Guím Athbhliain séanmhar, sona oraibh go léir.
Janus ón nGnáthfhoinse.
Bhí leabhar Sheáin ar mo mhianliosta Nollaig, agus fuaireas é. Is fíor go raibh roinnt dá chuimhní cinn taitneamhacha léite agamsa sna hirisí agus le deireanas ar a bhlag. Ach is maith ann iad idir clúdaigh leabhair. Ciste deas le bheith ag tarraingt as. Feileann an íomhá clúdaigh go maith mar meafar don leabhar - na bóithre mar a bheadh sruthanna ar leith ag eascairt as foinsí éagsúla, ag teacht le chéile. Cuimhní cinn teaghlaigh. Taithí saoil. Samhlaíocht.Für den Christen hängt alles davon ab, ob in ihm das Bild des Herrn ursprünglich und kraftvoll lebt oder aber abgegriffen und matt. Viele Einwendungen gegen Christus stammen wohl im Letzten daher, dass seine Gestalt im Geiste der Gläubigen nicht leuchtet und ihr Herz nicht lebendig von ihr berührt ist. Stünde der Herr mit Macht vor den inneren Augen der Glaubenden, brennte ihr Herz vom inneren Wissen um Ihn, dann würde vieles von dem was gegen Ihn gesagt wird, nicht gesagt werden können.












Nóta san Irish Times inniu go bhfuil Toirc Allta, a tugadh isteach le ceadúnas go hÉireann, ag éalú agus ag scaipeadh. Is mór idir Éireann an lae inniu agus Éireann na Fianna - agus gan Fianna ná faolchon againn chun smacht a choinneáil ar na beithígh seo. Is féidir leo an dúrud damáiste a dhéanamh, agus déanann ar an Mór Roinn, ainneoin cúinsí beatha measartha maith a bheith ann san fiántas dóibh.

Atá ann inniu. Lá mór do phaistí ar Mhór Roinn na hEorpa. Leanann muid an nós anseo, agus d'aimsigh na páistí bronntanais bheaga ina cuid bróga ar maidin.
Sin an fheidhm atá le miontúir, a bhfuil cosc ar a dtógáil anois san Eilvéis. Ar ndóigh, ní miontúr atá sa ghrianghraf ar chlé - mar is léir ón gcros ar a bharr agus an dealbh ag a bhun. Cloigtheach atá ann - ar Eaglais Bantiarna na Síochána ar Sráid Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;Tugann Sé ár dúshlán áfach, a chomhbhá a roinnt. Rud a fhaighimse deacair - tá sé níos fusa féachaint an treo eile, mar a rinne an Léivíteach
tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;
óir is é an Tiarna a dúirt é.
Bhí alt san Times inniu ag Ferdinand von Prondzynski maidir le cruinneas gramadaí sa Bhéarla. Seans go bhfuilim uafásach fimíneach, ach aontaím le cuid mór dá bhfuil á rá aige, cé nach maith liom beachtairí agus saoithíní. Agus, monuar, tá mo chuid Gaeilge scríofa lochtach go maith. Ach ní hionann sin agus mé bheith den tuairim nár cheart caitheamh go cúramach le focail!
Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,
agus gas ag teacht óna fhréamh

Is trua, dála an scéil, nár baineadh feidhm as an bhfocail níos cruinne "Cathaoir- leach" agus Conradh Liospóin á thiontú go Gaeilge.Níl plean ar bith le feiceáil san atógáil nua; níl aon phlean amháin cuimsitheach do Bheirlín. B’fhéidir go bhfuil sé de chinniúint ar Bheirlín bheith ina chathair ollmhór meigleamáineach i gcónaí riamh, áit a mhothaíonn an gnáthdhuine go bhfuil gach tábhacht ag baint leis na foirgnimh agus nach bhfuil an iomad sin tábhachta ag baint leis féin ná lena shaol.Anois, chaith mise tréimhse sách fada de mo shaol i mBeirlín. Nó, le bheith cruinn, i Hakenfelde, Prenzlauer Berg agus Pankow. Mar is mar sin a amharcann muintir Beirlín ar a gcathair - maireann gach aoinne ina Kiez fhéin. Is ann atá a theach tabhairne, a shiopa nuachtáin, a bháicéir - riachtanais uile an tsaoil. Agus is sna ceantair atá aghaidh daonna na cathrach le feiscint.
"Tomhas ar an deacracht bogearra a thuiscint agus a dheimhniú"Tá an sainmhíniú seo suntasach, toisc go léiríonn sé gné thábhachtach. Is ar an duine atá ag iarraidh an bogearra a thuiscint a bhraitheann an castacht, cuid mhór. Rud a mhíníonn gné eile. Labhraíodh i 1968, ag comhdháil bogearraí NATO, ar an ngéarchéim bogearraí. Agus seo muid, daichead bliain níos déanaí, imníoch faoin gceist chéanna. Tá difear ann, áfach. An uair úd, ríomhchláir a raibh roinnt deicheanna de mhílte líne a bhí gceist le "casta". Anois, is roinnt milliún líne atá i gceist. Tá, mar sin, forbairt tagtha ar ár cumas tuisceana, agus ár acmhainn dul i ngleic le castacht. Ach creidim go bhfuil nath Dijkstra fós fíor:
Nuair nach raibh ann d'aon ríomhaire, níorbh fadhb ar bith a bhí san ríomhchlárú. Nuair a bhí na ríomhairí lag, ba fadhb beag a bhí sa ríomhchlárú. Anois agus oll-ríomhairí ann is oll-fhadhb atá sa ríomhchlárú.Cé go bhfuil maolú éigin le feiscint ar fás cumhacht ríomhairí mar thoradh ar Dlí Mhoore, tá gnéithe eile fós ag cuir le cumhacht ríomhairí. Costas íseal agus luas ard cuimhne, mar shampla. Nó próiseáil oll-chomhuaineach ar ríomhairí il-eithneacha. Fágann sin go bhfuil níos mó agus níos feidhmeanna a gcur i gcrích i mbogearraí sna ríomhairí cumhachtacha seo. "Spúinse castachta" atá sna bogearraí - tá níos mó agus níos mó d'fheidhmeanna córais á rialú ag na bogearraí. I scairdéitleáin cogaidh, tá an feidhmiúlacht atá curtha ar fáil i mbogearraí tar éis fás ó 8% go dtí 80% in achair ghearr blianta.
