2022-02-02
Tréanna eile
Muire Mháthair agus Naomh Bríd
| Toirbheart Íosa sa Teampall Fra Angelico (Foinse) |
1 Níl mé cinnte faoin focal seo - ar a sheachaint an brí, b'fhéidir. Tá caomhaint san chnuasach Focail Fholaithe Táim buíoch do Conchúr MagEachain as an nod.
2022-02-01
Muire na nGael
Religiosa quaedam vidua in proximo vico habitans postulavit a patre eius, ut sancta Brigida secum exiret ad synodum, quae collecta erat in campo Liffi; et a patre permittitur et illae egressae sunt viam. Tunc vir quidam sanctus in synodo dormiens vidit visionem et surgens ait: “Vidi Mariam et quendam virum stantem cum ea, qui ait mihi: Haec est sancta Maria, quae habitabit inter vos.”
Et cum haec vir sanctus narrasset in synodo, statim supervenit vidua cum sancta Brigida. Tunc vir sanctus dixit: “Haec est sancta Maria, quam vidi; quia formam illius manifeste cognosco.” Tunc omnes glorificaverunt eam quasi in typo Mariae.
D'iarr baintreach naofa a mhair sa cheantar ar a hathar go dtionlacódh Brighid í chuig an sionad a bhí tagtha le chéile i Má Life; agus thug a hathar cead agus chuir siad chun bóthair. Ansin bhí fear naofa a raibh fís aige agus é ina chodladh, agus nuair a dhúisigh sé dúirt "Chonaic mé Muire agus fear a seasamh lena hais, a dúirt liom: Seo í Muire, a mhairfidh in bhur measc".
Agus nuair a bhí an fear naofa á insint seo don sionad tháinig an bhaintreach agus Naomh Brighid in éineacht léi. Ansin dúirt an fear naofa: "Seo í Naomh Muire a chonaic mé; aithním a cuma agus a cló." Mar sin thug siad uile glóir di mar shamhail Mhuire.
Fecht n-aile iar sin senior caillige craibdigi baí hi fochruib du thig Dubthaig esestair in n-í Brigti do thecht do accallaim .xx.vii et noeb Lagen i n-oen-dail. Is si h-uair in sin ad-chuaid epscop Ibuir isin dail aislinge ad-condairc ind aithchi riam. ‘Anda lem’, ol-se, ‘ad-condarcc ind nocht Mairi n-Ingein im chotluth, & ar-rubart frim alali clerech sruith: ‘Hæc est Maria quæ inter vos habitet’’. Is and do-luid in challech & Brigit don dail. ‘Hæc est Maria quæ a me in somnis vissia est’. Fordo-eracht iarum æss inna dalae & lotir dia l-laim. Do- bertatar bennacht furi-si. Is ann dí ro-boí in dal ubi nunc est Cell Dara, ibique episcopus Ibor fratribus ait: ‘Hic locus cælo patet, ditissimusque omnium tota insola erit; hodieque ad nos puella cui a Deo præparatus est veniat quasi Maria’. Factum est ita.
Feacht eile ina dhiadh sin d'iarr cailleach cráifeach a raibh cónaí uirthi gar do thí Dubhthaigh ar Bhrighid teacht chun agallamh leis seachtar fichead naomh Laighin in aon dáil. Is ar an uair sin díreach a bhí an tEaspag Ibor ag insint don dáil faoin aisling a chonaic sé an oiche roimhe sin. "Shíl mé" ar sé "go bhfaca mé an Mhaighdean Mhuire i mo chodladh anocht, agus dúirt cléireach sruith áirithe liom: 'Sin í Muire a mhairfidh in bhur measc'". Ansoin díreach a tháining an chailleach agus Brighid isteach sa dáil. "Sin í Muire a chonaic mé i m'aisling". D'éirigh cách sa dáil agus labhair siad léi. Bheireadar beannacht di. Sé an áit a bhí an dáil ná san áit a bhfuil Cill Dara anois, agus dúirt an tEaspag Ibor lena bhráithe "Tá an áit seo oscailte chun na flaithis, agus beidh sé ar an áit is saibhre san oileán uile; agus inniu tiocfaidh cailín chughainn atá réitithe ag Dia, i riocht Mhuire". Agus is amhlaidh a bhí.
Aguisín: bhí orm an bhlagmhír seo a choigeartú - bhí Cogitosus luaite agam leis an sliocht laidine, botún a bhí ansin. Bhí mé ag amharc ar thráchtas ina bhfuil an dá bheatha á chíoradh.
Brighid .i. banfhile iníon an Dagda
| Le Yaxu CC BY-SA 4.0, Nasc |
Ó Sanas Chormaic - anseo Y.150
Brigit .i. banfile ingen in Dagdai. is eiside Brigit baneceas (ł be neicsi) .i. Brigit bandee noadradís filid. arba romor ⁊ baroán afri thgnam. is airesin ideo eam (deam) uocant poetarum hoc nomine cuius sorores erant Brigit be legis Brigit bé goibnechta .i. bandé .i. tri hingena in Dagdai insin. de quarum nominibus pene omnes Hibernenses dea Brigit uocabatur. Brigit din .i. breoaigit ł breoṡaigit.
Brighid .i. banfhile iníon an Dagda, is é sin Brighid banéigeas nó bé éigse, .i. Brighid an bhandia a adhraíodh filí, ór ba rómhór agus ba ró án a friochnamh. Is dá bhrí sin a ghlaotar Bandé na Filíochta uirthi leis an ainm seo arbh iad a deirfiúracha Brighid bé leighis agus Brighid bé gaibhneachta, .i. bandéithe .i. trí iníon an Dagda a thug gach Éireannach Brighid ar bhandia. Brighid mar sin breo-saighead.
Nua Ghaeilge liomsa bunaithe ar Bhéarla Whitley Stokes
Naomh Brighid ógh, banab Chill Dara d'éag
| Brighid ó Séipeal Non, Tyddewi, Cymru. Le Wolfgang Sauber, CC BY-SA 3.0 |
Aois Criost, cuig céd fiche a cuicc.
S. Brighit ogh, banab Chille Dara d'écc. As di-sidhe cetus ro h-iodhbradh Cill Dara, & ba lé con-rodacht. As í Brighit tra ná tucc a meanmain ná a h-inntheifimh as in coimdheadh eadh n-aonuaire riamh acht a siorluadh, & a siorsmuaineadh do grés ina cridhe & menmain, amhail as errderc ina bethaidh fein, & i m-bethaidh naoimh Brenainn, espucc Cluana Ferta. Ro thochaith imorro a h-aimsir acc foghnamh go diochra don coimdhe, ag denomh fert & miorbhal, ag slánucchadh gach galair & gach tedhma archena, amhail aisnéidhes a betha, go ro faoidh a spirat do chum nimhe, an céd lá do mí Febhru, & ro h-adhnacht a corp i n-Dún i n-aon-tumba la Patraicc, co n-onoir & co n-airmidin.
Aois Chríost cúig chéad déag fiche cúig.
Naomh Brighid ógh, banab Chill Dara d'éag. Is uirthi a bronnadh Cill Dara agus is í a bhunaigh. Is í Brighid nár bhain a meanma ná a rinnfheitheamh den gCoimdhe ar feadh oiread agus uaire riamh ach í ag síorlua agus ag síorsmaoineamh air ina croí agus a meanma mar is léir óna beatha féin agus i mbeatha naoimh Bhréanainn, Easpag Cluain Fhearta. Thug sí a saol iomlán ag fónamh go díochrach don gCoimdhe, ag déanamh fearta agus miorúiltí, ag leigheas gach galar agus teidhm, amhail a fhaisnéiseann a beatha, go dtí gur ghéill sí a spiorad do neamh an chéad lá de Mí Feabhra, agus adhlacadh a corp i nDún in aon tuama le Pádraig, le honóir agus le hoirmhidin.
Coirmlinn mór do rí na ríthe
| Le Livre des conquêtes et faits d’Alexandre, Paris, musée du Petit-Palais, folio 86 recto 15ú Céad |
| Ropadh maith lem cormlind mór do rígh na rígh; muinntir nimhe aca hól tre bithe sír. |
Ba mhaith liom coirmlinn mór do rí na ríthe muintir neimhe ag ól trí bithe síoraí |
| Ropadh maith lem taurte1 creitme, crábaid glain; ropadh maith lem sústa etla oc mo threib. |
Ba mhaith liom creideamh íon, crábhaidh glan ba mhaith liom suaiste aithrí ag mo theach |
| Ropad maith lem fir nimhe im thegdais féin; ropadh maith lem dabcha amneit do a réir. |
Ba mhaith liom fir neimhe i'm theaghlach féin ba mhaith liom dabhcha síth faoi réir dóibh |
| Ropadh maith lem lestru déirrce do dáil; ropadh maith lem escra trócaire dia dáimh. |
Ba mhaith liom leastair déirce le dáileadh ba mhaith liom cuacha trócaire le roinnt |
| Ropadh maith lem soichell do bith ina luss; ropadh maith lem Ísu beos do beith i fuss. |
Ba mhaith liom soicheall a bheith ina n-ól ba mhaith liom Íosa freisin bheith abhus |
| Ropadh maith lem na teora Mairi, miad a clú; ropadh maith lem muinntir nime da cech dú. |
Ba mhaith liom na Triúir Mhuire, mór a gclú ba mhaith liom muintir neimhe as gach cearn |
| Ropadh maith lem corbam císaige don flaith; mad chess imned forsa tipredh bendacht maith. |
Ba mhaith liom bheith i'm chíosaí don flaith más ghearrfadh cíos orm bronnfadh freisin beannacht maith |
1 Níor aimsigh mé taurte i DIL. Measaim áfach gur "tur" atá ann - féach http://dil.ie/40242 => http://dil.ie/42477
2022-01-31
Maidhc abú
| Maidhc. 1957 Maidhc abú 1960 Maidhc bleachtaire 1961 Maidhc sa Danmhairg 1968 |
2022-01-29
Scéinséir síceolaíoch scanrúil sochreidte
2022-01-28
Otherland
| Le Mintz_l - grianghraif féin, Fearann poiblí, Nasc Tá ǀKaggen na San lárnach i scéalta !Xabbu |
2022-01-24
Saol nua misniúil
2022-01-22
Béascna agus líonraí na litríochta
2022-01-21
Tabhair aird ar ara seancharbaid
| Athchruthú ar charbad ó Musaém Hallein Wolfgang Sauber, CC BY-SA 3.0 |
Aranécath arid sencharpait.Ar nícon chotli are senḟonnith.Remi déci, íarmo déci, tair sceo desiul sceo túaithbiul.Deéci, imdích, imdídnathar, arna bóco foill na forráin fonnath fodrethat.Tugadh sé aird ar ara seancharbaidÓir ní chodlaíonn ara seanfheadháinFéachann roimhe, féachann ina dhiaidh,agus ar aghaidh agus deiseal agus tuathalFéachann, imdheaghlann, díonann, chun ná briseadh sétrí faillí ná foréigean na feadháin a ritheann faoi
Sliocht as Audacht Morainn, aimsithe anseo ó ollscoil Texas.
2022-01-19
Briathartheagasc Chon Chulainn
| Bríatharthecosc Con Culaind inso. | Briathartheagasc Chon Chulainn anseo |
| ‘Nírbat taerrechtach debtha déne dóergairce.’ | Ná bí i do ghríosaitheoir deafa déine daorga! |
| ‘Nírbat díscir doichlech díummasach.’ | Ná bí díscir doicheallach díomasach! |
| ‘Níbbát ecal ocal opond esamain.’ | Ná bí eaglach tógálach obann dásachtach! |
| ‘Nípát tairne ó main mandartha mesctha.’ | Ná baintear tuisle asat ag milleadh meisceach! |
| ‘Níbat dergnat cholla coirme h-i tig rurech.’ | Ná bí i do dreancaid chollaí choirme i dtigh ruirí! |
| ‘Níbat ilfhurig im írad n-echtrand.’ | Ná fuirigh um ionradh eachtrannaigh! |
| ‘Ní sáis daíne dochla díchumaing.’ | Ná tóraigh daoine díchlúiteacha díchumhachtacha! |
| ‘Ní íadat iubaili for étechti ail.’ | Ná bunaítear tréimhsí dlí ar aindlí! |
| ‘Airliter cumni cóich comarbai cré.’ | Céadaítear cuimhní chun comharba cré a chinntiú! |
| ‘Cuibsigter senchaid sin co fírinne fíu h-it fhíadnaisi.’ | Ceistítear seanchaithe le fiúntas fírinne i'd fhianaise! |
| ‘Finnatar brethamain bráthir scéo m-broga.’ | Fiosraíodh breithúna ceisteanna gaoil agus maoine! |
| ‘Mrogatar genelaigi gésci úa genither gein.’ | Leathnaítear na ginealaigh nuair a rugtar leanaí! |
| ‘Gairter bí, béoaigter fri óethu airm irro trebsat mairb .’ | Gairtear na beo, agus athbheoigh na mairbh de bhithín móide san áit ina raibh cónaí orthu! |
| ‘Maínigter comarbai fora théchtu thoich.’ | Maoinítear comharbaí de réir a n-oidhreacht cuí! |
| ‘Tochomlúat anfini coa nemthe nert.’ | Cuiridís siúd nach den bhfine iad a pribhléid in iúil! |
| ‘Ní fresnesea co labur.’ | Ná freagair go foclach! |
| ‘Ní aisnéisea co glórach.’ | Ná fiafraigh go glórach! |
| ‘Ní fuirse. Ní chuitbe. Ní faithchither senóri.’ | Ná déan fonóid ná ná bí ag fáireach ná ag imeaglú seanóirí! |
| ‘Nípá míthomtinach ó neoch.’ | Ná bí faoi drochmheas ag aon neach! |
| ‘Ní géis co ansa.’ | Ná héiligh go dian! |
| ‘Ní ettis nech cena domanches.’ | Ná heitigh neach seachas más neamhfhóinteach é! |
| ‘Caín-ois. Caín-éra . Caín-airlice.’ | Bí caoin i do thairisicint, is do bhronnadh agus i dtabhairt iasachtaí! |
| ‘Bát umal múnta ó gáethaib.’ | Bí umhal do mhúineadh ó ghaoithe! |
| ‘Bat cumnech coisc ó t-senaib.’ | Bí cuimhneach ar choisc ó sheanóirí! |
| ‘Bát seichmech ríagla athardai.’ | Bí airdeallach ar rialacha aithreacha! |
| ‘Nípat úarchraidech im chardiu.’ | Ná bí fuarchroíoch le cairde! |
| ‘Bat gusmar im náimtiu.’ | Bí gusmhar le naimhde! |
| ‘Nípa frithenech debtha h-i tilchomraicib.’ | Ná cuir i gcoinne díospóireacht i dtionóil! |
| ‘Nírbat scélach athchossánach.’ | Ná bí scéalach achasánach! |
| ‘Ní fáisce. ‘Ní thaisce inní ba torba’ | Ná fáisc is ná taiscigh, ní bheidh tairbhe ann! |
| ‘Consecha do chúrsachad i n-gnímaib antechtai.’ | Coinnigh guaim ar do chasaoid i leith gníomhartha atá cuí! |
| ‘Ní chomainse th' írinne ar thoil daíne.’ | Ná satail d'fhírinne ar thoil daoine eile! |
| ‘Níba tathboingid ar nárbat aithrech.’ | Ná buail gan gá chun ná beadh aithríochas ort! |
| ‘Níbat comromach ar nábat miscnech.’ | Ná bí comhlannach chun ná beadh tú miscneach! |
| ‘Nírbat lesc ar nárbat meirb.’ | Ná bí leisciúil chun ná beadh tú marbh! |
| ‘Nírbat róescid arnábat dóescair.’ | Ná bí tobann chun ná beadh cuma daoscair ort! |
| ‘Ardotchuibdig fri sechem na m-bríathar sin, a meic!’ | Glac le seicheamh na briathra seo, a mhic! |
Bríatharthecosc Con Culainn in the Context of Early Irish Wisdom-Literature. / Fomin, Maxim. In: Ulidia 2: Proceedings of the Second International Conference on the Ulster Cycle of Tales, Maynooth 24-27 June 2005, Vol. 2, 05.04.2009, p. 140-172.
2022-01-11
Bleachtaire
bleachtaire (“Bladderer”) a wheedler
Chuaigh mé ag tochailt agus tháinig mé ar an dá iontráil seo i Sanas Gaoidhilge-Sagsbhéarla le O'Reilly:
bleachtaire: duine a bhlíonn ba.
bleachtaire: bladaire, cealgaire; duine a dhéanann iarracht do mhuinín a fháil trí caint deisbhéalach ar mhaithe leis féin.
Measaim féin gur eascair an dara brí as bléan (eolais) agus gur tháinig an chiall "duine a lorgaíonn fios fatha scéil (coiriúil)" as sin.
Le tús an chéid seo caite a bhaineann formhór na tagairt i gCorpas Foclóir na Gaeilge - feictear dom gur péas atá i gceist sna tagairtí ar fad beagnach.
I Foclóir L.S. Gógan tá
Tá nod gur deacair dom a léamh leis - Blask Iris VIII .58 b'fhéidir? Tá téacs eile faoi atá scriosta amach.
In eagrán 1927 d'fhoclóir an Duinnínigh tá :
bleachtaire, g. id., pl. -rí, m., a milker,a dairyman, a milk-dealer ; a wheedler; a detective (rec.).
Bhain Pádraig Ó Conaire feidhm as an bhfocal Bleachtaire, mar shampla, i Bé an tSiopa Seandachta sa leabhar Seacht mBua an Éirí Amach.
An sampla is luaithe atá faighte go dtí seo againn ná san scéal Bean an Leasa le Pádraig Ua Séaghdha a foilsíodh in Irisleabhar na Gaedhilge Iml 9 in 1899.
“Bleachtaire is eadh thu, bhí amhras agam ort le mí nó mar sin,” ar sí. “Ó, ná bac sain de,” ar sé, “beidh aimsir ár ndóthain againn le trácht thar na gnóthaidhibh sin ar ball; tá cumhdach id' bhrollach agat, agus atá na clocha uaisle ann is dócha? Sín annso chugam iad, acht fan go fóil, tógfad féin iad.”
Níl aon ceannfhocal do Bleachtaire i Croidhe Cainnte Ciarraighe le Seán Óg Ó Caomhánaigh (An Cóta) ach tá sé úsáidte go minic sna habairtí samplacha, agus an ciall reatha leis.
De réir má thagann mé ar bhreis eolais cuirfidh mé leis an nóta seo é.
2022-01-01
Iarsmaí na Teanga
2021-12-29
Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha...
2021-12-22
Cothú anama na coille
2021-12-18
Uraiceacht na Giolcaireachta
*Sinéad (@gobblefunkerr) a chum an téarma meabhrach Twaithne ar an aithne a chuirtear ar dhuine ar Twitter.
2021-12-14
Altai
2021-12-12
Sna spéartha thuas, tá banc dramhaíl - is ní iontaisí an tsaoil atá ann!
| Foinse: ESA |
De réir uimhreacha:
- Líon roicéid lainseáilte ó thús Ré an Spáis i 1957: Thart ar 6120 (teipeanna as an áireamh)
- Líon satailít curtha i bhfithis ag na roicéid sin: Thart ar 12170
- Líon fós sa spás: Thart ar 7630
- Líon fós i bhfeidhm: Thart ar 4700
- Líon píosa bruscair atá á rianú ag na Líonraí Faire Spáis agus atá ina gcatalóg: Thart ar 30110
- Líon measta bristí, pléascanna, tuairteanna nó eachtraí aimhrialta a raibh smionagar mar iarmhairt orthu: breis agus 6230
- Mais iomlán de rudaí saorga i bhfithis na cruinne: Breis agus 9600 tonna
- Meastachán ar an líon iomlán píosa smionagar i bhfithis trí samhlacha staitistiúil
- 36500 píosa níos mó ná 10 cm
- 1000000 píosa idir 1 cm agus 10 cm
- 330 milliún píosa idir 1mm agus 1 cm
2021-12-11
Robinson Crusoe óg Éireannach
2021-12-06
San Nioclás de réir an Bhráthair Ainglí
2021-12-04
Ifreann spleáchas
![]() |
| Ó XKCD |
Téarma atá coitianta i measc lucht ríomhaireachta - agus aistrithe ag an gCoiste Tearmaíochta!
Ifreann Spleáchas, cad é?
Ní hansa.
Cé gur chaith mé formhór mo chuid ama ag plé le bogearraí neadaithe, diaidh ar ndiaidh, tá an castacht a bhíonn i gceist le ríomhaírí níos mó ag sleamhnú isteach i gcóras na bogearraí neadaithe - agus ar aon nós, bíonn na huirlisí atá in úsáid agam ag feidhmiú ar ríomhairí níos mó. Mar sin, tá corr turas tríd Ifreann Spleáchas tógtha agam, agus corr dó faighte agam!
Is annamh anois go mbíonn ríomhchlár - fiú i ríomhaire neadaithe - ina phíosa amháin, neamhspléach ó ríomhchlár eile. (B'amhlaidh a bhí ag tús mo ghairm beatha).
Tá cúis simplí le sin - bíonn rudaí áirithe is gá do gach ríomhchlár a dhéanamh, agus is fearr an cód sin a athúsáid. Cuirtear an cód i "leabharlann". Sa mhullach ar sin, is minic go mbíonn "córas oibriúcháin" ann, a chuireann seirbhísí ar fáil do na ríomhchláir - agus is iondúil anois go mbíonn níos mó ná ríomhchlár amháin ag obair ar ríomhaire, agus an córas oibriúcháin ag roinnt na hacmhainní orthu. Tá se ag éirí níos coitianta freisin go mbíonn níos mó ná aonad próiseála amháin í ríomhaire agus an córas oibriúcháin freagrach as na hacmhainní sin a roinnt. Mar sin bíonn sraitheanna agus sraitheanna de chód ann idir an feidhmchlár agus an feidhm críochnaithe.
Tá buntáiste ann an cód seo a úsáid, feidhm a bhaint as leabharlann atá deartha agus profa. Ar ndóigh, d'fhéadfadh gach ríomhchlár an chód seo a choipéail - ach chaillfí go leor den buntáiste, mar nach mbeadh fáil éasca ar cheartúcháin. (Bhí an fhadhb sin agam go luath i mo ghairm, nuair a bhí meitheal againn ag obair ar rudaí gaolmhara, bunaithe ar cóipéail agus leasú - is minic gur réitigh daoine éagsúla an fhadhb céanna ar bhealaí éagsúla - go háirithe nuair a bhíomar amuigh ar na traenacha seachas san oifig ag cumarsáid le chéile - diaidh ar níos d'fhás na difríochtaí gan chúis. Ach sin scéal eile).
Mar sin, baintear feidhm as leabharlanna. An chéad céim eile ansin, go háirithe ar ríomhairí móra, ná bealach a fháil na leabharlanna seo a roinnt, seachas go mbeadh a chóip féin ag gach ríomhchlár. Tugtar DLL (dynamically linked library) ar seo ar Windows; agus SO (shared object) ar Linux.
Agus sin oscailt geataí Ifrinn Spleáchais...
Toisc go mbíonn na leabharlanna sin ag brath ar leabharlanna eile. Agus go mbíonn na leabharlanna féin ag forbairt. Scaití bíonn ríomhchlár - nó leabharlann - ag brath ar iompar nach raibh iomlán ceart i leabharlann. Má leasaítear an leabharlann, bristear an ríomhchlár a bhí ag brath air.
Ar ndóigh, is féidir go hiondúil leagan áirithe do leabharlann a éileamh. Ach ciallaíonn sé sin go mbíonn roinnt leaganacha den leabharlann céanna ar an ríomhaire, uaireanta ag teacht salach ar a chéile....
Bíonn uirlisí ann chun iarracht a dhéanamh na spleáchais seo a choinneáil faoi smacht, agus go minic oibríonn siad go maith (go háirithe má tá an ríomhaire nasctha leis an idirlíon, agus fáil dá réir ar an leagan cuí. Mura bhfuil, beidh an úsáideoir gnóthach ag aistriú comhaid...).
Ach nuair a theipeann ar na huirlisí seo bíonn an obair le déanamh ag an úsáideoir d'fhonn an fhadhb a réiteach - nó é a aithint fiú, mar ní gá go mbeadh an chúis gur theip ar an ríomhchlár follasach, nó fiú measartha éasca a aithint.
Agus is ifreanda an tóraíocht go minic!
2021-11-30
An Flaitheartach eile
Aguisín: Maidir leis an teideal, phléigh mé le hAedín at Twitter é - "Is tonn ar leith [an Bhrachlainn Mhór] a bhriseann amach ar chósta Chill Mhuirbhí ar Árainn Tonn uisce. Tá áit píosa maith amach ón trá ina n-éiríonn an t-uisce níos tanaí agus briseann na tonnta amuigh ann. Sin mo thuiscint agus d'aontaigh fear anseo ar Inis Meáin liom"



