Tógadh le Gaeilge mise, ach scoite amach ó aon phobal. Ní raibh oiread sin teagmhála agam fiú le mo leithéid féin, seachas le dornán teaghlaigh. Ní raibh na hinnealtóirí ar champas Belfield le mo linn fiú, agus ar aon nós bhí mé gafa le grúpa gasóga seachas le saol na hollscoile. Deis a mhothaím gur chaill mé, ní hamháin i leith an Chumann Gaelaigh. Nuair a chuaigh mé chun cónaithe i mBeirlín i dtús na nóchaidí, bhí fhios agam go mbeadh sé deacair fanacht i dteagmháil leis an nGaeilge. Bhí tuairim agam go raibh Gaeilge ar fáil ar an ollscoil ann, agus chuaigh mé i dteagmháil le hOllscoil na Gaillimhe - ní cuimhin liom go baileach cén fáth, alt a léigh mé is dócha - chun sonraí teagmhála a fháil. Mar a tharlaíonn bhí an Léann Ceilteach in ísle brí san Ollscoil Humboldt cé gur tháinig feabhas ar tar éis cúpla bliain agus ní raibh aon mhaith déanta.
B'é an chéad beart eile a tharraing mé chugham féin ná an leabhar fóin a chuardach do Ó, Ní agus Mac. D'éirigh liom teacht ar Ghaeilgeoir nó triúr an dóigh sin agus bhí teagmháil éigin agam le sciar acu ar feadh roinnt blianta. Bhí an gnáth dheacracht ann, ar ndóigh - ní leor spéis sa Ghaeilge mar bhunús do chaidreamh!
I lár na 1990í bhí rochtain agam ar an idirlíon. Ba mhór an deis a thug sé sin dom Gaeilge a "labhairt". Ar liostaí r-phost i dtosach, Gaeilge-A a bhí curtha ar fáil ag HEANET agus a raibh Marion Gunn, beannacht Dé lena hanam, agus Vincent Morley ina riarthóirí air. Ba chomhluadar sách béasach a bhí i gceist, agus is dóigh liom gur riail an Ghaeilge amháin is mó a thug orthu ladar a chuir sa bplé. Tá mé measartha cinnte áfach, gur chuir mo thuairimí láidre - mar is dual do Ghaeilgeoir bheith aige - as do thuairimí daoine eile ó chúlraí eile.
Tar éis tamaillín tháinig ann do na cláracha plé. Tá cuimhní maithe agam ar cumasc.ie agus chaomhnaigh Pádraig Ó Cinnéide roinnt den fhicsean comhoibritheach a cumadh ann ar a
shuíomh féin. Pobal beag cluthar a bhí ann agus níl aon chuimhne agam go raibh ar na riarthóirí achrann ar bith a réiteach. Tá fhios agam go raibh mé fós sa Ghearmáin an uair úd mar chuir mé aithne ar Phádraig tríd agus thug cuairt air sa Bhaváir ar a laghad uair amháin roimh filleadh chun cónaí in Éirinn.
Bhí cúpla rud ann go comhthreomhar ansin, agus níl na línte ama, mar a deir an ceann eile, soiléir i mo chuimhne. Tá mé measartha cinnte go raibh mé páirteach i gclár Plé Daltaí na Gaeilge agus mé fós sa Ghearmáin. D'éirigh rudaí teasaí go maith ansin uaireanta. Go hiondúil is sa thaobh dhátheangach a mbíodh an achrann is binibe agus scaití sciorr mé féin isteach ina leithéid. Anois is arís tharraing mé aird na riarthóirí ar snáithe a mheas mé a bheith ag éirí ró theasaí. Rinne siad tairiscint dom bheith i mo mhodhnóir cúnta, ach dhiúltaigh mé do ar an mbonn go raibh mé féin ró sáite sa phlé le bheith i mo réiteoir ionraic.
Bhí mé páirteach ar feadh seal i gclár plé beo.ie ach bhí deacrachtaí modhnóireachta acu féin ansin, agus sa deireadh chuir siad deireadh leis an gclár plé oscailte, agus cheadaigh plé ar na haltanna amháin.
Go luath sna náidí bhí mé ag plé freisin leis an gcéad Wiki, áit a raibh cúrsaí innealtóireacht bogearraí go príomha á phlé. Ní cuimhin liom anois cén fáth gur éirigh mé gafa le plé ar chúrsaí creidimh ann, ach rinne. In iarracht an príomh suíomh a choinneáil níos suaimhní iarraidh ar lucht pléite creidimh a seomra féin a aimsiú. Tharla amhlaidh agus bhog an plé anall. Bhí riarthóir an suímh ana sháite sa phlé é féin, agus tar éis roinnt achrainn rinne sé an leagan digiteach de "is liomsa an liathróid, agus tá mise ag dul abhaile anois". Bhí cúpla wiki eile thart, agus ábhar plé in ar a laghad ceann amháin acu ná conas plé a choinneáil ionraic ach sibhialta. Pléadh múnlaí éagsúla ach ag deireadh an lae tá dea mhéin de dhíth ar gach taobh agus is féidir le lucht mioscaise scéim ar bith a chur ó mhaith. Ach bhí aontú forleathan i measc na ndaoine a rinne staidéar ar an gceist gur fadhb shóisialta atá ann, nach féidir réiteach le teicneolaíocht, cé gur féidir le teicneolaíocht fadhbanna a mhaolú nó go deimhin a ghéarú.
Ba cás ar leith na blaganna, tá an bhlag seo agam ó 2005 agus ar feadh tamaill bhí pobal beag blagadóirí Gaeilge ag cumarsáid lena chéile sna blagmhíreanna agus i dtráchtaireacht orthu. Idir seo is siúd chuaigh sin i léig. Bhí orm na tráchtanna ar mo bhlag féin a srianadh agus faoi dheireadh a mhúchadh ar fad toisc nach raibh ach turscar praistrithe le feiceáil ann, agus ba diomailt ama plé leis.
Ó 2010 bhí mé ar Twitter agus d'éirigh mé thar a bheith gafa leis. Comhlacht tráchtála is ea Twitter. Níl na húsáideoirí ag íoc. De réir an sean mana, is iad na húsáideoirí an táirge mura bhfuil siad ag íoc as. Idir fógraíocht agus margaíocht ar sonraí tá súil ag an comhlacht brabach a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfuil ag éirí go ró mhaith leo, ach sin scéal eile.
Bhí teannas i gcónaí ann idir mian Twitter a bheith ina "eite saoirse cainte de pháirtí an tsaoirse cainte" agus an gá úsáideoirí a mhealladh agus lucht fógraíochta dá réir. Díbríonn gairbhe a leithéid. Chuir mé Twitter i gcomparáid le tábhairne callánach blianta ó shin. Má bhíonn tábhairne ró challánach, fágfaidh daoine. Agus má troideanna síoraí ag briseadh amach....
Tá córas éigin modhnóireachta ag Twitter. Is féidir leis an úsáideoir féin cosc a chur ar theachtaireachtaí úsáideoir ar leith bheith infheicthe aige, agus a theachtaireachtaí a choinneáil ceilte air. Is féidir le cuntas a bheith príobháideach - dofheicthe seachas d'úsáideoirí atá ceadaithe ag an úsáideoir.
Is féidir cuntais atá i mbun mioscaise a thuairisciú, agus uaireanta faightear éisteacht.
Is faoi m'ainm féin a bhí mise riamh ar líne. Maítear uaireanta gur fadhb atá i leasainmneacha nó ainmneacha cleite ar líne, ach is é mo thuiscint ná go léiríonn taighde a mhalairt. Glacadh a bheith, nó a síltear a bheith le maslaí agus boirbe an chúis is mó leo - lucht léitheoireachta a aontaíonn leis an maslóir, a threibh, a ghríosaíonn a leithéid.
Gné thrioblóideach de na meáin shóisialta i lámha na comhlachtaí móra caipitleachas faire ná na halgartaim a bhrúnn ábhar i dtreo an úsáideora a mheallfaidh é. Ar an ndrochuair, is ábhar a spreagann fearg agus tuairimí láidre is éifeachtaí, dar le roinnt staidéar. Agus sin a tharlaíonn. As sin eascraíonn conairt idirlín a dhíríonn, minic go leor, ar ainniseoir bhocht éigin a bhfuil rud éigin míchúramach ráite aige.
Ar ndóigh, cé go bhfuil an caipitleachas faire chun tosaigh ó thaobh an dóigh a bhíonn an gnáthdhuine ar líne, ní fréamhacha tráchtála atá faoin idirlíon.
Tógadh go leor de sna hollscoileanna agus forais taighde. Airgead poiblí a d'íoc as. (Go háirithe airgead Roinn cosanta Mheiriceá, ní mór a rá). Bhí baint ag go leor daoine le tuairimí láidre faoi saoirse - saoirse cainte ach saoirsí eile freisin. Tá go leor den idirlíon ag braith ar bhogearraí foinsí oscailte. Tá sruth láidir smaointeoireachta a chreideann go daingean sa gheilleagar oscailte bronntanais atá i gceist le bogearraí foinse oscailte. Is minic gur liobraíoch atá na daoine seo. Más Meiriceánaigh iad, is minic iad amhrasach faoin rialtas nó údarás. Ar ndóigh, ní ag Meiriceánaigh atá an monaplacht.
Fionlannach ón mionlach Sualannach é Linus Torvalds, ceannródaí Linux. Ísiltíreach é Guido van Rossum, ceannródaí python. Féitheoga an chórais a cuid oibre siadsan.
Is as an cultúr seo a d'eascair coincheap an Fediverse. Go mbeadh freastalaithe scaipthe neamhspleácha ann, gan aon údarás lárnach. Ach go mbeadh prótacail oscailte ann a chiallaigh go bhféadfaí ábhar a scaipeadh eatarthu. Forbróir sa Ghearmáin a chum an bogearra Mastadon, a chuireann ar chumas úsáideoirí teachtaireachtaí gairide a scríobh agus a roinnt le úsáideoirí eile - gan a bheith teoranta don ardán lena bhfuil siad cláraithe.
Cosúil, ar an ndromchla le Twitter, ach le difríochtaí tábhachtacha.
Cé gurb iad lucht liobraíoch teicneolaíochta a chuir tús leis na coincheapa agus uirlisí seo, d'aimsigh mionlaigh a mhothaigh faoi ionsaí sna mór meáin iad i bhfad ó shin, agus mhúnlaigh an chultúir chun go mothóidh siad ar a gcompord ann.
Nuair a bhí amhras ag fás ionam maidir le Twitter, agus nuair a chonaic mé mastodon.ie á mholadh ag daoine go bhfuil meas agam ar a dtuairimí, mealladh trasna mé.
Admhaím nár fhéach mé ach go fánach ar na rialacha, agus níor shíl mé go dtiocfainn salach orthu. Bhí siad pas beag scaoilte, ach níor shíl mé go síleadh aoinne gur balacs mé. Agus níor shíl mé go dtiocfainn salach ar na rialacha ag cosc scata - fóibeacha, trasfóibeachas ina measc.
Ar feadh seachtaine nó mar sin, bhí ag éirí go breá liom. Bhí comhluadar deas gaelach ann, agus is beag teachtaireacht ó lasmuigh den mbolgán sin a chonaic mé, toisc nár bhac mé ach le mo hamlíne baile, sé sin, daoine a roghnaigh mé féin a leanacht. Maith go leor, daoine a raibh Twaithne (i. Aithne ó Twitter) a formhór. Ní dóigh liom go raibh mórán cumarsáide agam le daoine a bhí ann roimh an fás rábach reatha. Léigh mé beagán faoi - fíor bheagán, le bheith ionraic. Shíl mé an t-
alt seo a bheith spéisiúil. Áit gur tábhairne callánach é Twitter, is cóisir tí ásc ar leith Mastodon, i dteagmháil scaoilte le cóisirí eile.
Bhí na hardán seo faoi bhrú leis an fás rábach. Gan comhlacht tráchtála laistiar daoibh, tá siad ag brath ar deontais chun íoc as freastalaí atá sách cumasach an trácht a riaradh. Cuidíonn slua fhoinsiú na fiacha sin a ghlanadh agus rinne mé deontas le fonn agus mhol do dhaoine eile amhlaidh a dhéanamh.
Ach tá sé measartha simplí freastalaí níos cumhachtaí a fháil - ceist airgid atá ann don gcuid is mó. Níl sé chomh simplí céanna foireann modhnóirí agus riarthóirí deonacha a earcú agus an líon úsáideoir ag fás go rábach.
Nuair a scaip mé, tríd teachtaireacht a trasphóstáladh ó Twitter, nasc le halt Cathal Mac Coille, ag tuairisciú faoi chruinniú dream a bhfuil amhras orthu agus imní faoi gnéithe áirithe den trasinscneachas, mheas úsáideoir eile go raibh mo theachtaireacht trasfóbach. Thuairisc é. Agus i bhfaiteadh na súil, bhí mé barráilte. Bhí cead achomhairc agam. Ghabh mé leithscéal agus dúirt go bhfanfaidh mé glan ar an ábhar. Níor glacadh leis an achomharc.
Sin ceart úinéirí an freastalaí. Cuireann sé díomá orm nach ndeachaigh an té a thuairiscigh mo theachtaireacht i dteagmháil go díreach liom i dtosach. Bheadh an teachtaireacht bainte anuas agam. Ceist achrannach atá ann, agus tá agus bhí mé sásta géilleadh do rialacha an tí i gcás mar é.
Tá an píosa seo ana fhada, ach is tríd an taithí atá agam síos na blianta a thuigim eachtra seo mo barráile. Géillim go raibh an ceart acu, de réir tuiscint s'acu ar cad is trasfóbachas, i. Aon rud á ardaíonn ceisteanna faoi trasinscneachas.
Is blár achrannach catha atá ann, le daoine a bhfuil gonta ar gach taobh (agus tuilleadh a bhfuil ba eile le cuir thar abhainn acu).
Is deacair do riarthóirí agus modhnóirí, atá ag obair go deonach, smacht a choinneáil ar comhrá mar sin. Tá ceist ann freisin, mar a d'ardaigh Alex Hijmans i tuairisc.ie, faoi cumas na riarthóirí cumarsáid trí Ghaeilge a mheas.
Is dóigh liom go bhfuil ceacht foghlamtha agam (arís eile). Ba mhaith liom páirt a ghlacadh i gcóras fearacht Mastodon. Ach níl an t-am ná na scileanna agam freastalaí a riaradh mé féin agus ar aon nós is bheith páirteach i bhplé a shantaím. Rud a thiocfadh salach ar modhnóireacht..