Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-02-26

Imbolc 2019 : Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Dinnseanchas de chineál eile a bhí i gceist i gcaint Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar filíocht sa chathair. Idir fhilíocht an chumha don mbaile a chleacht an Direánach, go filíocht teibí an Ríordánaigh ar deacair a lorg ar talamh a aimsiú, go ceiliúradh na cathrach atá le fáil i saothar go leor filí - Liam Ó Muirthile, Biddy Jenkinson, Michael Davitt agus gan amhras Ailbhe féin.

Suirbhé spéisiúil léirithe le sleachta cuí ag file agus scoláire.

Léiriú cumasach gur féidir le file a fréamhacha a chothú in ithir cathrach agus spleodar a bhaint as.

(spreagadh dom féin go pearsanta níos mó le Davitt a léamh)

Diadh ar ndiaidh táim féin ag baint níos mó as filíocht, as ceapadh cuanna mothúcháin agus íomhánna i bhfocail. Foinse marana.

Suim dá réir agam in allagar Ailbhe, sna noda i dtreo dánta nua. Inspioráid.

Imbolc 2019 : Siobhán Ní Dhuinnín

Canúint a colainne a bhí faoi chaibidil ag Siobhán Ní Dhuinnín, atá faoi láthair ina rinceoir chónaitheach san Ionad Cultúrtha. Bíonn sí ag baint feidhm as damhsa comhaimseartha chun log a thuiscint, chun nascadh leis an dúlra agus an áit. Constaic a luaigh sí ina cuid oibre ná gur beag duine a shiúlann anois agus go bhfuil a gceantar ag dul ó aithne orthu dá réir. Coimhthíos leis an dúlra.

Ní mór dom a rá go bhfuil coimhthíos áirithe agam féin le damhsa comhaimseartha - is annamh a spreagann sé macalla orm. Bhí roinnt físeáin dá cuid feicthe agam ar Vimeo roimh ré. D'fhág siad míchompordach mé de bhrí nach raibh tionlacan ceoil leo. Ní bhíonn an dúlra riamh chomh ciúin le taifeadadh dó. (sin an toisc, dála an scéil, go gcuirtear fothram áirithe le glaoch gutháin fón póca nuair atá na cainteoirí ina dtost).

Is maith an rud roinnt míchompord is dócha chun smaointe nua a spreagadh. Is féidir go n-eascraíonn mo mhíchompord leis an damhsa le coimhthíos áirithe le mo cholainn féin.

Ba léir fiú óna siúl, ní áirím a damhsa, go bhfuil Siobhán i dtiúin lena colainn. Agus í ábalta na mothúcháin agus an máistreacht sin a theagasc agus a scaipeadh ar an té atá oscailte do. Dailtíní cathrach i gCorcaí san áireamh. Rud a d'oscail súile dóibh ar na nithe beaga thart orthu sa chathair.

B'fhéidir go bhfuil mé ró bháite sa déachas....

2019-02-25

Imbolc 2019 : Leo Creedon

Salvador Dali — Corpus hypercubus
Cé gur thosaigh an matamaiticeoir Leo Creedon a chuid cainte le nithe sách simplí, na cóid féin cheartaitheach atá in úsáid go forleathan timpeall orainn, d'éirigh sé geall le bheith misteach roimh deireadh.

An bun smaoineamh a bhí á fhorbairt aige ná an chaoi gur féidir an matamaitic a úsáid chun eolas a thabhairt ar mhodh éifeachtach dlúth chun tuiscint níos doimhne agus cinnte a thabhairt. 

Is féidir cuir síos dhá thoiseach a dhéanamh ar rud trí thoiseach fearacht ciúb. Agus gur féidir dul ó trí thoiseach ar aghaidh go ceithre thoiseach, mar a rinne Dali sa phictiúr thuas, pictiúir a eascraíonn as fréamhacha teoiric matamaitice. 

Cé go mbím féin ag plé beagán le coincheapa matamaitice tá mo thuiscint orthu sách teoranta agus tá claonadh an innealtóra ionam gan dul ró dhomhain sa cheist fad is a oibríonn rudaí. 

Bhí sé go deas spléachadh a fháil, más doiléir féin é, ar an gcuannacht agus go deimhin áilleacht a fheiceann matamaiticeoirí ina gcuid oibre. 




Imbolc 2019 : Tadhg Ó Súilleabháin

Ceann de na rudaí is luachmhara faoi cainteanna Imbolc ná saineolaí a chlos a labhairt ar ábhair atá gar dar gcroíthe ach nach bhfuil eolas dá laghad agam orthu ceal taithí.

Ní léim nuachtáin Béarla mórán níos mó, ach is cuimhin liom na cinnlínte le linn na géarchéime airgidis tráth agus na bancanna ag teip, go raibh tubaistí i ndán freisin do na comhair creidmheasa.

Ina chaint seisean léirigh Tadhg Ó Súilleabháin le figiúirí agus fíricí gur áibhéil ar a laghad agus b'fhéidir uisce faoi thalamh a bhí i gceist leis an dtuairimíocht.

As ceithre céad éigin comhar creidmheasa níor theip ach ar sé chinn. Agus de bharr cúlchiste léig na gcomhar creidmheasa agus cúinsí eile níor chosain na teipeanna sin faic ar an sparán phoiblí sa deireadh — murab ionann agus na fiacha troma a tharraing na bainc orainn.

Bhí roinnt cúiseanna a bhí an scéal amhlaidh.

Theip ar sé comhar creidmheasa - as ceithre chéad.

Bhí roinnt cúiseanna leis. Bhí rialaitheoir gníomhach ar an earnáil sa bhanc ceannais a d'fhéach chuige go raibh eolas cruinn ag coistí stiúrtha gach comhar creidmheasa uair sa ráithe. Bhí súil ghéar aige agus acu dá réir ar na figiúirí.

Bhí na hoifigigh gar do na baill, cónaí orthu ina measc agus iad freagrach as a gcuid airgid dá réir.

Seans fiú go raibh siad níos airdeallaí de bharr scéalta cailleach an uafáis sna nuachtáin fúthu.

Cúis imní mar sin an treocht go bhfuil an rialtas ag cur brú ar comhair creidmheasa cónascadh agus ag éileamh níos mó eolais agus cumas ó bhaill coistí atá á dhéanamh níos deacra agus níos achrannaí do shaorálaithe seirbhís poiblí a thabhairt.

Tá an baol ann go réabfar an nasc leis an bpobal agus fónamh dóibh ar mhaithe le brabús agus clú na hinstitiúide. Ba bhocht an cúiteamh sin!

Inspioráid agus lón machnaimh cinnte ó Imbolc 2019.

Imbolc 2019 : Zoë Conway

Is gnách go mbíonn ceolchoirm an oíche roimh cainteanna Imbolc san Ionad Cultúrtha agus go labhraíonn an ceoltóir, nó duine acu, an lá dár gcionn.

Is í an veidhleadóir Zoë Conway agus a fear John McIntyre a bhí i mbun ceoil i mbliana. Ar feadh cúpla bliain bhí m'iníon ag fáil ceachtanna ó Zoë. Bhí cur amach áirithe agam orthu agus a gcuid ceoil, agus d'fhreastail muid ar ceolchoirm dá gcuid i gCairlinn agus Liam Ó Maonlaí ina gcomhluadar.

Choinnigh trácht, agus le bheith ionraic roinnt botúin dar gcuid féin maol orainn agus is go maolchluasach, an chéad cúpla seit caillte againn, a shleamhnaigh muid isteach san Ionad. Bhí sé plódaithe agus b'éigin dúinn ár mbealach a dhéanamh suas go cúl na hamharclainne.

Spás deas atá san Ionad Cultúrtha. Mór go leor go bhfuil fairsinge do shlua fiúntach ann, ach sách beag go bhfuil sé indéanta ag ceoltóirí déanamh d'uireasa callairí más mian leo.

Tugann sin carachtar don gceoil. Tá máistreacht ag Zoë ar réimse ceoil ó claiseacach go hillbilly agus fréamhacha doimhne aici sa cheoil Gaelach.

Le déanaí áfach tá sí féin agus John imithe i bpáirt le Julie Fowlis agus Éamonn Doorley chun ceol a chuir le filíocht.

Fuair muid blaiseadh de na rianta sin ag an gceolchoirm (agus cheannaigh mé an CD Allt ag an mbriseadh).

Tá guth éadrom ard ag an mbeirt acu, agus na focail soiléir. Reacaireacht álainn ar dhánta an Direánaigh agus píosaí eile aitheanta agus gan a bheith chomh aitheanta. Tionlacan cúramach ar fidil agus giotár a thacaíonn leis an reacaireacht.

An lá dár gcionn thug Zoë scéal a beatha ceoil dúinn, á léiriú le píosaí ar an bhfidil. Tacaíocht a hathair. An teannas idir a spéis sa cheoil Gaelach agus clasaiceach tráth a raibh oidí agus don dá chineál diongbháilte gur rogha dénártha a bhí le déanamh. Mar a ghlasáil a múinteoir claiseacach amach í nuair a bhí scéal sa nuachtán áitiúil faoi fleadh cheoil na hÉireann bheith buaite aici. Mar a thit sí i ngrá le huirlis a bhí ceaptha do dhuine eile, agus na híobairtí a rinne sí lena fháil d'ainneoin sin (le tacaíocht a hathair). Mar a chuir sí aithne ar a nuachar.

Ba léir an tábhacht le tacaíocht athair agus scoile. Tacaíocht atá sí ag cuir ar fáil dá clann agus tríd na ceachtanna do chlanna eile.

Is le déanaí atá feabhas curtha ar a cuid Gaeilge ag Zoë agus is ag léamh a bhí sí. Ach bhí an chaint cruinn spreagúil spéisiúil. D'fhéadfaí é chraoladh!

Beidh fáil ar an bhfíseán amach anseo ar shuíomh Imbolc.

2019-02-20

Katfish agus Scéalta Eile

Sraith gearrscéalta láidre comhaimseartha curtha inár láthair anseo ag Ógie Ó Céilleachair. Tá siad dírithe ar dhéagóirí idir 13 agus 15, ach feiliúnach do léitheoirí níos sine freisin. Tá dorchadas iontu, agus teannas. Ábhar machnaimh agus plé.

Anois is arís tá botún ealaíona déanta ag an údar, ach is annamh iad agus ní scriosann siad na scéalta. Réalachas inchreidte, agus ní sheachnaíonn sé ceisteanna fearacht tromaíocht agus mí-úsáid.

Baineann an chéad scéal le cluiche iomána agus an streachailt síceolaíochta idir imreoir agus a mharcálaí. Mhothaigh mé go raibh mé ar an bpáirc! Tá an teideal scéal Katfish, faoi chaidreamh ar líne an láidir agus casadh cliste ann.

Bainfidh léitheoirí tairbhe agus sult as ainneoin an dorchadas.






Katfish agus Scéalta Eile
Ógie Ó Céilleachair
ISBN:9781784441739
Cló Iar-Chonnacht

Foilsíodh an léirmheas seo i dtosach ar Gobblefunked i Mí Deireadh Fómhair 2017.

2019-02-19

Cór Chúil Aodha

Is cuid de mo dheasghnáth bhliantúil, nuair atá mé i Múscraí d'Fhéile Imbolc, Aifreann a éisteacht i gCúl Aodha.

Tá cáil i bhfad is i gcéin ar an gCór a bhunaigh Seán Ó Riada agus atá á chothú ó shin ag a mhac Peadar.

Taithí ar leith áfach iad a chlos ar a bhfód dúchais agus an ceol mar chuid d'adhradh an phobail ina bhfuil siad féin ina mic, deartháireacha, athair, uncailí nó seanathair.

Tá comhcheoil diamhair ann idir na glúinte fear, giolc ard an bhuachalla nach bhfuil ach i dtús fáis go dord ard an seanóra.

Peadar ag an harmonium ina gheansaí ar dhathanna an tuar ceatha, a thréad ceolmhar ina thimpeall. Breis oiliúna á chuir ar an gcuid is óige tar éis Aifrinn.

Is iondúil go bhfuil Féile Ghobnatan thart ar an am a mbíonn Imbolc. Le dhá bhliain anuas ba ar lá an féile nó an lá roimhe a thit Imbolc.

Chuala mar sin an iomann iontach "A Ghobnait Ársa" roinnt babhtaí.

I mbliana chuir mé ceist ar Pheadair maidir le thaifid. Tá CD a seoladh thiar i 2012 - Naomh Gobnait.

Thapaigh mé an deis é cheannach i siopa an Mhuilinn agus táim ag éisteacht leis ó shin!

Iomainn atá i gceist, agus de réir mar a deir mo chluas liom iad taifeadta le linn Aifrinn. Cloig le clos. Guth cheolmhar Sagart Paróiste Bhaile Bhúirne, an tAthair Dónal Ó Briain, le clos freisin. Gura fada buan an fear céanna. Seanmóirí ar fiú éisteacht leis! Simplí stuama soiléir.

Tá doimhne agus diamhracht an chreidimh le clos níos soiléire san taifead seo ná sa cheann eile "Go mbeannaítear duit".

Tá éagaoin An Mharbhnadh cumhachtach. Measaim gur ar Aoine an Chéasta a rinneadh an taifeadadh, agus clog toll adhmaid á bhualadh seachas binneas práis atá le clos ar rianta eile.

Achainíocha sollúnta ar fóirithint ó na naoimh agus ón Tiarna.

Ach tugann an dá CD  spás ar leith intinne dom.

Táim ag dul siar ó dheas amárach go Scoil Cheoil an Earraigh i mBaile an Fheirtéaraigh. Go hiondúil tagann sciar den gCór anoir don Aifreann Domhnaigh.

Qui bene cantat bis orat.

Níl ceol agam féin ach is fearrde m'urnaí éisteacht le ceol Chór Chúil Aodha.

2019-02-18

Idir dhá thír : sceitsí ó Cheanada

Comhrá ar Twitter maidir leis an focail cuí d'aonaid pholaitiúla Cheanada ba chúis liom fios a chuir ar an leabhar seo. Luaigh John Prendergast (@prendizzle) gur proibhinse a bhí ag Ó Siadhail agus gur leabhar fiúntach atá ann.

Tá gearrscéalta agus úrscéalta le Pádraig léite le fonn agam, mar sin ní mórán gríosadh a bhí de dhíth.

Sraith aisti ag eascairt as a thaithí ar imirce i Ceanada. Mar is iondúil, deoraíocht sealadach a shíl sé a bheadh ann. Bean, clann agus rútaí anois aige ann, ach gan an corda imleacán abhaile gearrtha. Ar ndóigh, ós le léann Éireannach atá sé ag plé go gairmiúil is gá dó na nascanna a chothú.

Dearcadh ar Cheanada atá i gceist - ach mar is iondúil do dheoraí, scagadh ar a fhéiniúlacht agus a thuiscintí mar thoradh.

Mar duine mé féin a chaith deich mbliana ar imirce (ach d'éirigh liom mo nuachar a mhealladh abhus) bhí go leor ann a bhfuil bá agam leis. Agus taithí thuismitheora ag tógáil clainne le Gaeilge scoite amach ó mór phobail Gaeilge. Rugadh mo mhic féin sa Ghearmáin.

Cabhraíonn an dearcadh ó thar lear le rudaí abhus a shoiléiriú : agus tá ceachtanna le foghlaim ó thaithí Cheanada, anois agus inimirce coitianta in Éirinn.

Tá rudaí i stair Cheanada atá i gcoitinne againn freisin ar ndóigh.

Aiste spéisiúil faoi theilifís na mbundúchasach thall go bhfuil roinnt cosúlacht ag a scéal le TG4.

Dúshlán na cultúrtha agus staire in iar choilíneacht le hinimirce.

Dúshláin an dá theangachas Stáit.

Cnuasach lán eolais agus deascríofa.

Lagan Preas a d'fhoilsigh. Bheadh clamhsán amháin agam - fuaireas an cló deacair a léamh, go háirithe más cló Iodálach a bhí i gceist.

Idir Dhá Thír
Sceitsí Ó Cheanada
Pádraig Ó Siadhail
ISBN 1873687346
Lagan Press 2005

2019-02-15

Ingne Dearga Dheaideo

I ndiaidh dom "Dialann mo Mháthar" a chríochnú chuaigh mé sa tóir ar saothair eile le Pádraic Breathnach i gcatalóg na leabharlanna. Gearrscéalta máistriúla iad seo. Duine amháin go hiondúil, suíomh amháin, spléachadh ar anam. Tá nasc scaoilte idir roinnt de na scéalta, cur síos ar saol tuaithe ag trá roimh bruachbhailtiú. Agus an teanga freisin, tá le tuiscint. 

Tá sciar eile de na scéalta níos uirbí. 

Ba é an scéal Anam Mná, faoi máthair a caill a páiste ag aois an-óg is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. An sciúrsadh anama a rinne sí uirthi féin ina dhiaidh. Tá blaiseadh den scéal ar líne ag RTÉ. 
 (https://www.rte.ie/gaeilge/2018/0222/942744-leigh-blaiseadh-de-anam-mna-le-padraic-breathnach/) 

Tá na gearrscéalta ar fad láidir. Ar an lámh eile chaith mé a úrscéal "Deargadaol i mbád fothoinn" i dtraipisí tar éis cúpla caibidil, gan bá ar bith agam leis an léachtóir ar (frith) laoch é. 



2019-02-06

Roinnt Chomhairle

1. Mol Dia i dteangaidh na nGaedheal.
 
2. Bí ag síor-mhachtnamh ar leas na Gaedhilge.
 
3. Is beag an maith machtnamh gan gníomh.
 
4. Tagadh na gníomhartha i ndiaidh an mhachtnaimh dhuit.
 
5. Is ag baile is fearr is féidir leat bheith Gaedhealach.
 
6. Má tá rún agat le hinnsint innis tré Ghaedhilg é.
 
7. Ná labhair acht Gaedhilg led' chloinn.
 
8. Is mór is ion-mholta léigheamh seanchais na hÉireann.
 
9. Má thograir Fiannuidheacht bíodh Fiannuidheacht fhóghanta agat
.
10. Bíodh baint ag gach éinne le craobh éigint de'n Chonnradh.
 
11. Má loirgir aigneadh na nGaedheal ní fachtar i mBéarla soin.
 
12. Ná bí mór-chúiseach as do chuid Gaedhilge.
 
13. Is suarach is fiú Gaedheal gan Ghaedhilg
.
14. Ná grádhuigh thú féin thar an gcraoibh go mbainir léi.
 
15. Ná grádhuigh do chraobh féin thar an gConnradh go léir.
 
16. Is iad dála na nGaedheal is taithneamhnaighe le Gaedheal.
 
17. Má gheallann tú nídh do dhéanamh brostuigh gan mhoill is déin é.
 
18. Bí ag síor-bhailiughadh na sean-ráidhte.
 
19. Bíodh na mná leat is beidh an t-ádh ort.
 
20. Sáruigheann saothar éin-mhná bhige amháin obair na mílte fear gan áird.
 
21. Is le muinntir na hÉireann bhaineas an Ghaedhilg.
 
22. Ní'l ceart na Gaedhilge ag Cúige seoch Cúige eile.
 
23. Foghluim do chanamhaint féin ar dtús.
 
24. Má leanfam an chomhairle thuas, ní fuláir gan buaidh bheith linn.

Foilsithe san Claidheamh Soluis i 1901 agus aimsithe i gCartlann Téacsanna  ARÉ

2019-02-04

Na Gamail

Tá samhlaíocht dhorcha greannmhar ag Roald Dahl ina chuid scéalta go hiondúil. Agus is ceardaí focail é a bhaineann casadh as lúbadh astu chun breis grinn a fháisceadh astu.

Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe don scéal dorcha áiféiseach seo Na Gamail (The Twits). Lánún míofar a bhíonn síoraí ag buaileadh bob ar a chéile, ag céasadh seachas ag ceansú teaghlach moncaithe agus ag breith agus ag ithe éin.

Go dtí go dtapaíonn moncaithe agus éin an deis a éagóir a chúiteamh leo...

Leabhar éadrom greannmhar lán slaiseanna deisbhéalacha agus samhlaíocht chorr Dahl tríd síos.

Tá miongháire áiféise fós orm agus é léite agam. Táim cinnte go mbainfidh déagóirí óga súp ar leith as an áiféis agus an ghreann dhorcha.

Tá an insint éadrom saibhir pléisiúrtha. Seoid eile as cearta Leabhar Breac.

Na Gamail
Roald Dahl
96 lch; Clúdach Bog​,
ISBN 978-1-911363-37-8
Leabhar Breac

(Tá na léirmheasanna a scríobh mé ar Danny seaimpín an Domhain agus Na Cailleacha fós le léamh ar Gobblefunked. Ó tharla áfach go bhfuil siadsan ag éirí as tá sé i gceist agam iad a athfhoilsiú anseo in am trátha) .  

2019-01-31

Íosánaigh agus Eachtardhomhandaigh

Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair.
Matha 10:29

Ach ní féidir duit mo ghnúis a fheiceáil,” ar sé “óir ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin.”... Ansin tógfaidh mé mo lámh chun siúil agus feicfidh tú mo chúl; ach mo ghnúis ní fheicfear.”
Eaxodus 33:20‭, ‬23

Táim buíoch de Mháirtín, a bhíonn ag freastal go dílis ar an gCiorcal Díospóireachta as an scéal dhá imleabhar seo le Mary Doria Russell a chuir faoi mo bhráid. Pléann The Sparrow le céad teagmháil an chine dhaonna le Eachtardhomhandaigh. Comhartha raidió ceaptha ar domhan agus ceol cloiste ann. De bharr sraith comhtharlú (más comhtharlú atá ann), tá sagart de chuid Cumann Íosa i measc na céad daoine a chloiseann faoi agus beartaíonn an Chumann misean a sheoladh. Meascán de dhaoine tuata agus sagart. Pearsan lárnacha iad Emilio Sandez, páiste gréine a éalaíonn ó fhuath gharbh a drongadóir d'athair i bPuerto Rico isteach in oideachas Íosánach agus san ord ina dhiaidh. Sophia Mendez, de bhunadh Giúdach sephardi, a thógtar ó striapachas sráide in Iostanbúl le linn cogaidh ach atá i ndaoirseacht de chineál eile chun íoc as a gcuid oideachais. Cliar láidir ilghnéitheach timpeall orthu san dá leabhair idir daoine an phláinéad seo agus ón dá gcine ar an bpláinéad eile. Cine feoiliteach a bhfuil smacht acu ar chine níos líonmhaire plandaiteach.

Tá drogall orm barraíocht a rá faoin plota san dá leabhar, de bhrí gur scéinséir pholaitiúil den scoth atá ann.

Cloíonn sí go dlúth le heolaíocht réadúil freisin, agus cé go gcuirtear siar na haistir idir an dá ghrianchóras ag gar do luas an tsolais imíonn an t-am ar na pláinéad agus bíonn éifeachtaí amleata san áireamh.

Siar is aniar san am a reictear an scéal, iarmhairtí neamhthuartha míthuiscintí cultúrtha agus éifeacht claochluithe na teagmhála.

Úsáidtear na heachtraí chun creideamh agus cóir a scagadh go mion. Polaitíocht agus tuiscint. Smacht daonra agus cosaint comhshaoil.

Ath-Iób é Emilio a thógtar a chreideamh chun é scrios, is cosúil.

Ath Mhaois i pearsain eile.

Stair na misean, idir dearfach agus diúltach ina inspioráid ag an údar. Bean a thug droim láimhe do Chaitliceachas a hóige le hiompú ina Giúdach. Ach ar léir a tuiscint agus domhan-mhachnamh ar na ceisteanna.

Níl freagraí néata ar bith sa leabhar ach lón marana.

Go bhfios dom níor scríobh an údar a thuilleadh ficsean eolaíochta, ach is clochmhíle tuisceana an dá leabhar seo. Scríofa ag deireadh an chéid seo chaite, fáidhiúil tuisceanach.

The Sparrow
Children of God
Mary Doria Russell

2019-01-24

Folús lonrach



Comhrá ar Twitter faoi ndear mé fios a chur ar an leabhar seo ón leabharlann. Díolaim litríocht ficsean eolaíochta as Éirinn. Aistriúchán ón nGaeilge trí dréacht acu, le Art Ó Riain, Tarlach Ó hUid agus Cathal Ó Sándair faoi seach. Bhí dréacht Ó Sándair léite agam sa bhunleagan ó tharla go bhfuil cóip den bpláinéad a phléasc i mo sheilbh. Casadh iontach cliste ar pharadacsa taisteal ama scéal Uí hUid.

Tá réimse leathan stíl agus cumas sa leabhar agus cuid de na dréachta cineál fadálach do léitheoir chomhaimseartha. (admhaím gur thug mé droim láimhe tar éis cúpla alt do mhisteachas AE.) 

Más buan mo chuimhne tá níos mó mná sa díolaim ná fir. Tá dhá scéal "uafás eolaíochta" le Clotilde Graves sa chnuasach a d'fhág goile agam do bhreis léi. Ar an ndrochuair níl faic léi le fáil tríd na leabharlanna poiblí. 

Bheadh spéis agam agus is dóigh liom go bhfuil go leor ábhar ann do dhíolaim ficsean eolaíochta as Gaeilge. Is cinnte go bhfuil na samplaí, aistrithe ag an eagarthóir Jack Fennell, san cnuasach seo ar a laghad chomh maith leis na céanna Béarla. 

Tá stair ag an bhficsean samhlaíoch sa Ghaeilge, ar ndóigh. 

Tá eolas fóinteach sa réamhrá agus sna nótaí ar chúlra scéalta agus údar. Lón léitheoireachta fiúntach. 

Tógadh an teideal ó ceann de na scéalta, tragóid faoi eolaí mies à thiteann i ngrá (nó i ndrúis) le neach a chíonn sé faoin micreascóp. 

Ní folús atá sa leabhar áfach ach géarú goile éifeachtach agus cruthú go raibh cumas sa réimse ag Éireannaigh. 

A Brilliant Void
Jack Fennell 
https://www.easons.com/a-brilliant-void-jack-fennell-9781999700850


2019-01-22

Spéartha Iúrasacha

Bhí mé san Ard Mhúsaem i mBeairic Uí Choileáin de Domhnaigh le m'iníon. Chuaigh muid ann chun an taispeántas Spéartha Iúrasacha (Béarla, faraor) a fheiceáil. Seachtaispeántas de chuid "Zú na Mairbh" (Músaem Stair an Dúlra) atá ann. Bhí tagairtí ar líne feicthe agam dó.

Tá an taispeántas níos lú ná mar a raibh súil agam leis, ach tá an dá sheomra leagtha amach go héifeachtach agus an dúrud eolais ar fáil.

Is macasamhail de iontaisí Archaeopteryx atá ag croílár an taispeántais, ach tá comhthéacs éifeachtach tugtha dóibh. Iontaisí agus mionsamhail de feithidí agus éisc. Éin éagsúla idir dordéin bídeach agus Albatras Fáin ollmhór. Ialtóga idir sean is nua. Athchruthú gleoite dathúil de Archaeopteryx féin agus míniú shoiléir ar an rogha faoi dathanna éagsúla na gcleití.

Míniú freisin ar conas a cruthaíodh na hiontaisí, cé agus conas a fuaireadh iad, agus an chaoi a cuireadh le cruinnis eolais na heolaithe diadh ar ndiaidh.

An leanúnachas idir ainmnithe an tréimhse Iúrasach agus cinn an lae inniu, feithidí agus éin ach go háirithe.

Painéil eolais i mBéarla agus Gaeilge. An Ghaeilge soiléir soléite, ach roinnt saintearmaí nach mbeadh agam (ná sa Sacs-Bhéarla ach oiread).

Táim sásta gur thug muid cuairt air. Thug muid cuairt ar seomraí eile agus muid ann, ach sin scéal do bhlagmhír eile.

2019-01-18

Ceoldráma taitneamhach

BAROQUE OPERA DOUBLE BILL : Dido and Aeneas (Purcell) and Il Combattimento di Tancredi e Clorinda (Monteverdi)

Tá mac liom i mbun staidéir ar cantaireacht Opera sa mhullach ar an píobaireacht uillinn san foras oideachais ar a tugtar Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ó thús na bliana.

Anocht agus istoíche amárach tá dhá cheoldráma gairide á léiriú acu sa phriomh spás i Smock Alley.

Níl i il Combattimento di Tancredi e Clorinda dáiríre ach radharc amháin. Triúr pearsa atá sa libretto, ach sé an chaoi gur scoilt siad iad - triúr i bpáirt an reacaire, agus duine ar leith ag léiriú an trodaí agus duine eile ag canadh. Léigear Iarúsailéim, Tancredi ina Ridire Croise. É i ngrá le Clorinda, bé muslamach. Cuireann cath uirthi áfach toisc go measann sé gur óglach í agus í ag iarraidh sleamhnú isteach sa chathair i ndorchadas na hoíche. Leanann troid fuilteach agus a bás sise. Radharc méaldrámata ó thóg Monteverdi as saothar níos faide. Canadh as Béarla é. Bhí sé éifeachtach, corraitheach. Aisteoireacht agus amhránaíocht cuí.

Bhí níos mó téagar san dara dráma, tragóid Banríon Charthage Dido, a thiteann i grá le prionsa Traí ar a theitheadh. Agus eisean léi, ach go bhfuil sé faoi gheasa an ath Traí a thógáil san Iodáil. Lámh ag cailleacha agus ainspiorad sa mhísc a mbíonn bás Dido de bharr croíbhriseadh mar chríoch air.

Bhí scóip níos mó sa dráma seo do spraoi agus bhain an chliar úsáid éifeachtach as gan baint de sollúntacht an scéil.

Beidh cuimhne agam ach go háirithe ar dheamhain Oisín Ó Dálaigh ag rince thart i sála stiletto. Taispeántas breá ón gcliar ar fad áfach, idir ceol, geansaíocht agus aisteoireacht.  An chailleach agus Dido go maith i ndán dá bpáirteanna lárnacha.

Cloisfear amach anseo faoi scata den mbuíon óg talannach seo.

Il Combattimento di Tancredi e Clorinda (c1624) by Claudio Monteverdi

Testo : Oisín Ó Dálaigh / Sarah Kilcoyne / Rheanne Breen
Tancredi : Ciaran Crangle
Tancredi (fighting) : Ross Fitzpatrick
Clorinda : Naho Koizumi
Clorinda (fighting) : Letizia Delmastro

Dido and Aeneas (c1687) by Henry Purcell

Dido : Susie Gibbons
Aeneas : Connor Campbell
Sorceress : Amy Conneely
First Witch : Rheanne Breen
Second Witch : Ami Hewitt
Belinda : Laura Joy Copeland
Second Woman : Sarah Kilcoyne
Spirit : Oisín Ó Dálaigh
Sailor : Stephen Walker

CHORUS / ENSEMBLE
Sopranos: Hannah Barrett, Ami Hewitt, Orlaith Dunne
Altos: Sarah Luttrell, Rheanne Breen, Sarah Kilcoyne
Tenors: Ciaran Crangle, Oisín Ó Dálaigh, Stephen Walker
Bass: Fionn Ó hAlmhain

Toghadh Pobail

Nach dem Aufstand des 17. Juni
Ließ der Sekretär des Schriftstellerverbands
In der Stalinallee Flugblätter verteilen
Auf denen zu lesen war, daß das Volk
Das Vertrauen der Regierung verscherzt habe
Und es nur durch verdoppelte Arbeit
Zurückerobern könne. Wäre es da
Nicht doch einfacher, die Regierung
Löste das Volk auf und
Wählte ein anderes?

Bertolt Brecht
Die Lösung.
Buckower Elegien, 1953.

Tar éis éirí amach an 17ú Meithimh
Chuir rúnaí cumann na scríbhneoirí
Bileoga eolais á scaipeadh ar Stalinallee
Orthu bhí scríofa go raibh muinín an Rialtais iontu
scriosta ag an bpobal agus
nach raibh de rogha acu ach obair níos déine fós chun é a atógáil.
Nach mbeadh sé níos fusa don rialtas
An pobal a scoir, agus pobal nua a thoghadh?

Bertolt Brecht
An Réiteach

Dialann mo Mháthar


Ní cuimhin liom mórán le Pádraic Breathnach a léamh go dtí. Corr scéal in iris is dócha. Ach mhol go leor daoine, a bhfuil meas agam ar a dtuairimí, an úrscéal seo.

Scéal cliseadh pósta, ó dhialann na mná. Ach sí a hiníon an reacaire, an dialann aimsithe aici blianta fada i ndiaidh bás a máthar. 

Chuir cúrsaí ama mearbhall áirithe orm san léamh. Tá an iníon fásta ag féachaint siar. Tarlaíonn an t-aicsean agus í in aois bunscoile, ach cé nach bhfuil dáta luaite tá eachtraí luaite a léiríonn gur san am i láthair atá rudaí ag titim amach. Tagairt don reifreann comhionannais pósta, abair. 

Ós rud é go bhfuil siar is aniar san insint freisin, thóg sé tamall orm luí isteach leis an scéal. 

Ach is insint chumhachtach brónach corraitheach atá ann. Grá agus dóchas á iompú ina brón fearg agus fuath. 

Léargas Péarla amháin a tugtar. A meon sise. Thug Áine Ní Ghlinn ardmholadh don láimhseáil ar an ngné seo ina léirmheas ar Plé Scéal RnaG. 

Insint dhrámatúil ó suirí, drúis, aontíos i Londain, pósadh, breith páistí. Nodanna thall is abhus go raibh síol achrainn sa chaidreamh - na nodanna níos soiléire ag amharc siar di. Marbhghin. Breitheanna deacra. Easpa cúnamh leis na leanaí. Uaireanta aite oibre. 

Ansin a fhaoistin bean eile a bheith aige. Chun teacht roimh scéal ó fhacthas léi é. 

Bréaga. Cíor thuathail. Cogadh teaghlaigh. Brú. Dlíodóirí. Brón, fearg, faoiseamh. 

Ní léitheoireacht a thabharfadh pléisiúr an éalaithe dhuit an leabhar seo. 

Ach léitheoireacht fiúntach. Ábhar machnaimh. Léargas. 

Máistreacht insinte ag an údar. Foclóir éifeachtach. Rún agam breis leis a léamh, iad a fháil tríd an leabharlann mar a fuair mé an leabhar seo. 

Padraic Breathnach
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441760  










2019-01-17

Auf der Mauer, auf der lauer...

Idir Nollaig is cáisc 1981 bhí mé i mo chónaí le teaghlach gar do Vín san Ostair. Cairde le mo mhuintir. Tumoideachas Gearmáinise. Tá sí agam ó shin.

I 1982 measaim bhuail mé le teaghlach as Beirlín Thiar ar an dtrá i mBun Machan agus thosaigh cairdeas pinn le mac s'acu a bhí bliain nó dhó níos óige ná mé.

I gCáisc na bliana 1983 sílim thug mé cuairt orthu i nGropiusstadt Bheirlín. Árasán ar an 8ú urlár. Móinéir fairsinge le feiceáil ag bun an bhóthair. Iad doshroichte. Bhí An Balla idir mé agus iad. Bhí, deirtear liom, flosc aisteach turasóireachta agus foghlama orm agus chuir siad ar thuras bus soir mé. Liom féin - bhí bac ar Gearmánaigh ar an dturas faofa seo. Níl mórán cuimhne agam air i ndáiríre. Cuimhneacháin Arm na Sóivéide i Treptow. Iarsmalann an Phergamon. Camchuairt bus tríd lár na cathrach. Lón áit éigin. Chaith mé é leis an tiománaí agus an treoraí. Ag amharc siar níl fhios agam ar chothaigh mé deacracht dóibh. Chuile seans go raibh tuairisc le scríobh don Stasi....

Agus mé ar an ollscoil d'oibrigh mé le linn an samhraidh sa Ghearmáin. I 1987 bhí mé ag obair in oibreacha gáis i Recklinghausen. (teagmháil de chuid m'athair). Chuaigh mé ar cuairt ag mo chairde i mBeirlín. An uair seo is de shiúl na gcos a chuaigh mé soir. Bhí mé fós sách saonta. Ainneoin gur chuir an 25 DM a bhí riachtanach le aistriú ag ráta 1:1 poll sách mór i mo sparán tanaí, d'éirigh le fear cuir ina luí orm go bhféadfainn brabach a dhéanamh as airgead a aistriú leis ag ráta níos fearr. Ba eachtrannach mé, bheadh ar mo chumas é aistriú ar ais ag an teorainn. Bréag, ar ndóigh. Gáire fúm ós íseal a rinne lucht a bhainc, fuaire an mhaorlathaigh a léirigh siad dom. Mo chuimhne ná go raibh sé deacair an airgead a chaitheamh. Leabhair theicniúla agus ceirníní ceol clasaiceach a cheannaigh mé. Bhí trócaire ag m'óstaigh thiar liom agus cheannaigh siad na ceirníní uaim chun go mbeadh airgead póca agam!

Bhí mé ar ais i Mean Fómhair 1989. Cara liom ón Ghearmáin Thiar liom. Faoi seo bhí rialacha taisteal athraithe agus cead soir ag daoine as Beirlín Thiar. Cead teoranta. Chuaigh triúr againn soir. Trí scuaine ar leith i Friedrichstraße. Eachtrannaigh (mise), Gearmánaigh agus Berliner. Bhí fanacht fhada ag mo chairde orm. Bhí Ungárach sa scuaine romham. Cúis amhrais do na saighdiúirí de bhrí go raibh an teitheadh thar teorainn tosaithe.
Seachas sin an cuimhne is mó atá agam ná an Alexanderplatz bheith ar maos i bhfhir faoi éide. Arm na Rúise is an DDR. Ní raibh aon chosúlacht air go raibh an balla ar tí titim ainneoin corraíl na "Léirsithe Luain".

Ach thit.

Mí Deireadh Fómhair 1990 thosaigh mé ag obair i Spandau, Beirlín Thiar. Ar oíche an 3ú bhí mé i measc na mílte ar an bhFaiche os comhair foirgneamh an reichstag agus bratach an Phoblacht Chónaidhme á chrochadh i nGearmáin Aontaithe (ag an Deutschmark).

Bhí comhghleacaithe ón Oirthear agam cé gurb mionlach iad. AEG an comhlacht a bhí mé ag obair leo. I ndiaidh cúpla bliain fuair siad seilbh air monarchan dá gcuid san Oirthear a bhí fós i mbun tógáil traenacha. Bogadh soir muid.

Sé sin le rá, bhí an monarchan nua siar ó thuaidh ón seanmhonarchan dáiríre. I Hennigsdorf, baile lasmuigh de Bheirlín.

Roimhe sin bhí cuairt oibre tugtha agam ar Halle agus Schwerin. San oirthear.

Bhí comhghleacaithe ón dá thaobh agam agus chonaic mé pianta fáis an athaontaithe. Greann dóite muintir an Oirthir

Der Fuchs ist schlau und stellt sich dumm
Beim Wessi ist es andersrum

Tá an sionnach glic is cuireann cuma dúr ar féin,
A mhalairt a níonn an iartharach.

Bhí comhghleacaithe liom ar phá níos ísle de bharr gur thoir a fostaíodh i dtosach iad. Ainneoin iad a bheith ar chomhchumas. Agus níor aithníodh a mblianta seirbhíse ar an gcaoi chéanna.

Ní san iarthar amháin a gearradh an Solidaritätszuschlag, an "cáin bhreise dlúphairtíochta". Íocadh thoir freisin an cháin seo a bhí le costais an athaontaithe a íoc.

Chruthaigh an prionsabal Rückgabe vor Entschädigung (athbhronnadh seachas cúiteamh) éagóir go leor, daoine thoir a ndíshealbhú thar oíche as maoin a chuir siad am, dua agus allas ann tar éis é cheannach ón Stáit. Chuir ar a laghad duine amháin lámh ina bhás féin dá dheasca.

Díoladh go leor de bhonneagar tionsclaíochta an Oirthear ar 1 DM siombalach le comhlachtaí aniar. Go hiondúil ní raibh i gceist acu ach fáil réidh le hiomaitheoir.

Is cinnte gur deachtóireacht brúidiúil ab ea an Oirthear, faoi smacht an Stasi, sciath agus claíomh an pháirtí chumannaigh. (nó páirtí aonair an tsóisialachais, ós rud é gur nascadh le lámh láidir an SPD agus KPD thoir).

Ach bhí mórchuid den pobal, an bean a bhfuilim pósta anois uirthi ina measc, tagtha ar détente leis an stáit. Gan amhras, gabhadh ag na péas í mar dhéagóir agus tugadh rabhadh di. De bharr cúrsaí ceoil, bhí sí gar do dream san eaglais Liútarach agus d'iarr sí baiste in aois a 17. Ní raibh an Stáit fabhrach do ghníomh mar é. Marc dubh. Ligeadh di an abitur a dhéanamh ar an gcoinníoll go rachadh sí le múinteoireacht. Níor chríochnaigh sí an chéim. Ba i ciorcail ealaíne a mhair mo mháthair céile agus leasathair mo nuachar. Dream a raibh an Stáit ag suirí leo seal, anuas orthu seal eile.

Níl fonn ar mo mháthair céile amharc ar a comhad a éileamh. B'fhearr léi gan fhios a bheith aici cé a bhí ag cogarnaí céard leis an Stasi fúithi. (agus is cleasach an dream ab ea iad cibé agus ní an fhírinne ghlan atá i gcónaí sna comhaid.)

Mhair mé deich mbliana i mBeirlín.

Thairis sin chuir mé spéis sa stair agus tá litríocht na linne léite agam. Stefan Heym a scríobh ollúrscéal faoi éirí amach 1953. In onóir an Lae sin ba féile náisiúnta thiar an 17 Meitheamh, go dtí athaontú na tíre. Brecht. Christa Wolf. Daniela Dahn, a scríobh faoin díomá a tháinig ar go leor machnóirí thoir nuair a sciob fíoch ar an Deutschmark i measc a gcomhthírigh a bhfís de tríú bealach níos fearr uathu.

Tá léargas maith sna scannáin Sonnenallee, "Berlin, Ecke Schönhauser", "Goodbye, Lenin" agus "Das Leben der Anderen" ar an stair sin.

Cúis an rabharta smaointe seo?

Clár den scoth ar TG4 aréir. An Balla, curtha i láthair ag Síle Nic Chonaonaigh. Agallamh le scata a d'éalaigh nó nár éalaigh agus a d'íoc go géar. Ábhar iontach cartlainne. Radharcanna ó inniu. Carcair Hohenschönhausen an mhíchlú. Tá bua ag Síle daoine a chuir ag caint. Bua a íocann sí praghas air, mar go bhfuil comhbhá inti. Rud a thagann trasna go soiléir sna píosaí tráchtaireachta.

Léargas den scoth sa chlár.

Tarlaíonn sé go bhfuil Gearmáinis agam. Canúint Bheirlín fiú. Rud a d'fhág mé beag beann ar na fotheidil. Is mithid, mar is minic a bhí siad míchruinn. Sin gné de na cláir ar fiú machnaimh faoi. Is maith ann guth na ndaoine féin. Ach is trua gur iomaí Gaeilgeoir a bheidh i dtuilleamaí an Bhéarla chun an scéal iomlán a fháil. Mar a bheidh mé féin agus an Cóiré agus an Phailistín faoi chaibidil.

Sraith ar fiú faire air gan agó.

2019-01-11

Is leor nod don ríomhaire, ach bíodh sé cruinn!

Gan teangacha mharcála, bheadh sé ana dheacair eolas a scaipeadh idir ríomhairí nó go deimhin idir bogearraí éagsúla. Is dócha gurb é HTML, fionnachtain Tim Berners-Lee is cáiliúla. Is é seo an chóras clibeanna a chuireann ar chumas brabhsálaí eolas a léiriú a bheag nó a mhór mar ba mhaith leis an údar.

Ar ndóigh ag an tús bhí an córas úd bunaithe ar thacar charachtar ascii. Ní raibh ar fáil dá réir ach 127 siombail - níos lú nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil roinnt carachtar a raibh feidhm stiúrtha acu i dtús ré na ríomhaireachta.

Úsáidtear < agus > chun imill clibeanna a mharcáil, agus fanann clib i bhfeidhm go ndúntar é. Mar shampla léirítear gach rud idir < strong > agus < / strong > i gcló trom. Tá spásanna breise curtha agam ansin - murach iad ní aithneoidh bogearraí nach clib a bhí i gceist agam. Fágann an ghné sin go bhfuil gá le seicheamh éalaithe chun cuir in iúl do bhogearra nach bhfuil an clib i gceist ach an carachtar féin. I HTML feidhmíonn & agus ; móide giorrúchán chun an comhartha a chur in iúl, i & lt ; ar son <.

Róimh ré Unicode agus UTF-8 ba ghá amhlaidh a dhéanamh chun guta fada a chuir in iúl. & aacute ; a sheas do á, abair. Anois is iondúil go mbíonn an téacs ionchódaithe i UTF-8.

Ar an idirlíon is mó a úsáidtear HTML, do leathanaigh idirlín. Ach úsáidtear é freisin chun cló a leagan amach i roinnt cláracha java. Tá sé úsáidte agam féin le déanaí i sreabhchairteanna sanasaíochta.

Scríobhaim giotaí beaga HTML agus mé ag blagadóireacht. Bíonn táblaí tábhachtach go háirithe ar an mblag Rogha Gabriel.

Ach tá réimse táscanna i bhfad níos leithne ina bhfuil teanga marcála éifeachtach chun eolas a scaipeadh idir ríomhairí agus bogearraí.

Bhíodh mé ag úsáid léitheoir Google chun súil a choinneáil ar bhlaganna. Bhí sin bunaithe ar chóras atá fós in úsáid ag Blogger agus ardáin eile - RSS nó really simple syndication (fearacht mórán rudaí eile in iarthar fiáin na ríomhaireachta tá cúpla míniú eile ar an ngiorrúchán).

Blogh beag XML, leagan níos solúbtha de HTML atá sna comhaid RSS. Seasann XML do eXtensible markup language. Aris braitheann sé ar chlibeanna ach nach bhfuil srian ar a n-ainmneacha agus feidhm mar atá i HTML. Chomh fada agus go dtuigeann an léitheoir (daonna nó ríomhaire) an chlib, tá sé úsáideach.

Tá buntáiste le formáid mar seo go bhfuil siad inléite (ach is annamh iad a bheith soléite) ag duine agus gur féidir iad a leasú dá réir. Ach i ndáiríre is iondúil gur bogearraí a bhíonn ag plé leo agus tá scata uirlis is leabharlann a oibríonn leo.

Fearacht aon rud ina bhfuil ríomhaire i gceist áfach is gá cruinneas a bheith ann. Mura dúntar clib i gceart, beidh praiseach mar thoradh. Murab ionann agus duine, níl ríomhaire nó bogearra go maith ag líonadh bearnaí éiginnte. Tá feabhas a dhéanamh ag intleacht shaorga sa réimse seo gan amhras.

Feicim roinnt mhaith XML i mo chuid oibre de bhrí go mbaintear feidhm as chun bogearra a chóiriú do mhisean ar leith. Aistrítear na paraiméadar ó bhunachar sonraí go dtí na bogearraí éagsúla sa spás agus ar talamh trí bhíthin XML.

Is maith ann nodaireacht cuanna soiléir don ríomhaire. Cabhair atá ann gur féidir le hinnealtóir é léamh.

Nod don eolach!

2019-01-10

Tráchtaireacht

Die Zeit zu schildern, ist eure heilige Pflicht.
Erzählt die Taten! Beschreibt die Gesinnungen!
Nur, kränkt die Schornsteinfeger nicht!
Und kränkt die Jäger und die Briefträger nicht!
Und kränkt die Neger, Schwäger, Krankenpfleger
Und Totschläger nicht!
Sonst beschweren sich die Innungen.

                                       Erich Kästner

Bhur dualgas naofa is ea léargas a thabhairt ar an am i láthair.
Inis na gníomhartha. Léirigh na meoin.
Ach ná maslaigh na glantóirí simné!
Agus ná maslaigh na sealgairí ná na daoine poist!
Agus ná maslaigh na gormáin, na cliamhain, na haltraí,
Ná na dúnorganóirí!
Nó beidh na cumainn ceirde ag clamhsán.