Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-29

Scéalta idirnáisiúnta, tugtha cois teallaigh sa Chré Dhubh


Cheannaigh mé an leabhairín seo de chuid Joe Steve sa siopa leabhar. An togra deireadh dá chuid. Sean scéalta iontais, inste mar a chuala sé féin iad ach a chasadh féin bainte aige astu. 

An Táilliúirín Glic
Trí Ribe as Giall an Diabhail
Giolla na Leisce
Úllaí na Nuns
Spailpínteacht

Scéalta idirnáisiúnta iad seo - mar a scríobh mé anseo cheana, tá nós againn faire ar scannáin de leithéid go measartha rialta ar theilifís na Gearmáine, agus tá carn leabhar scéalta iontais as Gearmáinis agam. Agus tá leagan de gach scéal thuas léite nó feicthe agam iontu. Fearacht amhráin, bíonn dhá leagan déag ar a leithéid. Ar a laghad. 

Bua leaganacha seo Joe Steve an chaint chraicneach agus an ghreann, sin agus as chasadh áitiúil mar a dhéanann seanchaí maith chun a lucht éisteachta a mhealladh. Is maith ann na leaganacha seo, dóibh siúd atá ag foghlaim ceird na scéalaíochta ó bhéal. Mar a theagasc Joe Steve dá chlann agus clann a chlainne, agus é sin le léamh ar an réamhrá a chuir siad leis an leabhar beag seo. 

Is iomaí comaoin a chuir Joe Steve ar Ghaeltacht na Leabhair, agus is méaróg ghleoite ar a charn an leabhairín seo. 

Joe Steve Ó Neachtain 
Cló Iar-Chonnacht



Creimhfheis


l. ma ro metha[d] crimés . . . .i. antan ticc in crimh .i. féis do berur a naimsir in creamha don flaith .i. maothla ┐ loim,

Más amhlaidh a theip ar an gcéile (i. Duine atá spléach ar thiarna)an chrimḟeis a thabhairt … .i. an uair a thagann an creamh .i. féasta a bheirtear/thugtar in aimsir an chreamha don fhlaith .i. cáis/bánbhia agus deoch/bainne. [gearrtar fíneáil air] 

Féach eDil https://dil.ie/12849 (agus buíochas le Dennis as Gaeilge na linne seo a chur ar dom). 


Um an dtráth seo gach earrach bíonn brat creimhe faoi bhláth sa choill ina dhéanaim mo shiúlóid rialta maidine. Agus cumhracht creimhe san aer. Ach téann barraíocht madraí ag siúl sa choill, agus tá sé faoi eochair méaróige de mhór bhóthar ar aon nós. Mar sin, níl sé de mhisneach aon chuid díobh a phiocadh. Ach dé Sathairn seo caite bhí siúlóid treoraithe tríd Coillte Altidore, eastáit mhór atá beagáinín níos faide ón mbóthar mór, agus atá príobháideach agus ciúin dá réir. Feirm orgánach, caoirigh den gcuid is mó. Pór ar leith Breatnach atá dubh go hiondúil. 
Bhí an creamh flúirseach ansin freisin, agus le cead an úinéara bhailigh mé thart ar punt meáchain de dhuilleoga agus bláthanna. 

Rinne mé próca Pesto, leathphunt  im gairleoige, agus ansin le fuílleach na duilleoga gratin - chuir mé meascán de spionáiste agus creamh ann, prátaí agus lardons bagúin. 

Le cuid den pesto réitigh mé mias le Gnocchi (le Zucchini in áit an spionáiste) , agus tá cúpla soitheach bheag pesto san reoiteoir anois. Is féidir an Pesto a chuir ar arán freisin gan amhras. Agus rinne mé arán gairleoige leis an im chun dul leis an mias. 

Inné rinne mé Sicín Cív le sciar eile den im gairleoige. 

Sin trí dhinnéar blasta as cúpla nóiméad piocadh. Abair Creimhfheis! 







2023-04-28

Imram


Cnuasach láidir gearrscéalta anseo ó Róise Ní Bhaoill. Taisteal i gceist le sciar acu. An duine i ngleic lena chinniúint iontu ar fad. Lón machnaimh iontu. 

Is beag scéal a léigh mé a bhfuair mé boladh an oilc uaidh chomh mór agus a fuair ó Seomra 393. Homo mulieri lupus...
Tá a leithéid de chreachadóirí ann áfach, agus tá insint máistriúil sa scéal air. Gan an ainghníomh léirithe fiú, tuigeann an léitheoir méid an oilc. 

Tá léargas i scéal eile ar phian an duine de shliocht inimirce a thugann cúl le nós an chine ar mhaithe le cloí le saoirse a baile nua. Nó pian an teifigh. Taithí an deoraí. 

Tá na scéalta snasta fuinte. Beidh mé ag filleadh orthu, measaim, mar beidh doimhneacht nua le haimsiú ar gach léamh. 

Mar is dual d'Éabhlóid, tá snas ar an leabhar féin. Agus tá a cheart tugtha do Ghaeilge shaibhir Rann na Feirste! 

Róise Ní Bhaoill 
Éabhlóid 
ISBN: 978-1-914482-03-8

2023-04-27

Gluaiseacht

Bhí an leabhar seo le bheith faoi chaibidil ag Club Leabhar Chlub an Chonartha. Bhí sé léite fadó ó shin agam, cóip ceannaithe nuair a bhí an mac is sine ina dhéagóir. Ach nuair a bhí ar an déagóir reatha é a "dhéanamh" don teastas sóisearach, theip orainn é aimsiú san L-spás, agus b'éigean cóip nua a cheannach. Ní raibh an déagóir reatha tógtha leis. Ach bhí cúis spéisiúil acu leis sin. "Rinneadh" ar scoil é mar staidéar ar an scéal, agus le hoide nach raibh ró thógtha leis an leabhar ná leis an Titlíoch. (Cuireann a chleasaíocht focail daoine áirithe ó dhoras, ar ndóigh. Bhí mé féin patuar faoi ag tús.). B'fhearr go mór dar leis an déagóir an leabhar a scagadh trí lionsa an "chomhrá", eadhon, an comhrá atá an Titlíoch ag iarraidh spreagadh faoi teifigh. Tá gaois ansin dar liom, agus má tá sé le "déanamh" ar scoil, ba cheart don rang OSSP a bheith gafa leis seachas nó sa bhreis ar an rang Gaeilge. 

Tá an reacaire gan ainm sa scéal ag síor ghluaiseacht, á thiomáint ag fórsaí nach bhfuil smacht ná tuiscint orthu. Cuirtear, ag tús an scéil, ar triail ar uisce é chun an tobar atá achar maith ón sráidbhaile. Obair míchuí, dar leis, do bhuachaill, ach níl neart air. Ní castar na cailíní air ag an tobar - bhí eagla orthu faoina magadh siúd. Ní castar éinne air. Nuair a filleann sé, tá an sráidbhaile bánaithe roimhe, diomaite de chorp roinnt madra. A gcloigne pollta ag urchair.... 

Teitheann sé. Ach níl tearmann i ndán dó. Céim ar chéim, tríd lámha daoine, seoltar ar aghaidh chun na hEorpa é. An bás gar dó i dtólamh. Tógann cailín faoina cúram é, agus scuabtar an dís ar aghaidh. Scartar sa deireadh iad - níl an t-ádh riachtanach ag an reacaire. 

Is cinnte go bhfuil ábhar "comhrá" sa leabhar. Ní luaitear áit ar bith ann. Ní luaitear ainm le mórán gníomhaí ach oiread. Ní gá, mar is scéal uilíoch teifigh atá ann. Tá na heachtraí uilig tarlaithe, arís is arís - cé nach dócha gur tharla chuile ceann acu do dhuine aonair ar leith. 

Fágann Titley an cleasaíocht focail ar lár san leabhar seo, atá dírithe ar dhéagóirí. Tá an scéal soléite (ach gruama, rud a chuireann as an áireamh é mar scíthléitheoireacht, go pointe). Níl Titley i mbun seanmóireachta áfach. Taispeánann sé dúinn cad a tharlaíonn dá reacaire. Fúinne an bhreith agus an tuiscint. 

Mar a tharlaíonn, bhí mé ar thuras gnó agus dá réir ní raibh deis agam plé a dhéanamh ar an leabhar ag an gclub. Bheinn fiosrach faoi tuairimí daoine eile. 

Dúshlán mór ár linne san Eoraip plé ceart le teifigh. Atá ag gluaiseacht de dheasca iarmhairtí ár ngníomhartha, stairiúil - coilíneachas agus reatha - athrú aeráide agus tionscadail na hairm. 

Tá dualgas orainn. 
 



Alan Titley
An Gúm 
ISBN 13: 9781857917550

Aislingí agus tromluí máithreachais

Is follasach nach máthair mé. Tá an taithí sin, atá fréamhaithe sa cholainn, iata orm. Ar ndóigh is tuismitheoir mé, bhí mé i láthair nuair a rugadh mo chlann agus tá mo sheacht sháith clúidíní cáidheacha athraithe agam. Nílim dall ar imní agus áthas an chúram. Ach tuigim go bhfuil réimse taithí nach bhfuil agam. Tá blaiseadh de le fáil sa chnuasach seo Tonn Teaspaigh. Níl an foclóir critice agam chun cuir síos cruinn a dhéanamh air, agus ar aon nós is fearrde sibh go mór réamhrá léannta Daniela Theinová a léamh seachas mo chuid rámhaille.
 
Mhothaigh mise gur brionglóidí, imprisean atá sna dánta. Tromluithe uaireanta. Rudaí curtha as a riocht ag tuirse colainne nach bhfuil éalú uaidh agus manglam hormóin ag cúrsaíocht tríd an cholainn chun go mbeadh an mbean in inmhe dá cúram. Áthas agus sonas freisin a thagann le forbairt na clainne. Agus grá domhain. Dánta le filleadh orthu, agus línte agus meafar a scaipfear. 
 
agus dánta eile i gceist leis an leabhar freisin. Ilghnéitheacht iontu ach roinnt de na comharthaí sóirt céanna bainteach leo. 

Tá dán fhada faoi Barcelona 1974 ann, taithí au pair. Tá soghontacht agus cúthail na mnaoi óige as iargúil Éireann léirithe go paiteanta ann, le mar a bheadh scuabadh éadrom péintearacht a thugann le fios go bhfuil pictiúir níos iomláine ann. 

Táim ag streachailt le m'easpa cumais cuir síos ar an taitneamh a bhain mé as an gcnuasach shaibhir seo. 

Ag seoladh an leabhair mhol Máirín Nic Eoin an leabhar féin mar earra, a cruth is toisí, an cló agus an dearadh, an ribín chun áit a mharcáil, léaráidí Kim Sharkey. Tacaím go tréan leis an moladh céanna. Luíonn an leabhar go deas sa lámh, agus rachaidh sé go deas i bpóca don té ar mian leis mám filíochta a bhlaiseadh ar a shiúlta. Mar is mar sin is dual filíocht a léamh - an leabhar a thógáil agus dán a roghnú de réir ala na huaire. Tá sin le fáil go flúirseach anseo. 

Ailbhe Ní Ghearbhuigh 
Éabhlóid 

Béal na Péiste


Caitlín a spreag m'fhiosracht faoin úrscéal seo le Fionntán de Brún. Léigh mé a chuid gearrscéalta Litir ó mo mháthair altrama roinnt blianta ó shin. Cheannaigh mé an t-úrscéal seo san Siopa Leabhar cúpla seachtain ó shin.

Deacair é a aicmiú. Scéinséir? Bildungsroman? Stair? Fealsúnacht? Tá siad uilig ann. Scéal Réamonn Prút. Stócach as Béal Feirste. Éalaíonn ó léithe tríochaidí an chéid seo caite go dtí an Domhan Mór. Ag ceapadh go leanfaidh a chomrádaí é. Aimsíonn é féin i mBeirlín an chogadh. É ag iarraidh bheith ag ceol is ag ól is ag pógadh na mban. Ach tá an ré dorcha.

Ní mian liom an scéal a mhilleadh, toisc go bhfuil gnéithe den scéinséir ann. Táim taithíoch ar litríocht na Gearmáine faoin ré sin - Fallada, Remarque, Kästner. Feictear dom go bhfuil an t-atmaisféar cruthaithe go héifeachtach ag de Brún. Taighde cúramach déanta agus úsáid éifeachtach bainte as foinsí. Sliocht as litir ó Mharacó mar dhea ag tús an scéil atá fileata. Comrádaí le Prút ó Pháras a theith ó dheas a scríobh. 

Corr sa scéal a fhágann Prút ar ais in Éirinn le linn an chogaidh. Síleann na Gearmánaigh go bhfuil ábhar spiaire acu ann. Dul abhaile a mhian seisean. Géibheann a dhán. 

An dara cuid den scéal, cogadh eile. Béal Feirste na n-ochtóidí déanacha. Prút ar ais go sealadach ó deoraíocht fada sa Fhrainc. An tig leis a shaol sócúil ar leataobh a chaomhnú? An bhfuil scáil a stair fós ann?
Cad is ciontacht ann?

Tá neart snáithe fágtha ar foluain ag an údar chun go mbeadh ábhar machnaimh ag an léitheoir, gan baint de snáithe bunaidh an scéil. An féidir saol a chaitheamh ar do mhian, i mbun eachtraíochta go soineanta? An bhfuil sé cóir, nó an bhfuil ciontacht sa chluas bodhair? An dualgas gníomh?

Tá úrscéal láidir anseo ag Fionntán, léitheoireacht pléisiúrtha a chuireann an duán go doimhin sa bheo go gasta. Agus a fhágann neart le smaoineamh air agus an scéal léite. 

Fionntán de Brún 
Cló Iar-Chonnacht



2023-04-26

Caipín an Phrionsa Heinrich


Is maith liom ceannbhirt. Táim dílis do mo hata Tilley ar siúlóidí samhradh. Sa gheimhridh, is fearr liom hata olna. Tá ceann breá dearg agam a cróiseáil mo bhean. Teolaí. 

Sna fichidí dom chaith mé hata feilt agus cóta mór fada gorm. Sa chaoi gur shíl nuachtánaí i dTír an Iúir go mba mhac an Raibí mé agus shin chugam gan iarraidh an Jewish Chronicle. 

Sna fichidí freisin dom bhí aithne agam ar fhear a chlúdaigh a bhlaosc a bhí chomh maol leis an ubh ar bharr, ainneoin gruaig fhada timpeall air, le caipín cuanna leathair. Lokführermütze de chuid an Reichsbahn mar a thugtaí fós ar an gcomhlacht iarnróid sa Phoblacht daonlathach Gearmánach. Anois is arís buaileann saint mé a leithéid a cheannach, ach tá siad daor agus ní dóigh liom go bhfuil mo ghnúis sách fada le go mbeadh cuma is caoi air orm.

Bhíodh seal caipín spéice línéadaigh geal agam d'fhonn mo phláitín maol féin a chosaint ón ngrian. N'fheadar cathain nó cén áit a chaill mé sin. 

Thaithin Prinz Heinrich Mütze liom riamh. Hata spéice olna. Imeall air maisithe le duilliúir na daraí. Corda idir imeall agus spéice. Ainmnithe as deartháir níos óige Wilhelm II. Fear luaimheanna. Aithris ar chaipín an Chumann luaimheanna arbh aithris é féin ar chaipín cabhlaigh.

Ach le bádóirí is iascairí Tuaisceart na Gearmáine a shamhlaím féin é. Drong beagfhoclach dianoibríoch seang síonchaite seirgthe.

Ar aon nós, bhí mé ag póirseáil sna siopaí Vintage i mBarra Teampaill ar na mallaibh. Sa tóir ar bhríste, dáiríre, ó tharla roinnt den bputóg timpeall mo lár díbeartha ag leasú aiste bia agus aclaíocht.

Luigh mo shúil ar chaipín. Sladmhargadh ar 10€. Cheannaoís. Faofa ag an déagóir ó shin. Ní sí féin chomh tógtha leis. Sin mar a bhíonn.

Anois níl le déanamh agam ach féachaint chuige nach scuabann an ghaoth nó na sióga leo é. 

Bhíodh cara liom fadó a raibh hata mar é aige. Bhíomar ar muir ar an Seute Deern. An seift a bhí aige - corda idir hata agus bona a chóta. Creidim go ndéanfad féin amhlaidh.
 

2023-04-25

Cnaipí


Ní haon cnaipí atá scaoilte ag Colm Ó Snodaigh sa cnuasach gearrscéalta seo. Spreagadh mé leis an cnuasach a cheannach nuair a bhí Colm ag léamh ag ócáid de chuid IMRAM tamall siar. Gearrscéalta caidrimh. Laigeacht na bhfear agus an dochar a dhéanann sé ag a chroí. Muid istigh i gcloigne na bhfear céanna go minic, ag fáil tuiscint ar a gcás. Seachas bá. Ní hionann míniú agus leithscéal, ar ndóigh. 

Cuid de na scéalta turgnamhach. Péire scéal scríofa faoi bhabhta craicinn aon oíche. Eisean, briathra ar fad. Ise, léargas (agus samhnas iar gnímh). Scéal duairc na linne seo, teagmháil fánach miangais gan searc. 

Caidreamh athar le mac, mac le hathar. Dílseacht agus a mhalairt. Féinsmacht, agus a mhalairt.

Scéalta spreagúla. Idir gearr, splancfhicsean beagnach, agus níos faide nuair a oireann. Cnuasach láidir. 

Colm Ó Snodaigh 
Coiscéim 

2023-04-24

Titley Máirtín Coilféir

Léitheoir ficsean mé, seachas i gcúrsaí gairme. Ach scaití léim (nó leathléim!) saothar critice nó acadúil. Bhí mé i láthair nuair a sheol Gearóid Denvir an saothar seo le Máirtín Coilféir. Saothar nach bhfuil de dhíth air ach sloinne mar theideal. Is aithnid dúinn uilig an pensionné terrible mar a bhaist Caitlín Nic Íomhair air. 

Thóg sé i bhfad orm féin teacht isteach ar an saothar ficsean foclach fíochmhar, admhaím. Ach is léitheoir dílis an cholúin Crobhigne . Maíonn Coilféir gur seasamh Titley leis an té faoi chois, an náisiúin bheag, an duine áitiúil i gcoinne na himpireachta agus an fóntachas aonchineálach foinse saothair uilig Titley riamh anall. Spreag sé mé leis an paimfléid aistí - cuid de chomóradh Choiscéim ar 1916 - a fháil ón leabharlann agus a léamh. 

saeva idignatio ag baint le haor Titley. 

'Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc.' 
Tucholsky 

Baineann sé leis an gceird dul thar fóir san feannadh. Díriú ar lochtanna an sprioc agus uaireanta neamhaird a dhéanamh de lochtanna an dreama atá á chosaint. 

Tá plé tuisceanach léannta san scagadh ag Coilféir. Tugann sé na gnéithe éagsúla de shaothair Titley ó thús le chéile, ag tógáil a áitimh go cúramach cliste. 

Tá go leor le foghlaim ann. 

(Admhaím áfach nár chríochnaigh mé an leabhar. Fear ficsin mé tar éis an tsaoil. Tá seans ann áfach go bhfillfidh mé air amach anseo. Mar sin, níl mé cinnte ar scag sé an raic idir Alan agus Anna Heusaff faoi Lámh, lámh eile. Tá ábhar plé ansin maidir le modhanna scríofa agus ionannú carachtair agus údair. Agus úsáid steiréitíopaí. ) 


Titley
 Máirtín Coilféir
Sraith: Doras Feasa
Leabhar Comhar 
ISBN: 9780993494628 

2023-04-23

An Loch


Go hiondúil, ní bhacfainn le húrscéal d'fhoghlaimeoir fásta. Ach tá beagán aithne agam ar Phóil, agus aithne ar a chuid iriseoireachta. Traidhfil blianta ó shin bhí cúpla colúin aige faoin ndúlra timpeall Loch nEathach. Thaithin an cur síos ar an ndúlra iontu go mór liom. 

Tá an tabhairt faoi ndeara céanna sa scéal seo, ach scéal lánúine fite tríd. Scéal tinnis agus téarnamh. Grá faoi ghruaim. Gruaim ag géilleadh go dóchas, shílfeá. Tá casadh i ruball an scéil áfach. Casadh a bhain siar asam, admhaím. Níl fhios agam an mbeadh an scéal níos fearr dá uireasa. 

Leabhar beag gairid soléite. Agus léargas ana dheas ar dhúlra agus dhuine. 

Léaráidí gleoite ag Ciaraíoch ann, an tabhairt faoi ndeara céanna maidir leis an dúlra iontu. 

Tréaslaím a saothair leo beirt! 

Pól Ó Muirí
Maisitheoir : Ciaraíoch 
Leabhar Comhar 
ISBN: 978-1-9162403-8-4

Srúibh Bhrain


Ní raibh mórán pleanála ná taighde déanta agam roimh dul go hInis Eoghain maidir le deiseanna siúlóide. Ná níl an bileog ceart SO don gceantar agam. Taobh le Google a bhí mé, a dúirt liom go raibh Lúb shiúlóid ar Srúibh Bhrain. Bheartaigh mé tabhairt faoi sin ar Satharn Cásca. Thug mo nuachar chomh fada le Srúibh mé agus chrom mé ar siúl.
 

Ar an mbóthar i dtosach go dtí tús oifigiúil na lúibe. Ansin ar bhóthar níos gairbe. Bhí scrín beag, do Mhuire agus an Chroí ró naofa, san áit - Port Cholm Cille - a luaitear le himeacht an naomh thar lear, agus plaic ag cuir síos air. As Sacs-Bhéarla, seachas píosa amháin ón tsean litríocht. 

Lean an bhóthair ar aghaidh timpeall an ceann tíre, ag dul i ngairbhe. Clocha beaga. Tirim go maith - agus bhí an aimsir go deas. Ní raibh léargas iontach ann, ach bhí radharcanna maithe ar fáil. (Ní fhaca mé Albain áfach). 

Chas an bóthar ón gcósta ansin faoi bhun Chnoc na Smug. Chonaic mé cúpla duine ar bharr an chnoic. Bhí bóthar portaigh ag dul an treo agus bheartaigh mé an lúb oifigiúil a fhágáil agus tabhairt faoin gCnoc. Bhí an dream thuas ag teacht i'm threo agus d'fhiafraigh mé daofa faoi láthair timpiste eitleáin sa chogadh. Bhí a leithéid marcáilte ar an tábla eolais don lúb, idir Cnoc na Smug agus An Cheathrú Trasna. Ach ní raibh eolas acu air ná ní raibh sé marcáilte ar an léarscáil SO a bhí acu. Bhí léargas gach treo ó bharr an cnoic.

Thug mé claí idir na cnoic faoi ndeara agus bheartaigh mé sin a leanacht tamall, feiceáil a raibh radharc ar iarsma ar bith. Ní fhaca mé dada. Chonaic mé, áfach, neart glóthach frog. Seachas é bheith in uisce bhí cnaip thall is abhus ar bharr an fhéir portaigh. 

Nuair a shroich mé an Ceathrú Transa bhí radharc agam ar bhóthar na lúb siúlóide agus chas mé ar ais ina threo. Lean mé an lúb oifigiúil ansin, cosán clochach síos le fána a tháinig amach faoi dheireadh ar bhóthar, agus mar sin ar ais go dtí an áit ar thosaigh mé. Lean mé an bhóthair síos go dtí an trá ag an teach solais. Bhí mo nuachar idir eatarthu ag suí i bproinnteach Cumann Gailf an Chaisleáin Nua, ag déanamh roinnt oibre ar cheol dá ceolfhoireann. Lean mé orm ag siúil chomh fada leis sin, fán bhóthar. Chuaigh mé den mbóthar ag pointe amháin chun amharc ar chladach bheag. Bhí súil agam bealach ar ais go dtí an mbóthar a aimsiú, ach ní raibh a leithéid ann.

Tá an Cumann gailf in mbaile fearainn leis an ainm iontach Baile Bó déag - Eleven Ballyboes as Béarla! 

Siúlóid ana dheas a bhí ann, agus bhí fáilte agam roimh pota tae sa chumann gailf. 

Rud amháin a chur díomá orm. Bíonn mála siopadóireachta níolón ar iompar agam seasta. Líon mé é le buidéil plaisteacha uisce a bhailigh mé fán tslí.... 

2023-04-22

Safó

grianghraf de saothar ealaíne le ArchaiOptix
foinse Wikimedia Commons, CC BY-SA 4.0

IMRAM a d'iarr ar Chaitríona Ní Chleirchín roinnt blianta ó shin athleaganacha a dhéanamh den bheagán d'fhilíocht Safó atá tagtha anuas chugainn ón gcianaimsir. Ní raibh an ócáid sin ar mo liosta an bhliain úd (doiligh freastal ar gach ócáid de chuid IMRAM). Chroch an déagóir leo an leabhairín bheag a d'eascair as óna dtaithí oibre san Siopa Leabhar.
Níl fágtha de shaothar Safó ach blúiríní a mhair de thaisme. Feictear dom meascán a bheith sna bloghanna idir fhilíocht deasghnáthach, ag ceiliúradh na déithe agus an pósadh, agus duanta seirce a d'fhéadfadh a bheith pearsanta, ach nach dtig talamh slán a dhéanamh de sin gan comhthéacs a linne ar eolas againn. Is ar thagairtí scríbhneoirí ársa eile a sheasann clú Safó, agus is féidir go ndéanadh steiréitíopa as an duine i gcomhthéacsanna áirithe. 

Tá na bloghanna fileata cuanna i dtraschruthú Uí Chleirchín. Tagaim leis an méid atá scríofa i nóta le Biddy Jenkinson ag tús an leabhair - 

Is iontach go bhfuil Gaeilge ag Safó anois. Beidh sí ag agallamh feasta le Mór, le Mis, le Gormlaith. An seasfaidh sí le Dearbhfhorgaill nó leis na mnáa mharaigh í? Céard a phléifidh sí le Liadhain, le Cuirithir, le Máire Bhuí, leis an gCailleach Bhéarra?
Nár bhreá liom bheith ag cúléisteacht agus í féin agus Peig ag cíoradh a chéile.

Biddy Jenkinson

Is breá an ball nua seo i nGaeltacht na Leabhair, leabhar beag póca le léaráidí dubh agus bán ón nGréig agus ón samhlaíocht ó shin, ag teacht leis na bloghanna (cé go bhfuil beagán de bharraíocht athúsáide déanta ar roinnt acu.) 

Caitríona Ní Chleirchín 
Coiscéim 

An chónaidhm shóisialta


Tá mé ar ais ar mastodon. Toisc gur mian liom bheith beag beann ar dhaoine eile, saor chun mo thuairimí féin a léiriú gan amharc thar mo ghualainn, thóg mé freastalaí ar cíos ó dream a thugann seirbhís chuimsitheach lándéanta, https://masto.host/ . Thóg sé cúpla nóiméad dom na socruithe riaracháin a dhéanamh agus b'ann do allagar.masto.host. Níl ach mise cláraithe leis mar úsáideoir faoi láthair. (Tá ar a chumas fás, beidh costas bhreise i gceist de réir mar a bheidh breis acmhainní de dhíth. Spás stórais, cumas próiseála, úsáid líonra - rudaí a bhfuil costas leo).

Agus mé ag trácht ar líne faoi seo bhain mé feidhm as an bhfocal ásc agus d'fhiafraigh Dennis faoi. 

Oibríonn mastodon toisc go bhfuil prótacal foilsithe. ActivityPub is ainm don prótacal sin, agus leagann sé amach na seirbhísí is gá agus is féidir le bogearra cuir ar fáil chun eolas a scaipeadh agus a fhoilsiú ar bhealach díláraithe idir ríomhairí. Tá sé i gceist leis go mbeadh freastalaithe éagsúla ag roinnt an méid a fhoilsítear le chéile de réir rialacha áitiúla - ní gá go mbeadh na rialacha céanna ar gach freastalaí. Cónaidhm atá i gceist, seachas seirbhís láraithe fearacht straoisleabhar. Ní comhlacht mór amháin ag glacadh na cinntí riaracháin ach go leor daoine éagsúla, gach duine ar a chóras féin. 

 Cuireann an bogearra foinse oscailte Mastodon, atá á riaradh ag comhlacht sa Ghearmáin, leagan de ActivityPub i gcrích, leagan atá in oiriúint do theachtaireachtaí gairide téacs móide pictiúir nó físeáin gairide - micrea bhlagadóireacht. Tá baile idirlín an tionscadal ag https://joinmastodon.org/.

Chun an bogearra a chuir ag obair tá ríomhaire de dhíth. Tugtar freastalaí ar a leithéid go minic, ach tugtar freastalaí freisin ar bhogearra a chuireann seirbhísí ar fáil. Tugtar óstach ar a leithéid freisin go minic, toisc go dtugann sé bheith istigh do seirbhís. 
Glacaim leis gur inneall fíorúil atá ar cíos agam féin, sé sin, samhail bogearra de ríomhaire móide córas oibriúcháin agus na ríomhchláir eile atá de dhíth chun an bogearra Mastodon a chuir ag obair. Is féidir neart acu seo a chuir ag feidhmiú ar crua earra amháin ar a bhfuil córas oibriúcháin ar leith. Roinntear an crua earra sin ar na ríomhairí fíorúla de réir éileamh. Ní bhíonn éileamh ar mo fhreastalaí ach nuair atá mise á úsáid, agus anois is arís nuair atá sé ag fiafraí de freastalaithe, ar a bhfuil cuntas a lean mé, an bhfuil dada nua acu. Nuair a fhiafraíonn freastalaí ar a bhfuil cuntas atá do mo leanacht amhlaidh. Tá fotha RSS i gceist freisin, is é sin a chuireann ar chumas seirbhís atá curtha ar fáil ag Ifttt.com an méid a fhoilsím ar mastodon a scaipeadh mar ghiolc tríd mo chuntas twitter.com.

Mar sin, cé go bhfuil cóip den bogearra Mastodon ar an óstach atá ar cíos agam, tá an obair a dhéanann sé faoi réir ag na roghanna a rinne mise, agus a rinne daoine atá do mo leanacht. Is dá bhrí sin a tugtar ásc air.

Chun feidhm a bhaint as tá gá le cliant - bogearra a fhiafraíonn don óstach an bhfuil dada nua, nó a chabhraíonn liom foilsiú ann. Is féidir é sin a dhéanamh le brabhsálaí, ach bainimse feidhm as aip ar an bhfón cliste - Tusky

2023-04-21

Rí na bhfidléirí


 B'é an chéad imeacht a d'fhreastail muid air (i ndiaidh béile blasta Tí Sheáin Óig) ag Scoil Geimhridh Ghaoth Dobhair ná ceolchoirm comórtha agus ceiliúrtha don fidléir ó na Gleannta, Jimmy Campbell. Idir míreanna físe ó cláracha teilifíse roinn fidléirí eile cuimhní cinn air agus poirt a fuair siad uaidh. Bhí idir óg agus aosta i measc na gceoltóirí céanna (agus idir Béarla agus Gaeilge á labhairt acu). Bhí a mhac féin ina measc, a rugadh agus a tógadh i Sasana, ach a fuair an cheol mar oidhreacht cibé. Ba Tunnel Tiger é lena linn, agus bhí míreanna as clár faoi damba in Albain a raibh lámh aige ina thógáil ann chun cuid dá bheathaisnéis a thabhairt; agus neart eile le foghlaim ó chomrádaithe agus daltaí ceoil dá chuid. 

Bhain mé an taitneamh as an t-iomlán, agus ag deireadh ar fad sheinn scata mór fidléirí poirt tríd an bogha a fháisceadh idir a nglúinte agus an fidil a bhogadh suas síos air. Cleas a níodh sé féin go minic is cosúil.

B'é Ciarán Ó Maonaigh fear an tí ag "Ceol na gConallach" agus bhí slua mór ceoltóirí páirteach. 

Cúis dóchais é gur féidir amharclann Ghaoth Dobhair a líonadh le daoine agus le ceol i gcuimhne a leithéidí - cé go bhfuil sé ar shlí na fírinne, tá a oidhreacht ceoil beo agus sínfear ar aghaidh arís é. 


Suaimhneas i measc oirfidigh Gaeil go raibh aige. 

Fógraíocht dhátheangach eiseamlárach



Mar is eol dóibh siúd a bhfuil aithne acu orm, tá an donas ormsa ag tabhairt fógraí ciotacha faoi ndeara, ag fonóid fúthu ar na meáin shóisialta, agus ag coinneáil na comhlachtaí poiblí agus foireann an Choimisinéara Teanga gnóthach le ríomhphoist gearáin.

Níl neart agam air. Galar gairme atá ann. Baineann m'obair lae le bheith ag scagadh cáipéisí agus cód ríomhaireachta, ag lorg agus ag díothú fabhtanna. Agus scór bliain caite agam leis an chineáil sin oibre, tá faobhar ar na húirnéis cuí. Dealg sa mbeo dom an leagan amscaí, nó go bhfóire Dia orm, an phraistriúchán. Geall le masla orm sin!

Ach le sé mhí anuas tá post nua agam. Tá na scileanna céanna fós in úsáid agam, ach táim ag freastal ar an oifig i nDún Laoghaire trí lá in aghaidh na seachtaine. Fágann sin gur minic mé ag fálróid sa cheantar, go háirithe os rud é go bhfuil mé anois, ar mhaithe le mo shláinte, ag siúl cuid den mbealach abhaile. Go hiondúil, bíonn deabhadh orm. 

Mar sin féin, beagnach ón gcéad lá, thug mé suntas do chruinneas agus cuannacht na fógra dhátheangacha a chonaic mé ar mo shiúlta. Mhol mé cúpla sampla ar na meáin shóisialta fiú! 

Roinnt seachtainí ó shin áfach, tháinig an barraíocht caife a d'ól mé (comhartha eile aoise) idir mé agus codladh go headra. Bhí mé i mo shuí roimh an ngrian. Bhí socrú déanta agam freastal ar Aifreann agus faoistin um a deich i mBóthar Mhuirfean. Seachas suí thart sa mbaile go dtí am bus, bheartaigh mé imeacht níos luaithe agus sciar den mbealach a shiúl. Thóg mé bus go dtí Na Clocha Liatha agus Dart chomh fada le Cill Iníon Léinín. Uaidh sin shiúl mé ag cois cósta chomh fada le Dún Laoghaire, níos réidhe ná mar a shiúlaim ar lá oibre. Ní raibh deabhadh orm, neart ama le stop is amharc, agus cuid den Ché Thoir a shiúl roimh Dart eile a fháil. 

Fán mbealach thug mé suntas don iliomad fógra rabhaidh agus eolais. An Ghaeilge orthu soiléir soléite, sa dóigh is go raibh mé in ann neamhaird a dhéanamh ar an mBéarla toisc go raibh an téacs Gaeilge chomh mór céanna agus dath ar leith air. Agus ansin ar an Ché Thoir bhí fógraí galánta miotail agus na tréithe céanna bainteach leo. Pléisiúr! 

Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin atá freagrach as cuir i bhfeidhm an Achta, agus fuair mé amach, de bharr comhrá ar Twitter, gur Conchúr Ó Sé an t-oifigeach Gaeilge. 

Obair foirne agus tacaíocht na bainistíochta atá ina leithéid, ar ndóigh. Ach molann an obair an fear. 

Obair fhóinteach. Ar ndóigh, bhí Dún Laoghaire i dtús cadhnaíochta ag athsealbhú a n-ainm dúchasach. Is maith go bhfuil an meon fós beo! 

2023-04-20

Gig Gael Linn

Murach cuireadh ó Réamonn Ó Ciaráin, seans go mbeadh an t-ócáid seo i gClub an tSiúcra ar an 24ú tarlaithe i ngan fhios dom. Ní bhíonn mé ar an eolas chomh iomlán sin agus mé imithe de na meáin shóisialta don Carghas.

Ba mhór an chaill a bheadh ansin. B'í Áine Hensey bean an Tí agus trí ghrúpa oirfideach le cuir romhainn aici.  

An chéad glúin eile, Étáin agus Máire Uí Churráin as Ráth Cairn, agus tacaíocht ar giotár ó Nathan Grant a chur tús leis an imeacht. Creidim gurb í Máire bean na cainte. Cumhacht aisteach tógálach soirbhíochas, a chuaigh i bhfeidhm fiú ormsa atá doirbíoch ciúin ó nádúr. Casadh iontach nua ar sean nós, ach dílis freisin. Sult a bhaint acu as traidisiún na Gaeltachtaí uilig, fómhair bainte acu as obair Ghael Linn síos tríd na blianta, na CDanna sin bord ar bhord leis na réalta cáiliúla Meiriceánacha acu. Fiú Dóchas linn Naomh Pádraig, a bhraithim é bheith smolchaite, chuir siad brí agus fuinneamh úrnua ann. Fuinneamh a tháinig ón gcroí agus a bhí spreagúil dá réir. 


An t-ionchollú reatha d'Imlé a lean ar stáitse iad, Cian Mac Cárthaigh ar giotár leictreach agus dord, Neil Ó Briain ar giotár, agus Róisín Seoighe ag canadh. Meascán amhráin acu ó na halbam eisithe ag IMLÉ agus na rianta a d'eisigh Róisín í féin, athchóiriú déanta orthu, agus ábhar nua atá fós le heisiúint. Bhí guthanna suntasacha Mharcuis Mhic Congáil, Feargal Moloney agus Pádraig Ó Conghaile ar na halbaim - iad uilig bogtha ar aghaidh chuig tograí éagsúla nua anois áfach. Is iontach an dóigh a bhfuil seilbh glactha ag Róisín ar na hamhráin seo, an bunleagan so-aitheanta fós san gcuir i láthair, ach a cuid féin déanta aici de focail is fonn - dúshlán ar leith ó tharla go raibh comhcheoil idir beirt nó triúr ann sa bhunleagan taifeadta! 
Tar éis briseadh gairid bhí Seán Ó Sé agus Peadar Ó Riada inár láthair, agus Seán ag bréagnú a aois - ceithre scór agus seacht mbliana - le fuinneamh agus cumhacht a ghutha. Scéalta acu beirt faoi Sheán Ó Riada féin agus faoi dhaoine eile a raibh baint acu le Gael Linn, fearacht Riobard  Mac Goráin.
Scéalta agus ceol a bhí chomh taitneamhach sin gur fhan mé níos faide ná a bhí beartaithe agam!
Chuala ó éinín bheag gur chualathas Róisín agus a deartháir Colm ag canadh i gClub an Chonartha ina dhiaidh sin!

Ard oíche. Gura fada buan Gael Linn!

2023-04-21 Sloinne Nathan Grant ceartaithe. 

Inis Eoghain: subhach, síoch, sách.


Thug an mac is sine an déagóir leis chun na Cróite thar deireadh seachtaine na Cásca. Thug sé sin scóip do mo nuachar agus dom féin roinnt só agus sómais a bhlaiseadh. Cineál de thaisme chuir mise áit in Rinn Uí Choigligh in áirithint. Sé an chaoi go mbímid araon inár ndúiseacht i lár na hoíche, ag amanta éagsúla. Bíonn an fóin le hais na leapain aici, ní bhíonn agamsa. Ach uaireanta nuair a bhím i mo lán dhúiseacht sleamhnaím go ciúin fáilí síos staighre chun gan bheith ag cur as di agus casadh siar is aniar sa leaba. Babhta léitheoireachta agus ar ais a luí, go hiondúil. Cibé, oíche amháin bhí sí tar éis nasc Air BnB a sheoladh chugam. Le plé. Shíl mise go raibh sé le cuir in áirithint, agus rinne! (Toisc go bhfuil mo ghuthán as Gaeilge - Samsung - labhraíonn Airbnb Gaeilge liom. Níor thuig mé go raibh teachtaireachtaí an óstaigh a aistriú, bhí cuma maith orthu. Shíl mé Gaeilge a bheith acu. Ní raibh, agus chlis ar an aip Béarla a chuir ar Míle Buíochas. Rud éigin faoi monthly a léigh sé. Lean mearbhall...)

Bhí Aoine an Chéasta saor againn, agus thugamar an bóthar ó thuaidh orainn féin. Murab ionann agus mise, tá tiomáint ag mo nuachar, agus baineann sí sult as. Ó tharla taithí a bheith aici ar cheantar an teorainn - de barr go seinneann sí le Ceolfhoireann Traidisiúnta Oirialla - bíonn sí ann go minic agus taithí aici ar bhialanna maithe. Mhol sí cumann gailf gar do Bhaile na Lorgain don lón.

An Radharc is ainm dó, agus tá radharc iontach thar loch i measc na droimlíní uaidh. Bhí an béile blasta - agus cé gur lá troscadh agus tréanas a bhí ann, bhain mé pléisiúr as curaí glasraí Meánmhara, agus Uta as iasc agus sceallóga. An t-aon locht a bhí agam air ná gur mhothaigh mé go raibh barraíocht oinniúin dearga ann, agus an rud is fíor annamh dom a dhéanamh, bhog mé sciar acu go imeall mo phláta. (Tá an col is dual do leanbh as muirir mhór agam le bia a fhágáil gan ithe!).

Toisc gurb Aoine an Chéasta a bhí ann, bhí mé ag iarraidh freastal ar an searmanas eaglasta don lá, a bhíonn go hiondúil um a trí. 

Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. Agus timpeall an naoú huair, d'éigh Íosa de ghlór ard: “Élí, Élí, lamá sabachtání?” is é sin le rá: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?”

Ba léir nach mbeadh ceann scríbe bainte amach againn faoi sin, mar sin chuaigh mé i gcomhairle le Google agus shocraigh aghaidh a thabhairt ar Ardeaglais Macartan i Muineachán. Bhíomar ann tamall maith roimh an trí ach bhí na céadta ag tarraingt ar an Ardeaglais agus cé go raibh sé mór, bhí sé nach mór chomh lán agus is cuimhin liom eaglaisí a bheith le linn m'óige. Ní raibh sé chomh lán leis an Eaglais sa Pholainn ina raibh mé Aoine an Chéasta 1996 — ansiúd bhí ar gach duine a bhí ag seasamh, agus bhí neart, dul ar na glúine le chéile agus éirí le chéile! (Bíonn go leor de sin le linn searmanas Aoine an Chéasta). 

Bhain muid ceann scríbe amach faoi dheireadh - bhí trácht trom ar an A5 i Tír Eoghain agus Doire, agus tar éis comhairle Google a leanacht uair amháin agus dul síos cúlbhóthar cúng ag iarraidh an trácht a sheachaint, mheas muid gurb den críonnacht é cloí leis an mbóthar mór. Chuir Trish agus Gary fáilte croíúil romhainn chun a dteach aíochta. Bhí ocras bóthair orainn agus (monuar, ar lá troscadh) ghlacamar le fonn lena moladh proinn a chaitheamh san Point Inn a bhí nach mór béal dorais. Bia deas simplí folláin. Bhí bradán agam féin. Ní cuimhin liom go baileach cad a bhí aici féin, ach bhí sí sásta leis.

Bhí an seomra breá fairsing agus an seomra folctha beagnach chomh mór leis! Chuamar a luí sách luath chun tuirse an bhóthair a chuir dínn. 

Maidin Sathairn bhí bricfeasta blasta againn, simplí úr. Ispíní, bagún ach seachas ubh friochta uibheagán le cúpla rud tríd - beacáin, agus araile. Iontach blasta. Arán úr agus caife maith. Comhairle leis an bproinn. Bhí fonn siúlóide ormsa agus roinnt oibre ar cheol le déanamh ag mo nuachar. Chuaigh mé ag siúl ar Srúibh Bhrain. Dlitear a bhlagmhír féin don siúlóid. Fad is a bhí mise ag siúil bhí Uta i mbun oibre i bproinnteach an Chumann gailf sa Chaisleán Nua. Baile fearainn leis an t-ainm iontach Baile bó déag. Táim cinnte go bhfuil scéal ansin... 
D'fhilleamar ar an lóistín ansin seachas gur thug mé féin cuairt ar eaglais Cholm Cille i nDrong. Bhí fúm siúl as sin chuig an lóistín. Bhí gualainn crua leathan ar an bpríomhbhóthar i dtosach agus siúl maith go leor air. Nuair a tháinig deireadh leis áfach thug mé na cúlbhóithre agus an cnoc orm féin. Bhí comharthaí an Earraigh flúirseach - sabhaircíní faoi bhláth agus méileach uain. Cothrom lae ár bpósta a bhí ann, agus meabhraíonn an dá rud sin ár mí na meala in iarthar Dhuibhneach dom i gcónaí. 
Bhí bord curtha in áirithe agam sa Point Inn, agus ba mhithid mar d'fhág an deireadh seachtaine fada go raibh siad gnóthach. Mairteoil blasta a bhí agam an uair seo, é mín blasta. Leiceann mairteola a bhí aici féin, ach beagán díomá uirthi - cé go raibh sé mín, bhí níos mó blonag tríd ná mar a shíl sí go mbeadh. Mar sin féin bhíomar sásta go maith. 

D'fhilleamar ar an lóistín agus só an tobán te lasmuigh... Dhíbir gaoth feanntach timpeall na cluasa muid faoi dheireadh, sula rabhamar seargtha go hiomlán ag teas agus sáile an uisce. 

Chuireamar clabhsúr leis an lá le fíon sú craoibhe Móinéir, measctha le Prosecco. 

Maidin Domhnaigh d'éist muid Aifreann i Maigh. Ansin thugamar cuairt ar chomhghleacaí le Uta. Chinn air lóistín iníoctha a aimsiú i mBaile Átha Cliath, agus ó tharla nach gá do bheith san oifig ach uair sa mhí, is acmhainn dó cianobair as Inis Eoghain. Tá cónaí air anois i dteach a bhí ina theach saoire tráth in áit bunaithe ag dream creidmheach. Ionad IOSAS i nDoire Mheathán

Tá gairdín machnaimh deas ann, macasamhail de foirgnimh ó ré na gcéilí Dé scaipthe thart. Bhí an séipéilín le gloine daite ag léiriú naomh ré órga Éirinn dúnta faraor.
B'ait liom gan focal de theanga na Naomh úd a fheiceáil...

Déanann an complacht cúram freisin de dhaoine atá ag teacht chucu féin ó andúil. Tá feirm orgánach agus proinnteach ar an láthair. Bhí lón curtha in áirithe ann ag comhghleacaí Uta. Béile ar leith don gCáisc á dháileadh. Rogha, ach uaineoil san áireamh. B'shin a d'itheamar. Glasraí úra leis. Meacan bán a leáigh ar an dteanga. Thar a bheith blasta. 

Ní raibh an aimsir ró iontach. Bhí fonn ormsa Ceann Mhálainn a fheiceáil. Ní raibh fonn ar Uta suí ar feadh an lae i gcarr, ach bhí fáilte roimh chomhluadar ag Sven. Mar sin chuaigh mise agus eisean ar camchuairt agus Uta ar ais don lóistín chun ceoil agus oibre. 

An timpeall a chuamar, cúlbhóithre agus dea radhairc. 
 

Trá na Cúig Méar. Ó thuaidh ar chaol bhóithre cama. Go sceirdiúlacht Chionn Mhálanna. Rinne mé píosa gairid siúl ann, ag glanadh na scamhóga le gaoth láidir mara. 
D'fhilleamar ansin chun Uta a bhailiú agus dul don dinnéar san Treehouse i Maigh. 
Béile blasta arís. Curaí a bhí agam féin. Agus chabhdar. 

Ansin ar ais son lóistín. Bhí roinnt den fhíon fágtha.... 

Lá arna mhárach bhí sé in am filleadh. Bhí achrann tuartha do Dhoire agus drogall ar Uta filleadh tríd na Sé Chontae. Bóthar Shligigh a thugamar orainn féin. Moladh lóin faighte againn ó Trish. Agus foláireamh glaoch chun boird a chuir in áirithint. Eithna's By the Sea sa Mhullach Mór. Bia mara den gcéad scoth. Chabhdar agus gratin iasc a bhí agam féin. Diúilicíní ag Uta. 

Athneartú don mbóthar abhaile. 


Deireadh seachtaine iontach pléisiúrtha. Neart bia den scoth. Só agus sómas. Déanfar arís é! 




 


2023-04-19

Art Abú

Bhí an déagóir ar thaithí oibre leis an siopa leabhair, agus cuireadh an leabhar seo faoina mbráid lena mheas. Thapaigh mé féin an deis amharc air. Greannán. Scéal eachtrúil cineál áiféiseach - arrachtaí ag glacadh seilbh ar pháistí, ag baint feidhme as inneall iontach eolaí mire. Faigheann laoch an scéil an ceann is fearr orthu, áfach. 

Cuid de sraith ón Fhrainc a bhfuil Dalen Éireann i mbun Gaeilge a chuir air atá ann. An dream a bhfuil obair mhaith déanta acu roimhe ar Asterix agus Tintin.

Tá spraoi sa leabhar seo, agus taitníonn sé go mór liom go ndearna an t-aistritheoir Caitlín Nic Íomhair, ní hamháin aistriú ach logánú ar an scéal. Gaelscoil is ea Scoil na nArrachtaí, abair. Feictear dom gur aimsigh sí an réimse teanga cuí freisin, agus canúnachas nuair atá sé fóinteach. 

Bíonn sé dúshlánach Gaeilge a chuir ar ghreannán, toisc gur gá do na focail dul sna bearnaí sna bolgán cainte - gan a bheith ró fhada nó ró ghearr.

Trí leabhar atá foilsithe go dtí seo, dírithe measaim ar dhéagóirí óga (déagóirí sa chiall Gaeilge, eadhon 10+). Bheadh léitheoirí maithe níos óige in ann dul i ngleic leis freisin. Tá buntáiste sa ghreannán sa mhéad is go n-insíonn na pictiúir go leor den scéal.
 
 
 Tá súil agam go mbainfear pléisiúr astu! Tréaslaím le Dalen Éireann atá ag saothrú leo ag tabhairt a leithéid de seoda ní hamháin don nGaeilge ach do theanga mionlaithe eile in Iarthar Eorpa.
 
Art Abú – Scoil na nArrachtaí
Dalen Éireann
ISBN 13: 9781913573386

2023-04-18

Ceallach seolta


Thug mé m'aghaidh anocht ar lár na cathrach chun freastal ar sheoladh Ceallach Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac.

Sé Antain Mac Lochlainn a rinne an seoladh agus thug sé sár phíosa cainte uaidh, ag cíoradh scéalaíocht Dhiarmuid a chuireann Ceallach inár láthair go beo beathach, cé gur scéal agus meon ársa atá aige - an rud is ársa is iontach! Thug Antain suntas do seinge na bhfocail, gontacht ealaíonta. Ceallach i láthair romhainn. Muid ag tabhairt na mionrudaí faoi deara chomh maith leis na mór rudaí. Gan leisce ar Dhiarmuid gnásanna liteartha a shárú. (Píosa snasta cainte a mbeinn ag súil leis é fheiceáil i gComhar nó Feasta amach anseo!)

Bhí Bríd Harper ann le ceol a choinneáil linn, idir sealanna inár léigh Diarmuid as an leabhar chun blaiseadh a thabhairt dúinn. 

Chuir Diarmuid agus Bríd clabhsúr leis an ócáid le port meidhreach ar an bhfidil agus an feadóg mhór. 

Ócáid pléisiúrtha - agus ionad oiriúnach. (Tá na leabhragáin ar rotha ana úsáideach nuair atá spás le cruthú. 


Earagail


Bhíomar ag freastal ar Scoil Geimhridh Gaoth Dobhair idir dhá Nollaig. Rinne mé roinnt siúil agus mé ann. Lá Chinn Bhliana dhreap mo mhac, cara leis agus mé féin Earagail. Thug mo nuachar muid go bun an chnoic.

Bhí an Earagail dreaptha agam cheana, agus b'é mo chuimhne go raibh tús na siúlóide fliuch, tríd an mbogach. Ach le blianta beaga anuas tá dream áitiúil ag saothrú ar mhaithe le siúlóirí agus ar mhaithe le creimeadh talún a sheachaint. 

Tá cosán den scoth tógtha acu, nach mór an bealach ar fad go barr na sléibhe. Gaineamh agus gairbhéal dlúite. San áit a bhfuil an fána níos géire, tá céimeanna. Tá bealaí fágtha san cosán don uisce sileadh go nádúrtha - tábhachtach chun creimeadh talún agus cosáin a sheachaint. Tá snas ar an obair. 

Siúlóid pléisiúrtha a bhí ann, agus neart daoine eile air an lá úd. Bhí an aimsir go maith agus bhí páistí óga fiú ann. (Cuid acu ag gol de dheasca na fuachta, ní mór a rá!) 

Is deacair a cheart a thabhairt d'áilleacht na radharcanna ón mbarr. Tá an sliabh níos airde ná na cinn gar do, agus scoite amach uatha freisin. Fágann sin go bhfuil léargas iontach i ngach treo le fáil uaidh. Locha agus bogaigh agus clocha is mó atá le feiceáil, ar ndóigh! Agus an teiscinn mhór! 

Bhí ana lá againn ar an gcnoc. 





2023-04-17

Cill Mhic Ó mBirn


Nuair a thóg TFI freagracht as an bus áitiúil s'agam, an 184, thug siad ainmneacha nua ar scata stad bhus. Ina measc bhí Cill Mhic ó mBirn. Ainm an bhaile fearainn atá ann, ainm nach raibh agam. Phrioc fiosracht mé. Cad as don ainm? Rinne mé roinnt bleachtaireachta!

Cheannaigh mé leabhar, fiú! (Is maith iad Kennys!)

THE PLACE-NAMES OF CO. WICKLOW
VII THE BARONIES OF NEWCASTLE AND ARKLOW
LIAM PRICE

 Fuair mé an méid seo ann:

 

From a further study of this name I am satisfied that it represents Kilmaccabirn, the name of the early church which for the past 25 years I have mistakenly identified with Monastery near Enniskerry (see above, p. 293).
The final syllable -bawn is not a corruption of bearna, but of the word Birn in the old name. The thirteenth-century forms given on p. 293 show that moccu of moccu Birn came to be confused with mac Uí, resulting in mac.
This came to be treated as the genitive, and the seventeenth-century forms with -ick- show that the aspirated m of the genitive had ceased to be pronounced, as in the name Ballykine (above, p. 64. Compare baile mic gilla chais, modern Ballygilcash, Co. Sligo: Onom. Goed. p. 83). The spelling Killickybyrne of 1633 corresponds to the form Killmacabyrn of 1228-55, the name being treated as if it was the sept-name of the O'Byrnes.

Kilmaccabirn was in the archbishop's manor of Senkyll, that is, Shankill, Co. Dublin. Scott, following Ball, suggested that it was towards Powerscourt" (Stones of Bray, p. 190; Ball, Co. Dublin, iii p. 81).

This seemed to make Monastery the obvious identification.

In 1533, however, Alen lists Kilmacber in RV as a chapel of Delgany.

Closer study of the documents shows that the manor of Shankill extended much further to the south than Powerscourt. It included Ballyronan and the land of John son of Ralph " in the mountains " (AR pp. 195-6), which means that Kilcoole and Delgany parishes were in it. So Killickabawn, which was formerly in Delgany parish, was in the manor of Shankill.

There is a record of an exchange of lands between the dioceses of Dublin and Glendalough about the year 1190, before the two dioceses were united; the bishop of Glendalough gave certain lands in west Wicklow to the archbishop of Dublin, and took in exchange Kilmaccabirn and Toman and two other places. This is easy to understand if the reference is to Killickabawn and Tooman, which are now two almost adjoining townlands; it would mean that the archbishop was disposing of a tract of land on the extreme southern boundary of his diocese and adjoining Glendalough diocese. This seems more likely than the handing over to Glendalough of a place between Shankill and Powerscourt.

The identification of Kilmaccabirn with Killickabawn means therefore that the site of 'Cell moccu Birn,' the church of the man from Ossory', is to be located here, at or near Holywell.

The phrase sil senchill .i. meic cumili, which I quoted at p. 293 from the Book of Lecan, does not seem to have any relevance to Cell moccu Birn; in Rawl. B 502, 125, it reads sil seiscinn mc cumil.

Willowgrove. N 152.
This is the name used for Killickabawn in GJP, 1830-35

(Níl lch 293 san imleabhar a cheannaigh mé).

Rinne mé roinnt tochailt ar líne freisin agus tháinig ar chúpla tagairt:
Sa bhunachar "Early Christian Ecclesiastical Settlement in Ireland 5th to 12th Centuries" tá an mé seo (foinse:

Documented AssociationNem moccu Birn
LineageDál mBirn (Osraige)
TownlandKillickabawn/Downs
ParishKilcoole
DioceseGlendalough
BaronyNewcastle
CountyWicklow
ProvinceLeinster; Dublin
SourcesLL 373 (marg inf); Mart.T; Mart.O
Recorded HistoryCr.Mihi 1172/6, c.1190, c.1280; Alen's Reg 1228-55 (grant by Abbot Tadc to Archbp Luke); Rep.Vir 1533
Gendermale
Familial LinksCóemgen/Glendalough
Field Remainsch ruin (St. Mary of Downs); location name Holywell
BibliographyHogan 1910, 197; Price 1945-67, VII, 388-9; Turner 1983, [59-61] (no. 47); Ó Riain 1985, 224 (n. 735); MacShamhráin 1996, 57, 164, 195, 238, 241
Addendumabbatial possess of Glendalough; Nem mch Birn alias Pupu or Cailbe - putative br. of Ciarán
Ghlac mé an pictiúir thuas den fothrach atá luaite ansin. (Níl fhios agam an bhfuil Tobar Naofa le fáil ann; ní raibh mé in ann dul níos gaire don fhothrach).
Tá an méid seo thíos tógtha as leagan Uí Chorráin den Onomasticon Goedelicum

Tá an tagairt seo leanas i bhFéilire Aonghusa, agus gluaiseanna leis san eagrán a rinne Whitley Stokes.

D. xviii. cal. Iulii.
Con-recat diblínib,
for óen-líth ler slúagach,
Nem maccu Birn brígach,
la Benedicht m-búadach.


Nem .i. pupu fil a n-Araind 7 comar[b]a Enna Airne he, 7 do Dail m Birrnna hOsraigi dó, 7 brathair do Chiaran Saighir hé.

Nem, pápa atá in Árainn agus comharba Éanna Árainn é, agus de Dáil mBirna Osraí dó, agus bráthair do Chiarán Saighir é. (N'fheadar an gaol fola nó gaol spioradálta atá i gceist anseo).

Nem macc hui Birn do Dail Birn i n-Osraige 7 comarba Ennai Arné ocus is é sin in papa atberar do bith i n-Arainn.
Nem tribus nominibus uocabatur .i. Nem 7 Púpu 7 Cailbe. Nem primum nomen eius a parentibus. Pupu apud Scottos, id est papa, eo quod cathedram Petri petiuit, 7 Cailbe .i. cáel-béo, eo quod homines mirabantur eum uiuere (pro macie).¹
 

Unde Senan Insi Cathaig cecinit:
Romae rector docibilis,
Caelbe custos regiminis.

Comarba Petair is Póil tudchait Cailbe anair o Róim,
Nem mac hui Birn, brathair gle, dian comainm Pupu Airne


Nem mac Uí Bhirn de Dáil Birn in Osraí agus comharba Éanna Árainn é agus is é sin an pápa a deirtear a bheith in Árainn.


Glaodh trí ainm ar Nem, i. Nem agus Púpu agis Cailbe. Nem a chéad ainm óna thuisti. Pupu ón nGaeilge, sin é papa, an té atá ag teagasc ó shuí Pheadar, agus Cailbe .i. caol bheo [níl mo laidin sách maith é seo a aistriú - tagairt dá slí beatha deanaim amach].
 

As sin a chan Senan Inse Cathaig:
Romae rector docibilis,
Caelbe custos regiminis.

Comarba Petair is Póil tudchait Cailbe anair o Róim,
Nem mac hui Birn, brathair gle, dian comainm Pupu Airne

Dar le hAnnála Uladh:

Kl. Ianair
. Anno Domini .dc.l.iiii.

Nem m. h-ui Birn pausat

 

Suaimhneas síoraí dá anam!

2023-04-16

An tír Moslamach í Éire?

Samhradh 1988. Osnabrück na Gearmáine. Monarcha Kromschröder. Déantóirí méadar gáis. Post samhraidh agam ann. Teagmhálacha an tseanleaid.

Briseadh. Comhrá fánach. Ceist ó fear beag feosaí ón Iúgslav. An tír Moslamach í Éire? Baineadh siar asam. Dubhiontas orm faoin aineolas, a shíl mé bheith sa cheist. Gan tuiscint agam fós ar a bhfad i gcéin agus imeallaí mo dhúchas ó lár na hEorpa.

An raibh aithne agam an uair úd ar Mhoslamach? N'fheadar. Bhí beirt (triúr b'fhéidir) ón Iaráin ar aon chúrsa ollscoile liom. Monuar, ní cuimhin liom a n-ainmneacha. Tá cuimhne agam ar aghaidh dhuine acu. Séimh. Glanbhearrtha. Cúthail. Ní dóigh liom gur phléigh muid cúrsaí creidimh riamh.

Ba sa mhonarcha in Osnabrück a casadh Selim orm. Teifeach ón Iaráic. Mac léinn, agus i measc na mic léinn eile a raibh post samhradh acu. Cairdiúil, gealgháireach. Rud beag níos sine ná an chuid eile againn. Mhúin eolas úsáideach dom - gur fearrde tae te chun tart a mhúchadh i mbrothall monarcha i lár an tsamhraidh. Ach níorbh Moslamach eisean, ach jezidi. Tá cuimhne fánach agam ar phlé éigin faoi sin. 

Dornán poist ó shin bhí cúpla comhghleacaí ón Ind agam, mo shaoiste ina measc. Moslamaigh. Lucht labhartha gujarati. Chleacht siad troscadh Ramadan. Dian go maith nuair a bhí an troscadh sin, ó fáir go fuin, le déanamh sa Mheitheamh. Dream gealgháireach séimh mar sin féin. Saoránacht Éireannach bainte amach acu, agus ag a gclann a rugadh abhus cibé. Ainneoin reifreann ghránna 2004. Ní dóigh liom gur phléamar cúrsaí creidimh mar sin féin. Agus tá an conair Éireannach leanta ag MustaAli ó shin. Dul go Meiriceá nuair a tháinig deireadh leis an bpost abhus! 

Ansin clár TG4 an na mallaibh. Céad míle fáilte. Bean óg de bhunadh na hIaráine. Gaeilgeoir líofa. Cainteoir muiníneach. Compordach ag caitheamh a caille. Theith a muintir. A leagan amach siadsan bun os cionn le creideamh an móraimh. (A seicteachas féin ag Ioslam mar atá ag Críostaíocht). Bás ag bagairt orthu. Tearmann Éire. 

An tír Moslamach í Éire? Ní hea. Le daoine agus pobail a bhaineann creideamh, ní le tír. Agus is fearrde Stát gan a bheith ró fite fuaite le hEaglais ná idé-eolaíocht. (Agus is fearrde eaglais san freisin). 

Ach an bhfuil Éireannaigh Moslamacha ann? Tá, gan amhras. Agus is fearrde muid iad inár measc. 

Insha' alla

Nó, mar a deireadh
muintir an Oileáin
'le cúnamh Dé'.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh