Chuir
mír Dennis mé ag machnamh arís ar ealaín. Tháinig scéal
Sheáin agus an gloine dhaite sna sála ar mhír Dennis.
Is iontach an neach an duine - colainn, croí, réasún, coinsias agus toil fite fuaite ina chéile. Agus ealaín á dhéanamh aige ón tús. Ach sílim go raibh i gcónaí feidhmeanna seachas maisiúchán leis. Agus go mbíodh brí níos leithne leis an bhfocal sa chaint thar mar atá anois. Tá an brí leathan fós sna foclóirí.
ealaín [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] líníocht, péintéireacht agus dealbhóireacht; eolaíocht, scil; brainse léinn ollscoile (mar a dhéanann Baitsiléir Ealaíon); ceardaíocht; slí bheatha. An Foclóir Beag
Tá giota páir agam áit éigin a deir gur Baitsiléir in Ealaín na hInnealtóireachta mé féin. Ach go hiondúil anois is na dearc ealaíona a shamhlaítear leis an bhfocal, agus b'fhéidir an éigse chomh maith. Amharctar ar an ealaíontóir mar dhuine ar leith, i leataobh ón gcomhluadar. Agus ar an ealaín mar sprioc ann féin -
l'art pour l'art. Nath a chum an file
Baudelaire.
Ní aontaím leis! Sílim gur féidir le gnáth saothar an duine a bheith ealaíonta, gur féidir foirm a chuir in oiriúint do feidhm ach fós áilleacht a bheith ann. Sílim go mba cheart do na dearc ealaíona gach gné den duine a shásamh, nó ar a laghad a bheith oscailte do gach gné - mar ní lia duine ná tuairim.
Sílim gur scáthán atá san ealaín, agus go mbíonn eolas á roinnt ann, agus gur féidir leis machnamh a spreagadh. Léigh mé
alt spéisiúil ar na mallaibh faoi Picasso - agus an claochlú a tharla do na híomhánna de mná a rinne sé, de réir mar a bhí a chaidreamh leo.
Gan amhras, ba cheird a bhíodh sna dearc ealaíona fadó, agus iad go minic i seirbhís na diagachta, nó an stáit, nó na flaithe.
Chuir an grianghrafadóireacht cor ina gcinniúint, gan amhras - ní thig leo dul in iomaíocht le réaltacht na ceamaraí,
cé nach fíor nach mbíonn bréaga á insint acu!
Bhíodh aibítir siombail sna healaíona, a raibh tuiscint ag an gnáth duine orthu. Mar shampla, i bpictiúr de naomh samhlaíodh
ócht le lile, mairtíreacht le pailm, agus mar sin de.
Don duine, idir corp agus anam, an ealaín!
Aguisín: alt comhthráthúileach ag
First Things!