Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-07-17

Tairne gach fadhb

Tairne gach fadhb don bhfear nach bhfuil aige ach casúr, mar a deir seanfhocal Gearmánach.

Tá "An Bord Snip Nua" (leasainm ghránna, agus comhartha eile ar an drochmheas atá ag an aos chainteach ar an nGaeilge) tar éis a dtuarascáil a thabhairt don Rialtas, agus iadsan tar éis é a fhoilsiú. Tá sé suntasach go bhfuil na hairí Rialtais tré chéile ag rá gur "menu" atá i gceist - liosta roghanna. Suntasach freisin go bhfuil an méid airgead a mhaíonn an Carthach agus a chomh eacnamaithe a shábháilfear níos airde ná an méid a bhí luaite mar sprioc.

Is léir go bhfuil an Rialtas ag iarraidh scagadh poiblí ar an méid atá san tuarascáil. Agus go bhfuil ré lucht stocaireachta linn. Tá ceacht na gcartaí leighis foghlamtha is léir.

Tá drochscéalta flúirseach san tuarascáil seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht - deireadh leis an Aireacht ina measc, agus cúram na Gaeilge a bheith fágtha faoin Roinn Éadóchais agus dreamanna nach iad. Deireadh le COGG - dream a scoilt ón Roinn úd chun a bheith in ann rud éigin a bhaint amach, agus a bhfuil roinnt bainte amach acu ainneoin dris chosáin iomadúla ón "Máthair" roinn.

Eacnamaí atá i McCarthy, agus is "Toradh ar infheistíocht" a shlat tomhais.

Ach:
Une chose n’a pas une valeur parce qu’elle coûte, comme on le suppose, mais elle coûte parce qu’elle a une valeur.

Sin rud nach dtuigeann eacnamaithe - luachanna nach féidir a thomhas sa bhunlíne. Is minic eolas bheacht acu ar chostas gach rud - ach iad dall ar a luach.

Is gné den chultúr an Ghaeilge; agus is deacair luach an chultúir a mheas i gceart. Beidh sé deacair mar sin ag an Conradh, agus dreamanna eile, a ghlam a ardú os cionn na glamanna eile a ardófar - cuid acu a bhainfidh le cách, agus a mbeidh cluas an phobail acu dá réir.

Ach mura dtógfaidh muid raic, ní fhágfar againn ach raic - cnámha báid na teangain.

Cá bhfaighidh muid Iníon Fharoinn?

2009-06-29

Soir agus Anoir

Atá mo thriail as seo go ceann cúpla seachtain.

Soir ar ghnó go Cathair na Putóige, agus ansin caol díreach ar saoire go Corca Dhuibhne.

Beidh ciúnas anseo go ceann tamaill, mar sin, agus mé ag glacadh sos ón sreangsaol.

Seans go mbeidh mé i raon ríomhaire san idirlinn, ach níl mé cinnte.

Bímis ag léamh!

De bharr taom saoithíneachta a bhuail mé, bhronn Tadhg leabhar dá chuid ón sraith "Bímis ag Caint faoi" orainn.

Ainneoin doicheall an poist roimh seoltaí i nGaeilge, shroich an leabhar ceann scríbe. (Bhí nótaí imill air - ag moladh d'fhear an phoist triail a bhaint as Bré, Na Clocha Liatha - agus Cill Dara!)

Pé scéal é, "An Bhfuil Rún Agat?" an leabhar a bhí roghnaithe againn, leabhar a chíorann rúndacht - cathain is cóir cloí leis, agus cathain is ceart na rúin a scaoileadh.

Tugann an insint agus na léaráidí gleoite muid, céim ar chéim, ó rúin deasa - bronntanas do mhamaí atá faoi rún go bhfaigheann sí é, tríd leathrúin - conas plé le eachtraí bulaíochta ar dhaoine eile, go dtí croí na ceiste - rún faoi droch íde ort féin, agus an riachtanas rún mar sin a scaoileadh le duine iontaofa.

Cheap mé go raibh na léaráidí san gcuid seo thar a bheith éifeachtach - ag leiriú an bhagairt diamhair a bheadh ag rud dá leithéid ar ghasúr, gan a bheith ró litriúl.

Tríd is tríd, an leabhar atá ann. De bharr go bhfuil mo chlann mic ró shean, agus m'iníon fós ró óg, is dócha nach mbeinn tagtha chomh fada leis de mo dheoin féin - fós. Beidh súil in airde agam don gcuid eile den sraith amach anseo - cé go bhfuil súil agam nach mbeidh call againn riamh le "Céard a Tharla idir Mamaí agus Daidí?".

Rud beag amháin - seans go bhfuil an litreoireacht rud beag deacair le léamh do thosaitheoirí léitheoireachta, rud a bheadh ina bhac do roinnt páistí san aois ghrúpa an leabhar a léamh as a gconlán féin.



An bhfuil rún agat?

le Jennifer Moore-Mallinos, maisithe ag Marta Fabrega
leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin

ISBN: 978-0-9550983-9-0

34 lth, lándaite, clúdach bog
Aoisghrúpa: 6-10

2009-06-28

Foirgnimh - Foirm agus Feidhm is fearr!

Agus mé i mBeirlín ar na mallaibh rith sé liom - arís - go bhfuil slacht ar leith ar mhonarchana an Gründerzeit thar mar a bhíonn ar mhonarchana an lae inniu. Bíonn gnéithe deasa - túir, fuinneoga gotacha agus rl sna foirgnimh brící dearga seo a mhaisíonn go seoigh iad.
Is mór idir sin agus iarrachtaí na haoise seo, fiú sár iarrachtaí cosúil leis an "Monarcha Gloine" de chuid Volkswagen i nDresden.

N'fheadar an Oisín i ndiaidh na Féineachas é seo agam?

Go hairithe agus a lán de mhonarchan an "Aois Bhunaithe" anois díomhaoin.


Íomhánna ó Wikimedia Commons - anseo agus anseo.

2009-06-26

Giúdaigh mar cheithearnaigh i streachailt inmheánach na hEaglaise?

Dhá scéal ag John Allen anseo agus anseo:

Bíonn ceisteanna inmheánacha san Eaglais a theagmhaíonn le pobal na nGiúdach.

Ceist údarás an Phápa - agus Pius XII agus ceist an Uileloscadh mar cheithearnach san ceistiú sin. (Feictear dom gur deacair acu siúd atá in aghaidh údarás an Phápa droch samplaí a aimsiú, agus go ndíríonn siad ar scéalta amhrasacha faoi Pius XII. Tá obair mhaith á dhéanamh ag an Fondúireacht Réitigh an Bhealach le teacht ar fhirinne scéal Phius - a raibh deá cháil ar as a ról sa chogadh go dtí na 1960í agus dráma Hochhuth, An Fear Ionaid)

Ceist eile an gaol is ceart a bheith idir an tSean Tiomna agus an Tiomna Nua, Iosrael mar Phobal Tofa Dé agus an Eaglais mar Chorp Chríost. Sin ceist atá na diagairí ag streachailt leis leis na cianta, agus níl - agus is dócha ná beidh - freagra uileghabhálach air. Ach bheidh sé mí-loighciúil a chreideamh nár tháinig Críost chun an cine ar fad, Giúdaigh san áireamh, a cheannach ón mbás agus peaca. Ceist eile conas go díreach a tharlóidh sin.

Tá pointí thábhachtacha sna píosa thuas maidir leis an gá le breis stuaim agus íogaireacht ar gach taobh - na heití san Eaglais agus na heití sa Pobal Ghiúdach - ar na ceisteanna seo.

Greannstad


Píosa breá ag an dTitleyeach inné. Ní Béal bocht go dtí é!

NÍL A fhios agam ar thug tú faoi deara é? An oíche faoi dheireadh is ea a tharla. Bhíos amuigh ag féachaint ar dhul faoi na gréine le súil is go dtiocfadh inspioráid filíochta éigin chugam nuair a tuigeadh dom nach rabhthas mar a bhí.


Íomhá ón NOAA

Foinse i ndísc

Sin sin. An tua tugtha do nuachtán Ghaeilge eile.

Ní minic a pléim ceisteanna cúiseacha anseo - saothar in aisce atá ann a bheith ag plé ceist na Gaeilge as Gaeilge go minic.

Ach is tubaiste a fhágann cantal orm teip seo an Fhorais.

Ní hamháin go bhfuil nuachtán [eile] ceilte ar léitheoirí na Gaeilge. Ach tá an deireadh leis an earra Ghaeilge ba fheiceálaí ar fud na tíre. Ní bheidh aon earra Gaeilge a d'fhéadfaí a fheiscint i ngnáth siopa nuachtáin ann níos mó.

Beidh Gaeilgeoirí níos ceilte ná riamh - ní fheicfear sinn ag léamh rud a aithneofar ar an bpointe mar nuachtán Gaeilge.

Ní léir dom straitéis ar bith ag bheith ag an Stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge. Muna dtig leis an áisíneacht Stáit atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge fiú rud chomh simplí le seo a réiteach, cén dóchas atá ann go gcuirfear plean fad théarmach i bhfeidhm? Sin má fhoilsítear an diabhail rud riamh.

Crónóidh mé iriseoireacht Foinse - go háirithe scríobh Alex Hijmans, an Speallaire, Breandán 'ac Gearailt, deá altanna i bhFaobhar, An Saighdiúir Samhraidh, agus rl.

Tá súil agam go n-aimseoidh foireann agus saoririseoirí an nuachtáin foinse ioncam eile. Agus go mbeidh teacht againne ar foinsí a saíochta fós!

2009-06-25

Díoltas Dé


Bhíos ar cuairt i mBeirlín ag an deireadh seachtaine - dualgais teaghlaigh. Ach bhí deis agam cúpla sciurd isteach sa chathair a dhéanamh. Bhí an grian ag taitneamh go láidir, agus fíor na croise le feiscint go soiléir ar an túr teilifíse! Is iad na cumannaigh a thóg an túr seo i mBeirlín Thoir, agus tá cúpla leasainm eile air nach raibh cloiste agam go dtí go ndeachaigh mé i muinín Google chun mo chuimhní ar an leasainm a athnuachan. Is maith liom an leagan "Sankt Walter" - i ndiaidh Walter Ulbricht.
Breis ag wikipedia, anseo.
Le Raimond Spekking an griangraf - theip ormsa ceann a ghlacadh, bhíos i traein nuair a chonaic mé an feic!

Cruimh Chabáiste




Chuir muid roinnt cálráib i bosca glasraí sa ghairdín. Agus seo an toradh - ionradh na gcruimh cabáiste. Chuir mé an ruaig ar scata acu cúpla lá ó shin, ach tá ceann nó dhó á phiocadh agam de na duilleoga maidin agus tráthnóna ó shin. De réir na leabhair, ní dhéanfaidh siad aon ró dhochair don bharr. Tá súil agam gur amhlaidh atá - níl cálráib ró fhlúirseach in Éirinn. Faighim corr uair ó díoltóir i mBarra Temple é, ach ní bhím sa cháthair sách minic ag an deire seachtaine.

Glasra deas milis atá ann.

2009-06-17

Béarla na n-éin

Ar mo chamchuairteanna tháinig mé ar an suíomh seo.

Liosta de ainmneacha éanlaithe bailithe ag fear díograsach, Colm Ó Caomhánaigh.

Thar a bheith spéisiúl.

2009-06-16

bith- (agus fata) éagsúlacht

(Íomhá ó wikimedia)
Bhí alt san IT inniu maidir le prátaí Pheiriú (theip orm teacht air san eagrán ar líne).

Tá na mílte cineál práta acu thall, agus táthar anois ag tabhairt cúnamh d'fheirmeoirí ann leis an ilchinéalachas seo a chothú, agus a fhorbairt. Mar mhalairt ar sin, tá na feirmeoirí ag cuir an t-ábhar ar fáil d'eolaithe d'fhonn iniúchadh a dhéanamh ar na géinte.

Tráthúil, agus muid ag plé na ceisteanna a bhaineann lena leithéid thall agus abhus!

Is dóigh liom go bhfuil baint ag an dream seo leis - Lár ionad na bPrátaí

Más buan mo chuimhne, an creimeadh atá á dhéanamh don bhithéagsúlacht1 ceann de na gnéithe a bhí ag déanamh tinneas do Sheán Mac Donagh. Seo céim fónta, ar gach slí, mar sin.


Bíonn na fataí nite, bruite `gus ite ag na Connachtaigh
faoin am go bhfuil prátaí ráite ag na Muimhnigh


1Is fearr liom an focal Gearmánach - Artenvielfalt.

Ahmadinejad agus daille saol an Bhéarla

Alt ag Mercator.net le anailís spéisiúil ar cén fáth go bhfuil innealtóir fós i gcumhacht san Iaráin.

Is bocht an scéil é má tá muid san Iarthar ag brath ar eolas ó dhaoine atá báúil le tuairimí an Iarthair i gcoitinne, seachas daoine a bhfuil an fhírinne garbh, searbh ar eolas acu.

B'shin cuid den teip san Iaráic; agus seans go bhfuil níos mó den teip san réigiúin i ndán dúinn.

Tá, gan amhras, ceisteanna fós faoi ionracas an toghchán, agus beidh sé deacair fianaise a fháil slí amháin nó slí eile, agus cosc ar iriseoirí ón gcoigríoch a oifigí a fhágáil. Ach n'fheadar cé mhéid acu a bhfuil Fairsis ar a dtoil acu, pé scéal é!

Ceist chasta. Tá súil agam nach mbeidh cogaíocht mar thoradh air, Inshallah!

2009-06-13

Kleiner Mann – was nun?

Tréimhse imní agus buairt d'fhostaithe atá ann faoi láthair. Tá an feannadh croí a bhaineann leis an focal úd iomarcaíocht blaiste agam cheana féin i'm shaol, agus tuigim dóibh siúd atá ag gabháil tríd an bpeannaid sin faoi láthair.

Tá an cuir síos is fearr atá léite agam faoin bpurgadóireacht seo le fáil i "Kleiner Mann – was nun?" (A fhir bhig, agus anois?) le Hans Fallada. Scéal fostaí ar chéim íseal (díoltóir i siopa) i lár an an Spealadh Mhór atá ann. Ré a bhí níos deacra sa Ghearmáin ná in áit a bith eile. Cé gur scéal grá atá ann freisin, 'siad iarrachtaí an laoich greim a choimeád ar a fhostaíocht is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. An eagla a thiomáineann é, agus an nasc dlúth idir a fhéinmheas agus a chuid oibre. An creimeadh a leanann an dífhostaíocht, agus an searc a choinníonn ag dul é.

Tá dóchas agam gur beag duine a bheidh chomh buailte céanna an uair seo - níl rudaí baileach chomh holc sin abhus, buíochas le Dia.

Léirmheas ag Zeit anseo
, agus codanna den úrscéal móide réamhrá as Béarla ag Leabhair Ghoogle.

2009-06-12

Pontifex

Alt ag John Allen ag rá gurbh é an Eaglais, agus go hairithe an Pápa, atá de dhíth chun nasc a dhéanamh le Moslamaigh measartha.

Tógálaí Droichid an sanasaíocht atá le Pontifex.

Is dóigh liom gur fíor dó, agus go bhfuil práinn ag baint leis an gceist.

Cathláin an Phápa

Cuir an mhír seo ag Calliomachas ag smaoineamh mé.

Bhí tionchar riamh ag creideamh agus polaitíocht ar a chéile. Ba threise an tionchar úd i ré na Ríthe a chreid ceart Diaga a bheith acu rialú. Agus ón uair a chuir Leo III an choróin ar Chathal Mór, bhí gaol casta idir pobail agus flatha na Gearmáine agus an Pápa.

Zwei swert in einer scheide,
verderbent lîhte beide;
als der bâbst der rîches gert
sô verderbent beidiu swert

Bescheidenheit, Frîdanc, 1230
Nuair atá dhá chlaíomh in aon truaill
loitear go héasca iad araon
Nuair a shantaíonn an Pápa an Coróin
loitear iad araon.


Thug Anraí IV an Bealach go Canossa ar féin, rud a chuir corr eile san scéal. Mar a tharla go minic, chaill an Pápacht an cath bolscaireachta sin, a bhfuil macalla air go dtí an lá atá inniu ann.

Ach leis an Athrú Creidimh, agus na cogaí a lean é, d'éirigh an scéal níos casta fós. Socraíodh i Síocháin Creidimh Augsburg gurbh é "cuius regio, eiuis religio" an prionsabal feasta - gurbh é creidimh an flaithe a bheadh mar chreideamh an ceantair.

Ba mhinic creidimh flaitheas ag malartú, de réir mar a mhalartaigh an prionsa. Uaireanta, d'iompaigh an Prionsa ar mhaithe leis féin - mar shampla August Láidir a d'iompaigh chun na Róimhe ar mhaithe le coróin na Polainne.

Tá a lán béaloidis ann faoi uisce faoi thalamh, breabaireacht agus dúmhál chun rídhamhnaí a iompú go dtí an creideamh "cuí". Tá sé lárnach in úrscéal Feuchtwanger, Jud Süss.

Agus scríobh Friedrich Schiller úrscéilín (nár chríochnaigh sé) "Der Geisterseher" bunaithe ar an ábhar céanna.

Sin an cúlra le sceon Goethe, agus a easpa comhbhá leis na Gael faoi chois:

"Bei den Katholiken", sagte Goethe, "sind alle Vorsichtsmaßregeln unnütz. Der Päpstliche Stuhl hat Interessen, woran wir nicht denken, und Mittel sie im Stillen durchzuführen, wovon wir keine Begriff haben"
Eckermann, Allagar le Goethe, 3ú Aibreáin 1829
(Agus tú ag plé leis na Caitlicigh, arsa Goethe, níl aon mhaith bheith faichilleach. Tá spéiseanna ag an bPápacht nach ritheann linn, agus modhanna iad a chuir i feidhm faoi choim nach bhfuil an tuiscint is lú againn orthu)


Léiríonn an íomhá thuas Anraí ag geata Chanossa. Fuair mé anseo é.

2009-06-11

Na Gael dar le Chesterton


Tháinig mé ar an aiste spéisiúil seo ar mo chamchuairteanna línseoireachta.

Léargas fiúntach ar cad is náisiún ann, agus gur truflais a bheith ag caint ar "chine". Monuar, táimid anois chomh mór faoi thráill an simléir is an hata ard - nó na rudaí arbh siombail dóibh iad - is a bhí na Breatnaigh riamh.

An ann don Náisiún Gaelach? An bhfuil an mianach fós ionann daoine eile a shú isteach inár gcomhluadar?

2009-06-10

Ríocht na nInnealtóirí


(Foinse anseo, bunaithe ar alt san IEEE Spectrum)


Dhá alt spéisiúla a léigh mé ar na mallaibh san iris Innealtóireacht agus Teicneolaíocht. Níl ach an ceann seo fós ar fáil ar líne - plé measartha fealsúnach ar an tionchar ar leas agus sonas an phobail a bhíonn - nó is féidir a bheith - ag innealtóirí. Rinne an alt eile scagadh ar ról na nInnealtóirí atá i gcumhacht san tSín. Dream a bhfuil an dul chun cinn i gcúrsaí eacnamaíochta curtha i gcrích acu, ach a bhfuil leithéidí an Falun Gong ag déanamh an tinneas dóibh.

Tá innealtóirí go maith ag leigheas fadhbanna ar féidir dul i ngleic leo le huirlisí na heolaíochta. Ach ní dream foighneach muid! Agus uaireanta bíonn sé deacair orainn aird mar is ceart a thabhairt an na gnéithe nach bhfuil intomhaiste - nó a chuireann an tomhas as a riocht iad fiú! Agus is eol dúinn go gcuireann daoine a iompar in oiriúint de gnéithe de a tomhaistear. Ní amhábhar do saothar innealtóireachta é an duine, ainneoin an dream a chreideann i, agus atá ag saothrú i dtreo an Aonrachta. (Scagtha ag Mercator.net anseo. Rinne C.S. Lewis a mharana ar an gceist seo i "The Abolition of Man")

Mar sin, cé go mba mhaith liom roinnt innealtóirí a bheith san Oireachtas - níl duine ar bith ann ó chaill Breandan Ryan a shuíochán san Seanad - is dóigh liom go bhfuil múnla SAM go maith anseo - dearann na hinnealtóirí gach rud - seachas na dlíthe!


2009-06-09

Aonaráin, alltacht, allagar, ádh, athnuachan

Táid ar fad le fáil i gCanary Wharf le Orna Ní Choileáin.

Gearrscéalta breátha atá díreach léite agam. Scéalta ón ré seo, agus iad inchreidte ainneoin iad a bheith ag cíoradh eachtra as an gnách - Kafkach geall leis.

Duine aonair, aonaráin go minic, i gcroí gach scéal acu, i ngleic le dán arbh féidir leis bheith aisteach, uafar, crua.

Thaitin na scéalta go mór liom, agus shlog mé an leabhar. (Ar an ndrochuair do na foilsitheoirí, ón leabharlann a fuair mé é. An géarchéim, tá's agat!)

Léigí (agus ceannaígí, más féidir!)



Canary Wharf
Cnuasach Gearrscéalta
Orna Ní Choileáin
ISBN 9781901176919
Cois Life 2009

167 lth.

2009-06-04

Dhá cultúr?

Bhí alt ag Torlach Mac Con Midhe i mBeocheist na seachtaine seo inar chuir sé an cheist

Ach an féidir linn eolaíocht a phlé – mar shampla, ceist na géineolaíochta, rud atá rí-thábhachtach, bíodh sé le leas nó le haimhleas an chine daonna – mar a phléitear ábhair eile?

Léigh na nuachtáin agus éist leis na meáin chraolta sa Ghaeilge. Pléitear litríocht agus stair agus polaitíocht agus a leithéid go rialta – ach is annamh a phléitear eolaíocht. Ní hé nach bhfuil na téarmaí ar fáil. Ach níl ann ach corrdhuine cosúil leis an Dr Matt Hussey a fhoilsíonn ar chúrsaí eolaíochta. Is trua é, agus is mór an chaill ar an Ghaeilge é.

Feictear dom go bhfuilid ann sa bhlagadóireacht atá ag cíoradh na ceisteanna seo. Feictear dom freisin go bfuilimidne a bhíonn ag plé leis na heolaíochtaí go gairmiúil sách oscailte do na dána. An-sampla aiste Sheáin ar an gCeimic. Ach is dócha gur fíor nach bhfuil an cumarsáid ann san treo eile.

N'fheadar conas an bearna úd a líonadh? Scríobh linn, is dócha!

2009-06-03

Lón intinne ón mbeatha saorga

Sean McDonagh faoi agallamh ar John Allen. (Bhí athchló ar an alt seo san Irish Catholic, mar a chonaic mise é)

É dubhdóite in aghaidh na síolta géinathraithe.

Caithfead a rá go bhfuilim féin amhrasach. Go háirithe faoi na síolta daora seo a bhfuil athrú déanta orthu chun nach mbeidh toradh ar bith ar a dtoradh - rud a fhágann smacht iomlán ag lucht a ndíolta ar an margadh úd.

Tá dealramh lena ráiteas freisin go bhfeadfaí daonra níos mó a bheathú (agus níos folláine, freisin) ach muintir an Iarthar aithris a dhéanamh ar nósanna feollaghdaithe an Oirthear, seachas a mhalairt mar atá ag tarlú anois agus an meánaicme ag fás san Ind agus sa tSín. (Agus go n-éirí leo!)

Tá sé deacair tuiscint ceart a bheith ar iarmhairtí athraithe mar seo ar an mbithsféar - is maith -agus scanrúil - an sampla é na coiníní san Astráil, abair.

Ceist chasta. Tá tuairimí eile cíortha ag John Allen in altanna eile - bhí comhdháil ar an gceist sa Vatacáin, mar a bhfuil sé ag feidhmiú mar chomhfhreagraí. Breis nascanna ag bun an ailt thuas.

Ceist nach mór a chíoradh.

Ach tá sé níos práinní abhus, sílim, dul i ngleic leis an méid beatha a chuireann muid amú.

2009-06-02

Kaiserwetter

(Liam II na Gearmáine, íomhá ó Wikimedia)
Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch abhus.

Tá sé sna fichidí meánacha le cúpla lá anuas.

Is mór an díol trua iad na scoláirí bochta atá faoi chuing na scrúdaithe stáit.

Ach bheadh Liam II sásta,ach é bheith anseo.

2009-05-30

Cuaird Aspalda de dhíth

Aontaím leis an méid atá na hEaspaig ag rá - gur gá dúinn uilig ar mharana a dhéanamh ar na huafáis a thuairisc an Coimisiún. Ní cuimhin liom cé go beacht a dúirt go raibh gá le saineolas ó lasmuigh den Eaglais chun cabhrú linn an cheist a chíoradh.

Cúis díomá agus fearg dom mar sin na ráitis ó na hOrd ag maíomh as a neamhspleáchas sa cheist seo. Is fíor go bhfuil siad neamhspleách ón gcliarlathas deoiseach in Éirinn. Ach is cuma.

Tá an scannal seo, agus scannal Fearna, agus scannal Áth Cliath atá fós le briseadh orainn, bainteach leis an Eaglais (agus an Stát) tré chéile. Ní mór dúinn uilig, Pobal, Cléir agus Rialtas dul i ngleic leis.

Ní haon nuacht é go n-aimseoidh saobhthóirí deiseanna a ainghníomhartha a imirt ar naíthe agus somacháin. Tá fianaise ann go raibh slabhra de mhí-úsáid i gceist sna cásanna seo; gur iompaigh íobartaigh i nglúin amháin ina gciontóirí i n-aghaidh an glúin dár gcionn. Arís, is eol dúinn go bhfuil sin ann.

Ach an rud faoin gcás seo nach mór a iniúchadh go domhain agus a leasú ná an bealach go raibh an mhí úsáid seo buanaithe sa gcóras.

Caithfear modhanna riartha agus údarás a iniúchadh agus a leasú. Agus ní slán aon iniúchadh ar aon eagraíocht muna bhfuil an iniúchadh sin neamhspleách. Tá an Stáit i ndiaidh an Choimisiún a reáchtáil, agus tá roinnt den scéal anois i lámha na nGardaí.

Ach caithfidh an Eaglais gníomhú freisin. Tá modh ann - Cuaird Aspalda - sé sin le rá, ionadaí ar leith de chuid an Pápa leis an cumhacht iniúchadh foirmeálta a dhéanamh ar dheoise nó proibhinse d'ord rialta.

Tá sé de chumhacht ag an Pápa iad a leasú, nó a scor más gá.

Feictear dom freisin go mbeadh sé do cumhacht ag ionadaí mar seo tarraingt ar shaineolas lasmuigh den gcléir - agus den eaglais - dá mbeadh gá leis.

2009-05-29

Fuineadh Fir

(Íomhá ón Tóstal 1954, a fuair mé ó Wikimedia)

Nílim ag ceannach nuachtáin faoi láthair (pingineacha gann de bharr an cáin bhreise...) Fágann sin breis ama agam léamh agus mé ar m'aistear laethúil tríd an gcathair.

Tá dornán leabhair a fuaireas le huacht agus nár léas fós, ina measc "De Réir Uimhreacha" le Pádraig Ua Maoileoin

Scéal dírbheathaisnéiseach faoi oiliúint Ghardaí sna 1930í, an tslí inár fáisceadh iad ag córas faoi anáil nósanna an RIC agus Arm Shasana. An slí a chuaigh siad in inmhe de bharr (nó bhféidir in ainneoin) an druil agus an foghlaim de ghlanmheabhair dlíthe agus rialacha. Agus gan amhras de bharr an cuimilt agus achrann idir fir óga ar mheoin agus taithí éagsúla.

Leabhair spéisiúil. Scríofa go tarraingteach agus soléite go maith.



De Réir Uimhreacha
Pádraig Ua Maoileoin
Muintir an Dúna 1969

2009-05-28

Aingeal, Deamhain agus fínscéalta an Brúnaigh

Paimfléid ag Mark Shea ag plé le úrscéal Dan Brown, a bhfuil scannán bunaithe air sna pictiúrlanna faoi láthair.

Maíonn an Brúnach go bhfuil taighde cúramach déanta aige ar a chuid ábhair. Ach níl, mar a léiríonn an leathanach seo ag CERN.

Ba chuma, ach go bhfuil aineolas forleathan ann faoin gcreidimh agus an Eaglais, agus go gcothaíonn leabhair Brown na fínscéalta dubha seo faoin naimhdeas idir Creideamh agus Eolaíocht, nuair atá a mhalairt fíor - is as an Eaglais a d'fhás an eolaíocht.

Tá an paimfléid cuimsitheach agus scríofa i stíl éadrom Mhark.

Is fiú é a léamh.

Saothar in aisce

Dúirt an Máistir:
Saothar in aisce foghlaim gan machnamh
Is baolach machnamh gan foghlaim





Táim ag léamh "Empires of the Word" faoi láthair, agus tháinig mé ar an nath suntasach seo ann.

Sin í an cheist

Píosa thar a bheith stuama ag Alan Titley san Times inniu:

Ó sea, bhí a fhios ag daoine. Ná ligimis orainn nach raibh. Cuirimis an bhéalchráifeacht agus an t-iontas uainn. Fearg tar éis na foghla ar chách a chéile anois, ach ciúnas nuair a d’oir.
An t-ómós thar chuimse a tugadh don eaglais Chaitliceach in áit aon tuiscint do dhaoine mar phobal, mar shaoránaigh, mar chomhthalán, is amhlaidh go bhfuil an t-ómós sin géillte ag daoine fadó don státchóras agus d’aicme an airgid.
Sa chás is gur tharla sé gur tháinig leanaí óga chun na tíre seo, abraimis go mídhleathach, agus cuir i gcás gur imigh siad ó radharc gan troigh gan tuairisc, do thuairim an mbeimis ag cur ár mbundún amach ar a son, abair, laidhc?

2009-05-27

Eaglais, údarás, freagracht

De bharr na huafáis a nocht Tuarascáil Ryan tá a lán cainte ar freagracht na "hEaglaise"

Ach tá an scéal níos casta na sin. Ó thaobh dlí de, níl a leithéid de neach dleathach ann agus "an Eaglais". Baineann an scannal seo le ocht ord rialta déag ar leith.

Tá struchtúr thar a bheith díláraithe ag cliarlathas na hEaglaise. Is flaith gach Easpag ina dheoise féin, gan de uachtarán aige ach an Phápa, agus a ghreim siúd sách srianta. Tá beagnach an neamhspleáchas céanna ag sagart paróiste ina pharóiste. Ní comhlacht é an Eaglais leis an bPápa mar príomhfheidhmeannach le cumhachtaí hireáil agus fireáil. Ní bainisteoirí logánta iad na hEaspaig, agus níl i gradam an Promhaidh, nó Príomháidh na hÉireann Uile, ach céim oinigh, primus inter pares. Bíonn an Curia an mhall ag scoir sagart nó easpag.

Agus is eagraíochtaí neamhspleácha iad na hOird freisin; bíonn sé mar nós cúirtéise acu cead an Easpaig logánta a iarraidh roimh dul ag obair ina dheoise, ach sin a bhfuil de smacht ná de údarás aige.
Mar sin, níl sé baileach chomh simplí le iarraidh ar "an Eaglais" níos mó a íoc.

Is cinnte go mba cheart don Stát caitheamh le gach ord rialta agus gach deoise mar chuideachta carthanachta, agus cuntas iomlán agus trédhearcach a éileamh, agus cíos a ghearradh orthu siúd a rinne faillí cóiriúil ina ndualgas.

Is ceart freisin do na hOrd agus na Deoisí stad de bheith ag éisteacht lena ndlíodóirí seachas lena gcroíthe sna cásanna seo. Cinnte, tá seans ann go bhfaigheadh daoine nach bhfuil sé tuillte acu cúiteamh. Ach is dóigh liom go bhfuil an baol sin níos lú anois ná an baol breis anró a chuir orthu siúd a d'fhulaing. Agus an baol breis acmhainní a chaitheamh i ngialla doshásaithe na ndlíodóirí.

Borradh blagadóireachta

Tá an oiread sin blaganna nua Gaeilge ann go bhfuil sé deacair na míreanna nua ar fad a léamh i gceart.

Nach iontach é!

Fotha ar Google Reader agam anseo

Más eol duit ceann nach bhfuil agam ar an liosta, abair liom le do thoil!

2009-05-25

Colainneacha agus colanna

Is dócha go bhfeadfaí tráthúlacht a thabhairt air an fíric go bhfuil Díbirt Dé le Pádraig Standún díreach léite agam. Tráthúil, de bharr an tonn bréantais atá á scuabadh thart orainn de bharr ainghníomhartha daoine a bhain feidhm as a ngradam mar cléirigh chun éigniú corp agus anama a imirt orthu siúd a bhí faoina gcúram.

Tá gné de sin á phlé i saothar an Standúnaigh - baineann snáth amháin den scéal le sagart a d'éignigh gasúr, a bhfuil a théarma príosún curtha isteach aige, agus atá seolta ag a Easpag chun maireachtáil le sagart eile, fear a bhí sa choláiste leis. Tá snáithe eile san úrscéal seo a phléann le lochtanna daonna eile.

Ach ainneoin an adhaltranas, an andúil san ól, an tréigean cairdeas agus an brath atá sa scéal seo, tá roinnt dóchas ann freisin; an dóchas go dtig le duine aithrí agus leorghníomh a dhéanamh; ní ghlantar an smál, agus fanann créacht - ach is féidir leanacht ar aghaidh.

Tugann an blurba rógaire sagairt ar Phádraig Standún - tagairt is dócha dá chol móide féin, agus dá amhras maidir le teagasc na hEaglaise. Ach, cé nach mbeinn ar aon fhocal leis faoi mórán, braithim go bhfuil sé ar a laghad ag iarraidh freastal go dílis ar a phobal.

Murab ionann agus na fuaid úd a bhfuil brat folaithe meirligh déanta acu d'éide an chléirigh.

Fuair an t-úrscéal seo duais Oireachtais as a bheith ina "Fhicsean Éadrom". Bhí duais tuillte aige, ach is éagóir "Ficsean Éadrom" a thabhairt air. Tá scil agus teannas tríd síos, agus deireadh thar a bheith stuama - níl gach rud réitithe, níl siad chun maireachtáil "go sona as sin amach", ach tá clabhsúr éigin ann.



Díbirt Dé
Pádraig Standún
ISBN 978190556016
Cló Iar Chonnachta 2007

2009-05-22

Cogadh Shéamais


(Íomhá ó Wikimedia - grianghraf ó Bull Run)

Fuair mé an leabhar Cogadh Dearg don Nollaig, agus tá sé léite le tamall agam. Níl faic scríofa agam go dtí seo, mar go raibh drogall airithe orm scríobh nuair nach bhfuilim chun a bheith iomlán moltach. Tá ríomhaithne fada agam ar Shéamais, agus theastaigh uaim cothrom na féinne a thabhairt dó.

Mar sin, an cáineadh ar dtúis chun é fháil as an slí! Bhí deacracht agam tosnú ar an leabhar. Phioc mé suas agus chuir mé síos cúpla uair é gan blas cheart a fháil air. Is dóigh liom anois gurbh an chúis a bhí leis sin ná go bhfuil na céad caibidil suite ag tráth san cogadh cathardha nuair a bhí rudaí éiginnte ó thaobh na saighdiúirí de; agus is a léargas siúd a tugtar. Tá siadsan ag dul thart i bhfáinne fí, agus an scéal dá réir. De bharr gurbh tearc m'eolas ar an gcogadh úd, bhraith mé nach raibh an scéal ag dul áit ar bith, agus bhí sé deacair luí isteach air - ní raibh mé cinnte an raibh mé ag athléamh sliocht a bhí léite agam, nó arbh eachtra nua a bhí i gceist.

Níl fhios agam an bhfuil leigheas ar an deacracht seo. Ach seans go mba mhaith an rud é píosa beag a tabhairt an comhthéacs stairiúil a chuir mar réamhrá le 'chaon caibidil.

An locht eile a bhí agam ar an scéal ná gur bhraith me go raibh an caint rud beag calctha, foirmleach. Gan amhras, is deacair dúinne nach bhfuil tumtha i saol na Gaeltachta caint nádúrtha a bhreacadh ar phár. Is seacht deacra é dóibh siúd atá i bhfad ón nGaeltacht!

Ach caithfidh mé a rá gur bhain mé taitneamh as eachtraí laochra an scéal nuair a sháraigh mé na deacrachtaí túis seo, go hairithe nuair a bhog an scéal ar aghaidh ón gcogadh go dtí an saol ina dhiaidh. Tá sé iomlán inchreidte mar scéal, agus léargas grinn ann ar pholaitíocht na nGael Mheiriceánach, agus a dtionchar thall agus abhus, trí shúile fear aonair.

Mar Gesellenstück is éacht atá ann. Táim cinnte gur fhoghlaim Séamas a lán as é a chuir i gcrích agus i gcló, agus go mbeidh feabhas dá réir ar an gcéad úrscéal eile uaidh!


Cogadh Dearg
Séamas Ó Neachtain
Coiscéim 2008

2009-05-21

Ach achon ach am toirsech monuar!

Och, ochón och, táim tuirseach, monuar

An bunleagan ag Dennis anseo:

An ceann seo go deas freisin

Isam toirsech indiú eter chend is choiss (Íomhá le caoinchead Dennis)

Táim tuirseach idir ceann is cos.

Táim, fosta. A chodladh liom anois.

Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid (Matha 6:34)

Tonn thubaisteach truamhéalaí

Tá an tuairisc foilsithe.

Deir Ardeaspag Bhaile Átha Cliath gur pian sa bholg a thugann an léamh dó, agus aontaím leis.

Rinneadh feall nach féidir leithscéal a dhéanamh dó ar na mílte; drochíde corpartha, anama agus collaíochta.

Theip ar an Eaglais. Theip ar an Stát. Theip ar an bpobal.

Níl de dhóchas ann ach go bhfoghlaimeofar ceachtanna, agus nach dtarlódh a mhacasamhail arís, faoi chúinsí éagsúla. Go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil de dhualgas orthu aire a thabhairt do leanaí leochaileacha. Go mbeidh níos mó daoine ann go bhfuil an misneach iontu labhairt amach - ach freisin go n-éistfear leo.

Tá dóchas agam go ndéanfaidh an tine seo leas don Eaglais agus don Stáit, go scriosfar iarsmaí an urraim míchuí, agus an claonadh tost a bhrú orthu siúd a fhógraíonn an rud nach mian linn a chlos.

2009-05-20

Allagar an Idirlín

Píosa stuama ar First Things maidir leis an deacracht le plé ar an idirlíon.

An deacracht go bhfuil an iliomad glagairí ann. Ach freisin go mbíonn muid ró dheas lena chéile ar uairibh, agus nach mbíonn argóint soiléir fiúntach ann dá bharr.



Nó leigheas eile molta ag Bock an Ropaire (chonaic mé tagairt dó ag Mark Shea, tá an blagasféar ana bheag uaireanta...)

Ros na neamh rúin?

Píosa barrúil ag Pól Ó Muirí san IT inniu maidir le "shocker" Ros na Rún.

Is fíor annamh a fhéachaim air (Duine mise a léann an Bhíobla agus a abraíonn an Phaidrín!) toisc go bhfaighim chuile sórt sobalchlár leadránach - agus toisc nach bhfuil fonn dá laghad agam bheith ag rianadh eachtraí sa sraith, ná aon sraith eile.

Táim ag léamh Díbirt Dé faoi láthair, dála an scéil - rud a bheadh shocking go maith dá ndéanfaí scannán as...

Tá daoine tallannacha i gcliar Ros na Rún agus sa chúlra. Mór an trua nach mbaintear feidhm níos fearr astu...

Níl aon easpa ábhar ann sa Ghaeilge ach oiread.

Iriseoir, mise?

I dtrácht ar phlé thall in iGaeilge, scríobh Séamas

Is iriseoir den chéad scoth thú, a Aonghus. Ní bhfaighidh tú post go deo mar iriseoir, mar sin…


Táim ag glacadh leis gur do mo mholadh atá sé, agus táim buíoch de sin. Ach ní iriseoir mé i mo thuairim. Is beag taighde bunaidh a dhéanaim. Tráchtaim ar rudaí a léigh mé ar líne, sna nuachtáin, nó i leabhair. (Is iontach an L-spás...)

N'fheadar a dtabharfainn tráchtaire orm féin fiú. Na[o]scaire, seans... ag línseoireacht liom, agus corr nóta fánach á bhreacadh anseo agam.

2009-05-19

Enid Blyton na Gaeilge?

Bhí alt spéisiúil ag Ríona Nic Congáil ar Cathal Ó Sandair i gComhar na míosa seo.

Fear a scríobh mórchuid leabhar do dhaoine óga, sraith faoin bleachtaire Réics Carló ina measc. Tá ceann nó dhó acu léite agam, ach tá sé deacair teacht orthu (Ní constaic domhsa an tseanchló - agus ní dóigh liom go mba cheart go mbeadh sé ina chonstaic, ach sin scéal eile). Rinne an Gúm athchló ar "Réics Carló ar Oileán Mhanann" i 1984, ach seachas sin ní dóigh liom go bhfuil teacht ar aon saothar dá chuid, seachas corruair i siopa dara láimhe.

Feictear dom nach raibh aon oidhre cheart air. Cinnte, tá leabhardhó ag Ríona í féin - agus ag daoine cosúil le Iarla Mac Aodha Bhuí - ach níl aoinne ag scríobh as Gaeilge chun dúshlán Eoin Colfer Anthony Horowitz, gan trácht ar Darren Shan, a thabhairt.

Slogann mo mhac is sine na leabhair seo, ach tá sé deacair é a spreagadh chun rud ar bith i nGaeilge a léamh - cé gur cabhair áirithe úrscéalta grafacha Cholmáin Uí Raghallaigh agus seoda an tSnáthaid Mhór.

Fáinne fí atá anseo; ní léann sé i nGaeilge cionn is go bhfuil sé "deacair" (toisc gan taithí a bheith aige air). Cinnte, tá leagan Gaeilge de Harry Potter (leabhar amháin) agus Artemis Fowl (leabhar amháin) agus is scoth-aistriúcháin iad. Ach tuige go léifeadh gasúr iad agus an bunleagan seanléite acu faoin am a thagann siad orthu?

Níl leigheas an scéil agam - is deacair maireachtáil mar scríobhnóir do ghasúir as Béarla, ní áirim as Gaeilge.

Ach is dóigh liom go mba céim mhaith é saothar Uí Shandáir a chuir ar fáil arís. Agus na haistriúcháin a rinneadh thart ar an am chéanna.

2009-05-17

Trí dorcha Hérenn: úam Chnogba, úam Slángae, dercc Ferna.


Béal na hUaimhe
An "Buabhall"

Agus do bhlais mé dorchadas Dearc Fhearna inné.

Uaimh scáfar atá luaite i dTréanna na hÉirinn, as ar thóg mé an teideal don mhír seo, agus in Annalacha na gCeithre Maistrí

M928.9

Gofraith, ua h-Iomhair, co n-Gallaibh Atha Cliath, do thoghail & do orgain Derce Fearna, airm in ro marbhadh míle do dhaoinibh an bhliadhain-si, amhail as-berar isin rann,

1. Naoi c-céd bliadhain gan doghra,
a h-ocht fichet non-dearbha,
o do-luidh Criost dár c-cobhair
co toghail Derce Ferna.




("Tráithníní" ag crochadh ón díon, agus cnapanna san áit a dtiteann an t-uisce ón díon ar an dtalamh)

Bhí treoraí spéisiúil, bríomhar, greannmhar againn - fear as dúiche Eabhrac a raibh cló ceann de laochra Gofraidh air! Bhí rud beag imní orm agus é ag beartú a thóirse mar a bheadh tua catha ann! Is furaist a thuiscint ón áit diamhair seo gur chreid ár sinsir go raibh cónaí ann ar arrachtaigh ann - Luchtighearna, ollchat mhór, mar shampla. Agus aimsíodh fianaise don ár a d'imir Gall Godfraidh ar muintir na háite a théith ann ar mhaith ele dídean. Cnámha mná agus paistí óga. Ní raibh marc foiréigin orthu - creidtear gur plúchadh iad de bharr tine a las na Uiginigh chun iad a thiomáint amach as an bpluais.

Tá na cruthanna a d'fhág an t-uisce agus an aolchloch sa chloch suntasach. Iad glé bán san áit a mbíonn sruth fairsing uisce, agus liath nó donn áit nach mbíonn an t-uisce chomh flúirseach.

Is fiú turas é.

2009-05-15

Fómhar Lá Nua

Mhúnlaigh Lá Nua roinnt den fhoireann a bhí aige, agus tá cuid acu ag treabhadh leo.

Ní haon ionadh é Conchubhar agus Eoghan a bheith ag saothrú leo in iothlainn na Gaeilge. Agus, dár ndóigh bhain Philip leabhar as a shaothar i Lá.

Anois tá Colm Ó Broin ag iriseoireacht leis i nGaeilge ag InsideIreland.

Go n-éirí leo ar fad!

Dar ndóigh, tá cuid de Lá Nua fós ann - Faoi Chaibidil

Toradh saothair

(Seoladh Herschel agus Planck. Íomha le ESA)


Ceann de na gnéithe a bhaineann le bheith ag obair le bogearraí neadaithe ná nach minic go mbíonn deis agat do shaothar a fheiscint i gcruth ábhartha. Agus, chomh maith leis sin, nuair atá tú ag obair san earnáil spáis mar atáim anois, bíonn tréimhse fada ama i gceist le togra.

Cúis sásamh ab ea é mar sin a fheiscint inné go bhfuil an dá árthach ar a bhfuilim ag obair le seacht mbliana anuas seolta faoi dheireadh.

Seoladh Herschel agus Planck inné ó Khourou sa Guáin na Fraince.

Agus chuir ár saothar i gCAPTEC le caighdeáin na córais stiúrtha ar bhoird. Cúis sásamh, mar sin.

Go n-éirí leis na misean, a bhfuil sé d'aidhm acu cuir lenár eolas ar thús na cruinne.

Agus dúirt an Tiarna "Go raibh solas ann" agus bhí

2009-05-14

A Thiarna, tabhair dúinn síocháin

Bhí eachtra álainn neamh tuartha ag tionól an Phápa le ceannairí na reiligiúin i mbaile Íosa, Nazarat.

Ag deireadh na haitheasc tháinig Rabbi i láthair, mhol an méid a bhí ráite, ach dúirt gur gá urnaí le chéile freisin. Thosaigh sé ag canadh "Tabhair dúinn síocháin" i dteangacha na háite, i mBéarla, agus i Laidin. Sheas a raibh i láthair agus glac greim láimhe ar a chéile.

Ansin - comhartha cumhachtach in Iosrael - chan sé i nGearmáinis; teanga dúchais an Phápa, cinnte - ach teanga atá nasctha go buan d'Iosraelaigh leis an Uileloscadh.

Tá físeáin anseo (ag KathTube)

Aguisín 2009-05-18 Alon Goshen-Gottstein ainm an Rabbi chliste. Scéal breise anseo.
Aguisín 2009-05-21 Agallamh le hAlon Goshen-Gottstein anseo. (Scríobh mé féin nóta beag buíochais chuige)

An Pápa agus an Ioslam

Tuairim ag Mercator.net.

Tá súil agam go bhfuil an cheart ag an údár, agus go bhfuil dul chun cinn ann san agallamh idirchreidmheach thar a bheith tábhachtach sin. Má tá an síochán le forbairt, caithfear an lár a neartú! Agus úsáid an réasún.

2009-05-13

Fáidh sa Favela

Tá colún Alex Hijmans i bhFoinse, "Na Ceithre hAirde" i gcónaí spéisiúil.

Ní bheinn go minic ar aon tuairim le Alex, ach bíonn lón intinne sa mhéid a scríobhann sé go minic.

Bhí sé ag trácht an tseachtain seo air fir óga ag cuir lámh ina mbás féin, agus ag tabhairt daoine eile leo. Uafáis i mbailte beaga ciúine cosúil le Columbine, Winnenden Apeldoorn.

Luaigh sé an leabhar "Caithfidh muid Kevin a phlé".

Ritheann sé liom nach bhfuil sna huafáis seo ach an gné is measa de phlá féin mhuiníne agus éadóchais, agus líon ard (go hairithe) fir óga ag cur lámh ina mbás féin. Bheinnse go láidir den tuairim gur toradh atá ann ar an ró dhíriú ar an aonaráin, agus comhlíonadh mianta an aonaráin, beag beann ar a chomhluadar.Ach níl chomhlíontar gach mian go gach duine - rud a fhágann daoine áirithe imeallaithe agus ag creidimh nach bhfuil iontu ach teip.

Ní hé sin go baileach léamh Alex, ach tá roinnt den tuairim chéanna aginn faoi. Cúis imní atá ann d'aon phobal.

2009-05-11

Eolaíocht agus amhras

Bhíomar ag plé dramhaíl núicléach thall sa gharraí.

Táimse míshuaimhneach faoin gceist áirithe sin; ach n'fheadar an bhfuil mé ceart.

Pléann innealtóirí agus eolaithe priacail eachtraí i dtéarmaí dóchúlachta agus iarmhairtí.

Cé go bhfuil dóchúlacht fadhbanna de bharr sileadh nimhe ó ionad stórála dramhaíl núicléach íseal - nó sin a maitear, pé scéal é, cuireann na hiarmhairtí a d'fheadfadh bheith air sceon ormsa, i measc a lán daoine eile.

Mar an gcéanna leis an t-imní a chothaíonn tubaiste eitleáin ionann, ainneoin an dóchúlacht go mbeadh muid féin buailte de bharr tubaiste mar sin a bheith i bhfad níos ísle ná an baol gach uair a théann muid sa charr, nó amach ag siúl cois bhóthair.

Tagann samhlaíocht isteach sa scéal. Bíonn an rud mór, scáfar tarraingteach don samhlaíocht; agus déantar neamhaird de chaint stuama, meáite, tomhaiste, teibí lucht léinn. Tarlaíonn na mórthubaistí, agus cailltear muinín an phobail i bhfriotail theibí an "uafáis nach dtarlóidh ach uair gach míle bliain".

Ainneoin gurbh innealtóir mé, nílimse saor ar an t-imní is an amhras sin ach oiread...

Tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin

Aitheasc an Phápa i Yad Vashem

Ní féidir, ainneoin gach dícheall, ainm duine a bhaint de.
Ait íogair do cheannaire Caitliceach, go háirithe ceannaire de bunadh na Gearmáine. An scéal ar nuacht RTÉ - go bhfuiltear á cháineadh de bharr nár ghabh sé leithscéal thar ceann a thíre. Ach ní ionadaí na Gearmáine é an Phápa.

Ainneoin obair dreamanna cosúil le "Réitigh an Bhealach" tá ceist Pius XII ina chonstaic maidir leis an Uileloscadh agus an Eaglais. Ní raibh an Eaglais, ná baill na hEaglaise, gan locht - is smál ar stair na hEaglaise an frith Ghiúdachas. Ach rinne an tEaglais oifigiúil níos mó ná mar a tugtar creidiúint di as. Leithéidí Hugh O Flaherty, mar shampla amháin.

Seo mar a rinne an Jerusalem Post tuairisciú ar an scéal.

Ní théann tobar a thrócaire i ndísc
(Olagóin 3:21
- sin an rud a scríobh an Pápa ar an leabhar cuimhneacháin i Yad Vashem)






2009-05-17 Aguisín: Tuairim eile ó Ha'aretz

2009-05-10

Scéal aisteach maidir le saoirse cainte

Ag Mercator anseo: Ciclipéid faoin gCríostaíocht á tharraingt siar, de bharr é bheith ró Chríostaí...

Alt eile faoi anseo

Léargas eile ón Guardian anseo.

Tar éis na halt seo a léamh, níl mé cinnte faoi scéal go díreach, ach táim amhrasach. Go ginearálta. Is dócha go bhfuil eithne an scéil áit éigin idir an dá mhaíomh. Ach ar a laghad is cosúil gur chaith an foilsitheoir go hamscaí leis an scéal.

Beidh le feiscint. Níl nod ar bith ar suíomh Wiley go bhfuil rud ar bith as alt leis an leabhar.

2009-05-08

Oilithreacht síochána an Phápa san Meánoirthear

Tá sé ann ó inniu.

Go raibh rath air, go seachnóidh sé ceisteanna gaisteacha, ach go mbeidh ar a chumas an fhírinne a chraobhscaoileadh go neamheaglach, agus cur le síocháin.

Na meáin agus na galair

Bhí píosa ana mhaith ag Alex Hijmans i bhFoinse (níl sé ar líne, faraor).

Bhí sé ag tarraingt ard ar an slí go bhfuil cad é clúdach ar fliú na muc, ainneoin nach bhfuil ach líon ana bheag daoine a bhfuil an galar tógtha acu, agus líon níos lú fós atá i mbaol báis dá bharr.

Agus nach mbíonn clúdach dá laghad ar galair eile a mharaíonn na mílte. Daoine bochta is mó a chailltear de bharr na galair seo.

Sílim cuid den fhírinne a bheith aige. Ach an rud faoi fliú na muc (nó H1N1 mar ata baiste go hoifigiúil air) na an bealach inár féidir leis scaipeadh go domhanda. Agus an stair a bhaineann le fliú dá leithéid - an fliú Spáinneach, abair.

Ach is fíor freisin gur gnó, thar aon rud eile, atá i gceist le nuachtáin agus na meáin eile. Agus go mbeidh tionchar aige sin i gcónaí ar cad is nuacht ann.



2009-05-09 Aguisín
Tuairim eile - go raibh an tuairisceoireacht go maith, i gcoitinne.

2009-05-04

Is maith an scáthán súil carad

Tá "léirmheas ag comhchéimithe" lárnach in aon saothar innealtóireachta nó eolaíochta.

Tá sé thar a bheith luachmhar in innealtóireacht bhogearraí. Tugtar "Cigireacht Fagan" ar an gcur chuige chórasach scrúdú a dhéanamh air cáipéisí, samhail nó an cód féin a bhaineann le saothar bogearra. Nuair a bhí Michael Fagan ag obair le IBM sna 1970í rinne sé cuir síos cuimsitheach ar an modh cheart leis an tairbhe is fearr a bhaint as cigireacht mar seo. (Tá a pháipéir ar fáil anseo).

Modh thar a bheith luachmhar atá ann. Is eol d'aoinne a scríobhann go minic go bhfuil botúin ann nach bhfeiceann siad féin. Tá "spotaí caocha" againn ar fad, agus is mór an chabhair é súil chomhghleacaí a theacht i gcabhair orainn. (Tá sé d'ádh ormsa maidir le scríobh theicniúil ghairmiúil go bhfuil riarthóir againn a níonn iniúchadh ghéar ar aon cháipéis a chuireann muid ar aghaidh. Ceistíonn sí rud ar bith nach dtuigeann sí, agus is minic barr feabhais ar cháipéis dá bharr).

Go deimhin, tá modhanna oibre ann ina bhfuil cigireacht mar seo lárnach - "Ríomhchlárú Beirte" a tugtar ar an gcur chuige nuair a bhíonn duine amháin ag clóscríobh, agus duine eile ag faire air. Foghlaimíonn an bheirt as seo, agus seachnaítear botúin.

Tá deacrachtaí ann freisin. Ní mian l'aoinne admháil go níonn siad botúin! Agus tá sé rí thábhachtach nach bhfeicfí cigireacht (agus lochtú) saothar mar fogha phearsanta faoin údar. Nó, níos measa fós, go mbainfí feidhm as an eolas a bhaintear as cigireacht chun measúnú a dhéanamh ar dul chun cinn nó tuarastal oibrí. Bheadh a leithéidí baolach d'ionracas agus fiúntas an chórais.

Tá sé ag dul rite orm anois tagairt a fháil, ach tá prionsabal ann a léiríonn go n-athraíonn iompar daoine de réir mar a thomhaistear é, agus bíonn tionchar ag an feidhm a bhaintear as an eolas an an athrú sin. Ní mór súil a choimeád ar an ngné sin freisin.

Tá ceachtanna anseo don bhlagadóireacht freisin, gan amhras....

2009-04-30

Go bhfóire Dia orainn! Diamhasla le beith ina choir

Scéal a bhí san Irish Times inné. Tá sé i gceist ag an Aire Dlí agus Cirt coir a chruthú san Acht reatha a phléann le clúmhilleadh. Feictear dom go bhfuil an moladh atá aige thar a bheith scaoilte, agus is deacair liom aon bhuntáiste a fheisicint leis an moladh seo. Céard go díreach is brí le "ábhar atá maslach d'aon chreideamh"? Conas a chruthófar gur d'aon ghnó chun "uafás" a spreagadh i creidmhigh a dúradh nó a scríobhadh rud?

Téann creideamh go eithne féiniúlachta an duine a chreideann. Bíonn daoine goilliúnach faoi, agus glactar masla go minic agus go héasca. Ach ní dóigh liom gur féidir leis an dlí dul i ngleic leis seo. Tá dlíthe ann in aghaidh fuathghríosadh, agus is maith sin. Tá dlíthe in aghaidh clúmhilleadh.

Ní fheicim tairbhe san dlí nua seo. Sa bhreis ar an méid atá ag Carol Coulter san anailís seo (a bhfuilim ag aontú a bheag nó a mhór leis), feicim bagairt don saoirse creidimh ann.

Tar éis an tsaoil, is de bharr diamhasla a daoradh Críost! Agus tuigtear dom gur diamhasla i súil Moslamaigh é "Athair" a thabhairt ar Dhia. Is de bharr a gciontaithe i ndiamhasla a cuireadh na mairtírigh chun bás go minic.

Ní fheictear dom go bhfuil an moladh seo stuama. Cuirfidh sé bac ar phlé ionraic maidir le creideamh, agus beidh sé ina fhoinse maoine do dhlíodóirí ar feadh i bhfad!



Aguisín 2009-05-04
Meabhraíonn tagairt Dennis dom gurbh diamhasla an coir a cuireadh i leith Socrates freisin. Bhíos ag smaoineamh go príomha a ceisteanna creidimh. Ach tá gné eile den scéal - cuir in aghaidh Diamhasla mar sciath cosanta ag na húdaráis. Mar a tharla i gcás Chríost agus Socrates. Ba mar chosaint d'Eaglais Bhunaithe Shasana a ritheadh reachtaíocht maidir le diamhasla ar dtús in Éirinn. N'fheadar cén tairbhe a bhainfidh na húdaráis reatha as dlíthe mar seo? Ceist mhaith eile!

2009-04-29

An ríomhchlárú mar litríocht

Bíonn dhá príomhchúis ann go dteipeann ar clár ríomhaireachta.
  1. Toisc go bhfuil an clár fabhtach - go ndearna an ríomhchláraitheoir meancóg.
  2. Toisc go bhfuil an clár mícheart curtha i gcrích.
Go hiondúil, bíonn cumasc den dá chúis i gceist.

Tá bunchúiseanna simplí leis seo.

Ní mór aon rud atá le déanamh ag ríomhaire a bhriseadh síos ina mhinmhionsonraí, agus iad a bheith sainmhínithe go soiléir agus in ord a n-úsáidte. Bíonn nodaireacht theibí de dhíth chun é seo a dhéanamh.

Tá dhá deacracht leis seo.
  1. Ní thagann sé seo le modh nádúrtha smaointe an duine. Is fearr linne tosú amach le imlíne gharbh a phléann leis an creatlach ar dtús, agus ansin na mionsonraí a bhreacadh diaidh ar ndiaidh.
  2. Ní mór beith i'd do shaineolaí chun an nodaireacht a thuiscint. Ach ní saineolaí ar an nodaireacht gach saineolaí ar an ábhar is bunús leis an gclár atá le dearadh.
Mar sin, cumarsáid bun agus barr na ceiste. Cumarsáid righin, saor ó dhé bhrí idir an ríomhchláraitheoir agus an ríomhaire (is fíor go bhfuil sé seo ró antrapamorfach - níl tuiscint ag an ríomhaire). Ach, níos tábhachtaí fós, cumarsáid idir an duine ar mhaith leis an ríomhaire a úsáid, agus an saineolaí a bhfuil ar a chumas an ríomhaire a chuir ag obair. Anseo is mó a chailltear an chath.

Tá ríomheolaithe ag dul i ngleic leis an deacracht seo le blianta; agus is mó scéim samhlaíoch a cumadh. Ceann spéisiúil a tháinig mé ar arís ar mallaibh ná Ríomhchlárú Liteartha, téarma a chum Donald Knuth, Ollamh i Meiriceá.

Ina aiste in 1984 "Ríomhchlárú Liteartha", leag sé amach modh nua oibre. Ghlac sé leis go mbeadh seilbh ag ríomhchláraitheoir ar dhá nodaireacht - teanga ríomhaireachta, mar shampla Pascal; agus nodaireacht chun cáipéisí a chruthú. Bhí an nodaireacht clóchur agus na clár a théann leis - TeX - cumtha ag Knuth, agus bhain sé feidhm as ina mhodh nua, ar thug sé "web" air.

An bunphrionsabal atá i gceist ná nach mbeadh ann ach an t-aon foinse amháin don méid a chuirtear faoi bhráid an ríomhaire (faoi bhráid an tiomsaitheora, le bheith cruinn), agus bhí bhráid daoine i foirm cur síos ar an gclár. Líon ("web") a thug sé ar an bhfoinse seo, agus gineann dhá clár ar leith foinsí agus cáipéisí as seo. Caithreáil a thug sé ar an bpróiseas chun clár ríomhaire a bhaint as an líon, agus fíodh ar an bpróiseas cáipéisíochta.

Fágann an córas seo gur féidir an dearadh a dhéanamh ar shlí atá nádúrtha don duine, agus déanann an clár tangle atheagrú ar an gcód don tiomsaitheoir.

Smaoineamh thar a bheith spéisiúil, a bhfuil forbairt tagtha air ó shin - tá suíomh cuimsitheach idirlíon ag plé leis ag http://literateprogramming.com./

Ní dóigh liom go mbainfidh mé feidhm go gairmiúil as fós - ní dóigh liom go bhfuil sé chomh h-oiriúnach céanna do mhór chláracha neadaithe, ar minic canúint ar leith den ríomhtheanga a bheith de dhíth dóibh. Bíonn gá freisin le breis nodaireacht d'fhonn uirlisí anailíse éifeachtach a dhéanamh.

Ach chun cláracha cúnta a dhearadh, agus mar sin, b'fhéidir. Tá leagan don teanga ar C ar fáil - CWEB.

Tá sé ar intinn agam an scéal a chíoradh níos doimhne, pé scéal é.

Quid est Veritas?

Tuarascáil spéisiúil ag Mercator.net ar Chomhdháil ildánach san Vatacáin, ag plé smaointe Darwin.

Mar a dúirt Eoin Pól II, agus é ag caint le Acadamh Pontaifiúil na nEolaíochtaí:

Ní thagann firinne salach ar fhírinne

Cé go gcreidtear go forleathan é bheith ina chogadh dhearg idir an Eaglais agus an Eolaíocht ó aimsir Ghalileo ar aghaidh, agus roimhe, ní amhlaidh atá.

Tá gnéithe den chreideamh ar féidir leis na heolaíochta nádúrtha solas a chaitheamh orthu. Tá gnéithe eile a bhfuil an eolaíocht dall orthu. Agus ní hionann teoiric eolaíochta agus fíric doshéanta. Pléann aiste CS Lewis ar Sheasmhacht sa Chreideamh1 go stuama leis an gceist.

Tá gá le réimse uirlisí intinne ag an duine, agus ag an gcomhluadar.

Agus, thar rud ar bith eile, tá gá le caidreamh idir na dánta, ag cuir modhanna, canúintí agus uirlisí gach dán san áireamh i gceart. É sin, nó níl todhchaí i ndán d'aon dán!



1(On Obstinacy in Belief - nílim in ann teacht ar chóip ar líne)

2009-04-27

Ballóid boga bhaoth

Is maith agus is mithid go ndearna John Gormley cinneadh fáil réidh leis na hinnill vótála leictreonacha. Cé go bhfuilim i bhfabhar úsáid chiallmhar na teicneolaíochta, bhí an scéim áirithe seo fabhtach ón tús.

An príomh-locht a bhí air ná nár ghnóthaigh an córas muinín an phobail.

Anois, ní raibh mé féin buartha faoi na hinnill iad féin - tar éis an tsaoil bheadh sé chomh héasca céanna bosca ballóide a líonadh le ballóidí bréaga agus a bheadh sé camastaíl a dhéanamh leis na hinnill. De réir mo thuiscint, bhain na deacrachtaí leis na hinnill den déanamh chéanna san Ísiltír agus sa Ghearmáin len iad a bheith nasctha le líonra, agus baol dá réir ann go ndéanfaí camastaíl ar scála mhór - rud a bheadh níos deacra a chruthú de bharr an córas liosta atá in úsáid ar an Mhór Roinn.

Fabht eile a bhí ag cur as domsa - tá córas casta comhaireamh na hÉireann neamh cinnteachaíoch. Tá gné den ádh ag baint le conas mar a scaiptear farasbarr vótaí nuair a bhaineann iarrthóir an cuóta amach. Tá seo amhlaidh toisc nach mbeadh sé éifeachtach ó thaobh comhaireamh daonna dé gach vóta a chuir san áireamh. Ach fágann sé sin nach gá go mbeadh an toradh chéanna ar ath-comhaireamh na vótaí céanna. Mar a tharlaíonn sách minic nuair nach bhfuil ach dornán vóta idir beirt iarrthóir.

Nimh atá anseo d'aon chóras promhadh. Mura féidir a thuar cén toradh a bheadh ar iarracht, ní féidir é a phromhadh.

Agus le córas ríomhaireachta, níl cúis ar bith nach gcuirfí córas cinnteachaíoch i gcrích. Córas a bheadh inprofa. D'fheadfaí, gan stró ar bith, gach uile vóta a chuir san áireamh, agus toradh níos ionadaí de thoil an phobail vótála a aimsiú.

Ní dóigh liom gurbh ar na polaiteoirí an locht faoi seo ach oiread - ach an "Rialtas Buan" - na státseirbhísigh. An dream chéanna ar chosain a sileag maidir le PPARS na táinte orainn.

Feictear dom go bhfuil easpa eolais ghairmiúil ar ríomhairí agus ríomhaireacht ina bhac orthu, agus airgead agus acmhainní an phobail á gcur amú dá réir.

Íde Tógálach na muc


Anois agus baol ann go mbeidh paindéim ann de bharr fliú na muc, tá taispeántas tráthúil ann san Dánlann Eolaíochta i Coláiste na Tríonóide.

Tugann an taispeántas "Tógálach" léargas ar an slí a scaipeann ionfhabhtú.

Baintear feidhm samhlaíoch as gléasanna raidió, a scaiptear ar chuairteoirí, chun cur ina luí ar dhaoine cé mar a scaipeann galar. Más rud é gur tháinig tú ró ghar do dhuine a bhí "tógálach", las solas ar an ngléas, agus d'fhéadfaí é mhúchadh ach dul go dtí ionad díghalraithe.

Bhí scáileáin mhóra ann a thaispeáin na cuairteoirí mar spotaí uaithne (slán) nó dearg (tógálach), agus a tharraing naisc de réir mar a bhí teagmháil ag daoine le chéile.

Bhí nithe spéisiúla eile ann, ina measc clár ríomhaire ag léiriú mar a scaipeann paindéim, agus na héifeachtaí a bhíonn ag céimeanna ina aghaidh.

Tráthúil, agus spéisiúil.



Aguisín 2009-04-28:
Alt soleite ar an bhfliú san Telegraph i Sasana - blag Karlin Lillington a tharraing m'aird air.

2009-04-18

Teachtaireacht an Aingil

Gabriel Rosenstock ag saothrú leis le fada chun doirse an saol mhóir a oscailt do Ghaeilgeoirí.

Tá saothair fealsúnachta agus greann araon, ón oirthear agus an Mheánoirthear aistrithe aige, sa bhreis ar saothar ó theanga a athair, an Ghearmáinis.

Cúpla rud leis léite agam ar na mallaibh a spreag an giota seo.

Tá, mar shampla, píosa rialta "Howl agus abhus" aige i gComhar. Anois, drochimeartas focail amach is amach é sin - ach ábhar spéisiúil, scagadh ar nuachtáin agus irisí ó thar lear.

Mí ó shin bhí dornán de scéalta Zen aige. Níor bhain mé mórán adhmaid astu, seachas ceann amháin acu faoi bheirt manach agus spéirbhean. Ceacht mhaith ann!

Bhí glaic sleachta ó fhealsamh Ioslamach aige ar Feasta, agus feicim ó Foinse na seachtaine seo chaite gur bhronn an Phacastáin bonn litríochta air.

Agus ansin na hailt seo san Irish Times:
An ceann seo ag moladh athfhoilsiú ar scoth na haistriúcháin a rinne an Gúm fadó. Agus ceann eile ag moladh file ón nGearmáin a bhfuil tiachóg burdúin leis aistrithe aige.

Tríd is tríd, cé nach mbainim adhmaid as a lán dá scríobhann sé, is duine spéisiúil é. Nach bhfuil sé tráthúil go bhfuil ainm an Ardaingil Gabriel air - an neach a thug teachtaireacht Dé chuig Muire de réir na Críostaithe, agus an Córán do Mhahamad de réir na Moslamaigh.

Agus is seoid atá i Nasrúidín.Greann na nGiúdach ar mo liosta anois freisin.

Sin sa bharr ar an stuif bhreá do leanaí atá dánta aige - leithéidí an Gharbháin nó Scuabtha chun siúl.

Is maith ann filí na Gaeilge, agus is fearr fós iad siúd a fhéachann amach san chruinne mhóir nach bhfuil go hiomlán faoin scáil angla-sacsanach!

Aguisín 2009-04-23
Feicim go bhfuair "Ar son na Cúise" spreagadh freisin ó ildánacht Ghabriel...

2009-04-17

Cáin Ruhama

De réir alt san Irish Times inné, tá grúpaí éagsúla ag éileamh dlí faoina bhfeadfaí fir a íocann as gníomhartha collaíochta a chiontú.

Tá ardú ag teacht ar an méid mná a déantar gáinneáil orthu, agus a cuirtear iallach orthu bheith ina striapacha. De bharr gur coir é bheith i do striapach, agus de bharr gur inimircigh mídhleathacha iad i súile an dlí, níl bhíonn éalú ann dóibh.

Feictear dom go bhfuil ciall leis an éileamh - gan na mná (agus na paistí) a bheith ciontach, ach iadsan, idir sciorracháin agus úsáideoirí, a thagann i dtír orthu.

Ba cheart bealach thar nais don saol folláin a éascú do na mná seo, mar atá á dhéanamh ag leithéidí Ruhama.

Agus maidir le fear a thugann drochíde do bhean d'fhonn a phléisiúr collaí féin - is ciontóir gnéis é, agus ní cheart go ndéanfadh malartú airgid difear ar bith.

Is fíor go dtugann teacht ar striapacha bealach amach do hainniseoirí mar sin, agus is dócha go mbeadh an saol níos baolaí fós do mhná murach go bhfuil striapacha ann. Ach ní ghlacaim leis nach bhfuil saorthoil ag na daoine seo; agus ba cheart go mbeadh sé rí shoiléir dóibh go bhfuil a iompar do-ghlactha.

Sóivéid Luimní, 1919

Cathair inti féin Luimneach.

Fiú roimh luaithreach Angela, agus a droch chlú reatha mar Luimneach na Lann, ba áit spéisiúil í.
Tá giota bhreá ag Heinrich Böll fúithi ina Dhialann as Éirinn - na sráideanna tréigthe, ach na hEaglais lán go dtí go raibh nóibhéine thart.

Is ann a bhí an t-aon (go bhfios dom) pogram in Éirinn, spreagtha ag sagart, monuar.

Cathair a bhí caomhach go maith, mar sin. Cathair a bhain leis an eite dheis cléireach , mar sin.
Ach fiú roimh Jim Kemmy bhí Luimneach eile ann - an Luimneach radacach úd a bhunaigh Soibhéid chun cur i gcoinne Dlí Míleata 90 bliain ó shin.

Rinne Liam Cahill, údar leabhair faoi, píosa breá cainte ar Adhmhaidin inniu, rud a spreag an mhír seo. (Nascann an mhír thuas lena leabhar, atá anois ar líne.)

D'fhág an Cogadh Cathartha muid gan an ghnáth iomaíocht idir na heití a mhúnlaigh polaitíocht na hEorpa. Cadhain aonair ab ea na radacaigh ar an eite clé riamh - Kemmy, Joe Higgins agus a gcuid. Cá bhfios na mbrisfidh imeacht na bPDanna agus an ghéarchéim eacnamaíocht an mhúnla cúng úd ar deireadh thiar thall.

Bheadh feidhm le Sóivéid nua i Luimneach - le cur i gcoinne maoinlathas agus armlathas na drongadóirí, a gcuireann a n-aindlí féin i bhfeidhm orthu siúd a sheasann ina gcoinne - agus daoine geanúla mar Roy Collins ag íoc an praghas is airde as.

2009-04-16

Go maire sé an céad!


Tá an ceithre scór agus dhá bhliain slánaithe ag an bPápa Benedict inniu.

Go dtuga Dia an mhisneach dó seasamh in aghaidh na faolchon, mar a d'iarr sé agus é á insealbhú. Go dtuga Sé freisin gaois an nathair, agus soineantacht an choilm dó. (fch Matha 10:16)

2009-04-15

An saoi scéal de réir Philip

Dar Liom le Philip Cummings léite anois agam.

Cnuasach altanna a bhí i Lá atá i gceist - altanna arbh buaic na seachtaine iad, dar liom.

Tá Philip ina mháistir ar cleas na dtrí cártaí liteartha - sliocht a mbíonn deireadh soiléir leis - ach ansin cuireann sé corr an, ag baint brí iomlán nua as.

Seo ceann de na leabhair úd ar cheart iad a bheith áisiúil chun smailc taitneamhach a bhaint astu ó am go chéile. Aimseoidh mé cúinne mhaith i'm L-spás dhó!

Bhain mé sult ach go hairithe as an comhfhreagras ag deireadh an leabhair idir é agus an Snodach.

Gonta, glic, greannmhar, glé
Ceannaígí é!


Dar Liom
Philip Cummings
Coiscéim 2008

2009-04-14

Blag-oireachtas

Feicim go bhfuil an comórtas blagáil ag an tOireachtas ann arís i mbliana.

Cé go bhfuilim fillte ar an mblagadóireacht anois agus an Carghas thart, níl bheidh mé ag cuir isteach ar an gcomórtas i mbliana. Is fearr liom cuir isteach ar an Speallaire - fear/bean an phinn grinn i bhFoinse. Bhí an duine bocht ag clamhsán faoin dualgas trom atá air blaganna mar seo a scagadh.

N'fheadar an smaoineamh eile é seo nach fiú foilsiú? Pé scéal é, ó tharla nach bhfuil sé ar intinn agam cloí le moladh na moltóirí ó anuraidh, eadhon, cloí le hábhar theicniúla anseo, ní chuirfidh mé acmhainní amú!

Ní mian liom srian a chuir ar fhoinse an tinfeadh a spreagann na smaointe fánacha seo, ainneoin speallairí ó Foinse ná moltóirí oireachtaigh. (Deir statcounter liom go dtagann neach ó Foinse an treo ó am go chéile).

Táim ar aon fhocal leis an Speallaire faoi rud amháin áfach - go gcuireann an Réalt nua san blagchruinne Gaelach go mór leis. Tá, gan amhras, Tadhg Mac Dhonnagáin ag saothrú iothlainn na Gaeilge le fada. Ach cuireann a chuid garraíodóireachta. go mór leis an nGaeltacht ar líne!

Fáilte romhat, a Thadhg!

2009-04-13

Sionad nua Whitby - sa Bhrúiséil?

Roinnt seachtain ó shin, bhí Feargal Quinn ag moladh san Irish Times go nglacfadh an Aontas Eorpach orthu féin an cúram dáta na Cásca a shocrú.

An stró a chuireann siúltacht an dáta ar lucht gaimbín a bhí ag déanamh imní don bhfear bocht.

Ceist chasta, a tharraing achrann sách minic is ea dáta na Cásca: cosúil le ceisteanna eile, is minic polaitíocht nasctha leis. Deirtear gur shocraigh an Rí Sacsanach a bhí i bhfeighil ar Sionad Whitby cloí le dearcadh na Róimhe de bharr gurbh ag Peadar a bhí eochracha na Flaithis. Ó tharla gur Pápaire mise, ní rachaidh mé ró fhada leis an scéal úd!

Caithfidh mé a rá gur dóigh liom féin gur maith an rud é an bogadh sa dáta - is maith an rud é muid a chroitheadh as ár ngnásanna ó am go chéile. Cabhraíonn sé go dtagann an Inid aniar aduaidh orainn ó am go chéile - sonc chun nithe an tsaoil eile a chuir abhaile orainn.

Firicín fánach eile - is cosúil ainm pagánach a bheith ar an gCásc - sa Bhéarla agus sa Ghearmáinís - ainm a luadh ag Bede, mar ainm bhandia pagánach earraigh. Ach níltear cinnte, toisc gan mórán tagairtí eile a bheith ag dul leis. Ón bhfocal Pascha a eascraíonn ainm na féile gach áit eile - fiú sna teangacha Gearmánacha eile.

Seans go mba chirte mar sin don tUasal Superquinn a féile siúd a athnuachan ar mhaith le lucht gaimbín - agus an Chásc (casadh Q ceilteach ar an Pascha) a fhágail faoin rud ar thug an Pápa "liotúirge an chosmas" air - rince na gealaí agus an ghrian.