Bí ag faire amach d’Aisteoirí Bulfin Bhaile Átha Cliath ag tús mhí na Nollag, nuair a chuirfidh siad an seó is déanaí acu, 1915, ar stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Díoladh iomlán na dticéad don seó Nollag deireanach a léirigh Aisteoirí Bulfin, Laraedó (2013). Moltar, mar sin, ticéad a chur in áirithe le haghaidh 1915 go luath! Tá rátaí grúpa ar fáil chomh maith i mbliana. Gach eolas thíos.
Ionad 1: Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 8
Dátaí: 2, 3, 4 & 5 Nollaig
Am: 8 pm
Áirithintí: (01) 677 0014 agus www.smockalley.com
Ticéid do na léirithe i Smock Alley: €15 (mic léinn agus pinsinéirí €12; lascainí do ghrúpaí 8 nó níos mó le fáil ach glaoch ar (01) 677 0014 – ráta grúpa €10)
Ionad 2: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste
Dátaí: 12 Nollaig
Am: 8 pm
Áirithintí: (028) 9096 4180 agus www.culturlann.ie
“Roghnaigh siad an bhliain mhícheart.
Roghnaigh siad an Oifig-an-Phoist mhícheart.
Ach bhain a n‑éirí amach (agus a gcuid amhrán) crathadh as Impireacht Shasana!”
Feicfimid ann sibh!
Foireann 1915
Breis eolais faoin dráma (féach thuas le haghaidh áirithintí):
Facebook: facebook.com/aisteoiribulfinBAC
Twitter: @aisteoiribulfin
Ríomhphost: aisteoiribulfin@gmail.com
Guthán: Méabh Ní Loingsigh (087 2940476) & Sinéad Ní Uallacháin (087 9512831)
2015-10-26
1915
2015-10-11
Dílis
Trí chinn déag de ghearrscéalta láidre atá sa chnuasach seo le Réaltán Ní Leannáin. Tá craos léitheoireachta déanta agam ó tháinig an leabhar sa phost chugam de hAoine.
Mar a luaigh sí féin in agallamh le Raidió na Life, ó dhearcadh na mban atá na scéalta scríofa, agus anáil láidir a áit dhúchais san Tuaisceart orthu. |
2015-09-28
Crann smola
Tá an scéal lonnaithe i mBéal Feirste agus Oirthear Uladh, agus cuid thábhachtach den scéal an teannas idir Chaitlicigh agus Protastúnaigh atá ag teacht chun cinn de bharr feachtas Reipéal an Chonallaigh agus freisin de bharr na cúinsí eacnamaíochta a fhágann go bhfuil Caitlicigh ag bogadh isteach sa chathair. Tá scáil an Ghorta ar an scéal freisin.
Protastúnach a tógadh le Gaeilge le muintir a mháthair, arbh Caitlicigh iad an lorgaire san scéal. Fear ionraic i gcóras lofa. Fear a chaith seal thar lear, agus léargas dá réir aige.
Cérinneachán atá ann mar sin níl fonn orm mórán a rá faoin scéal ag eagla go mhillfinn ar dhuine eile é; ach go mbaintear feidhm éifeachtach as an Ghaeilge, an stair, an polaitíocht agus an tíreolas ann. Bhíos iomlán tumtha san scéal.
Téann an scéal pas beag i bhfad uaireanta, ach níl sé deacair glacadh leis go bhfeadfadh eachtraí mar sin tarlú. Ní thagaim áfach leis an mblurba a deir gur leis an alltar a bhaineann gnéithe den scéal - d'fheadfadh a leithéid d'eachtraí titim amach; go deimhin táim sách cinnte go ndearna!
Beidh súil in airde agam do breis de shaothar Mhic Uí Dhúrois.Tá fios curtha agam ar Rí na gCearrbhach, leis an lorgaire céanna, ón leabharlann,
Crann Smola
Seán Ó Dúrois.
Coiscéim 2001
2015-09-12
Earnán de Blaghd
2015-08-29
Völkerwanderung
Ní rachaidh an sruth seo i ndísc. Tá saibhreas na hEorpa tarraingteach; fiú agus rud beag maoine ag daoine san Aifric, chíonn siad - ar an idirlíon - farasbarr maoine abhus agus tá sé iomlán réasúnta an beagán atá acu a infheistíocht in iarracht saol níos fearr a bhaint amach, fiú mura bhfuil siad ag maireachtáil faoi scáth an bháis.
Tá a léargas leagtha amach san aiste seo ag Gearmánach a bhí ina bhreitheamh ar chásanna Tearmainn. Is gá éisteacht le léargas a leithéidí.
Níl ballaí agus cosc ach chun líon na mairbh a mhéadú, agus saibhreas lucht gáinneála freisin.
Caithfear trí ghné den fhadhb a ionsaí:
- Dul i ngleic leis na cúinsí a fhágann daoine in eagal a mbás de bharr cogaíocht
- Tacú leis na forais atá ag plé le teifigh gar dá mbaile; tá na tíortha san Meán Oirthear thart ar Siria, mar shampla, faoi ualach uafásach ag líon mór teifeach arbh ionann anois a líon agus sciar suntasach de dhaonra an aoi thíre.
- Córas meáite cothrom a aimsiú chun féachaint chuige go roinntear an t-ualach ar thíortha an Iarthar go cothrom. Mar a léiríonn alt Alex Hijmans i dTuairisc inniu, tá, mar shampla, an Ghearmáin ag glacadh duine as gach triúir teifeach a éiríonn leis an Ghearmáin a bhaint amach.
Deir an seanfhocal gurbh ag baile a thosaíonn an déirc, agus tá ciall leis sin.
Is gá mar sin dul i ngleic leis na fadhbanna, leis an méadú ar an íosaicme atá gearrtha amach ón maoin san Iarthar. Mura déantar beidh costhrúpaí á sholáthar do tuathghríosóirí a bhainfidh feidhm as géarchéim na dteifeach leis an daonlathas ina iomláine a ionsaí.
Feictear sin cheana féin, abair i Heidenau na Gearmáine: tá antoiscigh den eite dheis ag gríosadh an sciar den phobal a chaill de bharr athaontú na Gearmáine, agus is lonnú teifigh an splanc a d'adhain an raic.
Tá a leithéidí feicthe againn ar scála níos lú san tír seo, go háirithe nuair is lonnú baill den lucht siúil nó a leithéid atá i gceist.
Caithfear dul i ngleic freisin leis na fadhbanna abhus a fágann ithir fáis ag fuath.
Daonlathas folláin áitiúil an réiteach; agus cothromas i ngach gné den saol.
Ní stopfaidh sconsaí iarainn teifigh nár stop baol bás san Meán Mhuir iad; Tá a n-iarrachtaí réasúnta.
Tá na pobail ag gluaiseacht, is mithid dul i ngleic go stuama leis sin.
2015-08-16
Sráid an Iarla
Peadar Ó Cualáin
€7.50 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-06-0
An Gabha agus an Bhean Rua
Peadar Ó Cualáin
€7.50 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-50-6
An tÉan Órga
An tSnáthaid Mhór,
Tagairt: 9780955227189
2015-08-14
Leabhar salach?
2015-08-07
Duibhlinn
2015-08-01
Leis na coisithe an chathair!
2015-07-29
An Gruagach
Ar moladh ó Dharach Ó Scolaí, bhí súil in airde agam do leabhair ón sraith Sráid an Iarla. Cheannaigh mé An Gruagach san Caifé Liteartha sa Daingean.
Buachaill óg is ea an reacaire agus laoch, buachaill lán samhlaíochta. Baineann an scéal le gadhar a bheith á ghoid, agus amhras a bheith ar an ngasúr faoi chomharsa nua.
Tá an scéal iomlán réalaíoch, ach feiceann an gasúr gné osnádúrtha leis an scéal de bharr a chuid léitheoireachta agus samhlaíochta, agus de bhrí go nglacann sé go litriúil le meafar i gcaint na ndaoine fásta. Thar a bheith éifeachtach! Níl an chaint sa leabhar ró chrua agus tá sé ar chumas m'iníne é a léamh.
Beidh orm dul sa tóir ar na leabhair eile san sraith!
An Gruagach
Peadar Ó Cualáin
€7.50 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-05-2
2015-07-26
Eisimirce ┐an Béal Bocht
Ach ní hamhlaidh atá. Cén tír eile san Eoraip a thóg deich mótarbhealach le deich mbliana anuas? Nó críochfort nua san aerfort? '
2015-07-25
Fontenoy arís
Cur síos fuarchúiseach ar ár an chogaidh, ar chúraimí agus smaointe oifigeach coinsiasach laistigh de srianta na linne; ré ina raibh an troid aghaidh ar aghaidh, go bhfaca fir agus oifigeach toradh fuilteach a gcuid oibre ós a gcomhair agus faoina gcosa.
Macallaí áirithe de "Faic nua san Iarthair" Remarque, brúidiúlacht agus éigiall an chogaidh ach na fir ag leanacht orthu mar nach bhfuil an dara rogha acu.
Ach b'fhearr le gach fear a bheith ag tochailt a gharraí féin ag baile, rud atá ceilte air ag naimhdeas agus aindlí na naimhde a a bhfuil a n-arm anois ós a chomhair.
Sár leabhar. Lón machnamh.
Fontenoy
Liam Mac Cóil
€12.50 (bog), 192 lch;
ISBN 978-0-898332-5-7
2015-07-24
Cruach Mhárthain agus ar aghaidh
Lean mé orm ar an mbóthar in aghaidh an chnoc gur déanadh bóithrín de. Bhí geata le trasnú ach lean an bóithrín air ag dreapadh agus ag éirí níos gairbhe. Thart ar leath bhealach suas tháinig mé - mar a bhí fógartha ag Dáithí - ar iarsmaí an tsráidbhaile a tógadh don scannán Ryan's Daughter. Dhá bhóithrín duirleoige an méid atá fágtha agus iarsmaí bunsraith roinnt tithe, athghafa ag an mbogach.
D'fhág mé an cosán ansin agus thosaigh ag dreapadh na cruaiche. Bhí an dreapadh tríd fraoch agus bogach géar go leor, ach bhain mé an barr amach gan aon ró dhua. Faraor d'iompaigh an aimsir agus is beag taitneamh a bhí mé in ann baint as an radharc; radharc iontach, ó dheas uaim na Blascaod, soir uaim Fionn Trá, siar uaim Trá an Chlochar, ó thuaidh an Buailtín agus Ard na Caithne, agus Bréanann ar íor na spéire.
Thiomáin an ghaoth anuas den mullach mé, agus lean mé claí ó thuaidh a bhí ar droim an chnoic, ag titim go réidh comhthreomhar leis an mbóthar go dtí an Buailtín.
Anois is arís bhí claí sreinge le trasnú, ach ní raibh aon bac dosháraithe ann. Bhí mé le teacht amach ar an cúlbhóthar píosa taobh thiar den Eaglais sa Bhuailtín, ach bhí láracha agus a searraigh sa ghort deiridh a bhí le trasnú agam, mar sin sheachain mé iad agus dhreap anuas tríd gort sách crochta, agus thar claí a bhí ard ar thaobh an bhóthar, beagnach díreach taobh thiar den sáipéal.
Is mór an trua nach bhfuil cosán ceart leagtha amach, agus dreapa sna háiteanna cuí, mar is siúlóid thar a bheith taitneamhach atá ann.
Bhí ocras orm agus cé go raibh roinnt ceapairí agam i mo thiachóg shocraigh mé babhla anraith a cheannach. Bhí fonn orm cuairt a thabhairt ar an gcaifé Altú arís ach ní raibh aon anraithe fágtha. Thug mé aghaidh ar Tigh an tSaorsaigh, áit a raibh anraith glasraí deas romham, le meacan bána tríd a thug blas ar leith dó.
Thug mé sciuird go dtí Tigh Bhric sa Riasc lena gcuid pórtar a thriail. Tá sé blasta! Ar aghaidh liom ansin gur lean arís Slí Corca Dhuibhne trasna trá Béal Bán agus ar aghaidh go Baile na nGall.
Shiúil mé ar Slí na Faille go dtí an Ghlaise Beag.
Fén am seo bhí mé bréan den siúl (bheadh uair a chloig eile ar bhóithre i gceist chun an Baile Breac a bhaint amach), agus shocraigh mé triail a bhaint as an ordóg. D'éirigh liom, agus fuaireas síob ó bheirt ban óg ón nGearmáin a bhí ag cuir futhú i Teach Tábhairne an Bhreathnaigh An Bóthar.
Bhíos fíor bhuíoch den síob chomh fada le bun an bhóthair sa bhaile breac, mar bhíos traochta agus bhí sé ag ceobhrán!
Ceantar breá is ea Corca Dhuibhne don siúlóir, ach is trua go bhfuil an oiread de na siúlóidí marcáilte ar na bóithre, bóithre atá plódaithe le carranna turasóirí minic go leor. Ach tá an obair déanta ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag leagan amach na cosáin céanna.
2015-07-22
Bréanainn ó Scrín go Scrín
![]() |
| Ag amharc ó thuaidh ón scrín |
![]() |
| Scrín, An Fhaiche |
Chonaic mé giorria sléibhe ag baint sult as léana súmhar teach saoire folamh, agus sciorr easóg trasna an bhóthair romham.
Ba léir anois nach raibh aon tuar le teacht faoi thairngire lucht aimsire, agus thosaigh ceobhrán.
Lean mé orm mar sin féin tar éis paidir ghairid ag an scrín, agus tháinig chomh fada le dís eile ag siúl. Fear as Meiriceá, agus a chliamhain as Béal Feirste. Bhí fear Mheiriceá tar éis a chuid taighde a dhéanamh, ina measc cúpla scannán ar Youtube!
Bhí luas maith fúmsa, agus d'fhág mé i mo dhiaidh iad.
Cosán oilithrigh atá san siúlóid seo, agus bhí sé deá mharcáilte le cuaillí agus saighid ar na carraigeacha. Ba mhithid, mar bhí an uain go hainnis. Gaoth agus ceobhrán. Bhain mé díom mo spéaclaí agus níor chuir orm arís iad go raibh an taobh eile bainte amach agam! Bhí ana díomá orm, mar bhí mé ag tnúth leis na locha Pater Noster a fheiceáil. Smid díobh ní fhaca mé.
![]() |
| An Cros ag barra an Chnoic |
![]() |
| An Scrín ag an mBaile Breac |
2015-07-21
Scéalta scéine spraíúla
Ní raibh deis fós agam féachaint an léifidh m'iníon iad - tá sí as baile arís - ach ní dóigh liom go mbeidh dua ag aon léitheoir óg leo agus táim cinnte go mbainfidh siad spraoi as. Cailín láidir í Sam, taitníonn sin liom. Feileann an amhras féin muiníne a chlóinn sé féin don reacaire Ben agus cuireann leis an ngreann atá ina orlaí tríd na scéalta. Thart ar 50 leathanach atá i ngach ceann de na leabhrán, d'fheadfaí iad a léamh gan stró in aon suí amháin shamhlóinn. Pléitear ar bealach éadrom sna scéalta freisin le tromaíocht, le péacadh an ghrá, le héad is formad - ach is i ngan fhios beagnach a déantar sin. Rud atá thar a bheith éifeachtach measaim.
Tá léaráidí gleoite le Cathy Brett ag dul leis na leabhair.
Lámh Mharbh Abú!
Nuair a chloiseann na bleachtairí óga Ben agus Sam cnag ar an doras, céard a bheadh rompu ach lámh cnámharlaigh agus é sa tóir ar a chorp! Mistéir, dainséar agus cnámha ar iarraidh.
Mac Tíre... Dáiríre!
Tá madra éalaithe agus na bleachtairí óga Ben agus Sam sna sála air. Oíche amháin feiceann siad mullach fionnaidh agus fiacla móra sa dorchadas. Ní haon mhadra atá rompu!
Taibhse an Dá Thaobh
Cás eile do na bleachtairí óga Ben agus Sam. Tá taibhse sa mhuileann ach ní gnáth-thaibhse é seo, tá sé gearrtha ina dhá leith! Cé hé féin agus céard a tharla dó?
Brú Fola
Tá na bleachtairí óga Ben agus Sam ar ais agus iad sa tóir ar vaimpírí! Lena héadan geal agus beola dearga, tarraingíonn an cailín nua, Vladya Dortafola, aird gach duine ar scoil. Ach tá rud éigin aisteach fúithi...
2015-07-11
Amhrán na Mara
2015-06-24
Laudato Si (Moladh leat)
A Thiarna mhaith ró-ard na n-uile chumhacht!,
Leatsa gach moladh is glóir, gach onóir is gach beannú,
Duit féin amháin, a Ró-ard, is cóir á dtabhairt,
Is ní fiú duine ar bith tú a lua.
Moladh leat, a Thiarna liom, le lánlíon do dhúl,
Go háirithe a Shoilse, an Bráthair Grian,
Óir is é an lá é, agus is tríd a shoilsíonn tú sinn,
Agus é sciamhach is lonrach le niamhracht mhór,
Go mbeireann sé chugainn, a Ró-ard, do shamhailse.
Moladh leat, a Thiarna liom, ón tSiúr Ré is na réaltaí,
Thuas sa spéir a chum tú iad go gléineach, iad ina seoda, iad spéiriúil.
Moladh leat, a Thiarna liom, ón mBráthair Gaoth,
Is ón aer, is ó scamallacht is ó shoineann is ó gach síon,
Ós tríothusan dod chréatúir a thugann tú scamhard.
Moladh leat, a Thiarna liom, ón tSiúr Uisce
Atá fíorfhóinteach is uiríseal, is atá ina seoid agus geanmnaí.
Moladh leat, a Thiarna liom, ón mBráthair Tine,
ós trína a bhíthin a shoilsíonn tú an oíche,
Agus é chomh hálainn, chomh bríomhar is groí
Moladh leat, a Thiarna liom, ónar Siúr Máthairthalamh
a bhíonn dár gcothú is dár riar
Is a ghineann torthaí den uile ghné
le cois na bhflós daite is an uaine
Moladh leat, a Thiarna liom, óna dtugann pardún ar a ngrá duit
Is a fhulaingíonn an easláinte is an anacair
Is méanar dóibh siúd a chuireann suas leo go suaimhneach,
mar is agatsa a Ró-ard a chorónófar
Moladh leat, a Thiarna liom, ónar Siúr Bás na colainne
Nach dtig le haon duine beo éalú óna lámh.
Is mairg a éagann i bpeacaí atá marfach;
Is méanar dóibh siúd ar a dtiocfaidh sise agus iad ar do mhianta ró-naofa
Óir ní dochar dóibh an dara bás
Molaigí is beannaígí mo Thiarnasa
Gabhaigí bhur mbuíochas-sa
Is déanaigí fónamh dó le mór-uirísle
Gréagóir Ó Seanacháin, Pól Ó Súilleabháin,
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 1902420527
2015-06-23
Aileach
2015-06-21
Réamhrá "Briseadh na Teorann"
Slí de Buitléar
Bhí greim agus deoch againn ag deireadh san caife Iodálach Campo de Fiori sular scaipeamar abhaile. Siúlóid thaitneamhach atá ann.
|
|
||||
|
|
||||
|
|||||
2015-06-15
Diabhlaíocht Mhichíl
Scéalta iad seo a mbainfidh ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe agus sásamh astu.
As flies to wanton boys are we to th' gods.
They kill us for their sport.
2015-06-13
Náisiún Caitliceach?
'Is ar náisiúnachas caitliceach seachas ar náisiúnachas gaelach a tógadh an stáit nua '
Is fíor dóibh beirt. Tá an scéal níos measa áfach. Mar ní náisiúnachas bunaithe ar smaointeoireacht Chaitliceach a bhí i gceist. Tá's ag léitheoirí an bhlag seo gur pápaire neamh-leithscéalach mé féin agus go gcreidim go bhfuil áit dlisteanach ag smaointe atá faoi anáil teagasc na hEaglaise sa chearnóg poiblí, ar an mbonn céanna le fealsúnacht saoránaigh ar bith eile; agus go bhfuil dualgas agus ceart ag aoirí na hEaglaise na smaointe sin a fhógairt gach eagla.
Ach is treibheachas idirdhealaitheach a bhí i gceist. Ró urraim do chliarlathas a bhí galldaithe agus piúratánach. Meánaicme santach a bhain feidhm as údarás na hEaglaise agus meas ar a cléirigh le smacht a choimeád ar an bpobal a raibh tábhacht ag a mballraíocht san treibh lárnach dá féin mheas.
Bhí buntáistí ann don stát nua, d'fheadfaí cúraimí go leor a leagann ar chléir a shaothraigh beag beann ar phá nó ar maoin; cuid mhór acu le flosc idéalach ar son Críost.
Liosta le háireamh na hoilc a d'eascair don pobal, don Eaglais agus don Stáit as an gcaidreamh mí-fholláin seo, a bhfuil an fhianaise doshéanta ag pléascadh is ag brúchtadh aníos le blianta beaga anuas. N'fheadar áfach an bhfuil scagadh cheart á dhéanamh ar na fréamhacha: d'fhág an socrú teolaí seo modh éifeachtach ag an gcinseal an phobal a mhúnlú de réir a dtola.
Sílim go léiríonn cás an Scéim Máthair agus Leanaí, mar shampla, an dóigh ar úsáid na Dochtúirí mór le rá cumhacht na hEaglaise le scéim a chuirfeadh isteach ar a saibhreas is cumhacht féin a scrios. Tá marbhfháisc fós ag na Dochtúirí Comhairleacha ar an gcóras sláinte abhus.
Cé go bhfuil cumhacht an chliarlathais Caitliceach briste abhus, is fada fós muid ó res publicae ina bhfuil guth ag gach saoránach. Tharlódh go bhfeadfadh athbheochan Gaelach an cosán sin a ullmhú.
Ach tá cinseal is údarás fós láidir!
Caithfidh an stáit a bheith bunaithe ar urraim do dhínit gach duine faoi seach; ach freisin ar urraim ar na caidreamh idir dhaoine atá neamhspleách ar an Rialtas; an teaghlach, an pobal áitiúil, cumann áitiúla idir spóirt is eile.Tá coimhdeacht tábhachtach - go réiteofaí ceisteanna chomh gar dóibh siúd atá i ngleic leo agus is féidir.
Bhfuil ceachtanna foghlamtha againn mar stáit agus pobal?
1 Cruifearach an focal atá ag an mBlaghdach ar Preispitéireach. Tá an focal cruimther ar sagart le fáil in edil.
2015-06-15 Leasaithe de bharr tagairt Néidí thíos.
2015-06-03
Ceist gheilleagar ceist na Gaeltachta
Tá Beartas leagtha amach san paimfléid seo ar mithid smaoineamh air. Dúirt Pádraic Ó Conaire tráth nach bhfeadfadh teanga ar bith a bheith beo gan dream éigin a bheith ann nach labhraínn ach í. Sílim go bhfuil dealramh leis sin. Ciallaíonn sin áfach go gcaithfidh duine a bheith in ann slí beatha a bhaint amach gan ach Gaeilge a labhairt. Rud arbh fhéidir le hiascairí agus feirmeoirí an chéid seo chaite; ach is ó lámh go béal a mhair siad, rud gur fíor bheagán a bheadh sásta leis inniu. Na feirmeoirí agus iascairí féin táid gafa in eangach an mhaorlathais Béarla anois pé scéal é. Ní inniu na inné a thosaigh iarrachtaí fostaíocht a chuir ar fáil ag brú an Bhéarla ar muintir na Gaeltachta; dáiríre is ag leanacht réamhshampla Bord na gCeantar Cúng a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí le fíor deireanas (Glaoaonaid, ambaist!). Tuigim (agus tagaim le) cuid mhór dá bhfuil á rá ag Ciarán Dunbar san alt seo:
Creidim i dtábhacht na Gaeltachta, ní mar thobar na Gaeilge amháin ach mar fhoinse cearta agus dlísteanachta mar gan Ghaeltacht ní dóigh liom go mbeadh tacaíocht stáit ar bith ann don Ghaeilge.Chun go mbeidh an Ghaeltacht buan, caithfidh sciar maith daoine bheith in ann a slí bheatha a thabhairt i dtír gach ach í á labhairt acu. Cé gur maith ann iad TG4 agus RTÉ RnaG agus araile, ní leor fostaíocht in earnáil atá ag fónamh do phobal atá ag crapadh. Tá - agus beidh - na ceantair Gaeltachta iargúlta. Is fíor go bhfuil bóithre ag feabhsú (agus ag breith an Bhéarla leo) agus b'fhiú go mór díriú ar an bonneagar teileachumarsáide a fheabhsú freisin. Is gá bheith ag táirgeadh earra ar ardluach agus ar íseal chostas onnmhairithe. Tá samplaí maith tugtha i leabhair Finbarr Bradley - seodra Brian de Staic abair nó Cniotáil Inis Meáin.
Aithníonn an paimfléid seo gur an geilleagar eithne na ceiste. Téis an paimfléid gur gá Ollscoil iomlán ag feidhmiú trí Ghaeilge chun go gcuirfeadh Gaeil agus muintir na Gaeltachta an oiliúint chaoi orthu féin ina dteanga féin chun dul i ngleic leis an bhfadhb geilleagrach.
Rinneadh comparáid ar ball inniu idir an Danmhairg a bhfuil achar agus daonra mórán mar an gcéanna na Éireann aici; ach sochaí níos fearr. Mo fhreagra ar sin ná go bhfuil a dteanga féin fós ag na Danair. Mar atá ag na hÍoslannaigh. Tharraing Dennis m'aird ar an alt seo faoin chaoi go bhfuil coistí pobail san Íoslainn ag dul i ngleic le téarmaíocht nua tríd tarraing as a gcuid ságaí. Tá eolas mhaith agam féin ar Rúraíocht agus Fiannaíocht - ach is as Béarla nó Gearmáinis a chuir mé aithne ar Mac Coinglinne, Clann Tuireann nó Macha Mongrua.
Is in onóir an Athair Ó hIceadha a scríobhadh an aiste. Fear a bhí lárnach i feachtas rathúil Conradh na Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge riachtanach san Ollscoil Nua Náisiúnta a bhí le bunú. Téis an leabhair - agus tagaim leis - gur bua Piorrach a bhí ann ainneoin fiúntas na ndaoine a bhí bainteach leis. Mar ainneoin stádas reachtúil Ollscoil na Gaillimhe tá an Béarla in uachtar i ngach ceann de na Coláistí Ollscoile agus níl sa riachtanas an máithreánach a ghnóthú as Gaeilge ach siombalachas an cúpla focal.
Tá gan amhras Acadamh na hOllscolaíochta agus Fiontar ann agus is forais fónta iad. Ach is mionchuid de eagraíochtaí ina bhfuil an Béarla in uachtar iontu iad. Tá na Coláistí Ullmhúcháin imithe le fada; agus níl aon foras ag oiliúint ábhar oidí len iad a réiteach don earnáil Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tá aos óg na Gaeilge fós faoi chuing an Murder Machine.
Tá obair le déanamh! Fotha ollscoile lucht léinn is plé. Cuirimis bunchloch.
2015-06-01
Na Cnocadóirí i mBrú Bhealach Eabhra
Táim féin as cleachtadh is baolach agus shocraigh mé é thógáil go réidh agus siúlóid éasca a dhéanamh ar an Domhnach. Thug ceathrar againn faoin siúlóid i nGleann an Áir atá ainmnithe as an údar cháiliúil Canon Sheehan. Bhí dea chomhairle faighte againn agus rinneamar é a shiúl malairt treo atá leagtha amach ar an mbileog sa chaoi is gur thosaigh muid amach ar bhóthar coille a bhí rud beag leadránach ainneoin go raibh corr radharc álainn; d'fhilleamar tríd mothar-choill cois abhainn.
Siúlóid breá réidh.
Thug an chuid eile faoi Ladhar an Chapaill agus bhain taitneamh as ainneoin go raibh sé nimhneach fuar.
Cé go bhfuil seacht cinn de thithe tábhairne i gCill Fhionnáin níl ach proinnteach amháin (maille greim gasta). Bhíos sásta leis na béilí a d'ith mé i Molly's Restaurant - príomh mias ar thart ar 10 €, gnáth béile Éireannach le feoil, glasraí agus fataí. Bhí na milseoga go deas freisin.
Bé tuairim ár saineolaithe ná gurbh Tí Cheilleachair rogha na tithe tábhairne, saor ó mhallacht an teilifíseáin. Bhí beoir ón grúdlann ceirde áitiúil acu - 8 Degrees - agus thaitin an leann griandóite agus an Boihéamach Costarnocht liom
Leis an rabhadh aimsire atá ann, d'fhill mé ar an ardchathair agus an baile maidin inniu.
Beidh fonn orm filleadh!






































