Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-04-26

Táin LSS Cecile

Bhi gála eile de sraith léachtanna Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath oíche Déardaoin. Thug Chantal Kobel léacht spreagúil spéisiúil ar shaol agus saothair Cecile O'Rahilly, saineolaí ar an dTáin. 
Ba léacht lán eolais a bhí ann, léargas freisin ar dheacrachtaí mná san saol acadúil lena linn.

(Ba uraiceacht a bhí ann freisin ar cheart úsáid power point - fíor bheagán acu aici, agus gan ach beagán téacs orthu sin).

Buaic na hinsinte an scéal mar ar tháinig Chantal ar saothar deireadh Cecile O'Rahilly, sintéis ar a taighde ar an Táin, a chuaigh ar strae tar éis a bás. 

Agus a d'aimsigh sí i measc páipéir James Carney, stiúrthóir Scoil an Léinn Cheiltigh, sa chartlann - nach bhfuil innéacsú déanta fós air.

Gan amhras, agus mar thoradh ar scoláireacht Cecile O'Rahilly, tá tuiscint ar an Táin doimhnithe ó shin. Ach tá súil ag Chantal an saothar a fhoilsiú fós. 


Ba mhithid. 

2025-04-25

Lá i gCathú


Ó chuala mé faoi dhá bhliain ó shin bhí suim agam san Lá i gCathú, comóradh ar leabhair Bhreandáin Uí Eithir Lig sinn i gCathú. D'fhág damhsa ré agus grian go raibh an tríú Satharn san Aibreán um Cáisc arís i mbliana mar a bhí i 1949 (dáta na heachtraí sa leabhar) agus 1916. Bíonn Aoine an Chéasta saor ó obair agam féin, mar sin chuaigh mé siar ar an dtraein Dé hAoine. Traen a bhí sách luath go bhféadfainn freastal ar shearmanas Aoine an Chéasta i séipéal na nDoiminiceach sa Chladach. Lá salach a bhí ann, ach bhí na fáinleoga ag scinneadh thar uisce abhann na Gaillimhe sa bháisteach. 

Bhí Cór ag canadh le linn an searmanas, ach bhí beagán díomá orm mar bhí mé ag dréim leis na bráithre bheith ag cantaireacht. Ach tharla go raibh twaithne agam ar an gceiliúraí, Conor McDonough OP. Thapaigh mé an deis beannú do ar mo shlí amach. 

Chas mé le Cathal ansin, duine eile ar twaithne a chur mé air i dtosach, ach a raibh cúpla ócáid san fíor saol ar casadh ar a chéile muid. Thug sé féin agus a bhean Mary lóistín na hoíche agus béile breá dom. 

Tá baint ag Cathal leis an mBruach Thoir agus thugamar cuairt ar Thigh Mhaidhc Pháidín agus bhí dreas comhrá againn le seanfhondúir ón Mionloch.

Chodail mé go sámh. Bhí lón luath againn agus thug aghaidh ar an gcoláiste do thús na himeachta, ag meáin lae i bparlús an Uachtaráin. Seomra cuanna le healaíon iontach áitiúil ar na ballaí. 


Chuir John Caulfield fáilte agus tae romhainn thar ceann na hOllscoile. 

Leagadh síos an pátrún don lá ansin. Cúpla sliocht ón leabhar, roinnt plé. Agus sna tábhairní, deoch. 

(Bhí mé fós ag déanamh Carghas). 

Bhí an taighde déanta, agus tábhairní aimsithe a bheag nó a mhór san áit a bhí siad lonnaithe ag Ó hEithir i mBaile an Chaisil an leabhair. 

Agus ar ndóigh an óstán ar an bhfaiche mór, a bhfuil cuma cáca bainise ar ceart go leor. 


Bhí orm féin sleamhnú liom chun traein 17:20 a fháil. (Theastaigh uaim bheith ar ais i mBaile Átha Cliath do Aifreann Bigil na Cásca). 

Bhí an ócáid taitneamhach agus an plé spéisiúil. Chabhraigh sé go raibh an leabhar athléite agam ar an mbealach anoir! 

Tá súil agam bheith ann an bhliain seo chugainn, nuair nach deireadh seachtaine na Cásca a bheidh ann. (Beidh orm bheith siosmaideach ar mhaithe le m'ae!) 

(leasaithe - Chuir Maitiú ar mo shúile dom nach Coirib atá ar an abhainn) 


2025-04-23

Gearr gonta - filíocht don ré greimeanna gasta

Sheol Cló Iar-Chonnacht cóip léirmheasa den gcnuasach seo a roghnaigh Micheál Ó Conghaile. Céad dán le céad file, iad ar fad gairid. Gearr gonta. An-éagsúlacht sna dánta mar sin féin. In ord aibítre ainmneacha na bhfilí atá na dánta - mar sin níl aon aicmiú de réir téama ná a leithéid ann. Leabhar breá le n-oscailt gó fánach féachaint cad air a thagann tú! 

Tá an leabhar féin an-deas. Clúdach crua, cló shoiléir, ribín chun d'áit a aimsiú arís. Oiriúnach le hiompar i bpóca. Agus rogha céad file ann, aimseoidh cách rud éigin.
 
Splancéigse. Oiriúnach do ré an théacsteachtaireacht gearr gonta.  Splancanna a lasfaidh tinfeadh. Bhain mé sult as, agus fillfidh mé air cinnte.
 
Gearr Gonta
Micheál Ó Conghaile a chnuasaigh
ISBN: 9781784442941
Cló Iar-Chonnacht Clib:  
 

2025-04-22

An Pápa Proinsias, cloch ar charn

Cé go raibh fhios agam go raibh sé tinn, baineadh siar asam maidin inné nuair a sheol mo nuachar chugam an scéal go raibh an Pápa ar shlí na fírinne. Táimse caomhach i gceisteanna creidimh, agus bhí cáil an liobrálachais ar an bPápa Proinsias. Shíl mo mháthair céile fiú nach mbeinn i bhfách leis siúd, go mbeinn ar an ndrong a chreid gurbh é Benedict, beannacht Dé ar a anam, an fíor phápa. (Is dócha go raibh mé níos glóraí agus daingne i mo chuid fichidí nuair a chuir sí aithne orm. Agus tógadh gan creidimh ise san DDR). Ach sé an Papa an Papa - agus ar aon nós is bréagshamhail de chuid na meáin cuid mhaith ab ea an Proinsias "liobrálach" mar an gcéanna le bréagshamhail an Panzerkardinal a leagadh ar Ratzinger roimhe.
 
An té a léigh  an méid a scríobh an bheirt acu, thuig sé gur difríochtaí stíle a bhí eatarthu seachas aon deighilt i gcúrsaí teagaisc. Le déanaí - toisc gur cheannaigh mo shonuachar an gléas úsáideach seo dom táim ag éisteacht níos mó le closleabhar agus le podchraoltaí. Tá dírbheathaisnéis an Phápa Dóchas díreach críochnaithe agam (as Béarla). Ionraic agus soiléir. Fear a rinne botúin, agus a d'fhoghlaim as cuid acu. Mar Phápa, ní raibh sé gan locht ian chinntí, agus níl fréamh an dochair a rinne mí-úsáid bainte fós. Rinne sé roinnt botúin ina láimhseáil ar an gceist, agus i roinnt cinntí eile. Cheartaigh sé cuid acu. Beidh an dúshlán sin fós le sárú ag a chomharba, mar a bheidh cúrsaí airgeadais na Vatacáine.  Is deacair maorlathas agus institiúid a chuir ar mhalairt bealaí. Ba easpa fuinnimh chuige sin a thug ar an bPápa Beinidict éirí as. Bhain Proinsias go leor amach, agus d'athraigh a chuir chuige tréadach íomhá na hoifige. Céim eile ó Pontifex Maximus go giolla giollaí Dé. 

Tá dóchas agam go mbronnfaidh an Spiorad Naomh Pápa orainn a leanfaidh an conair a leag sé - agus ar bhealaí eile Benedict agus Eoin Pól Mór roimhe - chun athnuachan a bhaint amach san Eaglais. (Ní dócha gurb ionann mo thuiscint ar sin agus tuiscint na meáin, áfach).

An gcuimhníonn sibhse, a chailíní, an lá ar fhága mé an Trá Bháin?

An dara ócáid i gCúirt ar fhreastal mé air ná
léamh drámatúil as úrscéal le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston.

Faoi stiúir Eoghan Uí Riada chuir Bridie Ní Churraoin briathra Mhichíl Uí Chonghaile inár láthair, ag insint radhairc as saol an chumadóra. Chan Caitlín Pheaits sleachtanna as na hamhráin chun léiriú a dhéanamh ar an insint. Bhí an dís ban feistithe go cuí. Caitlín i ndubh ó bhonn go baithis agus feidhm éifeachtach á bhaint aici as caille uige. Bridie gléasta mar seanbhean ag amharc siar, agus brat uimpi a bhí ina chaille freisin. 

Bhí dearadh stáitse simplí ach éifeachtach ann. 

Nuair a chrom Caitlín ar chaoineadh agus í ar a ceithre boinn agus an caille uimpi, bhraitheamar uilig ualach an dobróin. 

Táim ag súil go mór leis an úrscéal, ach beidh sé deacair an taibhiú a shárú. 

Deirtear go bhfuil dhá insint ar scéal, agus dhá leagan déag ar amhrán. Tá cúpla leagan acu le léamh anseo agus le clos anseo



Piaras Ó Lorcáin


Ó chuala mé glór chumhtach Phiarais Uí Lorcáin ar clár TG4, Bláth na hÓige, bhí fonn orm níos mó de a chlos. Shíl mé go mbeadh deis agam nuair a seoladh EP leis. Rinne mé talamh slán de go mbeadh fáil air ar líne áit éigin. Ach ní raibh, agus níl.

Mar sin, nuair a chonaic mé go raibh ceolchoirm Sheachtain na Gaeilge ag Cumann CLG Naomh Uinsionn ina mbeadh sé ag gabháil fhoinn, thapaigh mé an deis. Agus thug aghaidh ar Chluain Tarbh.

Sult - na deirfiúracha ceolmhaire Uí Scolaí a chur tús leis an ócáid, ceol uirlise ar píob, cláirseach agus bosca agus glór cinn. Traidisiúnta ach úr. 

Sos gairid agus ansin chuir fear an tí, Aodhán Ó Ceallaigh, (sár amhránaí é féin) Piaras i láthair. Agus chan seisean meascán amhrán a thionlacan féin ar ghiotáir nó  basúcaí. I nGaeilge agus i mBéarla. Agus é ag cabaireacht go gealgháireach idir na hamhráin, ag magadh go séimh faoi fhéin. 

Iarraidh encore agus encore eile. Agus fuarthas. 

Thapaigh mé an deis fiafraí faoin EP. Bhí cúpla ceann fágtha sa charr aige, ar sé (Typical South Armagh arsa duine éigin). D'fhan mé tamall leis a ghiuirléidí a phacáil, agus labhairt le daoine eile. B'fhiú an fanacht. Tá an EP agam anois! 

An Bhlaosc sa mBois

Le linn Covid bhí mé sa lucht féachana nuair a chuir Mícheál Ó Conghaile leagan den scéal seo i láthair, mar chuid de Fhéile Fíorúil Cúirt. Togra dhinnseanchais i gcomhar le scríbhneoirí Maori. 

D'fhás an scéal agus rinneadh nóibhille de. Seanfhear a fhaigheann iarsma an deirfiúr nach bhfaca sé riamh, a cailleadh roinnt bliain sular rugadh é. I dTuaim, in áras an mhíchlú. Blaosc. Tugtha ar lámh dó - é le tuiscint gurbh é sin an chinneadh a ghlacadh faoi dheireadh maidir leis na taisí.
 
Seanfhear fágtha leis féin a fhaigheann an bosca diamhair. Gan fhios aige cad is ceart a dhéanamh. Téann sé ar camchuairt an cheantair, ag seanchas agus ag roinnt chuimhní leis an mBlaosc. Liodán logainmneacha. Ach stair, seanchas agus cuimhní ag baint le gach logainm acu, agus an seanfhear á dtabhairt chun cuimhne, agus ag samhlú an páirt go mba cheart a bheith ag a deirfiúr iontu.   

Stair an chine, stair an teaghlaigh, agus fealsúnacht. Le tuiscint gur gar a chuaigh sé féin don gcinniúint céanna nuair a bhásaigh a mháthair de luí seoil. Murach daoine a sheas leis agus a thug dúshlán an tsagairt mhór. Agus dá réir don smacht poiblí arbh ionchollú air cumhacht na sagart. Mar a dúirt Séamus Ó Lorcáin, is cionn is go bhfuilimid ar an nglúine a bhfuil cuma mór ar na Móir. Éirímis. (Níl na sagairt mór feasta, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil smacht agus "Móir" ann).
 
Scéal fiúntach, lón machnaimh. Eipic - mar a mheabhraigh Kavanagh ina dhán dúinn, níl mioneachtraí ná mion-áiteanna mion dáiríre. 

Mícheál Ó Conghaile
ISBN: 9781784442736
Cló Iar-Chonnacht.

2025-04-21

Cúirt - Dinnseanchas Conallach


Bhí Cúirt agus Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh daichead bliain faoi bhláth, agus mheall ríomhphoist de chuid CIC anoir mé ar an Domhnach. Bus luath ó Bhleá Cliath agus bus tráthnóna abhaile. Tá feabhas mór ar chúrsaí iompair, agus níl an tír chomh mór feasta. Déanaim dearmad ar sin. Ba cheart dom comhairle Joe Steve a leanúint níos minice agus an chultúir thiar a bhlaiseadh níos minice. 

B'é seal na gConallach páirt a ghlacadh san togra leanúnach Dinnseanchas. Iarrtar ar beirt scríbhneoir píosa dinnseanchais a scríobh agus a léamh.

Iomann ag ceiliúradh baile fearainn An Machaire (sílim go bhfuil an machaire ceart agam) a thug an file agus an scéalaí Eithne Ní Ghallchobhair dúinn, dar bhfuadach as dorchadas na Taibhdheirce amach faoin dúlra Conallach, agus na snáithe uile dinnseanchais ina reacaireacht - tírdhreach, stair, béaloideas, cuimhní cinn, cosmaeolaíocht. Nuair a reiceann Eithne, bíonn a colainn ar fad san insint chomh maith le guth atá ceolmhar cumhachtach. Barr líonmhar bainte aici as togra caomhnaithe logainmneacha, atá ríthábhachtach agus oiread dóibh siúd a bhfuil an t-eolas acu ag síothlú. 

Gearrscéal dinnseanchais Mórtas Aigne Michelle Nic Pháidín. Lonnaithe i dTóraí na dtonn. Béaloideas agus seanchas ag fáil an cheann is fearr ar sceipteachas chúngaigeanta eolaí. Na snáithe arís láidir ann agus bréidín taitneamhach fite astu. 

Reacaire bhreá í Michelle freisin - glór láidir agus insint a mhúscail íomhánna. 

Bhí deis ansin roinnt ceisteanna a chur agus a phlé, faoi stiúir shéimh eolach Mhichíl Uí Chonghaile. 

Ócáid thar a bheith taitneamhach! 


2025-04-20

Rosc Catha Aimhirgín

Bhí an dara léacht Earraigh de chuid Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar Déardaoin 20ú Márta. Thug an tOllamh Michael Clarke caint iontach spéisiúil faoin na tuiscintí agus míthuiscintí a baineadh as Rosc Aimhirgín síos tríd na blianta.

Tuiscintí an fichiú céad bunaithe cuid mhór ar saothar  "Le cycle mythologique irlandais et la mythologie celtique" le Henri D'Arbois de Jubainville. Fear ar ghéill scoláirí na Gaeilge dó toisc go raibh sé tar éis litríocht na Gaeilge a chur ar stáitse domhanda. Ach a bhí tugtha do pandéachas, mar a bhí roinnt dóibh siúd a bhí gafa leis an athnuachan Ceilteach. Fearacht AE. Léirigh Clarke ina chaint go raibh tionchar ag na smaointeoirí agus scoláirí ar a chéile. 

Agus go ndearna siad neamhaird den traidisiún Gaelach, na gluaiseanna, ina measc athleagan iomlán ag Mícheál Ó Cléirigh eile, i. An bráthair bocht a bhí i measc ceithre máistir na hannála. Is cosúil go bhfuil LSS garbh ina lámh siúd, agus an téacs céanna i cóip glan i lámh Cúchonnacht Mag Uidhir.

An tátal a bhain Michael Clarke as seo ná gurbh dúshlán atá sa rosc, dúshlán a thabhairt do filí an Tuath Dé an dán a fhreagairt le dán léirmhínithe. Agus nach pandéachas ná mistéir osréalach atá i gceist in aon chor. 


2025-03-02

Cáil an bheirt?

Étáin, a leanbh & Máire
Aréir bhí mé féin agus mo chomhbhlagadóir Áine i gClub an tSiúcra chun éisteacht le dís Ráth Chairn Étáin agus Máire Ní Churraoin, i. An Chéad Ghlúin eile. Tá siad feicthe agam áiteanna eile cheana, Féile na Fuaime i gCOBÁC le déanaí, agus gan amhras ar Bhláth na hÓige TG4.
 
Ach b'é seo an chéad uair go bhfaca mé iad i mbun gig dá gcuid féin. Mar is iondúil bhí Máire lán fuinnimh agus spleodair (dá bhféadfaí an fhuinnimh sin a chuir i mbuidéal bheadh an géarchéim aeráide furasta a leigheas!). Tá caidreamh ana dheas ag an mbeirt ar an stáitse, magadh séimh ar a chéile agus orthu féin. 
 
Bhí an seó díolta amach, agus iontas na n-iontas, ar éigin gur aithin mé éinne - ní raibh na gnáth hamhrasáin a bhíonn ag ócáidí Ghaeilge BhÁC ann in aon chor. Is léir go bhfuil pobal dá gcuid féin cruthaithe agus cothaithe acu.
 
Amhráin ar an sean nós a chleachtann siad, corr cheann nua aistrithe, agus cinn as Béarla freisin - caithfear a leagan den bhailéid The Two sisters maille geaitsí Mháire a fheiceáil. 
 
Rud eile suntasach - is caitlicigh cráifeacha nádúrtha neamhleithscéalach iad. And rud is fíor annamh is fíor iontach.
 
Bhí tionlacan acu ó Nathan Carter, bodhránaí nár thug mé a ainm liom agus an sár chruitire Jennifer Leahy.
 
Go dté siad ó neart go neart! 

Bhí orm féin éalú chun bus a fháil mar sin ní raibh deis agam an CD nua Cáil an bheirt a cheannach. Ach ní fada uain Aoine Bhandcamp, agus ar aon nós níl píosa eile plaisteach de dhíth orm!

2025-02-26

2025-02-23

Baile Ó gCearnaigh nó Baile an Chinnéidigh?: preasráiteas

 


Baile Ó gCearnaigh nó Baile an Chinnéidigh?

Preasráiteas

Siúlóid staire mar chuid de Seachtain na Gaeilge le Energia.

Eagraithe ag Craobh Bhaile an Chinnéidigh de Chonradh na Gaeilge.

Túsphointe: Óstán Radharc na Páirce (Parkview Hotel) A63 FX72

Iompar Phoiblí: Bus L1 (GoAhead) nó 131 (Bus Éireann) ó Bhré. Bus 133 ó Busáras.

Am: 8ú Márta ag 14:00

Treoraí Aonghus Ó hAlmhain, Blagadóir ⁊ Tráchtaire

Cé nár bunaíodh Baile an Chinnéidigh go dtí an 17ú aois, nuair a tháinig Muintir Cinnéide, Gaeil a d’iompaigh go Eaglais na hÉireann, chun cinn, tá an ceantar stairiúil riamh anall. Tá sé i mbarúntacht an Chaisleáin Nua mar ar raibh eastát Ríoga a bhunaigh Rí Eoin "gan talamh" (Jean sans Terre) san 12ú aois. Bhí sé ar teorainn an Pháil, agus na Branaigh agus na Tuathalaigh ag brú isteach i gcónaí, agus á ghabháil scaití. Níor déanadh contae de Chill Mhantáin go dtí 1606. Bhí cath sa bhaile i 1798; agus tá baint ag an mbaile le Robert Monteith a thug gunnaí i dtír i gCill Comhghall i 1916 agus a gabhadh le Ruairí Mhic Easmainn. Tá cuimhneacháin agus iarsmaí na réanna seo le feiceáil sa bhaile nó gar dó. Taispeánfar na hiarsmaí seo le linn an turais agus tabharfar creatlach an scéil. Beidh leagan níos iomláine ar fáil ar https://aonghus.eu/stair_BanC i ndiaidh na hócáide. Agus réiteofar ceist ainm an bhaile as Gaeilge - Baile Ó gCearnaigh nó Baile an Chinnéidigh?

Breis eolais: Aonghus Ó hAlmhain  mise@aonghus.eu

Kevin (Caoimhín) Graham ciorcalcomhrantmk@gmail.com

Leathanach nua ar aonghus.eu

 Maidir leis an suíomh féin: https://aonghus.eu/genesis.html

2025-02-22

Dar Zeuss!

Bhí an chéad cheann de sraith 2025 léachtaí poiblí Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar siúl tráthnóna Déardaoin.

Thug an tOllamh James Mallory caint éadromchroíoch eolgaiseach ar na scoláirí a thosaigh ag treabhadh goirt an léinn Cheiltigh, dochtúirí ina n-am saor formhór acu. Agus na constaic a bhí rompu roimh teacht ar míniú ciallmhar agus soiléir ar ghaol na Gaeilge agus Cuimrise leis na teangacha Ind-Eorpaise eile.

Constaic inmheánach agus seachtrach. Litriúileachas Bíoblata a d'fhág creideamh daingin gur sliocht Magog mac Iafat mac Naoi daonra iarthar Eoraip. Agus aineolas faoi forbairt fuaimeanna. Agus foclóirí lochtacha. 

Thug sé uraiceacht ar dea-chleachtas PowerPoint freisin! Léiriú agus breis eolais orthu seachas pointí le léamh amach. 

Bhí dlús eolas sa chaint. Táim cinnte gur lean an caibidil ar aghaidh ag an bhfáiltiú, ach bhrostaigh mise liom chuig Féile fuaime COBÁC. 


Pictet's Letter of 1860 to the Ulster Journal of Archaeology on the absence of an authoritative Irish dictionary:

And what do you wait for? Is there any want of means ? With such men as Curry, O'Donovan, Stokes, Siegfried, &c., you have all that is necessary for the work. The Royal Irish Academy is surely in a good position to give the impulse. I cannot believe that the question of money can be any obstacle: an appeal to lrish patriotism would surely provide the necessary funds. All further delays are injurious. The old relics of your language are disappearing , year after year, from accidents, carelessness, fire, or damp. How many irreparable losses have taken place during the last two or three centuries! Preserve at least what still remains, by condensing the substance of them in a Thesaurus, if the means are not forthcoming for publishing them in a complete form. Even if not for the sake of national self-love, you are called on to do so lest you should be anticipated by some foreigner. Zeuss, a German, has already snatched from the hands of your scholars the glory of having raised Celtic philology to the level of modern science. But Zeuss, as far as the ancient Gaelic is concerned, has only explored continental sources of information : and it will be for you to complete his work by the aid of those rich native stores which you still possess.

 The first fascicle of the DIL was published 57 years later in 1913 (by a Norwegian)

Táim fíorbhuíoch de Elizabeth Boyle as m'aird a dhíriú ar an sraith. Faraor, beidh mé as baile dá léacht sise.