. Pléann an imleabhar seo leis an Seachtain Mhór - ó Dhomhnach na Pailme go dtí an Aiséirí. An rud is mó a chuirimse spéis ann ná an léargas a thugann sé ar na sleachta san sean Tiomna ar féidir iad a léamh mar fháistine ar an Pháis agus ar ról Íosa - mar a léiríonn a bheatha an caoi cheart leis an fáistine faoi Ghiolla an Tiarna agus faoin Meisias a léamh - mar a thagann na snáithe ar fad le chéile in Íosa. Mar Rí, ach le ríocht nach den saol seo í. (Eoi 18:36)
Is mór an chabair a leithéid de leabahir domsa - bím i gcónaí ag streachailt nuair a dhéanaim iarracht an sean Tiomna a léamh. 

2011-09-09

Fiséain Imbolc 2011 ar líne anois

Féach orthu ar fad ag Imbolc

An méid a scríobh mé faoi na cainteanna le léamh anseo:

2011-09-08

Iriseoireacht Cló na Gaeilge, R.I.P?

Machnamh spreagtha ag alt Breandán Delap Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.

Tá deacracht bunúsach ag iriseoireacht i ngach teanga agus i ngach áit. Is deacair airgead a dhéanamh as. Ceird is ea iriseoireacht; bíonn printíseacht i gceist, oiliúint, agus faobhar le cur ar uirlisí - meon aigne, réamheolas, agus thar rud ar bith eile teagmháil le foinsí - daoine a bhfuil an nod don eolach acu. Agus bíonn costas i gceist le sonraí a bhailiú, fiú in aois seo an idirlín mar a bhfuil cuid mór eolais ar fáil saor in aisce, ach an t-am agus an fuinneamh a bheith ag duine é a scagadh. Gan trácht ar an gcostas agus dua a bhaineann le iarratais faoi Achtanna um Saoráil Faisnéise.

Tá scil breise de dhíth ar iriseoirí na linne seo - ní mór dóibh bheith ina línseoirí oilte chomh maith.  Mura dtuigeann siad an idirlíon agus conas an fhírinne a scagadh as na sonraí, tá baol ann go dtitfidh siad i ngaiste - mar ar tharla, abair i gcás an peileadóra Masal Bugduv, nach raibh ann ach píosa spraoi, nó an cás níos dáiríre - ó tharla go ndeachaigh daoine i bpriacail toisc gur shíl siad "í" a bheith gafa ag na péas - "Cailín Aerach Damascaigh".

Mar sin, tá scil, oiliúint agus acmhainní de dhíth. Ní gnó d'amaitéarach atá ann.

Ins na mórtheangacha, bíonn dhá fhoinse maonaithe i gceist - ioncam ó fhógraíocht, agus ioncam ó díolaíocht. De réir mo thuiscint is ioncam fógraíochta is tábhachtaí go hiondúil. Agus ní mór an dá máistir seo a shásamh. Imní  lucht fógraíochta a chuir deireadh le News of the World. Is fíor gurbh fearg an phobail - adhainte ag na meáin in iomaíocht le News Corp - a ghin an imní sin. Ach is puint lucht fógraíochta a rinne an chinneadh.

Tá iriseoireacht sna mórtheangacha faoi bhrú ar an iliomad dóigh faoi láthair de bharr an idirlíon. Tá luach níos fearr le fáil, is cosúil, ag lucht fógraíochta ar líne, mar sin tá an foinse ioncaim sin ag dul i ndísc. Tá amhábhar na nuachta le fáil gan stró ar líne, i ciorcail ama atá de shíor ag éirí níos lú. Tá iriseoireacht an tsaoránaigh ag teacht chun cinn - tig le daoine a gcuid scéalta a fhoilsiú gan dul leis chuig doirseoirí na meáin, mar a bhíodh.

Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil feidhm le hiriseoireacht níos mó. Tá - níos mó ná riamh. Tá gá le scagadh, anailís, comparáid. Tá gá le foinsí nuachta ar féidir iontaoibh a chuir iontu - atá údarásach. Beidh chlaochlú i gceist, agus beidh údarás agus iontaofacht de shíor á cheistiú. (Agus is amhlaidh is fearr: cuimhnigh go bhfuil fhios againn anois gurbh duine sinsearach laistigh den FBI, a raibh cloch ina mhuinchille aige don Uachtarán Nixon, Deep Throat. Dlíonn údarás amhras, agus is mithid i gcónaí an cheist "Cui Bono?" a chuir.) Sampla amháin den gclaochlú seo ná Storyful, comhlucht atá ag iarraidh an nuacht a ghintear ar líne a scagadh agus a chíoradh.

Maidir le hiriseoireacht cló na Gaeilge, luíonn an bhróg air in áit eile. Ní raibh an pobal léitheoireacht mór - agus aonchineálach - go leor chun go mbeadh ioncam fónta ón bhfógraíocht le fada an lá; agus ní raibh an díolaíocht thar moladh beirte chomh fada céanna. Bhíodh thart ar 20,000 cóip á dhíol ag Inniu, más fíor. Níor chuaigh díolaíocht Foinse ná Lá thar an 5000 cóip, go bhfios dom. Níl figiúirí do Gaelscéal feicthe agam, ach bheadh ionadh orm mura bhfuil an creimeadh tar éis leanacht.

Mar sin, tá foinse eile airgid de dhíth - an deontas. Rud a chiallaíonn go bhfuil lámh ag maorlathaigh san scéal. Agus, anois agus an cúram leagtha ar Foras na Gaeilge, polaiteoirí. Drong máistrí sa bhreis ar gá fónamh dóibh. Dream nach bhfuil tugtha don forás, don iniúchadh, don gceistiú. Ní haon ionadh é mar sin go mbíonn planda lag an iriseoireacht imscrúdaithí plúchta ag driseacha an maorlathais!

Táimse im mo cheannaitheoir dílis nuachtán Gaeilge. Cheannaíonn Foinse & Lá lena ré. Ceannaím Gaelscéal. 

Bhíos ag ceannach Foinse Nua, agus an Indo saor in aisce leis - ach mothaím nach orm atá sé dírithe. Is maith ann é, agus an misean atá aige - an Ghaeilge a chuir ós comhair pobal leathan ar bhealach mealltacht, tarraingteach - á chomhlíonadh aige. Tá an moladh ag dul do Phádraig Ó Céidigh agus a chuid as an fiontar samhlaíoch seo. Is treise an moladh, ó tharla gur fiontar gnó, neamhspleách ó deontais agus maorlathas atá i gceist. Ach níl an cineál iriseoireachta dáiríre a shantaím le fáil ann.

Rinne Eoghan Ó Néill agus na ceannródaithe eile athiarracht leis an leagan cló de Nuacht24 - bhíos á cheannach sin ar feadh seal freisin.  Ach ní raibh rath a dhóthain ar an bhfiontar, agus tháinig deireadh leis. Tá obair mhaith fós ar bun ar an suíomh - is uaidh a fhaighim mór chuid eolais nuachta i nGaeilge. Ach ní bheinn ag bráth air chun mo riachtanais a shásamh.

Bíonn colúin den scoth san Irish Times. Ach is annamh go mbíonn siad tráthúil - seachas píosaí Alan Titley. Is aoir agus tráchtaireacht seachas anailís a bhíonn ar bun aige. Faighim lón machnaimh astú cinnte. Ach níl sásamh iomlán iontu.

Roinnt blianta ó shin, scríobh Breandán Delap ar Beo:
Ceann de na dúshláin is mó atá romhainn amach sna meáin Ghaeilge ná cultúr na hiriseoireachta imscrúdaithí a bhunú. Níl sé seo déanta go sásúil againn go fóill. Ar ndóigh is sórt paradacsa é an téarma seo sa mhéid is gur cheart go mbeadh sé de dhualgas ar gach iriseoir a bheith fiosrach.
Feictear dom nach bhfuil sin ag tarlú. Nó, má tá, is i ngan fhios domsa é. Ceannaím Gaelscéal ar mhaithe le colún nó dhó maith a bhíonn ann. Cuid mór den "nuacht" ann, bíonn an preasráiteas ar a bhfuil sé bunaithe faighte agam tríd an r-phost i bhfad roimhe, má tá spéis ar bith agam sa cheist.

Ach is fíor annamh píosa maith anailíse - nach ionann agus tuairimíocht - le léamh ann.

Níl fhios agam cén leigheas atá ar an gceist. Ach ní dóigh liom go mbeidh nuachtán atá spléach ar maorlathas agus deontas riamh réabhlóideach. Agus níl ciall ar bith le bheith ag súil le hamaitéaraigh a bheith ag líonadh an bearna. Ní féidir an cúram a chomhlíonadh mar caitheamh aimsire!

Agus sin mo racht go n-uige seo.

Ní iriseoirí muid. An lucht Éigse muid?

Tagann City Arts agus Féile IMRAM le chéile i mbliana le hiniúchadh a dhéanamh ar thodhchaí litríocht ár dteanga arlíne le Siompóisiam Bhlagadóireacht na Gaeilge.
Curtha i láthair ag craoltóir Scott De Buitléir, beidh ceathrar chainteoir ag an siompóisiam;
  • Alex Hijmans, iriseoir agus údar
  • Aonghus Ó hAlmhain, blagadóir
  • Alison Ní Dhorchaidhe, file agus blagadóir
  • Mary Burns, riarthóir ghrúpa Facebook, "Gaeilge Amháin"
I measc na n-ábhar a bheidh á bplé ar an oíche, cuirfear an cheist; an í an bhlagadóireacht an chéad chéim eile ar bhóthar na litríochta Gaeilge? An bhfuil teacht Twitter agus na meán sóisialta ag cur deireadh leis an mblagadóireacht, nó á neartú? An bhfuil áit ann do bhlagadóireacht mhionteanga i spás ollmhór an idirlín?
Seans é seo do phobal na Gaeilge (agus an Bhéarla) breathnú go dáiríre ar an gcéad ghlúin eile de litríocht mhionteanga sa Chéad Aois is Fichead, le réimse taithí na gcainteoirí. Ócáid shaor in aisce í seo agus tá fáilte roimh chách.

Breis: http://www.cityarts.ie/events/2011/10/10/siompisiam-bhlagadireacht-na-gaeilge/

Tumchónaí Ghleann Choilm Cille

Fógrá ó Gaelphobal:

2011-09-06

Slí na hAille: Na Clocha Liatha go Brí Chualann

Bhí mé i mo threoraí tráthnóna ar an siúlóid a chuir clabhsúr le biaiste Samhraidh na siúlóidí éasca tráthnóna de chuid na Cnocadóirí. Bhuail triúir againn le chéile ag Stáisiún na gCloch Liath ag 18:30 agus thug aghaidh ar Bhré ar Shlí na hAille. Fearann de chuid NAMA is ea an talamh thart ar chuan na gCloch Liath faoi láthair.
Bhí orainn ár mbealach a shní tríd claíocha arda tríd fásach ghainmheach mar sin ag tús na siúlóide. Tá cuid mhaith oibre déanta ag an gComhairle Contae ar an gconair, áfach, agus seachas go raibh an dúrud cac madra ar thús an cosáin bhí an siúlóid ana dheas.  Tá fógraí breá eolais ann - agus tionchar na rialacháin a rinne Éamon Ó Cuív faoin acht teanga le sonrú orthu - an Ghaeilge chomh soléite agus soiléir céanna leis an mBéarla. Bhí a lán eolais ann freisin - tá's agam anois gurbh é Eaglais San Crispin, i Sráid Bhaile Ráth an Dúin, is ea an fothrach gar do na Clocha Liatha, agus Séipéal Raithín na gClog ag Bré.
 Agus go mbíodh táille tráth ar an bealach a shiúil. Tá an dúrud éin mara le feiceáil ón gcosán. Ní fhaca muid róin ná deilfeanna tráthnóna, ach tá siad feicthe agam cheana anseo. Bhí sé i gceist agam ceamara cheart a bhreith liom, ach rinne mé dearmad - níl agam mar sin ach an dornán grianghraif ar chaighdeán íseal a ghlac mé le'm fón póca. Blaiseadh den rud ceart, mar sin.
Tharla sé go raibh duine againn ag tiomáint, agus duine eile ina staonaire. Mar sin, is ar chaifé agus siopa  Iodálach seachas teach tábhairne a thug muid aghaidh chun críoch a chuir leis an oíche.

Sapori di Campo de Fiori is ainm dó agus gach cineál earra Iodálach ar fáil ann, chomh maith le caife blasta.
Sé ciliméadair ar fad atá le siúl, agus fógra faid gach km anois! Beagán faoi bhun dhá uair a thóg sé orainn, á ghlacadh go breá réidh. Tá cosán clochach an bealach ar fad - ní bheadh mórán deacrachta ag aoinne siúl air - ach níl sé oiriúnach do naíchóiste.

2011-09-05

Léirmheas: An Cuimhin Leat?

D'éist mé le dráma a scríobh Brian Ó Tiomáin ar podchraoladh ar maidin. Pléann An Cuimhin Leat? le tromaíocht, agus leis an iarracht a dhéanann fear a scriosadh ag tromaíocht ar scoil dul i ngleic leis na deamhain atá á chrá - iad a dhíbirt.
Ón gcéad nóiméad, geal leis, bhí greim ag an reacaireacht orm: Bhí Seán McDonagh cumhachtach i bpáirt an íospartaigh, réimse iomlán na mothúcháin le sonrú ina ghuth - eagla, déistin, fearg. Bhí an bheirt aisteoir eile ana mhaith freisin. Tá drogall orm barraíocht a rá faoin ndráma chun gan an scéinséir a mhilleadh ar aoinne eile a mbeadh fonn acu cluas a thabhairt dó.  Bhíos ar bís ag éisteacht leis áfach - agus gach lúb agus casadh san scéal á éisteacht go géar agam.
Éistigí! Súil agam go bhfuil níos mó den gcineál seo i ndán dúinn ar Raidió na Life!

2011-09-03

Ní iriseoir blagadóir!

Tá alt ag Breandán Delap san eagrán reatha de Beo ag maíomh "Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P." . Osclaíonn sé a alt leis na ceisteanna
An bhfuil deireadh le hiriseoireacht an tsaoránaigh as Gaeilge? An bhfuil an cleamhnas idir iriseoireacht na Gaeilge agus ardáin áirithe de chuid na meán úr tite as a chéile? Cá seasann an glór úr Gaeilge a aimsíodh don ghnáthdhuine a bhuíochas d’fhorbairtí ar líne?
Tá amhras orm féin faoin nath úd "iriseoireacht an tsaoránaigh", beag beann ar cén teanga atá i gceist. Tuairimíocht is ea blag; caitheamh aimsire go hiondúil, cé go bhfuil blaganna ann atá á shaothrú mar ghné de ghairm duine; stocaireacht dá gnó i réimsí eile tré saineolas a léiriú, nó chun spéis a mhúscailt ina gcuid leabhair.
Ach sílim go bhfuil iriseoireacht ar líne as Gaeilge fós ann - leithéidí Nuacht24, abair (a tháinig in áit an Druma Mór, a luann sé bheith imithe).  Agus le deireanas tá seirbhís nuachta le giotaí gairide á chuir ar fáil ag Foinse Nua. Gan amhras, ní saoránaigh aonaracha atá a chuir sin ar fáil. Tá a mhacasamhail, nuair is nuacht lucht cúise atá i gceist, ag an Comhdháil tríd an suíomh iontach Gaelport. Tá Beo féin ann, dar ndóigh. !
Mar sin, sílim go bhfuil an cleamhnas sin fós á dhéanamh!
Tá sé i gceist agam ceist na hiriseoireachta mar iriseoireacht a chíoradh i mír eile.  Ach tá crosphórú idir saol na mBlaganna, Twitter agus na irisí atá fós againn ann cinnte.

Maidir leis an gceist úd "Cá seasann an glór úr Gaeilge a aimsíodh don ghnáthdhuine a bhuíochas d’fhorbairtí ar líne?"

Tá an glór sin ann! Mar a bhí ó thús an idirlíon, sna liostaí r-phoist. Ní iriseoireacht a bhí riamh i gceist, ach deis smaointe a roinnt, eolas a scaipeadh, sult a bhaint as an dteanga. Caitheamh aimsire atá ann, agus daoine ag caitheamh an t-am bhí ar fáil acu dó, de réir mar a bhuaileann mian agus flosc iad. Tagann agus imíonn blaganna, mar a bhí ag tarlú ó thús. Sin nádúr an saoil! Ach táimse i dteagmháil le daoine ar fud na cruinne nach mbeadh murach na blaganna; agus tá deiseanna agam faobhar a chuir ar mo chuid Gaeilge nach mbeadh murach an bhlagadóireacht.
Agus sin uilig gan deontas, duais ná maorlathas!

2011-09-02

Ceacht foghlamtha?

Oiliúint bainistíochta. Meitheal le cur ag seasamh i slí áirithe, ag tosú ó shlí eile. Mise & fear eile "i gceannas". Treoir amháin ceadaithe san turas. Clár bán. Plean. Céim. Teip. Arís. Buaileann smaoineamh an fear eile. An fhadhb a rá leis an meitheal, an treoir amháin "Réitígí é". Taom náire!

2011-09-01

Parabal an toirisc

Fear ag gearradh lomáin. Toireasc maol. Obair mhall. Allas, strus, brú. Cuirtear air an cheist: tuige nach gcuireann tú faobhar an an toireasc? Freagraíonn sé: Níl an t-am agam. Caithfidh mé na lomáin a ghearradh go pras! An té a bhfuil cluasa air, ...

2011-08-31

Beidh lá eile ann amanathar, ambaist!

Ós rud é go bhfuil sraith drámaí Ghabriel Rosenstock, Amanathar, ar fáil anois mar phodchraoltaí, bhí deis agam éisteacht leis na drámaí is déanaí seo ó Raidió na Life. Cé gur foilsíodh dráma ar an téama céanna faoin dteideal céanna, tuigim gur athscríobhadh iad don raidió. Cinnte bhí úire agus tráthúlacht le sonrú iontu.
Tugann nuachtán Gaeilge samhlaithe an fráma do na drámaí;  rud a thugann scóip do ghreann dubh agus aoir.
Tá féidearthachtaí ar léith ar dráma ar raidió - áit a oibríonn samhlaíocht an éisteora le spreagadh agus nodanna ón mbrat fuaime san dráma. 
Agus baintear feidhm éifeachtach astu sna léirithe gairmiúla, snasta seo. Bhíos tógtha ach go háirithe leis an úsáid éifeachtach a bhaineadh as tost sna drámaí. Tost iomlán, gan fiú ceol sa chúlra. Spreagann sin an inchinn leis an mbearna a líonadh!
B'é "Anocht" an dráma is mó a thaitin liom - dráma a sheasadh leis féin. Níl de nasc aige leis an nuachtán ach go bhfuil an dís sa dráma tar éis fógra "croí uaigneach" a chuir ann agus a fhreagairt. Shíl mé go raibh an rud ar fad thar a bheith glic agus greannmhar. An fear tútach, cíocrach, leibideach; an bhean fuarchúiseach, cúramach - ach cineál cíocras le braith uaithi freisin, ach gan an fear in ann é a shásamh. 
Bhí na carachtar sna drámaí ar fad forbartha go maith; áfach: An t-eagarthóir éadóchasach, ciniciúil;  an t-eagarthóir cúnta díograiseach, ina mháistir an an gcaighdeán ach beag beann ar an mbrí; rúnaí lán sprid; file soi-disant; léirmheastóir dóite; agus mar sin de. Iad uilig so-aitheanta agus go hiomlán inchreidte laistigh de fhráma na drámaí.
Treaslaím a saothar leis an athair a scríobh agus leis an mac a léirigh - agus leis an haisteoirí a raibh Marcus Lamb, Doireann Ní Chorragáin, Aodh Ó Domhnaill agus Damhnait Ní Thuama ina measc.
Bígí ag éisteacht! 
 

2011-08-23

An Gobharnóir

Fuair mé an leabhar seo ar iasacht ó chomhghleacaí liom, a dúirt go mbriseadh sé mo chroí. Níor dhein, baileach - toisc go raibh mó chroí briste ar na pointí sin i bhfad ó shin! Muinseo an príosúin mór i mBaile Átha Cliath. Chaith John Lonergan a shaol ag obair sna príosúin; ag fáil bun oiliúint i Luimneach. Uaidh sin chuaigh sé go dtí an príosúin oscailte do ógánaigh i gCaisleán Seangánach, ar imeall Bhaile Átha Cliath. Iarracht forásach a bhí sa ghéibheann sin chun deis tosú as an nua a thabhairt do fir óga a bhí i dtrioblóid - agus is léir ón gcuir síos anseo go mbeadh rath air, ach gurbh amhlaidh gur duine le fís a chuir ar bun é, agus nuair nach raibh seisean san áit ceart in san Roinn Dlí agus Cirt gur ligeadh don turgnamh teip ceal tacaíochta, agus tré gan aon duine óg a sheoladh ann. Cineál leitmotif san leabhar atá ansin,  duine nó beirt le hidéal ag iarraidh dán na ndaoine i ngéibheann a fheabhsú, ach an Roinn de shíor ag leagan lámh fuar marbh maorlathach ar na hiarrachtaí, ag scriosadh aon dul chun cinn.
Ní hamhlaidh ach oiread gur ag sábháil airgid don Stáit a bhíonn na ghníomhachtaí seo - ach a mhalairt go minic, ar bhealach follasach fiú gan chuir san áireamh go mba saoire go mór é deis a thabhairt do dhuine faoi ghlas forbairt seachas dul ar gcúl. Tá na scéalta a léiríonn an meon chúng atá i réim, agus an mí-bhainistíocht nach bhfuil de chúram air ach an Roinn agus an tAire a chosaint ó cáineadh ar bith, scannalach. Agus an dóigh an mhúnlaíonn na Sir Humphreys fiú aire forásach. (Súil agam, ach gan dóchas agam go bhfuil an leabhar seo léite ag Alan Shatter agus tuigthe aige!)
Is fiú go mór an leabhar seo a léamh. Tá súil - ach arís, níl mórán dóchas agam - go ndéanfar athnuachan anois ar an Státseirbhís sa chaoi is go ndéanfar údarás chomh maith le freagracht a bhronnadh ar na daoine ann; sa dóigh is go mbeidh rath ar iarrachtaí fónta leithéidí John Lonergan. Mura dtarlaíonn sé sin, ní thiocfaidh muid as an bpoll ina bhfuilimid. Daoine a itheann daoine, mar a dúirt an té a dúirt - agus daoine a shaorann daoine chomh maith.

2011-08-22

Idirdhealú san Oideachas

Bíonn tionchar ag teanga móramh an ranga ar scoil ar an mionlach. Sin fíric a chaithfear cuir san áireamh in aon sochaí ilteangach. Sa Ghaeltacht faoi láthair, tá an líon teaghlach a thógann a bpáistí le Gaeilge ag titim, ar chúinsí éagsúla. Cúis imní é seo dóibh siúd atá ag iarraidh an teanga a neartú sa Ghaeltacht - do phlé alt le Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin leis an gceist go himeallach. Scríobh Concubhar Ó Liatháin alt ag éirí as sin i nGaelscéal - tá giota de le léamh anseo.
Iarracht atá sa bhlagmhír seo mo chuid smaointe ar an ábhar a chuir in eagair.

Níl aon cheist ach go bhfuil tionchar ag páistí ar iompar teanga a chéile. Tá sé sin feicthe agam i cás mo leanaí féin. Rugadh an bheirt is sine sa Ghearmáin, agus bhí cónaí orthu ann go dtí go rabhadar a cúig is a ceathair faoi seach. Labhair mise Gaeilge leo, agus mo bhean Gearmáinis. Bhí siad ar freastal ar naíonra - Gearmáinis an teanga ansiúd gan amhras.  Is beag Gaeilge a chuala mé ó ceachtar acu, cé gur thuig siad mise gan stró. D'athraigh sin nuair a chaith muid seal saoire ar Inis Oírr; thosaigh siad ag spalpadh Gaeilge nuair a chonaic siad leanaí eile á labhairt. Ar feadh i bhfad i ndiaidh dúinn  teacht go hÉireann, is Gaeilge agus Gearmáinis amháin a labhair siad. Ar feadh seal, ba Gaeilge a labhair siad le páistí sa cheantar, ach ó tharla nach go ró mhaith a bhí ag éirí leo chinn siad ar Béarla a fhoghlaim. (Bhí siad ag freastal ar Ghaelscoil faoi sin, mar sin ní raibh an Béarla riachtanach amach is amach dóibh). Anseo a rugadh m'iníon, agus Gaeilge agus Gearmáinis a labhair sí ar dtúis. Ach le dhá bhliain anois tá sí ag freastal ar naíonra Béarla (ní raibh ceann Gaeilge ar fáil dúinn) agus is Béarla ar fad beagnach a labhraínn sí, cé go dtuigeann sí an dá theanga eile go breá - ach tuigeann sí freisin go dtuigeann muide Béarla, agus is déagóirí a deartháireacha ar Béarla is mó a labhraíonn siad eatarthu féin.
Tagann mo thaithí mar sin leis an méid a deirtear faoi iompar teanga - agus freisin faoi thionchar páistí nach í an Ghaeilge an teanga baile acu ar theanga na scoile, ó thaobh foghraíochta, comhréir agus lomaistriúchán de; cé go bhfuil an scéal sách casta, agus gur féidir le gasúir idirdhealú idir na réimsí agus na "Gaeilgí". 

Bealach amháin le dul i ngleic leis an bhfadhb seo ná iarracht a dhéanamh páistí a scaradh de réir ábaltacht san teanga, agus díriú isteach ar na páistí atá lag.Tugann sin deis freisin dúshlán na bpáistí atá láidir a thabhairt. Ach is ceist íogair an idirdhealú seo; agus is deacair é chuir i bhfeidhm go cóir. Focal atá báite i mothúcháin diúltacha is ea "deighilt"

Mar sin, caithfidh aon socrú mar sin a bheith bunaithe ar mhianta agus toil an phobail ina iomláine; sin nó caithfidh roghanna éagsúla a bheith ann. Is fusa roghanna oideachais a chuir ar fáil i gceantar uirbeach le daonra ard - ach fós, mar a chonaic muid maidir le Gaelscoil Mhic Easmainn, ní mór a bheith cúramach agus gach duine a bhreith leat.

Is deacra go mór a leithéidí a dhéanamh i gceantar tuaithe, le pobal scáinte, atá d'uireasa seirbhísí fiúntacha oideachais mar atá. Rogha is ea Gaelscoil, nó gan é i ceantar uirbeach. Ní minic rogha ag tuistí faoin dtuath.

Ní dóigh liom féin go bhfuil - ná gur ceart go mbeadh - an t-aon múnla amháin.

Tuigim don loisceadh croí a bhain leis an catagóiriú lom A,B,C san Staidéir Teangeolaíochta - ainmniú a thugann ord fiúntais le fios, fiú murab sin a bhí i gceist. Idirdhealú a bhí bunaithe ar aonaid riaracháin, seachas pobal pé scéal é. Fiú dá mba ionann daonra áirithe agus pobal. Ach ní fíor - tá caidrimh san áireamh i bpobal.

Ag féachaint siar, tá an cuma air go raibh rudaí níos fusa ag tús na hAthbheochana, toisc go raibh ceannairí nádúrtha ar pobail soiléir - an sagart, an oide, an dochtúir agus an siopadóir. Ach iadsan a bhreith leat. d'fhéadfá do chúis a chuir chun cinn. Gan amhras, ach iadsan a bheith i'd choinne, bhí bac dosháraithe romhat.

Ní fíor sin anois. Ach sílim gurbh iad Timirí mar a bhí ann an uair sin atá de dhíth orainn, seachas feidhmeannaigh agus riarthóirí. Duine atá in ann daoine eile a mhealladh agus a spreagadh chun gnímh; agus daoine atá in ann múineadh. Daoine  a thuigeann an pobal agus a mhianta.

Ach is beag dóchas atá agam as an Stáit sa réimse seo. Tá an dúrud deá smaointe tachta ag  lámh marbh an mhaorlathas, fiú agus an drong beag sa Roinn Éadóchais a bhfuil an nimh san fheoil acu don nGaeilge as an áireamh. An lárúchán agus an páipéarachas, an gnás gus an fasach, agus ná bac na torthaí, sin cré na Státseirbhíse abhus.  Aon rud a bhaineann pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta amach is d'ainneoin an Stát a bheidh sé - mar thoradh ar ghníomhartha ar an dtalamh a bhainfear amach é - mar ar bunaíodh RnaG agus Gaelscoileanna.

Sílim gur gá gluaiseacht oideachais don nGaeltacht - ní fheilfidh múnla roghnaíoch na Gaelscolaíochta gach áit. Shamhlóinn go bhfeadfadh cnuas scoileanna a bheith úsáideach in áiteanna, le rogha teanga dóibh siúd a mhaireann i nGaeltacht oifigiúil ach nach mian leo Gaeilge a bheith mar theanga na scoile, ar pé cúis. Tá obair mhaith ar bun cheana i roinnt scoileanna ag na cúntóirí teanga.

Bun agus barr an scéal áfach ná gur ag an bpobal, agus ní ag maorlathaigh, cuma an i Sráid Maolbhríde, sna Forbacha ná áit ar bith eile,  a chaithfear an cinneadh a fhágáil. Agus caithfear glacadh leis nach é an cinneadh céanna is fearr a fheilfidh do gach pobal. Agus go gcaithfear daoine a mhealladh, agus a aithint gur ceist íogair is ea féiniúlacht - rud atá ag eithne na ceiste anseo.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

Aguisín 2011-09-05: Tá an t-alt ina iomláine ag Conchubhar ar a bhlag anois.

2011-08-20

Is fearr páiste ná fáinne!

Cloisim agus léim go minic nach labhróinn daoine sa Ghaeltacht Gaeilge le daoine ón nGalltacht.
Ní hé sin an taithí atá agam féin.
Anois, is fíor nach dtéim chun na Gaeltachta ar mhaithe le Gaeilge a fhoghlaim (duine falsa mé). Ach tá tréimhsí saoire caite agam i nGaeltachtaí éagsúla,  agus caitheann muid mar theaghlach ár saoire i gCorca Dhuibhne, sa Bhaile Breac. Táimid ag triall ansin le sé nó seacht de bhlianta anois.
Gaeilge ar fad a labhraím le muintir na háite ann. Fiú san Daingean, Gaeilge is mó a labhraím agus mé i mbun gnó, seachas más léir gurbh eachtrannach an té atá mé ag plé leo.
I mbliana, fiú agus mé lastoir den Daingean, áit nach mbeinn ag súil le mórán Gaeilge, labhair daoine Gaeilge liom.
Ach tá cúis sách simplí leis seo, sílim: bím i bhfochair mo chuid páistí go hiondúil, agus cloistear mé ag labhairt Gaeilge leo sula gcuirim forrán ar dhuine i siopa nó eile. Mar sin, is minic go labhraítear Gaeilge liomsa ar dtúis. Tharla sin cúpla uair i mbliana san uisceadán, abair - ón nglúin a deirtear go forleathan iad a bheith ag tabhairt a gcúl don Gaeilge. Beirt nó triúr fear óg ar an bhfoireann, nuair a chuala siad mé ag labhairt Gaeilge le'm iníon, labhair siadsan Gaeilge léi freisin. Tharla an rud céanna i Milseoga Uí Mhurchú. (Bhí sé suntasach i mbliana a oiread de mhuintir na háite a bhí ag obair sna poist séasúracha, thar mar a bhíodh blianta eile). Go deimhin, labhair duine de Muintir Mhurchú - Meiriceánaigh atá sa Daingean le traidhfil blianta - Gaeilge liom.
Tharla rud barrúil agus mé amuigh ag siúl. Bhí beirt bhan romham ag comhrá as Béarla. Nuair a tháinig mé chomh fada leo, bheannaigh mé as Gaeilge dóibh. Ar an bpointe, d'iompaigh siadsan ar an nGaeilge, agus bhí comhrá eadrainn. 

D'fhreastail mé ar ceardlann rannta le m'iníon a bhí á reáchtáil mar chuid de Saoire Gaeltachta Chomhluadar. (Ní raibh deis againn freastal ar an rud ar fad, ach tharla sé go raibh muid fós thiar nuair a thosaigh a seachtain siúd). Cúntóir teanga i scoil an Bhuailtín í an bean a bhí á thabhairt. Dúirt sí go raibh athrú meoin le sonrú, agus níos mó leanaí ag teacht le Gaeilge ón mbaile chun na scoile. Dúirt sí freisin gur daoine a tháinig chun na Gaeltachta ar mhaithe leis an nGaeilge cuid mór de na tuistí, pé acu daoine ag filleadh, nó daoine ó lasmuigh ar fad. Bhí a chathanna féin ag an gceantar seo, idir ainm an Daingean, agus an t-achrann maidir leis an dteanga teagaisc sa Phobalscoil. 
Is dócha go mba cheart dom a lua freisin go bhfuil sé ráite ag daoine ann liom go bhfuil blas na háite ar mo chuid Gaeilge. Is amhlaidh gurbh i gCom Dhíneol a d'fhoghlaim m'athair mhór Gaeilge; thóg sé m'athair féin le Gaeilge, agus eisean mise - is dócha go bhfuil an tionchar sin fós le sonrú. Tharlódh baint a bheith aige sin ar mo thaithí seachas taithí dhaoine eile.
Is dóigh liom áfach gurbh é an chaoi go cloistear mé ag labhairt Gaeilge le mo chúram an príomhrud - nach mbraitheann daoine go bhfuil mé ag iarraidh Gaeilge a bhrú orthu, á n-úsáid mar theagascóirí dá ndeoin nó dá n-ainneoin

Agus sin é mo thuairisc!

2011-08-19

Na Cnocadóirí cois cuain

Bhí mé fhéin agus mo mhac amuigh aréir leis na Cnocadóirí ar cheann de na siúlóidí gairide atá ar bun le linn an samhraidh.
Nollaig a bhí ina threoraí ar an gceann seo. Thosaigh muid amach ag stáisiún DART Cill Iníon Léinín, agus a siúl suas lána chuig Ascal Marino. (Tá logainmneacha Iodálacha fairsing sa cheantar seo - shamhlaigh daoine an bá a bheith cosúil le bá Napoli - féach ar chlé do bhlaiseadh den radharc.) Is anseo atá iarsmaí mainistir Chill Iníon Léinín. Tá geata faoi ghlas idir an bhóthar agus iad, ach tarlaíonn sé eochair a bheith ag Nollaig dó, agus bhí muid in ann radharc cheart a fháil ar an áit. Fothrach séipéil i lár reilig atá ann, ach gné nó dhó spéisiúil istigh, ina measc cros cloiche a bhfuil an cuma air go raibh fíor daonna air, ach bhí sé ró shíonchaite le aon rud a dhéanamh amach. Uaidh sin leanamar ar aghaidh tríd dúnárais lucht rachmais gona balla arda agus geataí a cheil an radharc. Feadh Bóthar Chnoc Chill Iníon Léinín chomh fada le Bóthar an tSratha Mhóir (ceann den bheagán ainm nach leis an Iodáil a bhaineann sé). Ag cúinne an bhóthair seo agus Bóthar Vico atá áras an cheoltóra cáiliúil Bono - agus geata an tí agus na fógraí bóthair clúdaithe le graifítí a lucht adhartha!
Ó Bóthar Vico lean muid ar aghaidh go dtí Bóthar Victoria agus suas go dtí an sráidbhaile beag. D'fhág muid an bóthar ansin agus chas isteach sa pháirc thart ar Chnoc Cill Iníon Léinín agus Dheilginse. Ní fada go raibh an barr bainte amach againn, agus chaith muid ár gceapairí ann. Thóg mé an pictiúr ar dheis le m'fhón póca - bhí sé tirim mar a raibh muide, ach ba léir go raibh sé ag clagarnach áiteanna eile sa chathair! Lean muid ar aghaidh i dtreo cairéil Dheilginis  - tá iarracht den bhfásach ag baint leis an gcuid sin den siúl, in ainneoin an áit a bheith timpeallaithe ag tithe lucht rachmais.  Meascán dheas de chrainn leathan duilleacha agus giúise, agus fraoch, raithneach agus aiteann. Anseo is ansiúd, meall eibhir ag gobadh as an ithir. Áit thábhachtach do dhreapadóirí is ea an chairéal, agus bhí buíon nó dhó gníomhach ann agus muid ann. Bhíomar ar ais ansin ar an mbóthar, i ndiaidh dúinn siúil ar feadh píosa ar na Ráillí - conair an 'iarnród atmaisféarach' a bhí ann tráth chun an eibhir ón gcairéal a thabhairt síos go Dún Laoghaire, áit ar úsáideadh a lán de chun an chuan a thógáil. Táim measartha cinnte gur chomhtharlú é gur "Bóthar Ardbhrú" ab ainm don Bóthar ar a raibh muid nuair  a d'fhág muid na ráillí. Agus muid ag dul i dtreo sráidbhaile Dheilginse, chuaigh muid thar 'Summerfield House', áit a raibh James Joyce ina oide tráth, agus atá luaite i Ulysses.
Bhí deoch againn i Finnegans, in aice an Stáisiún DART.
Tráthnóna thar a bheith taitneamhach, siúlóid dheas, comhrá deas. Ní raibh de mhairg orainn ach clár amscaí ama Bus Átha Cliath a d'fhág gur shroich muid Bré díreach in am chun faire ón ndroichead thar an iarnród ar ár bus go Baile an Chinnéidigh ag imeacht. Agus bhí orainn fanacht 40 nóiméad eile don gcéad cheann eile - rud a d'fhág go raibh sé mós déanach faoin am ar shroich muid an baile.

2011-08-15

Cuimhne cumhra

Sraith crainn giúise cois bóthair. Tugann a gcumhrán siar go tobann mé. Bhí fál díobh thart ar theach mo sheanmhuintir. Na síolta againn mar armlón, na crainn mar dúin i gcluichí fadó. Na bilí úd ar lár anois. Mo sheanmhuintir freisin. Cumhacht cuimhne is cumhrán.

Ag rith ar thanaí

Níl mo chuid oibre spléach ar an ngréasán Domhanda, cé go bhfuil go pointe ar an idirlíon. Ach is mó saighead i mo bholgán ghairmiúil nach mbeadh agam murach é - leithéidí GCC, GDBPerl. Gan trácht ar Linux féin, gan amhras - an córas oibriúcháin lena mbím ag obair anois. Agus is foinse thar a bheith luachmhar eolais ghairmiúil agus gaois na gairme dom é, ag cur ar mo chumas saothar leithéidí Dijkstra a léamh.
Sa mhullach ar sin, is deacair cuimhneamh ar cé chomh tearc is a bhí na deiseanna a bhí agam Gaeilge a léamh nó a scríobh roimh ré an idirlíon, agus na daoine le Gaeilge uile nach mbeidh fhios agam iad a bheith ann murach é. (Go deimhin, is dócha go mbeadh cuid acu ar bheagán Gaeilge murach an Gréasán).
Go hiondúil mar sin bím dearfach faoin nGreásán Domhanda.
Mar sin féin, aithním gur teicneolaíocht suaiteach ata i gceist - fearacht fionnachtain Gutenberg, athróidh sé an chine daonna. Bíonn amhras áirithe orm faoi freisin, mar sin. 

Agus, mar sin, tá leabhar Nicholas Carr ar mo liosta agam le tamall - agus é anois léite agam agus mé ar saoire i bhfad ó ríomhairí. Fuair mé ó leabharlann é. Buntéis Carr - go bhfuil tionchar ag an feidhm a bhaineann muid as an nGréasán Domhanda, agus go háirithe as leithéidí Google maidir le fíricí a aimsiú, ar ár n-inchinn. Ar ár gcumas cuimhne agus ár gcumas aird a dhíriú ar nithe ach go háirithe.
Mnemosyne, máthair na mBé agus
siombail an chuimhne. Le Dante Gabriel Rossetti
Léiríonn sé sa leabhar gur rud inathraithe an inchinn; fearacht matáin go bhforbraíonn sé le cleachtadh, agus go meathann acmhainní nach mbaintear feidhm astu. Léiríonn sé freisin gur mar creatlacha seachas mar fíricí aonair a leagann muid síos cuimhní buan; agus gur próiseas mall atá i gceist, ina bhfuil scíth don intinn comhfhiosach riachtanach. Maidir le cumas dírithe, is amhlaidh gur spreagadh é chun an leabhar a scríobh nuair a thug sé faoi ndeara go raibh deacracht aige a leabhar a léamh, bheith báite sa leabhar mar a bhíodh; gur shantaigh sé sruth an eolais síor nua ón idirlíon.
D'admhaigh sé go mb'éigean dó aghaidh a thabhairt ar díseart sna sléibhte chun díriú isteach ar obair an leabhair!
Measaim go bhfuil argóint deafhuinte sa leabhar, agus cuma na fírinne air. Bainim féin le haos na leabhair, agus is féidir liom díriú isteach agus mé féin a thumadh in úrscéal gan deacracht. Ach tá roinnt de na comharthaí sóirt a luann sé tugtha faoi deara agam. Agus sílim go bhfuil an cheart aige nuair a deir sé nach ionann an cuimhne daonna agus an chineál stórais fíricí aonaránacha a chuireann leithéidí Google ar fáil dúinn, go bhfuil tábhacht leis na creatlacha cuimhne a bhíonn againn chun dul i ngleic le fadhbanna nach ionann go díreach agus na cinn a spreag na cuimhní ar dtúis. Ní mór a ceart a thabhair dó máthair na mBé!
Is dóigh liom go bhforbróidh muid mar chine dóigheanna chun teacht i dtír ar na teicneolaíochtaí nua ach gan na buntáistí atá againn a chailleadh go hiomlán; cé gur féidir gur aicme ar leith a dhíreoidh ar díriú isteach nithe - mar atá na hOird rinnfheithimh ann anois.

Is fiú go mór an leabhar seo a léamh!
Scríobh Mario Vargas Llosa léirmheas ar an leabhar do El País: 'Cuanto más inteligente sea nuestro ordenador, más tontos seremos nosotros'

Tháinig teideal an mhír seo ón FGB: ciallaíonn sé dul i mbaol!

2011-08-13

Adhbha Rón

Bainirseach rón beag (Phoca vitulina) ag cothú éan róin.
Íomhá ó Wikimedia, le Nevit Dilmen
An an mbóthar fada díreach idir Lios Póil agus an Daingean, thart ar Bhaile an Pléimeannaigh,  tá Tearmann Fiadhúlra agus Róin. Bhíodh feirm éisc ann seal, agus toirc allta acu freisin, agus siúlóid deas. Theip ar an bhfiontar sin roinnt blianta ó shin, ach anois tá an cuma air go bhfuil úsáid fiúntach ann don áit. Tá caifé ann freisin - "Blúiríní Blasta" agus bia de dhéantús baile ar fáil ann a bhí blasta go maith. Chaith mé bunús lae ann le m'iníon agus a deartháireacha móra san Leitriuch ag tonnmharcaíocht agus ag clársheoltóireacht. Is maith an rud mar sin go bhfuil clós iontach spraoi ann, dhá chaisleáin phreabacha san áireamh! Tá scata éanlaithe clóis agus uisce acu - ealaí bán, dubh agus - rud nach bhfaca cheana - eala le cabhail bhán agus muineál dubh. Lachain agus géanna freisin.
Ach gan amhras siad na róin is spéisiúla.
Bíonn dhá bhiaiste gnóthacha acu san tearmann, de bhrí go bhfuil dhá chineál rón, le séasúr breithe ar leith acu, in uiscí na hÉireann. An rón beag (Phoca vitulina) a rugtar trátha an ama seo, agus an rón glas (Halichoerus grypus) a rugtar sa gheimhridh. Sé chinn d'éan rón den rón beag a bhí ann agus muid ann, iad uilig fós an-óg agus a bheathú de lámh dá réir. Tugtar na héan róin go dtí an tearmann nuair a aimsítear iad agus iad tréigthe nó caillte ag an mbainirseach. Beathaítear san tearmann iad go dtí go mbíonn siad láidir go leor maireachtáil leo féin, ansin scaoiltear ar ais san dúlra iad san áit a fuarthas iad le dóchas agus go n-aimseoidh siad an gcladach1 róin as a dtáinig siad. Bhí cuid de na róin fós an lag, agus is cumasc d'iasc meilte a bhí á fháil acu tríd tiúb isteach sa bholg, cuid eile bhíodar ag glacadh na scadán iomláine, ach go raibh na saorálaithe á gcuir díreach isteach ina mbéil. Jab deacair, i bhfianaise na fiacla géire agus na gialla láidre acu! Agus iad le cothú gach ceithre uaire, lá agus oíche.
Ana obair ar bun acu ann, agus tá súil agam go mbíonn rath ar an áit.
Tá titim mhór ar líon na rónta in uiscí na hÉireann le blianta anuas (agus níl na hiascairí pioc ceanúil orthu ach oiread). Déanadh slad orthu traidhfil blianta ó shin ar Beiginis, ceann de na Blascaodaí. Tá trácht san Oileánach (agus sa Bhéal Bocht dá bharr) ar fiach rónta le haghaidh beatha agus ola; tá cuir síos orthu freisin ag Mícheál Ó Dubhshláine, ar dheis De go raibh a anam, ina leabhar Inis Mhic Uibhleáin (Ana leabhar dála an scéil). Cuid thábhachtach dár dúlra na rónta, cé gur beag fonn iad a ithe a bheith ormsa, ná cumasc leo mar a rinne an dúrud daoine más fíor don Bhéaloideas.
Pé scéal é,is fiú cuairt a thabhairt ar an dtearmann. Agus bhí an beatha san caifé go deas freisin.

1Colony an Bhéarla atá uaim anseo. Theip orm teacht ar théarma Gaeilge, ach tá "cladach róinte" luaite ag an tOileánach. Shoal an bhrí atá leis sin de réir FGB.

Fógraí Duibhneacha



Tabhair faoi deara "i" gan ponc na Roinne Iompair!
Seo an ceann is fearr liom. Uachtar Reoite Uí Mhurchú ar fáil ar an nGráig, Tig Áine.


13 Lúnasa, 1961

Pictiúir a ghlac Steffen Rehm ar 1961-08-13. Péas an Oirthear ag dúnadh an
teorainn ag geata Bhrandenburg. Ón gnáthfhoinse, wikimedia
Sna 1960í bhí muintir an Oirthear ag sleamhnú isteach san Iarthar agus i mBeirlín Thiar, a bhí faoi smacht na Chomhghuaillithe Iartharacha. Bhí cinseal an DDR le ceangal, iad ag caitheamh achasáin leis an "stang i mbeo an sóisialachas" ("Pfahl im Fleische des Sozialismus") Bhí leigheas de dhíth - an Balla cosanta frith Faisisteach. Foilsíodh an fógra thíos ar 13ú Lúnasa, 1961 um 01:11 ag áisíneacht nuachta an PDG:
"Die Regierungen der Warschauer Vertragsstaaten wenden sich an die Volkskammer und an die Regierung der DDR, an alle Werktätigen der Deutschen Demokratischen Republik mit dem Vorschlag, an der Westberliner Grenze eine solche Ordnung einzuführen, durch die der Wühltätigkeit gegen die Länder des sozialistischen Lagers der Weg verlegt und rings um das ganze Gebiet Westberlins, einschließlich seiner Grenze mit dem demokratischen Berlin, eine verläßliche Bewachung und eine wirksame Kontrolle gewährleistet wird."
 Díríonn Rialtais ballstáit Chonradh Vársá ar Tionóil an Phobail, ar Rialtas an PDG agus ar gach oibrí de chuid an Poblacht Daonlathach Gearmánach leis an moladh Ord a chuir i bhfeidhm ar an teorainn le Beirlín Thiar den chineál a chuirfidh bac ar na gníomhaíochta tochailte faoi tíortha an champa sóisialach agus go gcuirfí garda iontaofa agus rialú éifeachtach i bhfeidhm timpeall ar fearann Beirlín Thiar, a theorainn leis an Beirlín Daonlathach san áireamh.

Saighdiúirí, péas agus fál sreinge deilgní a bhí i gceist i dtosach, ach diaidh ar ndiaidh tógadh an balla dúbailte gona túr faire agus stráice an bháis le feistí uathoibríocha marfacha.

I 1989 thosaigh an sileadh pobail arís, tríd an Ungáir. Agus theip ar Rialtas an PDG.

Mar a léiríonn an alt seo san Tagespiegel, bhí tábhacht ar leith leis na "Wossis", i. duine a bhí san Iarthar agus ar theith ón Oirthear nó a raibh fréamhacha acu. Daoine fearacht Hans Dietrich Genscher, a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha i 1989 agus roimhe.



2011-08-12

Lúibín ar lár

Bhí an cód ceart. Cinnte, bhí. Léite agus athléite. Níor oibrigh sé! Mícheart, mar sin! É a chló. Peann luaidhe. Líne idir gach lúibín oscailte agus dúnta. Lúibín ar lár! Réiteach.

Nod dóibh siúd nach ríomhchláraitheoirí iad. Tá ana thábhacht le lúibíní - úsáidtear { agus } chun cód C a roinnt ina bhloic. Ach ní gá iad a bheith ann - níonn an ríomhaire cinneadh ansin cad a bhí i gceist ag an ríomhchláraitheoir.

2011-08-10

Conair chun Coirme

Bhí cloiste agam faoin ngrúdlann Tí Bhric sula ndeachaigh muid siar ó dheas in aon chor, agus bhíos meáite ar a gcuid leann a bhlaiseadh. De shiúil na gcos a chuas ann: ag leanadh Cosán na Naomh ón mBaile Breac, áit a rabhamar a chuir fúinn, thar Corr Áille go Rinn Chonaill.  Ar an mbóthar i dtosach ón mBaile Breac, agus saibhreas iontach lusanna ar gach taobh dé an an díog - gan agam ach eolas cathróra, níl agam ach corr ainm orthu! Bhí dord síoraí na mbeach sna Deora Dé, agus thug mé suntas don Bhallach a bhí fairsing. Tá ainm an chinn sin sa Bhéarla agam ó bhíos ana óg - "devil's-bit scabious". Tugann Flóra Choirce Dhuibhne sanasaíocht an  ainm sin - "De réir scéil bhí leigheas chomh láidir sa luibh seo go dtáinig formad ar an Áibhirseoir agus go mbain sé snap as an bpréamh". Tá leigheasanna éagsúla luaite leis san leabhair, ina measc cumhacht i gcoinne an "tsúil mhillte".  D'fhág mé Loch Corr Áille ar thaobh na láimhe clé ansin. Más fíor don scéal béaloidis, chuir Naomh Cuán ollphéist i bhfostú ann faoi choire, go dtí Lá an Luáin!  Go gairid ina dhiaidh sin d'fhág mé an bóthar i mo dhiaidh agus thug aghaidh ar an gcnoc. Leis an easpa taithí siúl agus deannach na cathrach fós i mo scamhóga, bhí sé doiligh go maith an bharr a bhaint amach. Bhí Sceolam na Móna1 fairsing - ach an babhta seo níor thug mé aon mhagairlín faoi deara. Chuir mé comhairle a leasa an lánúin ón Ísiltír ar bhuail mé leo ag barr an chnoic - bhíodar gan léarscáil fónta, agus ag smaoineamh ar siúl thar ghualainn Bhréanainn go Clochán - siúlóid lae iomlán agus é ina thráthnóna cheana! Chuireas bealach níos fusa iad go Baile na nGall. Chuir sé ionadh orm a oiread daoine a chonaic ag siúl gan feisteas ná léarscáil cuí agus mé thiar. Mór an ghar nach dtarlaíonn níos mó tubaistí! Anuas ansin liom go Cill Maoilchéadar.  Ar an mbóthar uaidh sin, thar Lios Deargáin áit a bhfuil iarsmaí an leasa fós ann, cathair cloiche bhreá. Téann an bóthar uaidh sin caol díreach i dtreo Chuan Ard na Caithne, anuas an chnoic. Trasna an bhóthair mhóir ag Gallaras, agus ar aghaidh ar bhóithrín chun na trá liom. Bhaist na Gaill chéanna 'smør wik', cuan na hime, ar an gcuan. Siúlóid bhreá fán dtrá (bhí sé ina lag thrá, agus mé ag siúl faoi bhun an snáth mara ar ghainimh chrua). Ar an mbóthar arís ag Baile an Reannaigh. Ós rud é go raibh mé sa cheantar, thugas sciuird ar an Riasc, ait a bhfuil iarsmaí mainistreach nach raibh feicthe fós agam, tharla é bheith siar píosa maith ón mbóthar mór.  d' bh goile orm faoin am seo. Leann Dubh a bhí ar fáil Tí Bhric. Cé go bhfuil trí chinn de coirmeacha á ghrúdú acu, ní raibh ní cinn eile ar fáil ón mbairille ná i mbuidéal, rud a chuir díomá áirithe orm. Bhí an leann dubh ana dheas, agus chuaigh an pláta caise thuas go maith leis. €11 a d'íoc mé ar an t-iomlán rud a bhraith mé bheith cineál daor, ach tá Corca Dhuibhne daor! Bhí gloine eile leanna agam (€2.20) agus ansan thug mé aghaidh arís ar an ród. Ar ais thar an trá chomh fada le Baile na nGall, ansin Slí na Faille (lúb siúlóid) go dtí an Ghlaise Beag. Siúlóid sách leadránach (agus tuirse ag teacht orm) ar an mbóthar mór go dtí an Baile Breac.


B'fhiú an coirm an chonair: ach tá súil agam na coirmeacha eile a bhlaiseadh amach anseo. Ní raibh ceachtar acu le bheith ar fáil le linn dom bheith sa cheantar, nó bheadh cuaird eile tugtha agam ar Thigh Bhric.

1 Sciollam atá ag Focal, ach Sceolam ag FCD.

2011-08-08

Faoiseamh a fuaireas...

Bhíos thiar i gCorca Dhuibhne le coicís. Agus mé ann níor oscail mé nuachtán agus níor amharc mé ar scáileáin ar bith - ríomhaire ná teilifís. Agus tubaiste sa mhullach ar tubaiste ar nuacht a naoi anois, tá áthas orm gur chás mé mo dhroim ar shaol na meáin. D'fhág sin saor mé chun dornán leabhar spéisiúil a léamh agus chun taitneamh a bhaint as dúlra agus cluichí leis an dteaghlach. Agus siúlóidí.
Tá cnuasach mír i mo thiachóg anois le  crochadh anseo diaidh ar ndiaidh. Mura scriosann an nuacht mo mhisneach!


2011-07-21

Eachtra Anailíse

Agus mé ag léamh an scéal seo faoi na hinnealtóirí a rinne anailís ar Stuxnet agus a thuig é, rith sé liom go bhfuil ábhar d'úrscéal iontach ann. (Agus is cinnte go bhfuil scata daoine ag iarraidh díreach sin a dhéanamh. Ach tallann a bheith agam ...)

Spéisiúil Éireannach a bheith lárnach sa scéal - Liam Ó Murchú.

Is éard is ea Stuxnet ná víreas ríomhaireachta thar a bheith casta. Agus neamhghnách - mar bhí sé ciúin mura raibh sé ar ríomhaire de chineál áirithe. Go deimhin, bhí an urchóid dírithe ar gléasanna de chuid Siemens a nascfaí leis an ríomhaire ionfhabhtaithe. Rinneadh amach ar deireadh gurbh dócha gurbh iarracht a bhí ann córas núicléiche na hIaráine a scrios - tríd na gléasanna stiúrtha a chuir as feidhm. Ar bhealach thar a beith simplí - na hinneall a chuir ag casadh ró ghasta ar feadh seal, ansin ró mhall. Arís is arís eile. 

Bheadh saoirse ag úrscéalaí dar ndóigh an dá thaobh den scéal a léiriú! Ní hamháin na bleachtairí ag déanamh a gcuid anailíse, ach an dream a chum is a scaip. Spéisiúil freisin an tagairt (b'fhéidir) do leabhar Eistir, leabhar a chuireann síos ar theacht slán na nGiúdach ar ghéarleanúint agus iad i measc na Peirsigh.
 Féach! Bhí glórtha agus clampar, toirneach agus creathanna talún agus callóid ar fud na cruinne.  Agus féach! Tháinig dhá dhragún mhóra amach agus iad réidh chun catha a chur ar a chéile agus ba mhór í a mbúir.  Nuair a chualathas a nglór réitigh gach cine iad féin chun cogadh agus cath a chur ar chine na bhfíréan. Agus b’shin é lá an dorchadais agus an dainséir, lá na hanacra agus na hanbhainne, nuair a bhí eagla agus suaitheadh ina luí ar an talamh.
(Eis 1:1)
Is barrshamhail an scéal seo d'obair anailíseora ríomhaireachta; agus an meascán de eolas, foighne, instinn - agus ádh - is gá chun an obair a dhéanamh. Bheadh sé, gan amhras, mós deacair scannán a dhéanamh d'eachtra mar seo a bhíonn laistigh d'intinn innealtóra. Ach cá bhfios ...

Cinnte is léiriú eile é ar an dtábhacht atá leis an gcogaíocht leictreonach.

2011-07-20

Guth fileata

Tá guth an Ríordánaigh i mo sheinnteoir póca agam ón deireadh seachtaine - fiche naoi mír idir phrós agus filíocht. Ar mo chéad éisteacht bhí cineál díomá orm - bhíos ag súil le reacaireacht chomh huasal cumhachtach le guth Uí Dhireáin nó Caitlín Maude atá ar an seinnteoir freisin agam.
Ach ansin thug mé faoi ndeara an saothar anála a bhí air; agus chuimhnigh mé go raibh sé céasta ag an eitinn agus gurbh as an bpianpháis sin a fáisceadh a chuid filíochta agus machnaimh.
Rud a thugann doimhneacht faoi leith don dtaifead seo agus luach. Reacaireacht paiseanta a thugann breis tuiscint ar na dánta.
Bainfear pléisiúir agus tairbhe as anois agus mé ar chonair an chomaitéara i gcuideachta chomh huasal éigseach.

Seán Ó Ríordáin - Filíocht Agus Prós CD
Á léamh ag an bhfile
GaelLinn 2008

2011-07-17

Císte Plúirín Sneachta

Oideas, mar a gheall mé:

375g Plúr Geal
375g Siúcra
250g Im

5 Ubh
2 spúnóg tae púdar bácála

Taos a mheascadh as na chomhábhar thuas. Ansin

50g púdar cócó

a chuir tríd leath den taos. An taos a chuir ina chearnóga dorcha agus geala ar an stáin bácála.

Silíní dubha (as gloine) a bhrú isteach sa taos. Ansin é bhácáil ag 180 céim ar feadh daichead nóiméad. Blas finscéalach uaidh!

2011-07-14

Gile an tSneachta, Duibhe an Fhéich agus Deirge na Fola

An Mór-ríon le Louis le Brocquy
‘It-conairc me gnuis am' aisling,’ ar Deirdre, ‘ba gile gnaoi ina gnuis an rígh, no Chailcin, agus is ann a bh-feacus na trí datha do craigh mé .i. gile an t-sneachta ar a chneis, duibhe an fhiche ar a fhuilt, & deirge na fola ar a ghruaidh; & mo nuar, ni buan mo bheatha muna b-fhagham mo mhion.’ ‘Faroer do mhíon a mion!’ ar Leabharcham.

Tá an tré dathanna seo ar fáil i scéalta eile, gan amhras. I scéal Plúirín Sneachta priocann a máthair a méar agus feiceann sí deirge na fola ar ghile an éadaigh sa bhfráma éabann bróidnéireachta. Arís, barrshamhail áilleachta atá i gceist leis an trí dhath.
An rud a chuir i m'aigne é ná go bhfuil sé i gceist agam Schneewittchenkuchen a dhéanamh ag an deireadh seachtaine; le taos geal & dubh (cineál - donn an chócó le bheith cruinn) agus silíní. Má bhíonn an t-áiméar agam cuirfidh mé suas oideas & íomhá ar ball.

2011-07-12

Croí an Dorchadais

Grianghraif de íol ón Congó ó Wikimedia
Tá úrscéal eile le Alan Titley críochnaithe agam anois - "Méirscrí na Treibhe". Úrscéal faoi luath ré neamhspleáchais na hAfraice agus an tír samhalta ann, Zanidia,  ag titim chun deachtóireachta. Mar a pléadh san agallamh seo leis ar Beo, bhí Titley sa Nigéir san tréimhse sin, agus gearradh seachtain príosúin air.
Paul Lodabo an duine atá lárnach san scéal. Mac le fear saibhir a bhfuil cúl tugtha aige lena chine. A chlann oilte aige le bheith beag beann ar an ndúchas. Paul féin, tá sé ag filleadh ó thréimhse fada staidéir dlí san Eoraip, tréimhse atá curtha de aige go coinsiasach, díograiseach, umhal do mhianta a athair dhó.  An chuma air ach a bhfilleann sé go bhfuil nead cluthair réitithe ag a athair dó - a athair anois mór leis na máistrí nua, agus saibhir le cois. Bean roghnaithe dó. Ach ní mar sin a thiteann amach. Tá a dheartháir tar éis titim amach lean athair. É tar éis a theanga dúchais a shealbhú i ngan fhios agus in ainneoin a athair. Díbeartha as an dteaghlach dá bharr. Ach cion fós ag a athair air, agus níonn Paul iarracht  iad a thabhairt le chéile arís. Téann sé ar cuairt ag a dheartháir sa plódcheantar ina bhfuil sé ag cuir faoi.  Bíonn cur agus cúiteamh eatarthu, agus tosaíonn a oscailt súil Paul. Ach ansin bíonn a dheartháir páirteach in agóid ollscoile in aghaidh an deachtóir, agóid a cuirtear deireadh fuilteach leis agus ina dhúnmharaítear a dheartháir. Rud a thugann ar Phaul an chonair a thosaigh a dheartháir air a leanacht; ach freisin dul sa tóir ar a dhúchais fhéin. Tugtar "fear gorm geal" air ag an tús - faoin deireadh, cé gur teip atá i ndán dó is cosúil, tá sé socair ann féin. Sin atá fúm a rá, ar eagla go scriosfainn an scéal oraibh!
Admhaím go raibh sleachta fada foclacha san úrscéal seo a shleamhnaigh mo shúil agus m'aigne tharstu gan tadhaill leo. Nó bheinn á léamh le foclóir - agus b'fhéidir níos mó na ceann amháin acu - i lámh amháin agus an leabhar san lámh eile. Mar sin féin, níor chuir na sleachta seo bac orm éirim an scéal a thabhairt liom agus taitneamh a bhaint as an sár scríbhneoireacht.  Gluaiseann an scéal go gasta seachas na sleachta sin, agus tumtar an léitheoir go domhain ins na heachtraí.  Tá carachtar láidre eile ann, agus iad léirithe go mion agus go tarraingteach. Tá eachtraí móra agus beaga ann, léirithe chomh maith ceanna . Tá, fiú, cuid de bhéaloideas na hAfraice ann, nó ar a laghad béaloideas le blas na hAfraice. Agus cluiche sacair! Is fiú go mór an dua é a léamh.

Méirscrí na Treibhe
Alan Titley

Ar fáil ó Chló Iar Chonnachta ar €15 bog nó €20 crua. Ach is ón leabharlann  a fuair mise é, le cúnamh ó Borrowbooks.

Aguisín: agus seo á scríobh agam, tháinig mé ar léirmheas eile ar Gluaiseacht:

2011-07-09

Ag rince i measc na leabhair!

Maidin inniu d'fhreastail m'iníon agus mé fhéin ar imeacht de chuid Comhluadar agus an Siopa Leabhair i Sráid Fhearchair. An chéad ceann de sraith atá ann chun léitheoirí óga a mhealladh isteach sa siopa. Ba dheacair foilsitheoir níos fearr a mhealladh don gcéad ócáid ná Futa Fata, arbh é an fear ildánach sin Tadhg Mac Dhonnagáin a cheann feadhna. Tadhg agus a iníon a chuir tús le himeachtaí, ag léamh an scéil Neilín agus an Cat. Lean beirt údar eile de chuid an tí - Ailbhe Nic Giolla Bhrighde ag léamh a leabhar "Cócó an Colgán Cairdiúil", scéal ana dheas faoi éagsúlacht agus cairdeas. Bhí sé go deas freisin go bhfuair canúint Conallach bheith istigh!
Seal Patricia Forde a bhí ann ansin, ag léamh a scéal samhlaíoch "Cití Cearc" - tá na léaráidí don scéal dréimire seo iontach ar fad! Chuir Tadhg agus a iníon smear mullaigh ar an ócáid le meascra dánta agus amhráin óna shaothair Bliain na nAmhrán, Ceol na Mara agus Gugalaí Gug. Bá léir ón rannpháirtíocht go raibh taithí ag na gasúir ar na scéalta agus amhráin agus gur bhain siad ana scléip as. (Sílim gur díoladh leabhar nó dhó chomh maith!)
Tá moladh ag dul do Dharagh Ó Tuama agus a fhoireann as an ócáid a eagrú chomh maith sin; agus as na bronntanais a bronn siad orainn agus muid ag imeacht - scéalta ar DD, Leabhar dathúcháin agus lón beag. Beidh súil in airde againn do ócáidí mar é! Tá áiseanna agus leabhair iontacha ann do ghasúir agus seo bealach samhlaíoch chun an scéal a scaipeadh.

2011-07-04

Conas oighearshruth a thrasnú go sábháilte sa cheo

Íomhá ón gnáthfhoinse: le Cactus26
Mheabhraigh an meafar a úsáid Néidí ar na mallaibh dom an taithí a bhí agam thart ar fiche bliain ó shin nuair a rinne mé cúrsa seachtaine ar oighearshruth leis an DAV. Chaith mé seachtain le thart ar scór duine eile, ag foghlaim conas bogadh go sábháilte ar an oighear. Bhíomar san Ötztal, ag cuir fúinn san Brandenburger Haus
Tháinig muid le chéile sa ghleann agus  shiúl suas go dtí imeall an oighearshruth. Ansin ceanglaíodh le chéile muid le rópa. Duine de na oiliúnóirí chun tosaigh, duine ag an deireadh, muide sa lár. B'é tasc an chéad duine creabháis a lorg faoin sneachta. Ainneoin sin, níorbh fhada gur shleamhnaigh mise go coim in oighearscoilt. Fágadh ansin mé, mo mhála droma i bhfostú ar thaobh an scoilt, agus mise ag crochadh as, folús na céadta méadar ar dhoimhneacht fúm. Bhíos thar a bheith buíoch den téad, deirim libh! Níorbh fhada go rabhas fuascailte ag an meitheal.
Rinne muid scileanna éagsúla a chleachtadh le linn na seachtaine; ach lá amháin bhí ceo trom ann agus bheartaigh na teagascóirí ar léiriú dúinn conas compás a úsáid i gceart sa cheo. Níl aon sainchomhartha tíre le feiceáil sa cheo, gan amhras - go háirithe agus an oighear bán ag cuir leis an mearbhall. Mar sin féin, ní mór don gcéad duine ar an meitheal téide bheith ar a airdeall d'oighearscoilt. An duine deiridh atá freagrach as an gcompás agus an treo. Agus úsáidtear an meitheal féin, scaipthe ina líne díreach amach ón duine deiridh, mar áis chabhrach.
Ana thaithí a bhí ann; ach níor fhill mé ar an oighear ó shin.  I bhfad an iomarca trealaimh i gceist, agus níor bhraith mé ar mo shuaimhneas leis na crampóin ná le tua oighre.

2011-07-02

Na meáin sóisialta agus an Ríomhlóid

Chuir ceisteanna Niamh mé ag meabhrú arís ar mo chuid línseoireachta. Is cosúil, (de réir tuairiscí ar twitter) go ndúirt Peadar Mac an Iomaire (ag Tionóil Conradh na Gaeilge) go bhfuil úsáid na Gaeilge ar líne ag cur le litearthacht na Gaeilge. Níl amhras dá laghad orm go bhfuil a leithéid fíor i mo chás fhéin de. Is ar mhaithe le faobhar a chuir ar mo chuid Gaeilge a chuaigh mise ar líne an céad lá riamh. Agus is iomaí duine a chuir mé ríomhaithne orthu ó shin, a chuidigh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile liom an aidhm sin a bhaint amach. Beatha teanga a labhairt; buanú teanga a scríobh. Agus go pointe sin atá ar bun agam ar líne ó na laethanta luatha ar liosta ríomhphoist Gaeilge-A nó ar clár plé Cumasc nach maireann. (Tharrtháil Pádraig cuid de na seoda liteartha uaidh sin, áfach.) Is ann fós do Chlár Plé Daltaí, cé go bhfuil sé mós ciúin le tamall.
Faoi láthair is anseo ar mo bhlag agus ar twitter is mó a bhím ag Gaeilgeoireacht ar líne. Pobail agus gnáis éagsúla atá i gceist, agus glacaim leis gur pobal eile fós atá i gceist le Gnúisleabhar - poll ama eile atá á sheachaint agam cé go bhfuil mo bhean agus mo chlann gníomhach ann.
D'fhéadfaí blagadóireacht a chuir i gcomparáid le Club Fir Uasal de chuid na Sasanach, abair. Déanann duine againn píosa cainte, agus cíorann na baill eile sa Bhlagtacht é. Uaireanta spreagtar mír níos faide ag blagadóir eile de bharr a bhfuil scríofa againn. Go hiondúil, is comhrá béasach, sách mall, stuama staidéarach atá i gceist. Murab ionann agus twitter, áit a lingeann an allagar ó théama go téama ar luas lasrach, agus áit a mbíonn an allagar sách teasaí ar uairibh, fiú sa chúinne Gaeilge. Is cosúla le comhrá teach tábhairne é, leis an difear seo - nach bhfuil an geis i dtreis iompú ar an mBéarla! Go deimhin bhí roinnt comhráití spéisiúla agam agus mise ag scríobh i nGaeilge agus mo pháirtí sa chomhrá as Béarla. Sin rud ar dheacair é a shamhlú san fíor saol!
Tá rud eile ar fusa go mór é dhéanamh le twitter: Nasc a scaipeadh agus cúpla focal a chuir leis. Bhíodh a leithéidí a dhéanamh anseo agam le Blúiríní. Ach is minic cnaipe i bhfearas ag suímh nuachta a sheolann túít ar an bpointe, agus deis focal nó dhó a chuir leis. Is maith liom an dúshlán nath a chumadh faoi bhun 140 carachtar - agus tá na seoda ag Dennis oiriúnach chuige sin. Tá iarrachtaí déanta agam nua Ghaeilge ar dánfhocail as a chnuasach agus nasc go dtí an foinse. Tá a leithéidí déanta agam le nathanna eile freisin.
Shleamhnaigh mé isteach sa bhlagadóireacht trí thaisme: agus isteach sa lán túíteadóireacht mórán ar an mbealach céanna!
Gan amhras, níl sa chabaireacht ar líne ach cuid den scéal. Tá tábhacht freisin leis na foclóirí - idir oifigiúil agus neamhoifigiúil - ar líne. Agus, ó thús an idirlíon bhí leithéidí Sabhal Mór Ostaig ag cuir eolairí ar fáil. Cabhair is ea a leithéidí chun an Gaeilge ar an Gréasán a aimsiú, fiú agus feabhas as cuimse tagtha ar cuardach ar líne le uirlisí fearacht Google.  Tá an dúrud foinse nuachta ar fáil freisin (cé go bhfeadfadh níos mó a bheith ann!). Tá podchraoltaí ann. Tá seoda ár litríochta ar fáil, uaireanta in áiteanna thar lear - an cnuasach filíochta seo, abair.
Tá na dána digiteacha ag feabhsú sa Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha eile, agus na huirlisí ar fáil as Gaeilge.
Go leana an Ríomhlóid!

Nóta do na foclóirithe: ó Ciarán Ó Meachair a sciob mé an focal Ríomhlóid!

Kunststoff

Bhí mé san uisceadán i mBré le m'iníon inniu. (Tá ticéid buan againn, mar sin bíonn muid ann sách minic). Sa seomra spraoi agus eolais atá ag deireadh an turais bhí taispeántas ealaíona le Jane Rose. Tá cónaí uirthi ar Colbhasa, ceann d'oileáin na hAlbain. Is bean raice díograiseach í, agus tá a cuid saothair déanta as an turscar a bhailíonn sí - as plaisteach ach go háirithe, ábhar atá, faraor, ag éirí ró fhairsing sa bhruth faoi thír. Ní raibh mé ró thógtha lena cuid ealaíona, mar ealaíon. Ní raibh ann ach cnuasach raice, dar liom, curtha i bhfrámaí féin déanta. Ceardaíocht, b'fhéidir.
Ach mar léiriú ar thionchar an duine ar an dúlra, agus na nithe fánacha a chaitheann muid uainn; foirfe agus tábhachtach. Thug mé suntas ar leith do phíosa amháin - mála láimhe agus an méid a bhí ann. De réir dealraimh goideadh an mála ó bhean i Lios na gCearrbhach. Baineadh an airgead as, agus is léir gur caitheadh isteach in uisce éigin an chuid eile. Ocht seachtain níos moille, scuabadh suas ar trá Colbhasa é, an méid a bhí ann so-aitheanta go leor leis an mbean a aithint as.

Meabhraigh an taispeántas an Mórghuairneán san Aigéan Chiúin arís eile dom.

Maidir le teideal an mhír seo: Kunststoff an focal Gearmáinise ar plaisteach. Ach ciallaíonn Kunst ealaíon chomh maith le saorga.