Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-03

Anfa mór ar mhá Lir

Katsushika Hokusai - Metropolitan Museum of Art,
online database: entry 45434. Foinse

Rumann mac Colmáin, i. mac Rí Laoire, de chlanna Néill, rí fhile Éireann a rinne an dán seo agus laoi luascach ainm an aiste ina ndéarnadh. Is é abhár a dhéanta iomorra oilithreacht a bheith á dhéanamh aige go Raithean in aimsir gorta mór. Ba mhiste le lucht an bhaile é a bheith ag teacht chun an bhaile go ndúradar leis an saor a bhí ag déanamh an darthí mór diúltú a thabhairt don fear dána; ansin dúirt an saor le duine dá mhuintir "Éirigh in aghaidh Rumann agus abair leis nach dtig leis teacht chun an bhaile go ndéanann sé rann ina bhfuil áireamh na cláir atá anseo chun an dairtheach a thógáil."
Is ansin a rinne sé an rann seo:
A Choimdhe liom, cad a ghní mé
faoin ábhar mór seo?
cathain a bheidh foirgneamh faoi scéimh dlúth
déanta as an deich gcéad clár seo?
Is é sin an líon cláir, i. míle cláir ann agus ní fhéadfaí diúltú dó a réir ós rud é gur fhoilsigh Dia dó trína éigse an líon cláir a bhí ag an saor. 

Ina dhiadh sin rinne sé mór dhán do Ghaill Átha Cliath agus dúirt na Gaill nach dtabharfadh siad luach a dháin dó ansin rinne sé an rann iomráiteach seo:

M'eiteachsa
más áil do neach, níodh
agus iar sin tógfadsa 
oineach an duine do-ghní

Tugadh a bhreith féin dó ina dhiadh sin. Agus sin an breith a thug sé - pingin ó gach droch Ghall agus dhá phingin ó gach dea-Ghall agus níor fuaireadh i measc na nGall duine ar bith nár thug dhá phingin dó  óir níorbh fiú le Gall daoibh go dtabharfaí droch Ghall air. Ansin dúirt na Gaill leis an fharraige a mholadh chun go bhfionnfaidís an raibh dán bunaidh aige. Agus ansin mhol sé an fharraige agus é ar meisce ag rá:

Anfa mór ar mhá Lir

 Do thug sé iomorra an t-éadáil sin go Chill Bhealaigh ar Mhá Constantín óir ba do chealla Uí Súanaigh an chill sin agus Má Constaintín uile. Gach má agus gach fearann a réidh Constaintín  is le Mochuta é agus is as Constaintín a ainmnítear an má. Is amhlaidh a bhí an Cill an uair úd, seacht sráid de Ghaill ann .i. ar a mhéid, agus thug Rumann trian den éadáil di, agus trian don scoil, agus trian leis féin go Raithean áit ar bhásaigh sé agus cuireadh é in aon uaigh le Uí Súanaigh  ar mhéid a onóir le daoine agus le Dia.

Anbthine mór ar muig LirAnfa mór ar mhá Lir
dána dara a h-ardimlibhdána ar a ard-imill
at-racht gaeth, ran-goin gem gargd'éirigh gaoth, ghoin geimhreadh garg muid
cu tét dar muir mórgelgarbthar mhuir mhór gheal gharbh
dos-árraid ga garggemrid.tháinig garbh geimhreadh
Gním an muighi, mag Lir lórgníomh an mhá, má Lir lear
ro lád sním ar ar sír-slógh;thug sníomh ar ár sár slua
écht mól cách ní luguéacht mór cách, ní lú
cid as ingantu didúcad is iontaí ná
in scél dírecra dímór?an scéal díochra diamhair
Ó do- chuir in gaíth anairÓ neartaigh an ghaoth anoir
menma tuinne tarcabairardaítear meanma toinne
cu dúthracair dul torainn síargur mian leis dul tharainn siar
cosin fót fris funenn gríango dtí an fód ina fhuineann grian
cosin glais-muir n-garg-lethain.go dtí an glas-mhuir gharg leathan
Ó do- chuir an gaeth atúaidÓ neartaíonn an ghaoth aduaidh
co dúthracair tuinn temen-crúaidgur mian leis na tonnta dorcha crua
co m-bad fri domun an-desdul go dtí an domhan aneas
fri fithnem ro ferad tresag fearadh cath ar an firmimint
ró ésted fri elechdúainag éisteach leis an ? duan
Ó do-chuir an gaíth aníarÓ neartaíonn an ghaoth aniar
dar in sáile srebach-díanthar an sáile sreabhach-dian
co dúthracair dul torainn sairgur mian dul tharainn soir
co crann n-gréine coros gaibgo crann na gréine ?
i muir lethan lebur-chíani muir leathan leabhar chian
Ó dorala an gaíth andesÓ neartaíonn an ghaoth aneas
dar tír Saxan sgiathbrasó thír na Sacsan sciathbras
co m-benann tond Insi Scítgo mbuaileann tonn Inse Scíth
dorair do charr Calathnítgo dtéann go chorr Calathnit
co m-brut Lumnech líathanglasgo mbruitheann Luimneach liathghlas
Is lán ler, is lomnán muirIs lán lear, is lomlán muir
is álaind inn ethar-bruigis álainn an eathar-bhrú
ro lá curu in gáeth ganmechrinne an ghaoth gaineamhach corr
im Inber na Dá Ainmechin inbhear na dá cith (1)
is lúath luí re lethan-muir.is luath stiúir le leathan muir
Ní sádail súan, sén garg saírNí sóúil suan, séan garg ?
co m-bruthbúad, co m-barann-báighgo bruthbhua, go bruíon feargach
fordath eala forda- tuigfolaíonn fordath eala
Meic Míled cona muintirmic Míle gona muintir
glúastar mong mná Manannáingluaistear moing mhná Mhanannáin
Ra lá tonn (trén a trethan)Cludaíonn tonn tréan an treathan
dar cach inber íarlethanthar gach inbhear iarleathan
da-rócht gáeth, ran-goin gem gelTá gaoth tagtha, ghoin geimhreadh geal muid
im Cend Tíre, im Tír n-Albanum Ceann Tíre, um Tír Alban
silid drib lán slíabdreman.sileann Sliabh Dremann sruth lán
Mac Dé athar, adblib scorMac Dé an Athar, sluaite neimhe
rom-ain ar gráin garg- anfod!idir mé is gráin gharg-anfa
Fíadu fírén na FledeTiarna fíréin na Fleá
acht rom-ain ar ansideach cosain mé ar an-síon
ar h-iffirn co n-ardanfod.ar infreann le hard-anfa

An tré 
Trí fhile an domhain, i. Homer na nGréagach agus Fearghal (i. Virgil) na Laidinigh agus Ruman na nGael.

faoi ndeara dom tabhairt faoin dán seo atá luaite le Ruman, B'ait liom file nach raibh iomrá cloiste agam air bheith luaite le Homer agus Virgil. Tá an dán thuas luaite leis, cé go maíonn Meyer nach bhfeadfadh gurb é a scríobh. Tá an scéal amhrasach cibé dar liom mar go bhfuil sé luaite in Annála Uladh gur roimh ré na nGall a d'éag Rumann.

 747: Ruman m. Colmain, poeta optimmus, quieuit.

Tá tagairtí don dán ag Van Hamel: 

Fuair mé an Ghaeilge ag CELT agus tiontú Meyer chomh maith; ar sin atá mo leagan garbh thuas bunaithe. I roinnt cásanna ghlac mé le léamh ó na fonótaí sa chás gur fhreagair sé níos fearr do Bhéarla Meyer.

 Is ait liom fós nach bhfuil fágtha ach seo de shaothar  rí fhile Éireann - comhartha eile ar an méid dár litríocht atá imithe as radharc. De dheasca na nGall idir sean agus nua; agus cuid mhaith dá bhfuil fagth ar an Mór Roinn! 

Fáilte roimh leasaithe!


(1) Inber na Dá Ainmech - ní raibh fhios ag Meyer cén áit a bhí i gceist leis seo. 

2022-02-02

Tréanna eile

Tri primcherda h-Erenn .i. Tassach la Patric & Conlaed la Brigit & Daig la Cíaran. & tri epscuip insin. Trí príomhcheardaí Éireann i. Tassach le Pádraig, Conlaed le Brighid agus Daig le Ciarán, & trí easpag ansin.
 

Tri filid in domain .i. Homer o Grecuib. & Fergil o Laetnaib. Et Ruman o Gaedelaib.

Trí fhile an domhain, i. Homer na nGréagach agus Fearghal (i. Virgil) na Laidinigh agus Ruman na nGael.

De Generibus Sanctorum Clainde Lugdach.

Chuir mé ceist ar Twitter maidir le Ruman. Deir @chronhib (David Stifter) liom gur beag eolas atá faoin bhfile; ach tá dán amháin curtha ina leith - Anbthine mór ar muig Lir.
Tá fáil ar an dán ó CELT anseo (aistriúchán agus réamhrá Béarla anseo agus an t-eagarthóir Meyer ag maíomh nach bhféadfadh gur Ruman a chum de bharr gnéithe teanga. Níl mé cinnte an é sin an staid is déanaí scoláireachta )

Dúirt an Dr Eoin Ó Donnchadha liom go bhfuil dhá thagairt in Annála Uladh:
AU747: Ruman m. Colmain, poeta optimmus, quieuit.
AU821: Ceann Faelad m. Rumain, scriba & episcopus & ancorita, abb Atho Truim, dormiuit.

Tagann siad seo leis an tagairt agus an tré i LL.

Chuaigh mé sa tóir ar na tréanna toisc go bhfuil an chéad tré luaite i plé ar Bheatha Brighide i dtráchtas Ostarach ( Hochegger, Karina, “Untersuchungen zu den ältesten Vitae sanctae Brigidae”) a d'aimsigh mé via na tagairtí i Van Hamel. As Béarla a bhí an tagairt, agus "The Triads of Ireland" luaite leis. Tá Gaeilge curtha agam cheana ar Trecheng Brethre Féne, agus níor chuimhin liom ceachtar tré a bheith ina measc. Ach tá an dá tré thuas luaite i réamhrá Meyer i measc dornán eile tré as a chnuasach féin - agus Leabhar Laighean luaite mar fhoinse. D'éirigh liom teacht ar na bunleagan ansin - féach na nascanna thuas go CELT.



Muire Mháthair agus Naomh Bríd

Toirbheart Íosa sa Teampall
Fra Angelico (Foinse)
Nuair a bhí Muire Mháthair ag imeacht ag cuíomhaint ar1 ár Slánaitheoir bhí damhsa agus patrún ag a' gcrosbhóthar. Níor fhéad sí dul tríd a' gcruinniú. Bhí Naomh Bríd in éineacht léithi ⁊ dúirt Bríd le Mhuire Mhathair seasa siar. Chonaic sí cliath fhuirsí taé' istigh insa ghort. Bhain sí na deilg amach ⁊ chuir coinneal ins chuile pholl ina raibh dealg ann sa chliath fuirstí agus las sí iad ⁊ tharrain sí an cliath le rópa tríd a' gcruinniú agus lean an slua Naomh Bríd ⁊ nuair a d'ime an cruinniú fuaidh Muire Mháthair agus ár Slánuítheoír an bhóthar eilí. 
Agus dúirt insin Muire Mháthair le Naomh Bríd go ra sí an buíoch duithe; meireach í nach bhfeadaí sí a dhoil tríd a' gcruinniú. 
"Agus beidh a shliocht ort" ar sí "Cuirfidh mise do lá roimh mo lá héin"
Agus sin an fáth a bhfuil Lá Fhéil' Bríde roimh Lá Fhéil' Muire.

Fuair mé an leagan seo den scéal ag Dúchas - tá an iliomad leagan eile den scéal ann; gar a rinne Bríd do Mhuire a d'fhág go mbíonn Lá le Muire na gCoinneal, Feile na Toirbhearta, ar an lá i ndiadh Lá le Bríde!

1 Níl mé cinnte faoin focal seo - ar a sheachaint an brí, b'fhéidir. Tá caomhaint san chnuasach Focail Fholaithe Táim buíoch do Conchúr MagEachain as an nod.

2022-02-01

Muire na nGael


Religiosa quaedam vidua in proximo vico habitans postulavit a patre eius, ut sancta Brigida secum exiret ad synodum, quae collecta erat in campo Liffi; et a patre permittitur et illae egressae sunt viam. Tunc vir quidam sanctus in synodo dormiens vidit visionem et surgens ait: “Vidi Mariam et quendam virum stantem cum ea, qui ait mihi: Haec est sancta Maria, quae habitabit inter vos.”

Et cum haec vir sanctus narrasset in synodo, statim supervenit vidua cum sancta Brigida. Tunc vir sanctus dixit: “Haec est sancta Maria, quam vidi; quia formam illius manifeste cognosco.” Tunc omnes glorificaverunt eam quasi in typo Mariae.

D'iarr baintreach naofa a mhair sa cheantar ar a hathar go dtionlacódh Brighid í chuig an sionad a bhí tagtha le chéile i Má Life; agus thug a hathar cead agus chuir siad chun bóthair. Ansin bhí fear naofa a raibh fís aige agus é ina chodladh, agus nuair a dhúisigh sé dúirt "Chonaic mé Muire agus fear a seasamh lena hais, a dúirt liom: Seo í Muire, a mhairfidh in bhur measc".

Agus nuair a bhí an fear naofa á insint seo don sionad tháinig an bhaintreach agus Naomh Brighid in éineacht léi. Ansin dúirt an fear naofa: "Seo í Naomh Muire a chonaic mé; aithním a cuma agus a cló." Mar sin thug siad uile glóir di mar shamhail Mhuire.

Vita prima sanctae Brigitae

Fecht n-aile iar sin senior caillige craibdigi baí hi fochruib du thig Dubthaig esestair in n-í Brigti do thecht do accallaim .xx.vii  et noeb Lagen i n-oen-dail. Is si h-uair in sin ad-chuaid epscop Ibuir isin  dail aislinge ad-condairc ind aithchi riam.  ‘Anda lem’, ol-se, ‘ad-condarcc ind nocht Mairi n-Ingein im chotluth,  & ar-rubart frim alali clerech sruith: ‘Hæc est Maria quæ inter vos  habitet’’.  Is and do-luid in challech & Brigit don dail.  ‘Hæc est Maria quæ a me in somnis vissia est’.  Fordo-eracht iarum æss inna dalae & lotir dia l-laim. Do- bertatar  bennacht furi-si. Is ann dí ro-boí in dal ubi nunc est Cell Dara, ibique  episcopus Ibor fratribus ait:  ‘Hic locus cælo patet, ditissimusque omnium tota insola erit;  hodieque ad nos puella cui a Deo præparatus est veniat quasi Maria’.  Factum est ita.

Feacht eile ina dhiadh sin d'iarr cailleach cráifeach a raibh cónaí uirthi gar do thí Dubhthaigh ar Bhrighid teacht chun agallamh leis seachtar fichead naomh Laighin in aon dáil. Is ar an uair sin díreach a bhí an tEaspag Ibor ag insint don dáil faoin aisling a chonaic sé an oiche roimhe sin. "Shíl mé" ar sé "go bhfaca mé an Mhaighdean Mhuire i mo chodladh anocht, agus dúirt cléireach sruith áirithe liom: 'Sin í Muire a mhairfidh in bhur measc'". Ansoin díreach a tháining an chailleach agus Brighid isteach sa dáil. "Sin í Muire a chonaic mé i m'aisling". D'éirigh cách sa dáil agus labhair siad léi. Bheireadar beannacht di. Sé an áit a bhí an dáil ná san áit a bhfuil Cill Dara anois, agus dúirt an tEaspag Ibor lena bhráithe "Tá an áit seo oscailte chun na flaithis, agus beidh sé ar an áit is saibhre san oileán uile; agus inniu tiocfaidh cailín chughainn atá réitithe ag Dia, i riocht Mhuire". Agus is amhlaidh a bhí.

Bethu Brigte


Aguisín: bhí orm an bhlagmhír seo a choigeartú - bhí Cogitosus luaite agam leis an sliocht laidine, botún a bhí ansin. Bhí mé ag amharc ar thráchtas ina bhfuil an dá bheatha á chíoradh.

Brighid .i. banfhile iníon an Dagda

 

Le Yaxu CC BY-SA 4.0, Nasc

Ó Sanas Chormaic - anseo Y.150

Brigit .i. banfile ingen in Dagdai. is eiside Brigit baneceas (ł be neicsi) .i. Brigit bandee noadradís filid. arba romor ⁊ baroán afri thgnam. is airesin ideo eam (deam) uocant poetarum hoc nomine cuius sorores erant Brigit be legis Brigit bé goibnechta .i. bandé .i. tri hingena in Dagdai insin. de quarum nominibus pene omnes Hibernenses dea Brigit uocabatur. Brigit din .i. breoaigit ł breoṡaigit.

Brighid .i. banfhile iníon an Dagda, is é sin Brighid banéigeas nó bé éigse, .i. Brighid an bhandia a adhraíodh filí, ór ba rómhór agus ba ró án a friochnamh. Is dá bhrí sin a ghlaotar Bandé na Filíochta uirthi leis an ainm seo arbh iad a deirfiúracha Brighid bé leighis agus Brighid bé gaibhneachta, .i. bandéithe .i. trí iníon an Dagda a thug gach Éireannach Brighid ar bhandia. Brighid mar sin breo-saighead.

Nua Ghaeilge liomsa bunaithe ar Bhéarla Whitley Stokes

Naomh Brighid ógh, banab Chill Dara d'éag

 

Brighid ó Séipeal Non, Tyddewi, Cymru.
Le Wolfgang Sauber, CC BY-SA 3.0



Aois Criost, cuig céd fiche a cuicc.

S. Brighit ogh, banab Chille Dara d'écc. As di-sidhe cetus ro h-iodhbradh Cill Dara, & ba lé con-rodacht. As í Brighit tra ná tucc a meanmain ná a h-inntheifimh as in coimdheadh eadh n-aonuaire riamh acht a siorluadh, & a siorsmuaineadh do grés ina cridhe & menmain, amhail as errderc ina bethaidh fein, & i m-bethaidh naoimh Brenainn, espucc Cluana Ferta. Ro thochaith imorro a h-aimsir acc foghnamh go diochra don coimdhe, ag denomh fert & miorbhal, ag slánucchadh gach galair & gach tedhma archena, amhail aisnéidhes a betha, go ro faoidh a spirat do chum nimhe, an céd lá do mí Febhru, & ro h-adhnacht a corp i n-Dún i n-aon-tumba la Patraicc, co n-onoir & co n-airmidin.

Aois Chríost cúig chéad déag fiche cúig.

Naomh Brighid ógh, banab Chill Dara d'éag. Is uirthi a bronnadh Cill Dara agus is í a bhunaigh. Is í Brighid nár bhain a meanma ná a rinnfheitheamh den gCoimdhe ar feadh oiread agus uaire riamh ach í ag síorlua agus ag síorsmaoineamh air ina croí agus a meanma mar is léir óna beatha féin agus i mbeatha naoimh Bhréanainn, Easpag Cluain Fhearta. Thug sí a saol iomlán ag fónamh go díochrach don gCoimdhe, ag déanamh fearta agus miorúiltí, ag leigheas gach galar agus teidhm, amhail a fhaisnéiseann a beatha, go dtí gur ghéill sí a spiorad do neamh an chéad lá de Mí Feabhra, agus adhlacadh a corp i nDún in aon tuama le Pádraig, le honóir agus le hoirmhidin.

Coirmlinn mór do rí na ríthe

Le Livre des conquêtes et faits d’Alexandre,
 Paris, musée du Petit-Palais, folio 86 recto 15ú Céad



Ropadh maith lem
cormlind mór do rígh na rígh;
muinntir nimhe
aca hól tre bithe sír.
Ba mhaith liom
coirmlinn mór do rí na ríthe
muintir neimhe
ag ól trí bithe síoraí
Ropadh maith lem
taurte1 creitme, crábaid glain;
ropadh maith lem
sústa etla oc mo threib.
Ba mhaith liom
creideamh íon, crábhaidh glan
ba mhaith liom
suaiste aithrí ag mo theach
Ropad maith lem
fir nimhe im thegdais féin;
ropadh maith lem
dabcha amneit do a réir.
Ba mhaith liom
fir neimhe i'm theaghlach féin
ba mhaith liom
dabhcha síth faoi réir dóibh
Ropadh maith lem
lestru déirrce do dáil;
ropadh maith lem
escra trócaire dia dáimh.
Ba mhaith liom
leastair déirce le dáileadh
ba mhaith liom
cuacha trócaire le roinnt
Ropadh maith lem
soichell do bith ina luss;
ropadh maith lem
Ísu beos do beith i fuss.
Ba mhaith liom
soicheall a bheith ina n-ól
ba mhaith liom
Íosa freisin bheith abhus
Ropadh maith lem
na teora Mairi, miad a clú;
ropadh maith lem
muinntir nime da cech dú.
Ba mhaith liom
na Triúir Mhuire, mór a gclú
ba mhaith liom
muintir neimhe as gach cearn
Ropadh maith lem
corbam císaige don flaith;
mad chess imned
forsa tipredh bendacht maith.
Ba mhaith liom
bheith i'm chíosaí don flaith
más ghearrfadh cíos orm
bronnfadh freisin beannacht maith

Bhí an chéad rann den dán seo, a leagtar ar Bhrighid, feicthe agam go minic (ó Sengoidelc mar shampla), samhail deas de fleá óil ar neamh. Cé go raibh na rannta eile feicthe agam, ní raibh an oiread céanna airde tugtha agam dá mbrí - go háirithe de bhrí go raibh go leor dorcha dom ann agus nach raibh tiontú iomlán go Béarla feicthe agam. Ar mhaidin nuair a bhí sé i gceist agam an póstáil seo a dhéanamh, thosaigh mé leis an leagan anseo ag Ollscoil Mary Jones . Ba léir áfach nach raibh an leagan Béarla ag teacht leis an nGaeilge agus chuaigh mé ag tochailt. D'aimsigh mé an phlé anseo ar MUDCAT - suíomh ceoil - agus is spéisiúil an plé atá ann. Má thuigim i gceart é, sé an scoláire David Greene a sholáthar an leagan Béarla - lean mé a bheag nó a mhór i mo leagan Nua Ghaeilge é. Tá an leagan s'agamsa sách garbh!

Ach tá cuma an éagsúil ar iomlán an dáin - fleá suáilcí atá a chuir faoi bhráid a Thiarna ag an file, mar a bheadh fleá a chuir faoi bhráid a Thiarna ar nós mar a bhí de dhualgas ar chíosaí feodach cuir faoi bhráid a thiarna. 

N'fheadar mar sin an bhfuil baint dá laghad aige le Brighid Chill Dara!

Brat Bhrighde orainn ar fad, mar sin féin.



1 Níor aimsigh mé taurte i DIL. Measaim áfach gur "tur" atá ann - féach http://dil.ie/40242 => http://dil.ie/42477

2022-01-31

Maidhc abú

Maidhc. 1957
Maidhc abú 1960
Maidhc bleachtaire 1961
Maidhc sa Danmhairg 1968
Ní raibh iomrá ar bith agam ar P.D. Linín go dtí gur luaigh Eoin P. Ó Murchú tamall ó shin a leithéid de dhuine a bheith ann agus scéalta bleachtaireachta do ghasúir scríofa aici. Ansin le déanaí chuala mé caint arís uirthi mar go raibh píosa léi san díolaim a d'fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha - bhí Róisín Ní Dhorchartaigh ar duine den triúr ban ceannródaíoch a chuaigh isteach sa Roinn - bhí sí i gcomhluadar Mháire Mhac an tSaoi sa bheart sin. Róisín Bean Mhic Dhonnchadh a hainm tar éis pósta agus tá clann léi fós i seirbhís an stáit. Tá nóta fúithi ar an Vicipéid

Spreag an chaint mé le dul sa tóir ar na leabhair ón leabharlann. Is cinéal crannchur a bhíonn in iasacht idir leabharlainne - agus is an leabhar deiridh Maidhc sa Danmhairg is túisce a fuair mé. Thóg sé i bhfad orm Maidhc Bleachtaire - an dara úrscéal - a fháil.

Is gearrscéalta atá i gceist le Maidhc agus Maidhc abú  - eachtraí gairide spleodracha. Bíonn Maidhc agus a chairde ag cumadh scéimeanna ar mhaith le pingeacha a shaothrú. Sa leabhar Maidhc tá siad ag iarraidh airgead a chnuasach chun scútar a cheannach. (Sé sin, gluaisrothar bheag). Coisctear sin orthu, fiú nuair atá siad tar éis deontóir fláithiúil a aimsiú agus i Maidhc abú teilifíseán an sprioc.

Maidhc an cheann feadhna sna scéimeanna; Colm agus Cian a chomrádaithe, agus uaireanta Nuala. Ní bhíonn rath ar na scéimeanna go hiondúil, agus go deimhin tarraingíonn siad achrann ar Mhaidhc agus a chairde sách minic. Mar sin féin tarrtháiltear leanaí, tagtar i gcabhair ar dhaoine, rugtar ar chorr bhithiúnach. Tá dhá eachtra ina dtagann Maidhc agus a chairde i gcabhair ar scoláire eachtrannach á tharrtháil ó thromaíocht agus ag foghlaim caoinfhulaingt do nósanna eile!
 
Scéinséir ceart is ea Maidhc Bleachtaire. Tá an bhean óg ón Latvóin (tír samhalta i Lár na hEorpa) imithe gan tásc ná tuairisc - bhíodh sí ina cailín aimsire le hUncail Mhaidhc. Níl na daoine fásta ró-bhuartha - beatha duine a thoil. Ach síleann na daoine óga go bhfuil rud éigin amhrasach faoin scéal agus tosaíonn siad ag fiosrú. Ní fada go bhfuil siad ar a seachaint ó bhithiúnaigh armtha allúracha, sáite i réabhlóid, agus  sroicheann an scéal a bhuaicphointe le eachtra spleodrach i sorcas... Le Maidhc agus a chairde an lá áfach!

Taidhleoir é athair Mhaidhc agus tugann sin é go dtí an Danmhairg don tríú eachtra. Tá a mhuintir ar comhdháil thábhachtach ag socrú conradh idirnáisúnta - agus nuair a bhíonn bean óg Éireannach trína chéile ag na póilíní níl ach Maidhc agus a chairde Colm agus Cian atá san ambasáid. Tarrangaítear isteach i scéal iad a bhfuil a fréamhacha ag dul siar go dtí an chogadh agus frithbheartaíocht na Danmhairge. Bíonn tóraíocht agus eachtraí ann - tríd an Tivoli ag pointe amháin - ach éiríonn le Maidhc agus a chomrádaithe teacht ar fios fatha an scéil agus feirmeoirí na Danmhairge agus na hÉireann araon a tharrtháil ó chonradh cam trádála! Tá na firící ag an údar faoin áit agus an stair - ina measc go raibh bean rialta de chuid na hÉireann i measc na híospartaigh nuair a chuaigh buamaí ar strae agus ceannáras an Gestapo i Cóbanhávan á bhuamáil. 

Bhain mé an taitneamh as an scíthléitheoireacht seo, agus measaim go mbainfeadh daoine óga an lae inniu freisin. Tá Just William feicthe curtha i gcomparáid agam le Maidhc. De réir an méid a chuimhním air de sin - a léigh mé daichead éigin bliain ó shin, ní aontaím. Ní rógaire é Maidhc. Ní ar mhaithe leis féin a ghníomhaíonn sé - ach as croí maith ar son an chirt. Is túisce a chuirfinn i gcomparáid é le Emil i Lönneberga Astrid Lindgren (mar Michel a chuir mise aithne ar siúd) nó Emil ó Emil agus na Bleachtairí  Erich Kästner. 

Laochra iadsan nach rógairí iad, ach nach naoimh iad ach oiread. Bíonn siad i scréipeanna, ach déanann siad an beart fónta i gcónaí agus bíonn siad cliste grinn agus glic.

Is clasaicí in óglitríocht na hEorpa iad agus measaim gur mór an trua é nach bhfuil an cháil sin ag Maidhc i measc na nGaeil Óga. Níl  ach leabhar amháin fós ar fáil ó Cló Iar Chonnachta - Maidhc san Danmhairg.

Chuir CIC sraith leabhair le Enid Blyton ag baint leis an gCúigear Cróga agus an Seachtar Stuama i gcló le déanaí. Is maith ann na leabhair sin, agus tuigim an bhuntáiste margaíochta a thugann ainm aitheanta úair Bhéarla. 

Creidim áfach go bhfeadhfadh rath a bheith ar athchló ar na leabhair faoi Mhaidhc - go háirithe dá ndéanfaí dearadh tarraingteach orthu (nílím iomlán tógtha le líníochtaí Fhionain de Bharra!).


2022-01-29

Scéinséir síceolaíoch scanrúil sochreidte


Tá borradh faoi earnáil scannánaíochta na Gaeilge de bharr na scéimeanna tacaíochta Cine 4 agus an Ciste Craoltóireachta ó Thuaidh. Agus, cé go mbíonn nó go mbeidh na scannáin le feiceáil ar TG4, tá siad déanta don scáileán mór agus ag déanamh go maith sna féilte idirnáisiúnta. Rud atá ina spreagadh chun barr feabhais.

Cé go bhfuilim fós seachantach, mheall Doineann a bheith le feiceáil san IFI ag am lóin inniu isteach sa chathair mé. (Bhí mé réasúnta cinnte ná beadh an phictiúrlann plódaithe!)

Bhain mo mhac is mé féin ana thaitneamh as an scéinséir shíceolaíoch snasta scanrúil sochreidte seo. 

Bean agus páiste ar iarraidh ar Oileán iargúlta. Stoirm - Doineann - ar an mbealach. Fear céile trína chéile. Garda amuigh ar phinsin i bhfeighil an cuardach. Tugann Bríd Brennan taispeántas iontach - beagfhoclach, ciúin, ach ag tabhairt chuile rud faoi ndeara. 

Peter Coonan mar an céile Tom, go mór trína chéile, nó an bhfuil?

Seán T Ó Meallaigh ina iascaire chorr dúnárasach (agus thabharfá an leabhar gur Conallach é!)

An tírdhreach agus an aimsir ag léiriú an dorchadas ag croí an scéil, le casadh thar a bheith sásúil san eireaball.

Téama an smachta i gcaidreamh cíortha go caoin agus bun riail na scéalaíochta comhlíonta - ní hinsítear dúinn cad atá ag tarlú - taispeántar dúinn. 

Tá sé le feiceáil ar feadh seachtaine i mBaile Átha Cliath (agus Gaillimh measaim) - tapaígí an deis!

Is ait liom gurb as Béarla amháin atá suíomh an scannáin  https://www.doineannthefilm.com/ ach tá teacht ansin ar an t-eolas ar fad. 

2022-01-28

Otherland

Le Mintz_l - grianghraif féin, Fearann poiblí, Nasc 
Tá ǀKaggen na San lárnach i scéalta !Xabbu
Níl fhios agam an i gcomhthéacs Metaverse a bhí sé, nó an amhlaidh gur luadh an t-úrscéal ar chúinse eile, ach chonaic mé tagairt fíor mholtach ar Twitter ó Nnedi Okorafor don úrscéal Otherworld. Ollúrscéal atá ann, breis agus trí mhíle leathanach, roinnte i gceithre imleabhar. 

San aimsir píosa beag romhainn atá an scéal lonnaithe, ach go bhfuil forbairt mhór tagtha ar an idirlíon - is féidir le daoine iad féin a thumadh i réaltacht fíorúil a théann i bhfeidhm, ach an trealamh ceart a bheith ag duine, ar na céadfaí uilig. Uaireanta bíonn trealamh ag daoine atá nasctha go hiomlán lena gcórás néarógach.

Samhlaíonn Tad Williams go bhfuil daoine iontach saibhre ag iarraidh iad féin a uaslódáil go dtí leagan iontach forbartha den réaltacht fíorúil seo chun neamhbhásmharacht a bhaint amach. (Tá leithéidí Peter Thiel agus Elon Musk ag caint ar a leithéid le fada, mar sin ní fantasaíocht amach is amach an tuairim sin!).

Tugann daoine eile faoi ndeara go bhfuil leanaí ag titim i gcóma, sáinnithe is cosúil sa líonrá, agus téann siad ar thóir eolais. Tá cliar mhór carachtar sa scéal, na laochra atá ag iarraidh leanaí gar dóibh a tharrtháil, agus an lucht saibhir atá ag obair ar an neamhbhásmhaireacht - maraon le carachtair eile nach léir baileach a ról, agus ceann de na bithiúnaigh is foréigní scanrúla ar léigh mé riamh. Diaidh ar ndiadh a scaoiltear an t-eolas linn faoi cad atá dáiríre a tharlú, agus cén fáth - agus cad go díreach atá ag croí an líonra nua seo, agus conas go díreach atá na daoine atá gafa sa scéal bainteach leis.

Tá go leor domhain fíorúla ann, ag tarraingt as samhlaíocht agus litríocht an chine le fada - rud a fhágann go leor spás do chrostagairtí. Leanann an eachtra san domhan fíorúil - áit a bhfuil cuid den gcliar sáinnithe agus san fíorshaol, áit a bhfuil daoine éagsúla ag iarraidh mistéir bainteach leis an scéal a réiteach.

Is ar Kindle a bhí ag léamh na leabhair - ach bhí greim daingean acu orm agus bhí orm srian a choinneáil orm féin chun gan dul tríd i gníomh chraois amháin ag déanmah neamhaird ar an saol thairis.

Ceann de na gnéith agus na daoine is fearr a thaithnigh liom ná an carachtar !Xabbu, duine de fuíollach an phobal San san Afraic Theas, a raibh tréimhse áirithe caite aige sa bhfásach lena phobal dúchasach ach a bhí freisin tar éis bheith sa chathair agus oideachas curtha air. Bhí sé ag iarraidh foghlaim faoin réaltacht fíorúil chun oidhreacht scéalta agus saoil a phobail a chaomhnú. Tarraingítear isteach sa scéal níos leithne  é - agus tugann a scéalta béaloidis agus a thuiscintí sinseartha buntáistí dó agus dá chairde.

Ar an dtaobh eile cuireann a chol lena dhúchas bundúchasach féin agus an fuath nimhneach dá mháthair agus dá scéalta nimh agus olcas breise san bithiúnach - agus is cuid iad den tragóid (sa chiall claiseacach) a bhuaileann eisean ag deireadh. 

Tá scéalta grá den uile chinéal - na ceithre ghrá - fite fuaite san insint, agus tá tóraíocht eolais, agus feidhm na scéalaíochta, 

Bhí grúpa creidmheach ann mar céilí comhraic leis an drong saibhir freisin, ach bhraith mé nach raibh a sciar siadsan den insint forbartha leath chomh maith céanna. 

Tá a chuimhne caillte ag ceann de na príomhcharactar atá ag fánaíocht tríd an réaltacht fíorúil gan fhios aige i dtosach go bhfuil sé ina léithéid ná cén fáth ná conas - gléas éifeachtacht chun an scéal a roinnt linn diaidh ar ndiadh, gob ar ghob leis an méid atá á fháil amach ag dreamanna eile san fíor saol agus san réaltacht fíorúil.

Scéinséir iontach sásúil atá ann, dar liom. Agus neart ábhar machnaimh ann - cé go bhfuil amhras orm go bhfuil "uaslódáil aigne" indéanta in aon chor - agus táim cinnte nach bhfuil sé chun tarlú sa chéad seo amach romhainn. 

2022-01-24

Saol nua misniúil

Is breá liom ficsean tuairimeach, is bealach iontach é smaoineamh faoi conas atá an tsaoil, agus conas a d'fhéadfadh sé a bheith. 

San úrscéal seo le Celia de Fréine cruthaíonn sí domhan iar tubaiste ar féidir creideamh ann go furasta. "Bithsféar" - cathair dúnta faoi screamh saorga, ina bhfuil aicmiú docht agus forlámhas daingin ag na húdaráis. Paistí fireann agus baineann scartha go hiomlán go dtagann siad in inmhe - faire géar ar gach corr a chuireann siad daoibh. 

Atáirgeadh ar an mbealach le bheith iomlán meicniúl ach gá fós le mná chun leanaí a thabhairt ar an saol cé gur go saorga a ghintear na suthanna, agus innealtóireacht ghéiniteach i gceist. 

Tríd súile mnaoi óige - a deir futhú féin go bhfuil sí cliste, ach gan a bheith glic - a insítear an scéal. Scéal éirí amach agus fonn éalaithe, agus cabhair ó chearn nach mbeifí ag súil leis.
Scéal le go leor don am i láthair atá ann, maraon le machnamh faoin dtodhchaí.

Tóir ar "foirfeacht" agus canóin chúng faoi cad is brí le sin - fionn, seang, gormshúileach. Idir eoiginic agus máinliacht i gceist chun cloí leis an gcaighdeán. Tarcaisne don té nach mbaineann an foirfeacht seo amach, nó nach bhfuil sách cliste sa léann - ach tromaíocht freisin ar an té atá ró dhíograiseach i mbun léinn, mar atá laoch an scéil. Laoch a bhfuil cairdeas inti - agus a dhéanann iarrachtaí dá chiotach iad teacht i gcabhair ar chailíní eile. 

Scéal eachtraíochta atá i gceist - bíonn freasúra faoi choim i gcónaí i gceist le deachtóireacht agus iarrachtaí éalú. 

Tríd súile Emma feicimid an slí a bhfuil an córas ag forbairt, agus na smaointe atá i dtreis - ach de bharr a suim i gcúrsaí roimhe agus i modh éalaithe, cíortar smaointe eile. Meascán mearaí den stair a chaomhnaítear sa chóras ríomhaireachta - ach is dócha gurb amhlaidh a bheidh nuair a tharlaíonn na t-athrú mór de bharr cúrsaí aeráide, agus dá réir go mbeidh tuairimí measctha ag ár sliocht ar an dóigh a bhí rudaí dáiríre - mar atá ag formhór againn faoin am atá caite.

Cé go bhfuil an leabhar seo dírithe - agus oiriúnach - do dhéagóirí, bhain mé féin suim agus tairbhe as, agus lón machnaimh. Tá uireasa ficsean tuairimíochta sa Ghaeilge. Tarraingíonn an scéal seo - a bhfuil gnéithe den saol i  Brave New World Huxley agus 1984 Orwell tugtha le chéile go healaíonta chun diostóip nua a chruthú agus cúis dóchais mar sin féin, mar nach bhfuil an lámh in uachtar go hiomlán ag crua-chroí fóinteach na hudaráis.

Táim buíoch de Leabhar Comhar a chuir cóip léirmheasa chugam nuair a d'fhiosraigh mé conas teacht air! (Tá dearbhán le caitheamh agam, caithfear ar rud éigin eile anois é!)

Celia de Fréine
Leabhar Comhar
ISBN: 978-1-9196013-1-1

2022-01-22

Béascna agus líonraí na litríochta

             Foinse - le Josef F. Stuefer 

Bhí mé ag faire ar maidin ar imeacht de chuid Cumann Merriman - Siompóisiam: Cothú an phobail léitheoireachta: An léitheoir, an léirmheastóir agus an foilsitheoir.

Tríur a labhair.

Labhair Liam Mac Cóil faoin mbéascna a chothaíonn litríocht agus a phobal léitheoireachta. Bhain sé feidhm as samhail an nead damhain alla - a mbíonn, fearacht gréasán ar bith nóid ann, agus snáithe á nascanna. Nóid áirithe - na meáin chumarsáide - níos mó agus níos nasctha, cinn eile níos lú agus níos pearsanta. Iad uilig tábhachtach don léamh agus don léitheoir. Rinne sé éileamh láidir go seachnófaí géilleadh do bhéascna uile-láithreach an Bhéarla. Tá ár gcultúr agus béascna féin againn, traidisiún litríochta le tarraingt as. (Tá obair mhaith á dhéanamh ag Leabhar Breac ach go háirithe cuid den saíocht sin a chuir ar fáil i nGaeilge an lae inniu, rud a luaigh Liam). Is gá féachaint chuige, dar leis, agus aontaím, go dtreiseofar na nóid agus cuir leis na nascanna eatarthu. Táim ag ceapadh go mbeidh a aiste le léamh amach anseo i gceann de na hirisí le nach mbeidh sibh taobh le mo chuimhne fabhtach!

Thosaigh Róisín Ní Ghairbhí a cuid cainte faoin léirmheastóireacht le meabhrú ar an bpobal as ar eascair dánta i dtosach agus an chomhthéacs teaghlaigh agus teallaigh a chothaigh an "ghlacadh" leo - an ghné carthanach san áireamh a d'aithin an dícheall fiú nuair nach raibh barr feabhais bainte amach. Labhair sí faoin réimse ó chritic acadúil go moladh leabhair do léitheoirí eile, agus an gá a bheith dearfach ach gan léiriú laigí a sheachaint - ar mhaithe leis an scríbhneoir agus na léitheoirí. Bhuaigh an chlog ar Róisín, mar sin tá súil agam go mbeidh teacht ar an iomlán a bhí fúithi a rá i bhfoirm scríofa amach anseo.

Bhí caint Thadhg Mhic Dhonnagáin ó dhearcadh an foilsitheora thar a bheith spéisiúil. Ó thús Futa Fata bhí Tadhg sásta rudaí a thriail, agus bíonn ócáid ar leith i gceist lena sheoltaí leabhair. Taibhsiúil!

Díol spéise domsa an dóigh a thug sé droim láimhe d'Áis chun dul i muinín Gill and Macmillan ó thaobh dáileadh leabhair, agus O'Brien Press (Comhlacht beag teaghlaigh iad féin) maidir le margaíocht. Ní bheidh foilsiú as Gaeilge riamh iomlán neamhspleách ar deontais ach ní cúis ar bith sin gan iarracht a dhéanamh bheith gairmiúil sa chuir chuige. Luaigh Tadhg na deacrachtaí a eascraíonn as cuir chuige maoinithe Scéim na Leabhair Ghaeilge, a éilíonn an leabhar clóite laistigh de thréimhse ar leith ama - go mbeadh cur chuige ilbhliantúil agus slata tomhais eile ar dul chun cinn na hoibre níos fóntaí.

Neart lón machnaimh - ní raibh deis ann ach do dhornán ceisteanna.


2022-01-21

Tabhair aird ar ara seancharbaid

Athchruthú ar charbad ó Musaém Hallein
Wolfgang Sauber, CC BY-SA 3.0 , via Wikimedia Commons

Aranécath arid sencharpait. 
Ar nícon chotli are senḟonnith. 
Remi déci, íarmo déci, tair sceo desiul sceo túaithbiul. 
Deéci, imdích, imdídnathar, arna bó
co foill na forráin fonnath fodrethat. 

Tugadh sé aird ar ara seancharbaid
Óir ní chodlaíonn ara seanfheadháin
Féachann roimhe, féachann ina dhiaidh, 
agus ar aghaidh agus deiseal agus tuathal
Féachann, imdheaghlann, díonann, chun ná briseadh sé
trí faillí ná foréigean na feadháin a ritheann faoi


Sliocht as Audacht Morainn, aimsithe anseo ó ollscoil Texas.

2022-01-19

Briathartheagasc Chon Chulainn

Bríatharthecosc Con Culaind inso.Briathartheagasc Chon Chulainn anseo
‘Nírbat taerrechtach debtha déne dóergairce.’Ná bí i do ghríosaitheoir deafa déine daorga!
‘Nírbat díscir doichlech díummasach.’Ná bí díscir doicheallach díomasach!
‘Níbbát ecal ocal opond esamain.’Ná bí eaglach tógálach obann dásachtach!
‘Nípát tairne ó main mandartha mesctha.’Ná baintear tuisle asat ag milleadh meisceach!
‘Níbat dergnat cholla coirme h-i tig rurech.’Ná bí i do dreancaid chollaí choirme i dtigh ruirí!
‘Níbat ilfhurig im írad n-echtrand.’Ná fuirigh um ionradh eachtrannaigh!
‘Ní sáis daíne dochla díchumaing.’Ná tóraigh daoine díchlúiteacha díchumhachtacha!
‘Ní íadat iubaili for étechti ail.’Ná bunaítear tréimhsí dlí ar aindlí!
‘Airliter cumni cóich comarbai cré.’Céadaítear cuimhní chun comharba cré a chinntiú!
‘Cuibsigter senchaid sin co fírinne fíu h-it fhíadnaisi.’Ceistítear seanchaithe le fiúntas fírinne i'd fhianaise!
‘Finnatar brethamain bráthir scéo m-broga.’Fiosraíodh breithúna ceisteanna gaoil agus maoine!
‘Mrogatar genelaigi gésci úa genither gein.’Leathnaítear na ginealaigh nuair a rugtar leanaí!
‘Gairter bí, béoaigter fri óethu airm irro trebsat mairb .’Gairtear na beo, agus athbheoigh na mairbh de bhithín móide san áit ina raibh cónaí orthu!
‘Maínigter comarbai fora théchtu thoich.’Maoinítear comharbaí de réir a n-oidhreacht cuí!
‘Tochomlúat anfini coa nemthe nert.’Cuiridís siúd nach den bhfine iad a pribhléid in iúil!
‘Ní fresnesea co labur.’Ná freagair go foclach!
‘Ní aisnéisea co glórach.’Ná fiafraigh go glórach!
‘Ní fuirse. Ní chuitbe. Ní faithchither senóri.’Ná déan fonóid ná ná bí ag fáireach ná ag imeaglú seanóirí!
‘Nípá míthomtinach ó neoch.’Ná bí faoi drochmheas ag aon neach!
‘Ní géis co ansa.’Ná héiligh go dian!
‘Ní ettis nech cena domanches.’Ná heitigh neach seachas más neamhfhóinteach é!
‘Caín-ois. Caín-éra . Caín-airlice.’Bí caoin i do thairisicint, is do bhronnadh agus i dtabhairt iasachtaí!
‘Bát umal múnta ó gáethaib.’Bí umhal do mhúineadh ó ghaoithe!
‘Bat cumnech coisc ó t-senaib.’Bí cuimhneach ar choisc ó sheanóirí!
‘Bát seichmech ríagla athardai.’Bí airdeallach ar rialacha aithreacha!
‘Nípat úarchraidech im chardiu.’Ná bí fuarchroíoch le cairde!
‘Bat gusmar im náimtiu.’Bí gusmhar le naimhde!
‘Nípa frithenech debtha h-i tilchomraicib.’Ná cuir i gcoinne díospóireacht i dtionóil!
‘Nírbat scélach athchossánach.’Ná bí scéalach achasánach!
‘Ní fáisce. ‘Ní thaisce inní ba torba’Ná fáisc is ná taiscigh, ní bheidh tairbhe ann!
‘Consecha do chúrsachad i n-gnímaib antechtai.’Coinnigh guaim ar do chasaoid i leith gníomhartha atá cuí!
‘Ní chomainse th' írinne ar thoil daíne.’Ná satail d'fhírinne ar thoil daoine eile!
‘Níba tathboingid ar nárbat aithrech.’Ná buail gan gá chun ná beadh aithríochas ort!
‘Níbat comromach ar nábat miscnech.’Ná bí comhlannach chun ná beadh tú miscneach!
‘Nírbat lesc ar nárbat meirb.’Ná bí leisciúil chun ná beadh tú marbh!
‘Nírbat róescid arnábat dóescair.’Ná bí tobann chun ná beadh cuma daoscair ort!
‘Ardotchuibdig fri sechem na m-bríathar sin, a meic!’Glac le seicheamh na briathra seo, a mhic!


Comhrá idir Dennis King agus Eoin Ó Cróinín ar Twitter a sheol mé ag lorg an chnuasach seo, atá leabaithe san scéal Serglige Con Culainn. Fuair mé an páipéar eolgaiseach seo le Maxim Fomin - Bríatharthecosc Con Culainn in the Context of Early Irish Wisdom-Literature agus is le cabhair a aistriúchán Béarla siúd a rinne mé na leagnacha garbha Nua Ghaeilge. Mar atá pléite in alt Mhaxim, is treoir do rí atá sna nathanna seo, agus baineann cuid acu leis an dóigh ceart cás cúirte a bhaineann le maoin a riaradh. Ach tá sciar acu a d'fhéadfaí feidhm a bhaint astu fós.

Táim buíoch de Maxim as a chead a thabhairt teacht i dtír ar a aistriúchán; is liomsa aon míthuiscint sna leaganacha Nua Ghaeilge. Mar is iondúil, rinne mé iarracht cloí leis na focail céanna má bhí fáil orthu i FGB agus ag baint taca as DIL.ie

Bríatharthecosc Con Culainn in the Context of Early Irish Wisdom-Literature. / Fomin, Maxim. In: Ulidia 2: Proceedings of the Second International Conference on the Ulster Cycle of Tales, Maynooth 24-27 June 2005, Vol. 2, 05.04.2009, p. 140-172.

2022-01-11

Bleachtaire

Comhrá ar Twitter leis an té a chuir an cuntas ceiliúrtha do Cathal Ó Sandair ar bun a mheabhraigh an focal seo dom. (Róisín Adams, mura bhfuil dul amú iomlán orm). Ní cuimhin liom anois cá háit a léigh mé an cuir sios ar conas a tháinig an focal bleachtaire mar ainm ar an té a lorgaíonn fios fátha scéil chun cinn. "Emil agus na Lorgairí" a bhí ar an gcéad aistriúchán ar Emil und die Detektive mar shampla.
Mo mheathchuimhne ar an gcuir síos a léigh mé ná go raibh baint aige le blí eolais. Chuaigh mé ag tochailt. Fuair mé an tagairt seo ar dúchas: 
bleachtaire (“Bladderer”) a wheedler

Chuaigh mé ag tochailt agus tháinig mé ar an dá iontráil seo i Sanas Gaoidhilge-Sagsbhéarla le O'Reilly:

bleachtaire: duine a bhlíonn ba.

bleachtaire: bladaire, cealgaire; duine a dhéanann iarracht do mhuinín a fháil trí caint deisbhéalach ar mhaithe leis féin.

Measaim féin gur eascair an dara brí as bléan (eolais) agus gur tháinig  an chiall "duine a lorgaíonn fios fatha scéil (coiriúil)" as sin.  

Le tús an chéid seo caite a bhaineann formhór na tagairt i gCorpas Foclóir na Gaeilge - feictear dom gur péas atá i gceist sna tagairtí ar fad beagnach.

I Foclóir L.S. Gógan tá 

bleachtaire: detective; accepted in this sense.

 Tá nod gur deacair dom a léamh leis - Blask Iris VIII .58 b'fhéidir? Tá téacs eile faoi atá scriosta amach.

In eagrán 1927 d'fhoclóir an Duinnínigh tá :

bleachtaire, g. id., pl. -rí, m., a milker,a dairyman, a milk-dealer ; a wheedler; a detective (rec.).

Bhain Pádraig Ó Conaire feidhm as an bhfocal Bleachtaire, mar shampla, i Bé an tSiopa Seandachta sa leabhar Seacht mBua an Éirí Amach.

An sampla is luaithe atá faighte go dtí seo againn ná san scéal Bean an Leasa le Pádraig Ua Séaghdha a foilsíodh in Irisleabhar na Gaedhilge Iml 9 in 1899.

“Bleachtaire is eadh thu, bhí amhras agam ort le mí nó mar sin,” ar sí. “Ó, ná bac sain de,” ar sé, “beidh aimsir ár ndóthain againn le trácht thar na gnóthaidhibh sin ar ball; tá cumhdach id' bhrollach agat, agus atá na clocha uaisle ann is dócha? Sín annso chugam iad, acht fan go fóil, tógfad féin iad.”

Níl aon ceannfhocal do Bleachtaire  i Croidhe Cainnte Ciarraighe le Seán Óg Ó Caomhánaigh (An Cóta) ach tá sé úsáidte go minic sna habairtí samplacha, agus an ciall reatha leis.


De réir má thagann mé ar bhreis eolais cuirfidh mé leis an nóta seo é.

2022-01-01

Iarsmaí na Teanga


Machnóir domhain eolach is ea Torlach Mac Con Midhe. Sa leabhar seo tá suirbhé déanta aige ar dhearcadh scoláirí na hEorpa - Francaigh agus  Sasanaigh don gcuid is mó, ach Gearmánaigh ag teacht chun cinn ar ball. Léiríonn sé tionchar idé-eolaíocht agus polaitíocht na linne ar gach glúin scríbhneoirí, agus - mar a deir sé - anatamaíocht seachas leigheas á chleachtadh acu ar na teangacha Ceilteacha, coimhthíoch ársa imeallach sna náisiúin Stáit a bhí ag teacht chun cinn agus ag lárú le linn an tréimhse ón athrú creidimh go dtí ár linn féin. Smaointe á aistriú isteach sna teangacha Ceilteacha ach fíor bheagán á aistriú amach - agus an bheagán sin féin - féach Ossian Mhic Phearsain abair - ag fónamh do dhioscúrsa na mór teangacha. 

Luann sé náisiúnachas leis an spéis a bhorr sa Ghearmáin sna teangacha Ceilteacha, spéis a bhí fite fuaite leis an impiriúlachas dorcha a raibh an Chéad agus ansin an Dara Cogadh Domhanda mar thoradh léanmhar air. Baineadh feidhm as na teangacha Ceilteacha chun a bpobail a ghríosadh i gcoinne na himpireachtaí eile - an Fhrainc agus Sasana. 

Chuir neamhspleáchas bheith bainte amach ag Éirinn corr áirithe sa scéal ach mar is eol dúinn níor tháinig an borradh faoin dteanga abhus a d'fhéadfadh teacht as. 

Tá na sleachta ar fad sa leabhar - cibé Laidin, Béarla, Fraincis nó Gearmáinis an bunteanga - aistrithe go Gaeilge chun an dioscúrsa a bheith as Gaeilge ó thús deireadh, agus tá na sleachta féin agus nótaí eile (nár amharc mé orthu) mar aguisín. 

Saothar fiúntach ach monuar tá an leabhar breac le botúin cló - focail scríofa le chéile, nó litreacha ar lár. Is mór an trua sin, mar go mbaineann sé aird ón saothar agus an tátal atá le baint as. 

Mar sin féin tá mé sásta gur chuir mé fios air ón leabharlann! 

Na Teangacha Ceilteacha i Stair Smaointeachas na hEorpa
Torlach Mac Con Midhe
Coiscéim 2005


2021-12-29

Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha...


Mar a bhí mé ag tnúth leis, fuair mé an leabhar seo mar fhéirín Nollaig. Thum mé mé féin ann, agus tá an chéad léamh déanta agam. Fillfidh mé air, táim measartha cinnte!

Cléireach (arís!) laoch an scéil, i dtiarnas Tír Eoghain agus Conn Bacach i réim. Santaíonn Conchúr Ó hArdail Tiarnas sibhialta síochánta Eorpach - ach tá a rath féin thuas seal thíos seal de réir mar a chasann rotha na comhcheilge agus cinniúna - é féin lena lámh ar an roth ag fónamh do mháistrí éagsúla agus dá fhís féin - féin daonnachtúil na hAthbheochana Eorpaí. Teilgtear amach agus isteach i bhfabhar é, uaireanta de bharr a bheartas féin, uaireanta de bharr (mí) léamh ar na comharthaí. Ní hionann i gcónaí a fhís do rath an tiarnais agus tuairimí a Thiarna - rud a chuirtear in iúl go borb, agus scaití go foréigneach dó. Agus tá na huaisle le cuir san áireamh freisin - comhcheilg, lámh láidir, cleasaíocht dlí, spiaireacht,...

Níl na Gaill chomh suntasach sa scéal is a mheasfá, go háirithe nuair a rinne Conn Bacach géilleadh do Anraí VIII go gairid i ndiaidh deireadh éachtraí an leabhar - bás Feilimí Caoch, a raibh súil ag ó hArdail prionsa de réir Institutio principis Christian Erasmus a dhéanamh de - agus Gaeilge curtha aige air.

Míreanna eachtrúla thar réimse blianta atá sa leabhar, an laoch ag dul chun cinn scaití, siar scaití eile. Gaeilge chúirtéiseach shaibhir san insint. Anois is arís splancanna ón miotaseolaíocht - seanbhean ag marcaíocht ar bhó ag tairngreacht agus ag tabhairt eolais d'Fheilimí Caoch - ag fógairt a gheis dó, a sháraíonn sé agus a mbíonn a fheallmharú mar thoradh indíreach air.

Fir agus mná, idir uasal agus íseal, castar orainn iad ar na leathanaigh, iad ar fad ag lorg a gcearta - de réir mar a fheictear dóibh féin iad. Cléireach agus tuata, ceannaí agus saighdiúir, gallóglaigh agus fir treibhe - meascán baolach, agus formad agus faltanas ag cruthú ithir shaibhir do comhcheilg agus caismirt. 

Agus na Gaill agus comhghuaillithe Gaelacha ag bagairt ar na teorainneacha...


Tá cosúlachtaí le Sliocht ar Thír na Scáth Uí Doibhlin, ach go bhfuil laoch an úrscéal seo níos gníomhaí cé nach máistir ar a chinniúint é ach oiread. 

Bhain mé taitneamh as an léamh, agus táim cinnte go léifidh mé arís é - táim fiosrach agus fonn orm breis eolais a aimsiú faoi na pearsana stairiúla a castar orainn ar na leathanaigh. 

Darach Ó Scolaí
€18.00
240 lch; crua; ISBN 978-1-913814-14-4


2021-12-22

Cothú anama na coille

Tá cónaí orm i mBaile an Chinnéidigh ó thart ar 2003; ach don mórchuid is chun codladh amháin a bhí mé ann, agus mé ag obair ar an dtaobh eile den gcathair - imeacht luath ar maidin agus filleadh déanach tráthnóna a bhí i ndán dom.

Maith go leor, bhí na deireadh seachtainí ann, ach go hiondúil bhíomar amuigh áit éigin. Bhí fhios agam an coill a bheith, buailte ar an eastáit ina bhfuil cónaí orainn, agus bhí corr seal caite agam ann leis na leanaí - níos mó ama caite ag na buachaillí ann leo féin nó le cairde agus iad níos óige. Measaim gur reáchtáil muid cuid de cóisir lae breithe ann freisin - ag ídiú fuinnimh na ngasúir!

Ar imeall tailte teach mór atá an choill, stráice fada ar dhá bhruach srutháin. Tá ceanncheathrú Coillte Teo i gcúinne amháin na coille, agus saotharlann acu in áit eile - agus measaim gur leo cuid den gcoill - ach is le dream tráchtála codanna eile.

Meascán crann atá ann - go leor síorghlas, béithe, trom, agus corr dhair. Eidhneáin agus táthfhéithleann fáiscthe thart ar go leor de na crainn. Feictear dom go bhfágtar sách nadúrtha é - cé gur gearradh píosa de go cré le déanaí. Bíonn crainn móra anseo is ansiúd. Go leor crainn tite, ag lobhadh agus ag cruthú deiseanna d'ainmmhithe agus plandaí.

Os rud é go bhfuilim sa bhaile ó thús na paindéime, is minice ná a mhalairt a théim ag siúl sa choill am lóin - tá camchuairt áisúil ann a thógann thart ar 20 nóiméad orm. Scaití ag an deire seachtaine bím ag siúl níos faide agus níos doimhne isteach sa choill. Ar imeall na coille tá cairéal gainimh tréigthe - tírdhreach aduain!

Tá na séasúir uilig feicthe anois agam - an coill faoi bhrat bláthanna san Earrach - coinnle corra agus sabhaircíní agus neart eile. Pas níos déanaí, cairpéad creamha in áiteanna. (Toisc é bheith gar don N11 agus go mbíonn madraí go coitianta ag siúl ann, níl sé de mhisneach agam fómhar a bhaint!). Raithneach ard san samhradh, in áiteanna eile - áiteanna eile lom seachas brat duilleoga tanaí na ngiúiseanna síorghlasa. Meas béithe go rúitín orm ar an gcosán san Fhómhar, agus fungais ilchinéalacha ar na crainn agus ar admhad mharbh.

Tá ioraí glasa fairisng sa choill; táim cinnte go bhfuil ainmhithe eile, ach is uair fánach a leagaim súil orthu. Tá sionnach feicthe agam sa choill ón mbóthar; agus anois is arís fianna. Táim lánchinnte go bhfuil ainmhithe eile ann, atá ró chúramach go bhfeiceadh mise iad! Agus ní bhím ann ístoíche.

Tá feithidí ann gan amhras - tá neart féileacáin feicthe ann.

Tá na héin níos misniúla, agus iad ábalta éalú uaim! Coilm cille, spideoga dan amhras. Smólaigh. Dreoilíní. Preacháin. Uair amháin chonaic mé Diarmaidín riabach. Tá Gabha Dubh fecithe agam roinnt uaireanta, ag sciorradh os cionn uiscí an  srutháin. Tá péire scréachóg coille ina gcónaí sa choill; agus chonaic mé agus chuala mé clámháin agus cúr rua sna spéartha ós a chionn. (Tá coillte eile, níos mó, gar don áit, agus siúlaim iontu sin uaireanta freisin - ach tá siad níos aonchineálaí, coillte tráchtála cuid acu agus leadránach dá réir).

Is iontach an áis é seo atr lic an doras, agus is annamh nach mbíonn spionn níos fearr orm ag filleadh ó mo shiúlóid (agus cuisle aclaithe!)

2021-12-18

Uraiceacht na Giolcaireachta

Thart ar 2010 measaim a thosaigh mé cuntas Twitter, i dtús báire ar mhaithe le bolscaireacht ar son @anciorcal, ach níorbh fhada go raibh mé sáite i gcomhráite agus conspóidí. Cuireadh ar mo shúile dom, agus táim buíoch don té a rinne, nach raibh sé oiriúnach a bheith ag tabhairt tuairimí pearsanta faoi ainm "eagraíochta" sa chiall is scaoilte.

Cé go leanaim scata cuntas as Béarla (agus teangacha eile) is ar mhaithe le comhrá Gaeilge atá mé ar Twitter. Agus tá fíor aithne curtha agam ar roinnt daoine spéisiúla nach raibh ach Twaithne* agam i dtosach. Neart eile agus ní heol dom a bhfíorainmneacha fiú, ach tá sult agus tairbhe sa ríomhaithne. Dornán beag a bhfuil cosc curtha agam orthu mar gur éirigh eadrainn ró mhinic, go hiondúil de bharr míthuiscint fánach.

Nádúr na cumarsáide ar líne nach bhfuil ann ach an bhfocal lom, agus cé gur féidir mothúcháin a chur in iúl le leithéidí emoji, is go comhfhiosach a déantar sin. Mar sin níl fáil ar an eolas faoi mothúcháin a bheadh ar fáil i gcomhrá aghaidh ar aghaidh a thugann le fios go an comhrá ag druidim le líne nach ceart a thrasnú.


Is iomaí tairbhe atá faighte agam as na comhráite ar Twitter. Moltaí léitheoireachta i nGaeilge agus Béarla. Na cinn Gaeilge go háirithe luachmhar - murar leabhar nua foilsithe atá i gceist, gach seans nach mbeadh sé tagtha i mo threo. (Is iontach na hiasachtaí idir leabharlainne). Eolas faoi cláracha teilefíse agus raidió. 

Is féidir le Twitter bheith achrannach gránna - mná go háirithe thíos leis. Tá sé d'ádh orm nach minic go mbím i gconspóid cé go bhfeicim na macallaí scaití. (Agus bíonn an cnaipe tuairiscithe in úsáid agam dá réir!)

Tugann sé sásamh ar leith dom nuair is féidir liom duine atá ar thóir eolais a chuir i dteagmháil le duine a bhfuil an t-eolas acu.

Gan amhras poll ama atá ann, ar éasca éirí ró ghafa leis, go háirithe agus an fón glic le lámh. (Cúis atá le m'aistharraingt bhliantúil um Carghas).

Ach i ré seo na paindéime, agus deiseanna eile comhrá tearc, is breá liom go bhfuil an líonra sóisialta seo agam chun nascanna a chruthú agus a chothú. 

Mo bhuíochas leo siúd a choinníonn comhluadar liom agus a spreagann aclaíocht intinne ionam tríd ceisteanna meabhracha agus blúiríní eolais a chur faoi mo bhráid. 



*Sinéad (@gobblefunkerr) a chum an téarma meabhrach Twaithne ar an aithne a chuirtear ar dhuine ar Twitter.

2021-12-14

Altai

Roinnt blianta ó shin tharraing Danny Brown m'aird ar an úrscéal stairúil Q ar bhain mé an-sult as. Ní cuimhin liom anois conas ar tháinig mé ar an leabhar eile seo de chuid an comharghrúpa chéanna - atá anois ag feidhmiú faoin ainm Wu Ming (anaithnid as Sínis), ach tháinig mé air tamall siar, agus fuair mé leagan bog saor in aisce de - ón bhfoinse seo, sílim. (Chuir mé cúpla euro i hata s'acu as an pléisúir a fuair mé as é léamh - anseo)

Tá nasc leis an úrscéal Q sa mhéid is go bhfuil páirt bheag ag an ainrialaí a reiceann Q sa scéal nua seo faoi phearsa aonair i ngleic le cumhachtaí móra agus diamhaire a linne - an streachailt idir an Veinéis agus an Turc Otamánach díreach roimh Cath Lepanto.

Is mac le bean Giúdach i Ragusa (Dubrovnik) é an reacaire, ach is uasal Veinéiseach é a athar - agus tar éis bás a mháthair tógann a athair ar ais chuig an Veinéis é - áit a bhíonn sé ag feidhmiú mar chuid den péas rúnda. Tá col aige lena sinsreacht Giúdach - ach is baol an sinsearacht céanna dó sa Veinéis. Tarlaíonn eachtra san longchlós, agus tuigeann sé go tobann go bhfeileann sé dá mháistrí ceap milleáin a dhéanamh as féin - tar éis an tsaoil is Giúdach faoi choim é, agus bheadh sé inchreidte dá réir é bheith ina thaca ag babhdán na linne - Giudach Sephardeach a raibh tionchar aige ag cúirt an Sultain. 

Teitheann sé lena bheo, agus tar éis eachtraí go leor, agus in aghaidh a thola, scuabtar soir é go Iostanbúl agus isteach i lár na comhcheilge atá ar bun ag Josef Nasi chun ríocht an Chipir a bhaint amach dó féin - mar tearmann do Giúdaigh, mar nach bhfuil ag éirí leis an Tiarnas atá aige i Tiberias na Pailistíne. 

Tá bunús stairúil leis na heachtaí ar fad - ach is féidir freisin macallaí go leor a fheiceáil le heachtraí an lae inniu; agus an cogaíocht agus achrann a fhágann teifigh agus anró ar go leor. Agus na tubaistí is feidir eascairt as iarrachtai cabhrú le dreamanna thar a chéile. 

Scéinséir den scoth atá ann - agus is mar scéinseir a léigh mé é. Ach tá lón marana iomadúil tráthúil eile le baint as. Tráthúil, agus an iarracht tearmann do Giúdaigh a chruthú ag cothú achrann agus foréigean agus anró fós. Agus cumhachtaí móra na cruinne fós ag baint feidhm as daoine agus pobail, nach mbíonn leo ach saol síochánta a chaitheamh, mar cheithearnaigh nó ceap milleáin.

2021-12-12

Sna spéartha thuas, tá banc dramhaíl - is ní iontaisí an tsaoil atá ann!

 

Foinse: ESA

De réir uimhreacha:

Eolas tugtha suas chun dáta ar 9ú Samhain 2021 (Foinse):
  •  Líon roicéid lainseáilte ó thús Ré an Spáis i 1957: Thart ar 6120 (teipeanna as an áireamh) 
  • Líon satailít curtha i bhfithis ag na roicéid sin: Thart ar 12170 
  • Líon fós sa spás: Thart ar 7630 
  • Líon fós i bhfeidhm: Thart ar 4700 
  • Líon píosa bruscair atá á rianú ag na Líonraí Faire Spáis agus atá ina gcatalóg: Thart ar 30110
  •  Líon measta bristí, pléascanna, tuairteanna nó eachtraí aimhrialta a raibh smionagar mar iarmhairt orthu: breis agus 6230 
  • Mais iomlán de rudaí saorga i bhfithis na cruinne: Breis agus 9600 tonna 
  • Meastachán ar an líon iomlán píosa smionagar i bhfithis trí samhlacha staitistiúil 
    • 36500 píosa níos mó ná 10 cm 
    • 1000000 píosa idir 1 cm agus 10 cm 
    • 330 milliún píosa idir 1mm agus 1 cm

Is iondúil go mbíonn mé féin ag ple le misean a théann go domhain isteach sa spás, agus nach gcuireann an plódú ar an bhfithis timpeall ar an domhain, ach tá mé ar an eolas faoi bhfadhb le tamall.  Le déanaí, bhí ceann de na hárthaigh ar raibh baint agam leis - Solar Orbiter - ag baint feidhm as imtharraingt an domhain chun breis luais a bhaint amach, agus bhí imní orthu mar go raibh orthu an sraith dramhaíola a thrasnú roinnt uaireanta. Agus go gairid roimhe sin, bhí ar fhoireann an Spáis Stáisiún fothain a lorg san capsúl Soyuz. Bhí an Rúis tar éis sean satailít dá gcuid a shéideadh san aer, agus bhí baol don spás stáisiún dá bharr. Ní institiúidí Stáit amháin atá bainteach leis an bplódú sna fithis ar ndóigh - tá Space X agus comhlachtaí eile ag seoladh na mílte árthach. Teipeann ar chuid acu, nó ní bhíonn smacht iomlán orthu - agus tagann siad i bpriacal imbhualadh dá réir.

Bhí mé ag comhdháil (ar líne) de chuid ESA i rith na seachtaine, agus ba cheist mhór seachaint dramhaíola agus glanadh na spéartha. Ag an am céanna tá go leor ciúbsat á dhearadh agus á seoladh - de bharr gur féidir uirlisí a dhéanamh níos lú agus níos lú, is féidir saitilítí beaga - ar thomhais 20 x 30 x 10 cm a dhearadh ar chostas beag, agus scata acu a sheoladh le roicéad amháin - an chostas is suntasaí. Tá saolré níos lú ag na hárthaigh seo, agus mar sin is féidir caighdeán nach bhfuil chomh géar a chur i bhfeidhm ar an ndearadh. Sábháil costais eile.

Ach luadh go seolfar níos mó satailít sa trí bhliain amach romhainn ná mar a seoladh sa seasca bliain roimhe. 

Tá misean ina measc chun breith ar sean satailít agus iad a tharraingt anuas - dófar ansin san atmaisféar iad. Táthar ag obair le crobh mhór nó le heangach chun é sin a dhéanamh. Nó seol a chuir ar saitilít a osclófar nuair atá a shaolré caite - de bharr an frithchuimilt méadaithe leis an beagán atmaisféar atá ann, titfidh sé níos gaiste i dtreo na cruinne. 

Bhí caint éigin freisin ar faid a chuir le saolré saitílití tríd saitílit taca a chuir leo nuair atá an breosla (ar gá é chun tuairt a sheachaint nó chun fanacht i bhfithis) ídithe. 

Tá obair ar bun ar árthaigh ar féidir leo tuirlingt arís, cothabháil a dhéanamh orthu, agus iad a sheoladh athuair. 

Ach bunaite na árthaigh i bhfithis íseal an domhain, is é atá i ndán dóibh luath nó mall titim i dtreo dromchla na talún. Moillíonn an imtharraingt agus an méid beag atmaisféar iad. Dófar iad de bharr an frithchuimilt. 

Caithfidh mé a rá nach bhfuilim pioc tógtha leis an smaoineamh go mbeidh na tonnaí d'earraí leictreonacha, miotail agus plaisteach á dhó go hard san atmaisféar. Tá mé nach mór cinnte go mbeidh iarmhairtí nach bhfuil tuartha fós dá bharr. 

Agus sin gan éifeacht Kessler a chuir san áireamh - sé sin, an baol go mbeadh cascáid tuairteanna ann, agus breis dramhaíl á chruthú ag gach tuairt. 





2021-12-11

Robinson Crusoe óg Éireannach

Ó crannchur Aidbhinte Cló Iar-Chonnachta a ghnóthaigh mé an úrscéal seo de chuid Áine Uí Fhoghlú. Ar ndóigh, ar déagóirí óga seachas mo leithéid atá sé dírithe, agus ní mór dom a admháil go raibh mé ag streachailt anois is arís an díchreideamh a choinneáil ar fionraí!

Fágtar an leath dílleachta Eoin, a bhraitheann uaidh go mór a athair a fuair bás agus é a ceathair, ina aonar ar oileáin bheag tréigthe amach ó chósta na hÉireann tar éis don eitleán a bhí lena rang a thabhairt siar ar thuras scoile tuairt i stoirm agus tuirlingt ar an muir. Scuabtar Eoin chun siúl agus i dtír ar oileáin bheag.

Bíonn ar bia a aimsiú agus é féin a choinneáil misnithe - mar is cosúil nach bhfuil aon chuardach ar bun. 

Forbraíonn sé ó bheith ina phatacháin plobach, i ngleic le thús an teacht in inmhe, ina ghlas-stócach atá maith in ann aire a thabhairt dó féin, ag teacht i dtír ar éirim agus misneach.

Braithim go bhféadfadh go leor daoine óga ionannú leis - agus lena streachailt le tromaíocht agus iarracht bheith istigh leis an slua ag tús ach go háirithe. Ach léiríonn na heachtraí an miotal atá ann dáiríre. 

Tá an stíl reacaireachta nádúrtha tarraingteach - muid istigh i meon Eoin agus é ag coraíocht leis an saol, ag sárú a imní nádúrtha. 

Agus ag an deireadh, agus tarrtháil déanta air, faighimid léargas eile, léargas a chuireann go mór le héifeacht an scéil ar an léitheoir. 

Tá gluais leis an leabhar - ní raibh sé de dhíth orm féin, agus níor amharc mé air ach go fánach. Measaim féin nach ceart gluais a chur le leabhar, mura bhfuil focail ann nach mbeadh ar fáil i FGB. Nó úsáid neamhghnách á bhaint astu. Agus fiú má tá sé sin riachtanach, b'fhearr go mór liom dá míneofaí as Gaeilge iad seachas an focal Béarla a thabhairt (go háirithe má tá comhthéacs ar leith i gceist). 

Ach mholfainn an leabhar seo do dhéagóirí óga, agus tá súil agam go mbeidh breis dá leithéid ar fáil! 

Áine Uí Fhoghlú 
Cló Iar-Chonnacht





2021-12-06

San Nioclás de réir an Bhráthair Ainglí

Pala di Perugia, altóir i Perugia na hIodáile, le Fra Angelico. Léiríonn na painéil ag bun scéalta as scéal San Nioclás Míora mar a insítear é sa bhFínscéal Órga (Legenda Aurea) 

Tá sé coitianta ar an Mór Roinn Féile San Nioclás a cheiliúradh tríd féiríní a chuir i mbróga na ngasúr, nós atá againn féin. (Líon mé aréir iad do na daoine atá fágtha sa nead!)

Is iomaí scéal a insítear faoi Nioclás - é ag tarrtháil daoine neamhurchóideacha ó anbhás, nó mairnéalaigh ó anfa. Tá nó bhí deabhóid dó láidir i measc mairnéalaigh - is minic Séipéal San Nioclás i gcathair Muirí, mar atá sa Ghaillimh - nó i bpobal mara fearacht Rinn Ó gCuanach. 

Is é an scéal faoin gcuí a thug sé ór do theaghlach bocht mar spré do na hiníonacha, á dtarrtháil ó striapachas, is bunús, is dóigh liom, leis an nasc idir é agus féiríní. 

Sonra ón altóir, Nioclás ag bronnadh ór faoi rún. 

Anois ar ndóigh tá Easpag díograiseach trodach (i gcoinne eiriceacht) Mhíora folaithe ag Santa Claus an tomhaltais. Ní bhíonn cumpanach aige abhus - tarraingíonn a chompánach Peadar Dubh san Ísiltír raic bhliantúil de dheasca na comharthaí sóirt ciníocha a bhaineann leis. Is dóigh liom go bhfuil Knecht Ruprecht na Gearmáine slán go maith ó chonspóid. N'fheadar faoi Krampus adharcach na hOstaire. Bíonn siad araon ag plé leis na leanaí dalba! 


Féile San Nioclás shona dhaoibh!




2021-12-04

Ifreann spleáchas

Ó XKCD

Téarma atá coitianta i measc lucht ríomhaireachta - agus aistrithe ag an gCoiste Tearmaíochta! 

Ifreann Spleáchas, cad é?

Ní hansa.

Cé gur chaith mé formhór mo chuid ama ag plé le bogearraí neadaithe, diaidh ar ndiaidh, tá an castacht a bhíonn i gceist le ríomhaírí níos mó ag sleamhnú isteach i gcóras na bogearraí neadaithe - agus ar aon nós, bíonn na huirlisí atá in úsáid agam ag feidhmiú ar ríomhairí níos mó. Mar sin, tá corr turas tríd Ifreann Spleáchas tógtha agam, agus corr dó faighte agam!

Is annamh anois go mbíonn ríomhchlár - fiú i ríomhaire neadaithe - ina phíosa amháin, neamhspléach ó ríomhchlár eile. (B'amhlaidh a bhí ag tús mo ghairm beatha). 

Tá cúis simplí le sin - bíonn rudaí áirithe is gá do gach ríomhchlár a dhéanamh, agus is fearr an cód sin a athúsáid. Cuirtear an cód i "leabharlann". Sa mhullach ar sin, is minic go mbíonn "córas oibriúcháin" ann, a chuireann seirbhísí ar fáil do na ríomhchláir - agus is iondúil anois go mbíonn níos mó ná ríomhchlár amháin ag obair ar ríomhaire, agus an córas oibriúcháin ag roinnt na hacmhainní orthu. Tá se ag éirí níos coitianta freisin go mbíonn níos mó ná aonad próiseála amháin í ríomhaire agus an córas oibriúcháin freagrach as na hacmhainní sin a roinnt. Mar sin bíonn sraitheanna agus sraitheanna de chód ann idir an feidhmchlár agus an feidhm críochnaithe. 

Tá buntáiste ann an cód seo a úsáid, feidhm a bhaint as leabharlann atá deartha agus profa. Ar ndóigh, d'fhéadfadh gach ríomhchlár an chód seo a choipéail - ach chaillfí go leor den buntáiste, mar nach mbeadh fáil éasca ar cheartúcháin. (Bhí an fhadhb sin agam go luath i mo ghairm, nuair a bhí meitheal againn ag obair ar rudaí gaolmhara, bunaithe ar cóipéail agus leasú - is minic gur réitigh daoine éagsúla an fhadhb céanna ar bhealaí éagsúla - go háirithe nuair a bhíomar amuigh ar na traenacha seachas san oifig ag cumarsáid le chéile - diaidh ar níos d'fhás na difríochtaí gan chúis. Ach sin scéal eile).

Mar sin, baintear feidhm as leabharlanna. An chéad céim eile ansin, go háirithe ar ríomhairí móra, ná bealach a fháil na leabharlanna seo a roinnt, seachas go mbeadh a chóip féin ag gach ríomhchlár. Tugtar DLL (dynamically linked library) ar seo ar Windows; agus SO (shared object) ar Linux. 

Agus sin oscailt geataí Ifrinn Spleáchais...

Toisc go mbíonn na leabharlanna sin ag brath ar leabharlanna eile. Agus go mbíonn na leabharlanna féin ag forbairt. Scaití bíonn ríomhchlár - nó leabharlann - ag brath ar iompar nach raibh iomlán ceart i leabharlann. Má leasaítear an leabharlann, bristear an ríomhchlár a bhí ag brath air. 

Ar ndóigh, is féidir go hiondúil leagan áirithe do leabharlann a éileamh. Ach ciallaíonn sé sin go mbíonn roinnt leaganacha den leabharlann céanna ar an ríomhaire, uaireanta ag teacht salach ar a chéile.... 

Bíonn uirlisí ann chun iarracht a dhéanamh na spleáchais seo a choinneáil faoi smacht, agus go minic oibríonn siad go maith (go háirithe má tá an ríomhaire nasctha leis an idirlíon, agus fáil dá réir ar an leagan cuí. Mura bhfuil, beidh an úsáideoir gnóthach ag aistriú comhaid...). 

Ach nuair a theipeann ar na huirlisí seo bíonn an obair le déanamh ag an úsáideoir d'fhonn an fhadhb a réiteach - nó é a aithint fiú, mar ní gá go mbeadh an chúis gur theip ar an ríomhchlár follasach, nó fiú measartha éasca a aithint. 

Agus is ifreanda an tóraíocht go minic!