2020-01-20
Loingseoireacht agus Reanna Neimhe
2020-01-17
Dubh agus Bán na Gréine
Is ar an spásárthach Solar Orbiter atáim ag obair le blianta beaga anuas – ag iniúchadh agus ag promhadh na bogearraí stiúrtha agus cumarsáide. Seolfar an árthach go luath – 6 Feabhra am na hEorpa – ó Cape Canaveral i Florida.
Pátrún na Sailí
2020-01-16
Anailís Statach
Leathanaigh as Dialann Mhic Giolla Iasachta
2020-01-13
Fabht 2020
2020-01-09
Halts Mei – Faschist!
Colleen Doran agus Neil Gaiman
Is ar an ollscoil nó go gairid roimhe a chéad bhlais mé saothair Terry Pratchett. Mar sin is tríd an leabhar Good Omens a scríobh sé i bpáirt le Terry a chur mé aithne i dtosach ar saothar Neil Gaiman.Ní raibh mórán teagmháil agam leis ó shin, ach cúpla bliain ó shin thosaigh mé ag fáil leabhair leis ón leabharlann. Agus á leanadh ar Twitter! Thaitin na húrscéalta American Gods agus Anansi Boys go mór liom. Tá sé de nós agam rud ar bith a thagann mo threo le údar a thaitníonn liom a léamh.
Fágann sin, chomh maith le gearrscéalta agus aistí snasta, gur thosaigh mé ag léamh úrscéalta grafacha agus coimicí fearacht Stardust agus an sraith Sandman. Roimhe seo is annamh úrscéalta grafacha ar mo aiste léitheoireachta (cé go bhfuil Leabhar Breac ag cuir athrú ar sin!)
Tá snáithe a ghabhann tríd saothair Gaiman. Tógann sé scéalta agus miotas a bhfuil seanaithne againn orthu - sa chaoi go bhfuil siad smolchaite leamh - agus baineann casadh úr astu. Á gcur droim ar ais nó taobh tuathail amach.
Tá sé sin déanta aige le roinnt finscéalta coitianta, ina measc Plúirín Sneachta. Agus ansin thóg Colleen Doran, le beannacht agus tacaíocht Neil an gearrscéal agus, ag aithris ar stíl Harry Clarke, rinne úrscéal grafach ard ealaíona as.
Cé go bhfuil an stíl léaráidí éagsúil i Troll Bridge, tá an coincheap gaolmhar. Scéal as an nua é, cé gur bhfuil coincheap an troll faoin droichead tógtha ó na fínscéalta. Scéal faoi teacht in inmhe agus cailleadh saontachta - nó b'fhéidir peaca an tsinsir agus teip dul i ngleic leis. Gearrscéal an bunleagan, agus arís cuireann na léaráidí toise sa bhreis leis an insint.
Léiríonn an dá leabhar réimse an bheirt duine dána, agus an toise bhreise a chuireann comhoibriú le saothar.
Rud atá spéisiúil ná go bhfuil iarfhocal go minic i saothair mar seo - agus i Snow, Glass, Apples go háirithe, a phléann an cuir chuige ealaíona - toise breise luachmhar d'ábhair ealaíontóra.
Beidh súil in airde agam do breis saothair ón mbeirt acu!
2020-01-08
Lindbergh – Scéal luchóige a d’eitil
Tá cnámha an scéil simplí, luch atá tugtha don léamh agus staidéar an laoch. De bharr teacht an ghaiste luiche teitheann na lucha eile as an chathair, (Hamburg) agus fágtar ina haonair í. Ba mhaith léi iad a leanacht, déanta amach aici go bhfuil siad imithe go Meiriceá.
Ach ní féidir léi dul ar bord loinge mar go bhfuil cait ag faire gach poll is conair. Agus í ag ealú feiceann sí ialtóga agus tagann sé ina ceann eitilt.
Gabhann an luch ansin ar luas tríd iarrachtaí inneall eitilte a chruthú, bunaithe ar stair iarrachtaí an chine daonna. Tá mionsonraithe agus samhlaíocht na léaráidí sa chuid thar cionn ar fad, macallaí steampunk ann.
Faoi dheireadh, agus ainneoin ulchabháin a bheith sa tóir uirthi, éiríonn le turgnaimh na luiche agus trasnaíonn sí an Atlantach. Fáiltíonn idir daoine agus lucha roimpi agus tugann a heachtraí spreagadh do bhuachaill óg – Charles Lindbergh!
Spreagann an scéal agus go háirithe na léaráidí smaointe – ba dheacair domsa gan smaoineamh ar teifigh daonna, agus go háirithe na Giúdaigh sa Ghearmáin sna 1930í; ach freisin ar mhisneach dosháraithe agus díogras fionnaitheach.
Tá Gaeilge chuanna curtha ag Myra Zepf agus Andreas Vogel ar an scéal, agus bainfidh léitheoirí óga neamhspleácha agus leanaí a léitear dóibh, agus go deimhin a dtuismitheoirí an-sásamh as an seod seo.
Torben Kuhlmann
Aistriúchán: Andreas Vogel agus Máire Zepf
ISBN: 9781910945261
Futa Fata
Aois: 8+
Foilsíodh an léirmheas seo i dtosach ar Gobblefunked i Meán Fómhair 2017
LabhairAmach.com
Insítear an scéal ó dhearcadh go leor de na daoine óga agus tugann sé léargas leathan ar na fadhbanna agus dúshlán atá ag daoine óga. Seachnaítear insint dubh agus bán, agus tuigimid na cúiseanna atá ag daoine dá n-iompar ach ní déantar leithscéal do dhrochíde.
Tá scéal dúlra neadaithe ann freisin, áit a fhaigheann Ciara faoiseamh sealadach, ach cailleann sí é sin féin.
Tá teannas san insint a dhruideann i dtreo tubaiste, ach bíonn deireadh dóchasach ann agus bláthú i ndán do Chiara. Bláthú a chabhraíonn léi aithint nach bhfuil sí féin saor ó locht – ach déanann sí leorghníomh.
Tá go leor eolas ann faoi thromaíocht ar na meáin sóisialta agus guthán chomh maith leis san saol fisiciúil, agus na bearnaí tuisceana is féidir bheith ann idir daltaí agus múinteoirí.
Tá an leabhar dírithe ar an aoisghrúpa 13 – 15 agus measaim go n-éiríonn leis.
Shamhlóinn freisin go mbeadh sé úsáideach chun plé agus cíoradh ar na ceisteanna ann a spreagadh ar scoil nó i ngrúpaí óige.
Áine Uí Fhoghlú
ISBN:9781784441722
Cló Iar-Chonnacht
Aois: 13-15
Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge - Úna Ní Mhaoileóin
Tá snas níos mó ar an dá leabhar eile a scríobhadh le haghaidh foilsiú - An maith leat spaigití agus Turas go Túinis ach is í an bhean óg neamhspleách géarintinneach chéanna atá le fáil iontu.
Tréith eile atá i gcoitinne iontu ná flúirse léaráidí phinn Úna féin. Ainneoin nár foilsíodh aon saothair eile léi, bhí baint aici le léiriú leabhar eile de chuid Sáirséal agus Dill.
Chomh maith leis an allagar sa chlár léigh Áine Ní Ghlinn sleachta as na leabhair a léirigh an méid a bhí ráite sna hagallamh.
Ba mhithid na leabhair a athfhoilsiú!
Tá súil agam éisteacht leis na cláir eile sa sraith - tá dornán údar luaite nach bhfuil aon eolas agam orthu, agus dornán eile a bhfuil saothair leo léite agam ach nach bhfuil eolas agam orthu iad féin. Tharlódh sé go spreagfar smaoineamh fánach nó dhó eile....
2020-01-06
Idir Huron agus Hudson
2020-01-05
Gráinne Gaiscíoch Gael
Amhas a chuaigh thar foighne a mháistreás scaití - ach go raibh ina uirlis fóinteach dí babhtaí eile. (Ná cuir do mhuinín i bprionsaí!)
Thaitin an insint go mór liom agus bainfidh léitheoirí idir óg agus aosta tairbhe as.
Is trua gurb é seo an leabhar deireadh a fheicimid ó Cois Life - ach is cloch mullaigh a ndiongbhála atá ann.
Gráinne Gaiscíoch Gael
Siobhán Parkinson
Cois Life
2019-12-27
Lá Coille
CINNLAE AMHLAOIBH UÍ SÚILEABHÁINTháinig mé ar thagairt do thimpeallghearradh ar seanmóir Lá Coille ag an Athair Pheadar:
1834
MI GIONBHAIR - Gach la line. An cead la .i. la 'anodlag beag .i. dia ceadaoin .i. la an Timchiollghearradh. - Creidim gur air an la so glaodhaid na Ciaruighig "la Coilleadh";
oir is ionnan coilleadh agus gearradh no timchiollgearradh.
Nuair a bhíodar araon sa n-aois sin do labhair Dia le h-Ábhraham agus d'órduigh sé dhó tímpalghearradh do dhéanamh air féin agus ar gach duine fireann.Ansin is ea rith sé liom go bhfuil Lá Coille ocht lá i ndiaidh Lá Nollaig:
Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. Lúcás 2:21
Is ocht lá na déid sin-
'Seadh glaodhtar la 'Coille air-
I dTeampall na Trionóide.
'Seadh doirteadh an Fhuil Mhilis
Dá chur in-iúl dóibh siúd
Gur scéal é a bhí Chuige
Bheith ag fulaing na daor-pháise
Is ag iomchar na Croise.
Tháining Seaghan Mac an tSionnaigh ar léamh eile ar an gceist as Albain, san leabhar Carad nan Gàidheal i gcaibidil faoi Saobh-Chrabhadh na nGaidheal
Gaoth à deas, teas 'us toradh ;Gaoth o'n iar, iasg 'us bainne ;Gaoth à tuath, fuachd 'us gaillion;Gaoth o'n ear, meas air crannadh.
2019-12-17
Jiohad ar Árainn Mhór!
Cur i gCéill
2019-12-09
Anseo!
2019-12-06
Odaisé
2019-12-05
Sa Teach seo anocht
Úrscéal gairid, úrscéilín dáiríre atá anseo. Caibidlí gairide. Sruth comhfheasa fir atá á intinn déanta suas aige a bhean, a bhfuil a ghrá di fuaraithe a thréigean. Agus an tig inar tógadh é. Agus a mhac, a bhfuil grá aige fós dó. É diongbháilte imeacht ar maidin. Scéal coitianta faraor.
2019-12-04
Croí Cine
2019-11-25
Xenogenesis
2019-11-23
Sitges
Seinneann m'iníon Viola agus Fidil leis an gceolfhoireann Rithim i mBré, ceolfhoireann atá bainteach le Comhaltas Ceoltóirí Éireann i mBré agus le Music Generation. Le traidhfil blianta anuas tá siadsan páirteach i bhféile ceoil i Sitges na Catalóine.. Mar sin ag deireadh an míosa seo chaite thugamar beirt aghaidh ar Sitges.Fad a bhí m'iníon ag cleachtadh agus ag foghlaim ceoil, bhí mise díomhaoin agus ag fánaíocht thart ar na sráideanna. Níorbh cruatan ar bith sin, mar go raibh an aimsir mar a bheadh ar lá breá samhraidh in Éirinn. Bhí ár n-óstán lonnaithe ar imeall an tseanabhaile agus bhí na hócáidí ar fad istigh i lár an seanabhaile céanna - cnocán le sráideanna cúnga ó na meánaoiseanna - agus scata foirgneamh ón ré sin freisin.
Trá agus siúlán bhreá. Solas iontach. Thug mé faoi deara go raibh scata dealbh d'ealaíontóirí ar an siúlán céanna - El Greco ina measc.
Thug mé suntas do na fógraí sráidainmneacha cuanna, dhátheangacha, ar tíleanna agus pictiúir ag dul leo go minic. Tá Caistílis éigin agam, ach níl Catalóinis. Theip orm i siopa amháin uachtar reoite sú talún a aimsiú do m'iníon - toisc gurbh as Catalóinis amháin a bhí na blasanna agus nach raibh cosúlacht ar bith leis an focal a bhí á lorg agam!
Ní dhearna mé mórán ullmhúcháin don turas. Má tá sé i ndán dúinn filleadh beidh roimh réamhoibre déanta agam - agus déanfaidh mé iarracht cuaird a thabhairt ar cuid den na foirgintí stairiúla ann.
D'éist muid Aifreann Domhnaigh (i gCatalóinis) san Eaglais os cionn na trá - eaglais barócach, is dócha (ní saineolaí mé!).
Ní raibh faoileáin ar bith le feiceáil - ach bhí pearóidí beaga glóracha uaine fán trá, ag neadú sna crainn pailme.
Bhí an ócáid ceoil féin taitneamhach cé nach raibh mé i láthair ach nuair a bhí m'iníon ag seinm (faillí eile!).
Bheadh fonn orm filleadh.
2019-11-11
Margaret Lonergan
2019-11-09
Eachtraí Thomáis
2019-11-04
IMRAM - Nick Drake
2019-11-01
Dreoilín na Máighe
2019-10-23
Laochra na Seanlitríochta
Ach bhí fonn mór ar orm Liam Mac Cóil agus Diarmuid Johnson a chlos i mbun léitheoireachta. Tarlaíonn sé go bhfuil an dá saothar as ar tharraing siad léite agam.
Chomh maith le bheith ina fhile agus scríbhneoir próis, seinneann Diarmuid Johnson an fheadóg mhór go feillbhinn. Seinn sé píosa mar réamhrá sular thosaigh Liam Mac Cóil ag léamh óna úrscéal An Choill.
Níl aon dá saothar le Liam Mac Cóil mar an gcéanna, ach is ceann ar leith An Choill. Athshamhlú ar eachtra de chuid ridire de chuid an Bhord Cruinn, scríofa i bhfriotal agus stíl na rómáns Artúracha.
I dtús an scéil músclaíonn an laoch i lár coille, é ar díchuimhne iomlán. Tá castachaí agus fealsúnacht go leor a bhaint leis an scéal, agus mar a dúirt mé le Liam bhraith mé féin agus mé á léamh go raibh mé i bhfostú mé féin, ar strae sa chaschoill. Cuid den pointe é sin, dar leis...
Taithí de chineál eile, ar lú dua agus ar mo phléisiúr, éisteacht le léamh mínráiteach Liam ar sleachta as an scéal - go háirithe os rud é nár bhain na nathanna ársa tuisle as mar a bhaineann siad as asam agus mé ag léamh. Agus rogha cuí de phictiúir rómánsacha roghnaithe ag Margaret Lonergan á theilgeadh ar an mballa lom laistiar de i Scoil na mBuachaillí.
Ealaín eile ar fad. Agus fonn orm athchuairt a thabhairt ar an leabhar.
Seilbh Inse Fódla atá mar fotheideal ar insint Diarmuid Johnson ar scéalta Tuatha De Danann, agus is tírdhreacha sceirdiúla na hÉireann a bhí roghnaithe ag Margaret Lonergan chun na sleachta a léigh Diarmuid a léiriú. Clocha loma mar chúlra d'insint ar streachailt na laochra - gabháil Fódla ó na bhfear bolg agus a chosaint i gcoinne Balor agus na bhFomhórach.
Prós ceolmhar a chleachtann Diarmuid agus tá guth soilbhir glan aige. Idir na sleachta sheinn sé ar an bhfeadóg mór.
Cloisim go bhfuil Conaire Mór taifeadta mar chlosleabhar aige agus ar na bacáin ag Leabhar Breac. Agus Midir agus Étain ag teacht ár dtreo san earrach.
Agus maidir le Liam Mac Cóil, go mbeidh ceann scríbe bainte amach faoi dheireadh ag Lúcás Ó Briain roimh Nollaig - imleabhar toirtiúil ag teacht ár dtreo.
Gura fada buan Leabhar Breac agus a chuid údair - laochra na seanlitríochta atá ag tabhairt léargas úr dúinn ar sheanchas ár sinsir.
2019-10-22
Tá Odaiséas sa Táin!
2019-10-21
An dochtúir leis an hata dearg..
2019-10-19
Our Tangled Speech
2019-10-15
Gaeilge - Anseo agus Anois
2019-10-14
Sruth Teangacha
2019-10-10
Ba seachtópas é inné
Bhí mé i measc an slua mór a chruinnigh san Sugar Club ar sráid Leeson chun tréaslú le Gabriel Rosenstock.
Agus muid ag cruinniú bhí ceol giotár ón stáitse ó fhear nár thug mé a ainm liom faraor. Ceol na Meánmhara.
B'í Sinéad Ní Uallacháin bean an tí.
Chuir gariníon le Gabriel, Maggie Byrne - seacht í féin - tús le himeachtaí trí dhán "Dhaideo" faoi lá breithe an ochtapais a reic. Ba seachtapas é inné...
Lean a iníon Saffron - an dán cháiliúil a scríobh sé di agus í ag iarraidh teilifís i lár na hoíche. (Dúirt Garry Bannister ar ball nach raibh daltaí na linne seo in ann meabhair a bhaint as sneachta teilifíse... Imíonn an t-am).
Is iomaí réimse a chlúdaíonn saothair Gabriel. Ar chrann Alan Titley a thit sé blaiseadh dá shaothair próis a thabhairt dúinn. Thug sé deoch dúinn as turas Gabriel chun Ganges - agus ansin crobhaing scéalta faoi Nasruidín.
Mar a dúirt sé, tá an Ind curtha ar ais ag Gabriel i lár dúchas Ind-Eorpach na Gaeilge agus a litríocht.
Tá comhoibriú le filí eile ag croí obair Gabriel. Ó chuile cearn den cruinne (an aimsir chaite san áireamh!)
Ní fhéadfadh siad ar fad bheith i láthair, ar ndóigh. Sheol triúr ionadaíoch teachtaireacht físe. Mariko Sumikura ón tSeapáin. K. Satchidanandan ón Ind. Hans-Christian Oeser as Beirlín.
Léigh a iníon Éabha dán molta greannmhar a sheol an file Indiach Dileep Jhaveri.
Bhí a nia Mario Rosenstock (fuirseoir cáiliúil) ann le hinsint dúinn faoina streachailt mar nia uncail cháiliúil agus an díomá a chuir sé ar mhúinteoirí agus Micheál D féin nuair a thig siad nach raibh Gaeilge aige....
Sin ráite bhí Garry Bannister a rá gur cáiliúla Mario ná Gabriel i measc daltaí scoile anois...
Chan Hilary Bow amhrán le Van Morrison agus David Bowie sna leaganacha trascruthaithe a rinne Gabriel do Thionscadail IMRAM.
Chuir Donncha Crowley dhá monalóg i láthair, ceann as Gaeilge, ceann as Béarla.
Thug Cathal Ó Searcaigh, Paddy Bushe agus Garry Bannister - sean chomrádaithe pinn de chuid Gabriel- a rogha féin de dhánta Gabriel dúinn.
D'inis Cathal dúinn mar a d'eascair ceann de na tograí is déanaí de chuid Gabriel as leabhar filíochta de chuid Li He, file ó ré Tang na Sine, a thug sé isteach chuige mar bhronntanas san ospidéal. Allagar Gabriel leis an bhfile a bheidh sa leabhar.
Léigh Caitríona Ní Chléircín a rogha féin de dhánta Gabriel a léiríonn a bhá le agus tuiscint ar saol agus mothúcháin na mban.
Allagair le filí beo is marbh cuisle saothair Gabriel. Agus le healaíontóirí agus oirfidigh. Tonnta tinfeadh...
Bhí an ghlúin óg ann freisin - rogha Shéamuis Barra Uí Shúilleabháin de dhánta teagaisc idir aistriúchán agus bundánta. Faraor bhí ormsa sleamhnú amach ag an bpointe sin, imní orm faoin mbus deiridh....
Táim cinnte gur lean an cheiliúradh ar aghaidh - níl easpa ábhair.
Dúirt Cathal Ó Searcaigh go bhfuil sé thar am ag Ollscoil éigin Dochtúireacht onórach a bhronnadh ar Gabriel - agus go bhfuil ábhar céim MA i dtionscaint leabharliosta...
Is fíor dó, measaim.
Gura fada buan Gabriel.
2019-10-07
Stiofán Ó Briain
Tá Stiofán Ó Briain ag glacadh páirte i Reic ó thús ach níl mórán ráite agam faoin méid a reiceann sé, mar go mothaím gur seánra eile seachas an taibhfhilíocht is láidre ag reic atá á chleachtadh aige.
Chuala mé, agus é ag caint le mná Beo ar Éigean ó chlub an chonartha, gur Gaeilgeoir de thaisme é. Nár éirigh leis na pointí a fháil do leigheas agus gur chuaigh sé le Gaeilge in ionad.
Feictear dom ní hamháin gur thum sé é féin inti ach go bhfuil idir teanga agus seanchas ina dhlúth agus inneach anois ann.
Focalbhách mo dhála féin é Stiofán agus baineann sé feidhm as foclóir shaibhir ina chuid scríbhneoireachta (rud atá ina chonstaic uaireanta do lucht éisteachta reic, mothaím).
Reic sé dán ag baint casadh as Oidhe Chloinne Tuireann - ag athshamhlú eachtra Bhriain ag goid ó Oileán faoi thoinn na mBan.
Ach is é an mórshaothair atá ar na bacáin faoi láthair aige ná ag scríobh seanchas samhlaithe áit samhlaithe ar a dtugann sé Tulach an dá Thadhg. Ní cuimhin liom anois cén clár ar chuala mé é ag leagan amach an scéal. Áit samhlaithe ina bhfuil gá thraidisiún i ngleic ann, Tadhg Easpaig Naofa agus Tadhg págánach File.
Ag an reic is déanaí d'aithris sé ceann dá scéalta - fear daonna tite i ngrá le bean den slua sí, atá faoi gheasa. Mar a sháraíonn sé na geasa le cabhair spideoige.
Na comharthaí sóirt scéalaíochta go paiteanta ann - ruthaig, carn aidiachtaí, athrá, meafair.
An t-amhras a bheadh orm go bhfuil an saibhreas Ghaeilge agus na móitífeanna ina chonstaic don gnáthphobal Gaeilge uirbeach a bhíonn ag reic. Ach b'fhéidir gurb é sin an chúis gur fiú tabhairt faoi? N'fheadar....













