Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-23

Trecheng Breth Féne : 71 - 80

71Trí dotcaid maic athaig: clemnas fri hócthigern, gabáil for tascor ríg, commaid fri meirlechu.

ócthigern = Freisasse ag Meyer as DE; Junker ag Windisch
Trí dhonas mac aithigh: cleamhnas le mionuasal, dul i dtascar rí, comhluadar le meirligh.

aitheach = tionónta bocht
tascar = comhluadar, tionlacan
72Trí dotcaid threbairi: tarcud do drochmnái, fognam do drochfhlaith, cóemchlód fri drochfherann.Trí dhonas treabhaigh: forrán pósta do drochbhean, fónamh do drochfhlaith, malartú do drochfhearann

Treabhach = feirmeoir neamhspléach
73Trí búada trebairi: tarcud do degmnái, fognam do degfhlaith, cóemchlód fri dagfherennTrí bhua treabhaigh: forrán pósta do deábhean, fónamh do deáfhlaith, malartú do dhéafhearann.
74Trí hóenaig eserte: célide hi tig gobann, célide hi tig sháir, dul do chennuch cen áirche

esert = fear atá faillíoch ina mhaoin
Trí aonaigh fuaidire: céilí tí gabha, céilí i dtigh saoir, ceannach gan áraigh.

saor = siúinéir
árach = banna
75Trí cóil ata ferr folongat in mbith: cóil srithide hi folldeirb, cóil foichne for tuinn, cóil snáithe dar dorn dagmná.

tonn = úir, talamh
Trí caola is fearr a iompraíonn an bith: sruth caoil bainne feirbe, caol foithnín ar tonn talún, snáth caol ar dhorn deámhná.

bith = an domhan, an chruinne
76Trí duirn ata dech for bith: dorn degsháir, dorn degmná, dorn deggobann.Na trí dorn is fearr ar domhan: dorn dea-shaor, dorn dea-mhná, dorn dea-ghabha.
77Tréde conaittig fírinne: mess, tomus, cubus.Trí riachtanais fíréanteachta - breithiúnas, tomhas, cúis (=coinsias)

Cúis 2
78Tréde conaittig brethemnas: gáis, féige, fissTrí riachtanas breithiúnais: gaois, féighe, fios

Féighe = géire, léargas
79Trí túarascbála étraid: osnad, cluiche, céilide.Trí thréith miangais: osna, macnas, céilí

céilí = ag tabhairt cuairt
80Tréde ara carthar escara: máin, cruth, innraccusTrí chúis a chartar eascara: maoin, cruth, ionracas

car = gráigh
eascara = namhad
ionracas = sa chiall clú, cáil

Nótaí: 

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne : 62 - 70

62
Trí hamrai la Táin Bó Cúailgne: .i. in cuilmen dara héisi i nÉrinn; in marb dia haisnéis don bíu .i. Fergus mac Róig dia hinnisin do Ninníne éicius i n-aimsir Corbmaic maic Fáeláin; intí dia n-aisnóther, coimge bliadna dó.
Trí hamhra Táin Bó Cuailgne; .i. an "cuilmen" tagtha go hÉirinn mar mhalairt air, an marbh dá aithris don bheo, .i. Fearghas Mac Róich dá hinsint do Ninníne éigeas in aimsir Corbmaic Mac Fáeláin; cosaint bliana d'éinne a chloiseann á aithris é

amhra = iontas
an "cuilmen" - ainm ar shaothar de chuid Isidorus-  Origines nó Etymologiae 
63Trí meinistri fer Féne: .i. cích, grúad, glún.Trí rud naofa fir Éireann; cíoch, grua, glúin.
64Trí dotcaid duine: deog therc d’uisci, ítu i cormthig, suide cumang for achad.Trí dhonas duine: deoch thearc uisce, íota i gcoirmtheach, suí chúng ar achadh
65Trí dotcaid threbtha: gort salach, iarmur cléithe, tech drithlennach.Trí dhonas treabhaire: gort salach, iarmhairt cléithe, teach drithleannach

2021-06-08: Bhí plé agam le Dennis King faoin gceann seo ar Twitter. Níl sé soiléir an cléithe nó cliath atá i gceist. Tagraíonn DIL don tré faoin ceannfhocal cléithe; cinéal forigneamh. Ach tá cúpla ciall ag clíath a fheileann freisin. Tá gluais ar an bhfocal san tré: ".i. salchar na cléithe d'fágbhail a bferann".Mo bhuille faoi thuairim féin ná go bhfuil seo ag tagairt do bhráca agus fuirseadh míshlachtmhar tálúin.
66Trí hairgarta ecalse: caillech fri clocc, athláech i n-apdaine, banna for altóir.Trí chosc eaglaise: cailleach mar chlingire, athlaoch ina ab, braon ar an altóir.

Cailleach = bean rialta (faoi chaille)
Athlaoch = duine a tháinig mall chuig gairm crabháidh.
67Trí fáilti co n-íarduibi: fer tochmairc, fer gaite, fer aisnéise.Trí fáilte a leanann díoma iad: fear tochmharc, fear goidte, fear fáisnéise.

tochmharc = ag lorg céile.
68Trí bróin ata ferr fáilti: brón treóit oc ithe messa, brón guirt apaig, brón feda fo mess.Trí bhrón ar fearr ná áthas iad: brón tréada ag ithe measa, brón goirt aibí, brón feá faoi mheas.

Bhí an chiall "ualach" ag brón.
Meas 2 = toradh na gcrann
Fiodh = coill 
69Trí fáilti ata messu brón: fáilti fir íar ndiupairt, fáilti fir íar luga eithig, fáilti fir íar fingail.Trí athás ar measa ná brón iad: áthas fir iar chalaois, áthas fir iar mionn éithigh, athás fir iar fionaíl.

fionáil = dúnmharú gaoil
70Trí fiada co n-anfhiad: gréss i nóentig fri muintir, uisce rothé dar cosa, bíad goirt cen dig.Trí fiadh ar ainfhiadh iad: gréas in aontíos le muintir, uisce ró-the do chosa, bia goirt gan deoch.

fiadh = léiriú measa, fáilte
gréas = ceardaíocht

Nótaí: 

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

2020-06-22

Trecheng Breth Féne, Áiteanna: 51 - 61

51Trí drommanna Hérenn: Druimm Fingin, Druimm nDrobcoil, Druimm LeitheTrí dromanna Éireann: Droim Fhinín, Druimm nDrobcoil, Druimm Leithe

Níl fhios agam cá bhfuil siad seo, agus níl soiléiriú go bhfeicim in Onomasticon Goedelicum cé go bhfuil an tré luaite agus iontráil ag gach droim acu.
52Trí maige Hérenn: Mag mBreg, Mag Crúachan, Mac LiphiTrí má Éireann: Má Bhreá, Má Chruachan, Má Life.
53Trí clúana Hérenn: Clúain Maic Nóis, Clúain Eois, Clúain IrairdTrí cluainte Éireann: Cluain Mhic Nóis, Cluain Eois, Cluain Ioraird.
54Trí tellaige Hérenn: tellach Temrach, tellach Caisil, tellach Crúachan.Trí teaghlaigh Éireann: teaghlach na Teamhrach, teaghlach  Chaisil, teaghlach Cruachain.
55Trí hessa Hérenn: Ess Rúaid, Ess Danainne, Ess Maige.Trí easanna Éireann: Eas Rua, Eas Danainne, Eas na Máighe

OG 15720 ess máige
56Trí fothirbi Hérenn: Tír Rátha Laideniáin, Slíab Commáin, Slíab Mancháin.Trí ghort? Éireann: Tír Ráth Laighnín?, Sliabh Commáin, Sliabh Mancháin
57Trí tiprata Hérenn: Tipra na nDési, Tipra Húarbeoil, Tipra Úaráin Garaid.Trí  toibreacha Éireann: Tobar na nDéise, Tobar Uarbheoil, Tobar Uaran Garaid.

OG 24278 seiscenn uarbeoil - Móin Seiscinn
26066 tibra uaráin garaid - Órán, Ros Comáin
58Trí haimréide Hérenn: Breifne, Bairenn, Bérre.Trí aimhréidh Éireann: Bréifne, Boirinn , Béara.
59Trí hinbera Hérenn: Inber na mBárc, Inber Féile, Inber Túaige.Trí inbhir Éireann: Inbhear na mBárc, Inbhear na Féile, Inbhear Tua

Inbhear (ar chruth) Tua - béal na Banna
60Trí hairderca Hérenn: Léimm Conculaind, Dún Cáin, Srub Brain.Trí oirirc Éireann; Léim Chon Chulainn, Dún Chaoin, Srubh Brain

Léim Chon Chulainn = Ceann Léime (féach Bás Chon Roi).

Tá Srubh Brain luaite ag Meyer le hIarthar Ciarraí (i n-iarthar Hérenn, YBL. 123b31) i bhfonóta, i. Srón Bhrain. Tá Srúibh Bhrain in Inis Eoghain, féach OG 25126 srúb brain. 
Ciallaíon Srúb gob, pointe, mar a chiallaíonn Srón.
61Trí gnátha Hérenn: Tráig Lí, Lúachair Dedad, Slíab Fúait.Trí áit a ghnáthítear in Éireann: Trá Lí, Luachra?, na Feá.

OG 20164 luachair dedad  
OG 24785 sliab fúait 

Nótaí: 

Tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie. Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. 
Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag  Donnchadh Ó Corráin.

Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne, Áiteanna: 42 - 50

42Trí dorcha Hérenn: úam Chnogba, úam Slángae, dercc Ferna. Trí dorcha Éireann: Uaimh Cnóbha, Uaimh Sláine, Dearc Fhearna 

Maidir le Dearc Fhearna, bhí mé ann
Tá Uaimh Sláine luaite ar líne le Bealach Conglais; d'fhailteoinn roimh breis eolais.
43Trí díthruib Hérenn: Fid Mór hi Cúailgni, Fid Déicsen hi Tuirtri, Fid Moithre hi Connachtaib.Trí díthreabh Éireann: Fiodh Mór i Cuaille, Fiodh Dearcadh Uí Tuirtrí, Fiodh Mothair i Connachta.

Fiodh = coill. Tá cúpla logainm "(An) Fiodh Mór" i Logainm, ach níl siad i Cuaille. 
Fiodh Dearcadh = Coill na Spiairí dar le fonóta Meyer.
Luann Meyer na hUí Tuirtrí le barúntachtaí Aontroim Íochtarach agus Uachtarach, agus Tuaim Uachtarach agus Íochtarach

44Trí dotcaid Hérenn: abbdaine Bendchuir, abbdaine Lainne Ela, ríge Mugdorn Maigen.Trí anrathach Éireann: abacht Beannchar, abacht Lainn Eala,  ríocht Mídhurn (Críoch Mhúrn anois)
45Trí huilc Hérenn: Crecraigi, Glasraigi, Benntraigi.Trí oilc Éireann: Creacraí, Glasraí, Beanntraí

Luann Meyer Crecraigi le Cúil Ó bhFinn, Sligeach. 
Tá Beanntraí i gCorcaí agus ceann eile i Loch Garman.
46Trí cáemnai Hérenn: abbdaine Lusca, ríge trí Cúalann, secnabbóite Arda Macha.Trí cluthar Éireann: abacht Lusca, Ríocht na dtrí Cualann, prióireacht Ard Mhacha.
47Trí trága Hérenn: Tráig Ruis Airgit, Tráig Ruis Téiti, Tráig BailiTrí trá Éireann: Trá Ros Airgid, Trá Ros Téite, Trá Bhaile

Tá Ros Airgid in Urumhain Uachtarach dar le Meyer.  
Tá Trá Bhaile i nDún Dealgan - is ann a mharaigh Cú Chulainn Aonmhic Aoife, Connla.
48Trí hátha Hérenn: Áth Clíath, Áth Lúain, Áth Caille.Trí Átha Éireann: Áth Cliath, Áth Luain, Áth Coille.

Tá tagairt fhada do Áth Coille in Onomasticon Goedelicum; féach thíos.
Maidir le hÁth Luain, féach thíos.
49Trí sligid Hérenn: slige Dála, slige Asail, slige Midlúachra.Trí shlí Éireann: Slí Dála, Slí Asail, Slí Luachra
50Trí belaige Hérenn: Belach Conglais, Belach Luimnig, Belach Duiblinne .i. Átha Clíath.Trí bealaí Éireann: Bealach Conglais, Bealach Luimní, Bealach Duibhlinne, i Átha Cliath.

Nótaí: 

Tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie. Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Onomasticon Goedelicum 1895
áth caille *áth coille* Áth Cliath, Áth Luain, and Áth Caille are the chief fords of Ireland, BB 34a, UM 190a2, YBL 237; *Trí hátha hÉrenn: Áth Cliath, Áth Luain, Áth Caille, Triads (ed. Meyer), §48*; H. 2. 17, 183, col. 3; ATig. RC xviii 45; O’D. in AFM-ndx makes it Woodford, in b. Leitrim, c. Galway; and Woodford translates it; DAI H. 1.7, 32b, puts it in Desmond, and there is Áth Caillte in Connacht, BB 147a; but the only Áth Caille that can be identified is on the Shannon between the city of Limerick and the wood of Cratloe, at or nr Thomond Bridge; adaig i gCill Dá Lua; adaig in Cinn Chorad; adaig i lLuimnech; adaig ic Áth Caille for certbhrú na Sinainne; ní fuarus conair mar an Cretsalaigh; adhaig ic Sléib Suide an Ríg, Circuit Ireland (ed Hogan), 29; therefore Áth Caille was a ford on the Shannon at Limerick, by which Muirchertach passed to Cratloe wood and Sliab Oidhedha an Rígh opposite Limerick on the c. Clare side; it must be at Áth Lunkard * = Athlunkard* or Thomond Bridge, or near them; Morchoblach la Tairdelbach for Loch nDeirccdercc & a ttabhairt leis dar Ess Danainne co ro aircc Uí Chonaill ag Faing ... mórlongphort dno leis oc Áth Caille, AFM ii, 1020; O’D. equates with Woodford, in c. Galway, ‘not far from boundary of Thomond; ‘ it is 30 miles away (and astray ?); Áth Caille is in Thomond, opposite Limerick; *AI 1971, 1124; prob. at Athlunkard (Mac Airt)*

Rug an Donn Cuailgne an Fionnbheannach leis gur thumadar sa loch in aice le Ráth Cruachan, agus tháinig sé amach as agus luan agus slinneán agus aenna an Fhionnbheannaigh ar a adharca leis. ...
Thug an tarbh aghaidh ar a thír féin. Ar a bhealach ansiúd dó, d'ól sé deoch i bhFinnléithe gur fhág slinneán, nó léithe, a chéile ann. D'ól sé deoch eile in Áth Luain gur fhág luan an Fionnbheannaigh ann. 

as Comhrac na dTarbh
Táin Bó Cuailgne
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac

2020-06-19

Americanah

Luaigh Siún, ar an eagrán de Beo Ar Éigean inar rinne siad plé ar chiníochas, gur mhol Ola Majekodunmi an t-úrscéal seo di.
Bhí mé ag léamh roinnt úrscéalta Afracacha ar aon nós agus spreag an moladh mé fios a chur ar seo don Kindle. 
Tugann scéal grá idir beirt Nigéireach den meánaicme a chasann ar a chéile ar an meánscoil fráma do scéal i bhfad níos leithne agus doimhne.
Baineann Chimamanda Ngozi Adichie feidhm as scéal na beirte chun réimse leathan cúinsí a imríonn tionchar ar saol daoine sa Nigéir agus san imirce leath dleathach agus neamhdhleathach i Meiriceá agus Sasana a léiriú. Agus tuiscint a mhúscailt don fáth go dtéann daoine atá réasúnta maith as san amhantar ar imirce - ceal deiseanna cearta de bharr an sochaí lofa iarchoilíneach. 
Agus na dóigheanna éagsúla a imríonn ciníochas tionchar agus na difríochtaí idir an tionchar ar daoine atá tagtha le déanaí ón Afraic le hais sliocht na ndaor. 
Ceisteanna creidimh, caidrimh, collaíochta, carthanachta, corbachta. Pléite go cúramach tríd léiriú seachas go teagascach. Bíonn an príomhphearsa baineann (agus an príomhghuth san úrscéal) ag blagadóireacht, rud a thugann deis don údar tráchtaireacht a dhéanamh go nádúrtha. Chomh maith le sruth smaointe agus taithí na beirte, tugann sleachta ón mblag deis ceisteanna a chíoradh. 
Agus tá an scéal féin eachtrúil, spéisiúil agus gan é soiléir an n-éireoidh leis an lánúin teacht le chéile arís tar éis blianta scarúna agus dul ó aithne. 
Tá go leor ábhar machnaimh san úrscéal (téagartha) seo. Tá roinnt de haltanna Chimamanda Ngozi Adichie le fáil ar líne, agus fonn orm breis dá húrscéalta a léamh! 


Trecheng Breth Féne, Áiteanna: 32 - 41


32Trí tairleme Érenn: Daire Calgaig, Tech Munna, Cell Maignenn .Trí chaladh Éireann: Daire Calgach, Teach Munna, Cill Mhaighneann

(Daire Calgach = Doire Cholm Cille)
33Trí aithechpuirt Hérenn: Clúain Iraird, Glenn Dá Locha, Lugbad .Trí chíosaithe Éireann: Cluain Ioraird, Gleann dá Loch, Lú.
34Trí clochraid Hérenn: Aird Macha, Clúain Maic Nóis, Cell Dara.Trí chlochar Éireann: Ard Mhacha, Cluain Mhic Nóis, Cill Dara.
35Trí háenaig Hérenn: áenach Tailten, áenach Crúachan, áenach Colmáin Ela.Trí aonach Éireann: Aonach Thailtean, Aonach Chruacháin, Aonach Cholmán Elo (Lainn Eala?)
36Trí dúine Hérenn: Dún Sobairche, Dún Cermna, Cathair Chonrúi.Trí dúnta Éireann: Dún Sobhairce,  Dún Cermna,1Cathair Con Raoi

1Luaite leis An Seancheann, Cionn tSáile
37Trí slébe Hérenn: Slíab Cúa, Slíab Mis, Slíab Cúalann.Trí sléibhte Éireann:Sliabh gCua2, Sliabh Mis, Sléibhte Cualann3.

2 Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh
3 Sléibthe Chill Mhantáin
38Trí haird Hérenn: Crúachán Aigli, Ae Chúalann , Benn mBoirchi.Trí arda Éireann: Crúachán Aigli4, Ó Cualann, Sliabh Dónairt

4 Cruach Phádraig
39Trí locha Hérenn: Loch nEchach, Loch Rí , Loch nErni.Trí locha Éireann: Loch nEathach, Loch Rí, Loch Éirne
40Trí srotha Hérenn: Sinann, Bóand, Banda.Trí srutha Éireann: Sionainn, Bóinn, Banna
41Trí machaire Hérenn: Mag Midi, Mag Line, Mag Lifi.Trí machaire Éireann: Má Mí, Má Line, Má Life

Nótaí: 

Tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie. Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne - 1..31, Logainmneacha Singile

1.Cenn Hérenn: Ardmacha.Ceann Éireann: Ard Mhacha.
2.Ordan Hérenn: Clúain Maic Nóis.Ordan Éireann: Cluain Mhic Nóis
3.Ana Hérenn: Cluain Iraird.Ana Éireann: Cluain Ioraird

(ana = saibhreas)
4.Cride Hérenn: Cell Dara.Croí Éireann: Cill Dara
5.Sruithe Hérenn: Bendchor.Sruithe Éireann: Beannchor

(sruithe = sinsireacht)
6.Cóemna Hérenn: Lusca.Sólás Éireann: Lusca

("Trost" atá sa Ghearmáinís ag Meyer; Comfort as Béarla;
leis an malairt brí "guter Mut"/Good cheer. 
Tá caomhnú agus cothú araon luaite in DIL.)
7.Áinius Hérenn: Cenannus.Áineas Éireann: Ceannanas.
8.Dí shúil Hérenn: Tamlachta 7 Findglais.Dhá shúil Éireann: Tamhlacht ⁊ Fionnghlas
9.Tech commairce Hérenn: Tech Cairnig for sligid Assail.Teach Coimirce Éireann:Teach Cairneach ar Shlí Assail.

(Slí ó Teamhair go dtí an Iar Mhí)
10.Idna Hérenn: Inis Cathaig.Íne Éireann: Inis Cathaigh
11.Reclés Hérenn: Glenn Dá LochaReigléas Éireann: Gleann dá Loch

(Reigléas = eaglais a bhaineann le mainistir)
12.Féinechas Hérenn: Clúain Húama.Féineachas Éireann: Cluain
13.Tech Foichle Hérenn: Fernae.Teach Formála Éireann: Fearna

(Wages or Hire; Löhne/Bezahlung)
14.Litánacht Hérenn: Less Mór.Liodánacht Éireann: Lios Mór
15.Senchas Hérenn: Imblech Ibair.Seanchas Éireann: Imleach
16.Bérla Féine Hérenn: Corcach.Béarla Féine Éireann: Corcaigh.

(i. teanga lucht dlí anallód)
17.Légend Hérenn: Ross Ailithre.Léann Éireann:  Ros Ó gCairbre.
18.Téite Hérenn: Tír Dá Glas.Teaspach Éireann: Tír Dhá Ghlas.
19.Anmchairde Hérenn: Clúain Ferta Brénainn.Anamchairde Éireann: Cluain Fearta Bhréanainn.
20.Escaine Hérenn: Lothra.Eascaine Éireann: Lothra
21.Brethemnas Hérenn: Sláine.Breithiúnas Éireann: Sláine.
22.Dúire chrábaid Hérenn: Fobur Féichín.Dúire chrábhaidh Éireann: Fobhair Féichín
23.Áibne Hérenn: Ard mBreccáin.Aoibhne Éireann: Ard Breacáin
24.Diúite Hérenn: Ross Commáin.Diúide Éireann: Ros Comáin

(Simplicity/uprightness - Einfachheit/Aufrichtigkeit)
25.Fáilte Hérenn: Ráith mBoth nó Druimm Lethan.Fáilte Éireann: Ráth Bhoth nó Droim Leathan
26.Desherc Hérenn: Dún Dá Lethglas.Déirc Éireann:  Dún Dá Leathghlas (Dún Pádraig).
27.Trichtach Hérenn: Dairchaill.Sampla? Éireann: Dairchaill.

(Nod ag Meyer DE do Hogan Onomasticon 
Dirchaill: Ciaran Dirchaille, Lec. 116, Bb. 124 b,
 Ai. 150 b, Ll. 367; ¶  al. Dair-chaill.)
28.Fossugud Hérenn: Mag mBile.Fosaíocht Éireann: Maigh Bhile

Fosaíocht = seasmhacht
29.Martra Hérenn: Tulen.Martra Éireann: Tuiléan.
30.Ailbéimm Hérenn: Cell Rúaid.

Feicthe anseo:
.i. cill as mesa do cheallaibh nó béim aithesach nó ceall dáir.
Oilbhéim Éireann: Cill Ruaidh

(Ruadhan i Leabhar Buidhe Leacáin)

.i. an cill is measa de chealla ...  
31.Genas Hérenn: Lann Ela. Geanas Éireann: Lainn Eala.


Nótaí:


Tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne - Díonbhrollach

Is maith liom tréanna. Bíonn siad gairid, gonta, glic. Tá leabhar 'ac Gearailt agam, agus tá tréanna i Seanfhocail na Mumhan atá ar mo leabhragán. Tá curtha leis an stór ag leithéidí Philip Cummings go háirithe san leabhar ADS.


Ní cuimhin liom anois cathain a bhfaca mé eagrán Dennis King de Trecheng Breth Féne Meyer. Gach seans gur siar i laethanta na liostaí r-phoist a cuireadh faoi mo bhráid i dtosach é! Thar na blianta tá tré fánach aistrithe go nua Ghaeilge agam - ní scoláire mé agus go hiondúil bím spléach ar Bhéarla Meyer chun Gaeilge a chuir orthu. Má aimsím focal atá gar i gcuma agus céill don bunfhocal in Ó Dónaill sin an focal is fearr liom a úsáid - go hiondúil áfach bíonn an nod Lit(eartha) ag dul leis an bhfocal sin, i. níl sé sa chaint níos mó.

Ar Twitter a bhí na haistriúcháin seo á scaipeadh agam - giolc le gaoth. Le déanaí tá cuntas @TriadsofIreland tosaithe ag scaipeadh tré an lae as Béarla, mórchuid acu as liosta Meyer (a bhfuil a chuid foinsí luaite ar leathanach Dennis thuas. 

Inné mhol Dennis go gcuirfinn na haistriúcháin anseo, seachas iad a scaoileadh le gaoth. Tabharfaidh mé faoi, mar sin. 

Tá 256 san iomlán ann - tógfaidh sé tamall! Tá sé i gceist agam iad a scaoileadh amach ina mbraislí, ach beidh an chlib Trecheng Breth Féne orthu. 

Tá foinsí eile luaite ar leathanach Dennis - ina measc tá leagan Gaeilge ar CELT maraon le Béarla Meyer agus Gearmáinis.

Tá fáilte roimh moltaí chun feabhais ar na haistriúcháin - aonghusoh@gmail.com - tá tagairtí dúnta nach mór ar an mblag mar go raibh mé do mo chrá ag turscaireacht praistrithe!

2020-06-12

Ag fálróid le Fontane

Bhí leabhair measartha saor san Oir Ghearmáin agus bhí cnuasach measartha mór leabhair ag mo nuachar nuair a phósamar. Ina measc bhí saothair iomláine Fontane. Léigh mé roinnt de na húrscéalta blianta fada ó shin. Thaithin siad liom maith go leor.

Ba poitigéir ó thaobh a cheird foghlamtha Fontane, agus is iomaí Fontane Apotheke a fheictear i mBeirlín agus i sráidbhailte Brandenburg. Go deimhin is ainm coitianta é ar fud na Gearmáine.

Agus is líonmhar iad na "Fontane Wanderwege" - conair siúlóide. Baineann sin le cuid eile dá shaothar, cúig imleabhar maidir le Brandenburg a shiúil. Tá siad áit éigin ar na leabhragáin againn ach ...

Ar aon nós, ó tharla nach raibh siúl lasmuigh de 2 km ceadaithe ar feadh seal (tá na srianta scaoilte beagán anois) bheartaigh mé Fontane a thionlacan ar a chuid fánaíochta. Seachas dul ag tochailt san l-spás fuair mé don Kindle na leabhair ar phingneacha fánacha - tá an cóipcheart in éag. 

Bhí mé ag súil cuimhní ar an dtírdhreach a athmhúscailt - bhí codanna de siúlta againn go háirithe sular tháining ár gclann ar an tsaoil. 

Ach cé go bhfuil méid áirithe cuir síos ar an tírdhreach, is mó go mór de seanchas, stairseanchas agus béadán ar theaghlaigh uaisle atá ann. Ach go háirithe an teaghlach ríoga Hohenzollern. Ar ndóigh ba Prúiseach lena súailcí agus dúailcí ar leith é Fontane. Agus is sobaldráma den scoth stair an teaghlaigh úd - mac in achrann foréigneach le hathair, caidrimh rúnda collaí fud na baill, agus bua agus teip tubaisteach ar mhachairí an áir agus na taidhleoireachta. Scéalta teaghlaigh na tithe móra fite fuaite le scéalta cogaidh agus sóisialta na ríochta - agus mar sin níl an scéalaíocht teoranta do Bhrandenburg. Is iad lucht na tithe móra agus a mbeartais nó easpa beartais a mhúnlaigh go leor den tírdhreach - agus roimhe sin na mainstreacha.

Ach níor éirigh liom an t-iomlán a chríochnú. Tabharfaidh mé faoi arís, ach leis na leabhair clóite, ina bhfuil na léaráidí. Tá ana eolas ann, agus má bhíonn deis agam tá cúinní de Bhrandenburg ar mhaith liom iad a shiúil arís - agus eolas nua agam ar an dream a mhúnlaigh iad. Rinneadh go leor oibre chun na habhainn a "fheabhsú" agus na habhantraigh a thriomú - ní i gconaí gur chun leas fadtéarmach dúlra ná duine a bhí sin!



2020-05-30

Fontenoy Mhic Cóil


Tá sé roinnt blianta ó léigh mé an t-úrscéal seo de chuid Liam Mac Cóil. Cuireann Mac Cóil dua ar a léitheoirí go  minic ach is fiú an tairbhe an trioblóid. Tá trí snáithe san insint seo. Ag a chroí tá tuarascáil an Chaptaen Uí Raghallaigh, a fuarthas más fíor i gcartlann i bPáras. Insint ar a bhfaca agus a rinne sé ag Cath Fontenoy agus na smaointe a spreagadh ann. I nGaeilge na linne úd (ach soléite don léitheoir le taithí). Tá sé sin neadaithe i gclaoninsint ar chomhrá idir an gcaptaen agus Voltaire roinnt blianta i ndiaidh an chatha, agus na smaointe a spreagann an comhrá sa Chaptaen. É sin é féin neadaithe in insint agus machnamh an údair ar nádúr an chuimhne agus na staire.

Scéal maith, eachtra - ach lón machnaimh freisin ar conas agus cé a mhúnlaíonn an stair. Agus mar a chuireann an múnlú sin le tuiscint pobail orthu féin.

An gné Eorpach de streachailt na nGaeil agus na nÉireannach, agus an dóigh a raibh sin faoi réir suimeanna ríthe eile - tharla gur cogadh maidir le Impireacht na hOstaire agus coróin Impire na Gearmáine a bhí i gceist agus Maria Theresia i seilbh i Vín agus líne fireann na Hapsburg síothlaithe. 

Cótaí dearga ar Éireannaigh ós mar chuid d'airm na Stíobhartach a throid siad faoi bhratach na Fraince. 

Sléacht agus ár, agus gan mórán toradh air tar éis síniú síochána chun leasa na ríthe. 

Fiannaíocht nó fiántas?

Leabhar ar fiú a athléamh. 

2020-05-22

Cantaireacht, caoineadh, caithréim nó clamhsán?

Ó thosaigh an dianghlasáil táim ag siúl i píosa coille beag gan den teach go laethúil ar mhaith le pé splanc céile atá fágtha agam a chaomhnú. Ó tharla go bhfuil an t-earrach ann tá go leor éanlaithe sa choill cé go bhfuil sé ag éirí níos deacra iad a fheiceáil de réir mar atá an duilliúr ag dul i bhflúirse.

Tá siad ag clos go soiléir, ceolmhar, claisceadal ilghuthach.

Ceol a chloiseann an duine, gan tuiscint ar an gcúis. Is cuimhin liom i ceann de leabhair Douglas Adams sa sraith Hitchhikers Guide to the Galaxy gur fhoghlaim Arthur Dent fuighle na n-éin tar éis do bua na heitilte a bhaint amach - ach go raibh sé leadránach amach is amach, iad síoraí ag caint ar leithéad sciatháin, cumas eitilte agus araile.

Tuigim ar ndóigh gur mealladh céile, fógairt fearainn, agus ocras na ngearrcach is mó atá i gceist.

Agus, mar a meabhraíodh dom inné, go mbíonn gníomhartha dorcha sa choill!

Chuala mé agus chonaic mé éan beag - meantán measaim - ag screadaíl go hard agus ar tabhairt fogha i ndiadh fogha isteach sa chrann os mo chionn. Nuair a d'fhéach mé suas chonaic mé scréachóg coille, agus gearrcach faon ina ghob aige. Tá péire acu sa choill - is dócha go raibh ál le tógáil.

B'fhéidir gur fearrde muid bheith dall ar an gciall laistiar den gceol!

Patternist

De bhrí go raibh mé ag fáil na leabhair ón leabharlann, tarlaíonn sé nach raibh an sraith is mó clú de chuid Octavia Butler léite agam. Ach ansin san dianghlasáil fuair mé amach go raibh an ceithre úrscéal sa sraith ar fáil mar eagrán Kindle in aon imleabhar. (Tá an cúigiú úrscéal ann, ach shéan sí é ar ball, agus chuir as an áireamh san díolaim é).

Fágann sin gur léigh mé an scéal in ord amlíne an scéil, seachas ord foilsithe (atá beagnach droim ar ais!) Níl fhios agam ar rinneadh athraithe san díolaim chun rudaí a chuir in oirúint - ní dóigh liom é. Tá na leabhair a foilsíodh níos déanaí níos snasta, mar a bheifí ag súil leis agus breis taithí ag an údar.

Baineann an scéal le dhá chinéal duine - daoine a bhfuil cumhachtaí neamhghnácha intinne acu, de bharr feachtas fhada rúnda póraithe ag neach ar leith atá fadsaolach ach a ghoideann coilne daoine eile le fanacht beo. Agus sliocht eile daoine atá athraithe go hiomlán de bharr galar a tháinig ar ais le criú spásárthaigh - galar a athraíonn iompar na n-daoine ar mhaithe leis an galar féin a scaipeadh, agus a athraíonn coilne go hiomlán, go háirithe i sliocht na ndaoine leis an ngalar.

Tugann seo fráma don údar chun ceart agus mícheart, grá, uabhar, cumhacht a chíoradh ar bhealaí éagsúla. San scéal deiridh tá an cruinne roinnte idir lucht na cumhachtaí intinne, agus an dream leis an galar. Is daoirse atá i ndán dóibh siúd gan cumhachtaí intinne, agus is córas feodach ag braith ar nirt intinne atá i measc lucht na gcumhachtaí. Rud a fhágann spás chun eitic agus saorthoil a chíoradh.

Tá urscéal ar leith a phléann leis an galar agus conas a scaip sé - agus arís tá plé ann ar cumhacht, grá, eitic, daoirse.

Is deacair mórán eile a rá gan scéalta a mhilleadh.

Thaithin na scéalta liom, agus an dóigh ar fhí Octavia Butler buncheisteanna tríd gan a bheith teagascúil - spás fágtha do mhachnamh an léitheora.

Octavia Butler

2020-05-18

Múscail, a Ghiorria

Seo ceann de na leabhair ar cheil Covid-19 ócáid seolta air! Ar abharaí an tsaoil d'éirigh liom cóip a fháil tríd an bpost ón Siopa Leabhair. 

I bhfoirm saorvéarsaíochta taitneamhach tá Eithne Ní Ghallchobhair tar éis eachtra ó mhaidin go coinfheascar a dhéanamh as an mbéaloideas maidir leis an gcailleach agus a cumas giorria a dhéanamh di féin; a ról sa phobal; a tuiscint ar bhaill an phobail céanna; an amhras agus an formad ainneoin a cabhair.

Tá aithris ar scéal Éadaoin agus Midir, agus ar Oidhe Chlainne Lir fite go healaíonta tríd an insint.

Tá nathanna idir seanbhunaithe agus nua ann; ruthaig a chuireann le luas an insint ag léimneach leis an ngiorria féin faoi ghrian Lá Buí Bealtaine. Spleodar agus iontas an dúlra.

Tá tagairtí do saol an lae inniu ann; agus don saol anallód - tuiscint ar na rudaí atá buan faoin nádúr daonna ina éagsúlacht uasal agus íseal iomlán.

Léigh mé an leabhar go tapaidh, ach fearacht na ngearrscéalta i Súil, feictear dom go mbeidh mé ag filleadh orthu!

Eithne Ní Ghallchobhair
Arlen House
ISBN 13: 9781851322404

2020-05-15

Athnuachan

Fuair mé bronntanas den úrscéal seo a foilsíodh tar éis bháis Máirtin Ó Cadhain thart ar an am a foilsíodh é sna nóchaidí. Rinne mé cúpla iarracht é léamh ach níor éirigh liom dul ró fhada leis.

Baineann an scéal le fear a fhilleann ar Chonamara tar éis tréimhse fada ar imirce, tar éis troid sa dara chogadh leis na Meiriceánaigh agus tréimhse i mbraighdeanas Seapánach. Saol simplí atá uaidh feasta, agus é ag súil go mór casadh ar a sheanchomradaí Beairtle, fear seoigh. Le Beairtle ó cheart a bhaineann an úrscéal - é dulta in aois agus thuas seal ina mheon de réir mar a cheapann sé tinneas a bháis bheith air.

Bhí bearna móra i m'fhoclóir ó thaobh saol na tuaithe agus galair na colainne.

Is dócha freisin go raibh mé ró óg sna nóchaidí le meabhair a bhaint as. 

D'éirigh liom é léamh faoi dheireadh le déanaí. Comhrá ar fad - fearacht Cré na Cille - atá ann, agus meon Bheairtle á chíoradh tríd daoine ag caint le reacaire an scéil; piseoga, poitín agus buidéil á phlé. 

B'é an caibidil deireadh is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, Beairtle ar shlí na fírinne faoi dheireadh - agus daoine óga a raibh theagmháil acu leo ag amharc an an scéal ar bhealaí éagsúla - scaipeadh na mionéin rompu, cuid acu dóchasach, cuid éadóchasach.

Bíonn claonadh ionamsa gan ach dromchla scéil a fhéiceáil, an scéal ann féin. Ach measaim anois go raibh Ó Cadhain ag trácht ar an athrú saol sa Ghaeltacht chomh maith leis sin; eagla an bháis an phríomhphearsa ar an gcomhluadar freisin - ainneoin spleodar easurraimeach na daoine óga (nó b'fhéidir dá bharr).


Máirtín Ó Cadhain
Coiscéim 1995

2020-05-12

Ngũgĩ wa Thiong’o

Lé cúpla bliain anois táim ag léamh corr leabhar as Béarla le húdar éagsúla ón Afraic. Léigh mé úrscéal fhada casta Ben Okri The Famished Road.

Faoi láthair (le bac sealadach ó Covid-19) táim ag treabhadh tríd saothair Ngũgĩ wa Thiong'o. De bhrí go bhfuil mé á fháil ón leabharlann agus de réir mar a thagann teideal faoi mo bhráid is meascán mearaí atá léite agam idir úrscéalta agus cuimhní cinn. 

Tá an dá rud fite fuaite le chéile feictear dom de bharr a óige i gcoilíneacht. Deartháir leis i bpéas na Sasanach, deartháir eile leis in Airm na Talún agus Saoirse, ar ar bhaist na Sasanaigh an Mau Mau. É ar a dhícheall oideachas a fháil chun rud a dhéanamh ar a mháthair. Ach gan éalú aige ón méid a bhí ag titim amach cé gurbh tearmann áirithe scoil agus ollscoil dó. 

Níl na cuimhní cinn a bhaineann lena streachailt leis na deachtóireachtaí iar neamhspleáchas léite agam fós, a spreag úrscéalta spéisiúla. 

Ná níor éirigh liom fós teacht ar a shaothar faoi díchoilíniú na hintinne. 

Ach tá an méid a léigh mé, idir ficsean agus dírbheathaisnéis, iontach spéisiúil agus spreagúil. 

Leanfaidh mé orm! 

Is dóigh liom go bhfuil cás na hÉireann eisceachtúil, ach go bhfuil rudaí le foghlaim againn ó údair na hAfraice atá ag iarraidh a gcultúr a athshealbhú. 

Ach ní mór dúinn aithint go raibh lámh againn sa choilíniú freisin agus gur bhaineamar mar tír agus pobal brabach áirithe as. Agus mar a luaigh mé agus Dúdhúchas Uí Máille a phlé agam tá mé idir dhá chomhairle faoi ról - nó róil - misinéirí as Éirinn. Is le misinéirí Protastúnacha Sasanacha is mó a bhí Ngũgĩ wa Thiong'o ag plé, ar ndóigh, nó le heaglaisí Afracacha a d'eascair astu. 

Tá marana le déanamh. 

Anseo thíos an méid atá léite agam go n-uige seo :






Weep Not, Child - úrscéal
Wizard of the crow - úrscéal
Petals of blood - úrscéal

Dreams in a time of war : a childhood memoir
In the house of the interpreter : a memoir
Birth of a dream weaver : a writer's awakening.
The Trial of Dedan Kimathi - dráma 

2020-05-04

Trí tréithe na hÉigse


Tá an nós nithe a lua i dtreánna chomh hársa sin sa Ghaeilge gur n-eascraíonn an focal tréith as.

Tá mé féin ana cheanúil orthu agus de bhrí go bhfuil siad gairid, tá sé éasca iad a scaipeadh ar Twitter - rud a dhéanaim. 

Tá roinnt foinsí agam. Tá Trecheng Breth Féne ar líne buíochas le Dennis King agus Sabhal Mòr Ostaig. 

Tá leabhar le Breandán ac'Gearailt ann - 200+ Tréanna. 

Tá filí ag cuir le litríocht na dtreánna i gcónaí. Tá go leor acu, comhaimseartha géar greannmhar ag Philip Cummings  ina leabhar ADS (tagairt ansin do Tháin Bhó Cuailgne!) 

De bharr an scaipeadh seo atá déanta agam spreagadh Ciara Ní É le taithí an saoil faoin gCoróinviréas a cheapadh i dtreánna - Tréanna an Choróinvíris (foilsithe i gComhar). 

Trí thréith tré : taitneamhach, gaoismhear, grinn. 

Is breá liom go bhfuil oiread na fríde curtha agam, go tánaisteach le stair fhada an tré. 

2020-05-01

An Deachtóir

De bharr turas fánach ar siopa leabhair dara láimhe sa chathair a fuair mé an leabhar seo - ar 5€ más buan mo chuimhne. Ceann de dhornán úrscéal éadroma a d'fhoilsigh Deasún Breatnach sna 1960í. 

Bhí ceann eile léite agam - An Buama Deiridh. Eachtraíocht den chinéal céanna atá anseo, bithiúnaigh tar éis seilbh a ghlacadh ar stáitín i Meiriceá Theas. Sliocht na nGael ann, agus iad ag iarraidh cabhair in Éirinn chun cuir i gcoinne na deachtóireachta.

Beirt Éireannach óg agus long acu ag dul trasna le cabhrú leo (nod ann go raibh siad bainteach le eachtraí i leabhair eile de chuid Deasún).

Eachtraíocht shaonta agus scéal grá geanmnaí. Cuid de beagainín greannmhar - samhlaigh Deachtóir i Meiriceá Theas a bheith buartha faoi scéal sa nuachtán Inniu!

Lorg a ré ar an scéal - ach taitneamhach mar sin féin. Caitheamh aimsire. 

2020-04-30

Tá Abhann an Súlan fireann - an bhfuil sé ina aonar?

Tá rann ag dul leis an Sulán:

Mise an Sulán
Fuar, fada, fireann
Anois an t-am
Cá bhfuil mo dhuine?
Tá ainmneacha aibhneacha baininscneach sa Ghaeilge go hiondúil.  Luaitear an Sulán agus An Feabhal mar eisceachtaí. Ach ó tharla go bhfuil fógraí ar na bóithre anois nuair a thrasnaíonn bóthar sruth, tá cúpla eisceacht eile tugtha faoi deara agam. Chuir mé ceist ar lucht Logainm an raibh aon staidrimh acu faoi. Ní raibh, ach thug siad liosta dom agus an ginideach san áireamh. Scagadh garbh mar sin, ag déanamh talamh slán de gur ionann "an" sa Ghinideach agus "firinscneach" - tá thart ar 170 as 930 firinscneach. Seo iad. Ar ndóigh is do bhailte nó sléibhthe a thagraíonn cuid de na logainmneacha nuair atá Abha/Abhainn mar chuid den ainm, rud a laghdaíonn an líon.
‘Sonraí logainmníochta Gaeilge ó Logainm faoi © Rialtas na hÉireann agus cheadúnas CC BY 4.0.’

Folmhú na dTeampaill

Eaglais mór fhairsing is ea San Seosamh, Tír an Iúir, áit ar éist mé aifreann agus mé ag fás aníos. Ag tús an 20ú chéid, chuir sagart paróiste an oiread céanna arís leis an séipeal, rud  a fhágann cruth neamhghnách air. Fear le súil chun cinn ab ea é, agus fuair sé Harry Clarke (nach raibh cáil mór air fós) chun fuinneog iontach daite a chuir ar bhinn nua an tséipéal. Tá seod nó dhó eile dá chuid in aice an altóir. Sna seachtóidí agus ochtóidí agus mé ag fás aníos bhí triúir nó ceathrar sagart ag fónamh ar an bpobal agus cúig nó sé aifreann gach Domhnach - agus an Eaglais lán go maith.

Bím ann anois is arís - aifrinn cuimhneacháin agus a léithéid - ach bíonn fairsinge spáis anois ann.

Um Cásc 1985 bhí mé sa Róimh le grúpa óige. Fuaireamar deis freastal ar Aifreann na Bigile i mBaisleac Pheadair.  Tosainn Aifreann na Bigile sin i nDorchadas, go dtugann an ceiliúraí coinneal na Cásca isteach san Eaglais, lasta ó thine na Cásca lasmuigh. De ghnáth is solas séimh na gcoinneal ag an bpobal a ghluaiseann gualann ar gualann leis an gcléir suas an séipéal. Mo chuimhne áfach ná go raibh tintreach flaiseanna ó ceamraí ann freisin, agus an cuma ar an bPápa Eoin Pól II go raibh sé cráite acu! Ansin go tobann lasadh soilse uilig an Bhaislic agus bhí sé ina lá, shamhlófá.

Um Cáisc 1995 bhí mé i nDeisceart na Polainne le mo nuachar agus mac óg. Is cuimhin liom an Eaglais a bheith chomh plódaite ar Aoine an Chéasta le DART ag buaic am taistil - agus go raibh ar aon duine nach bhfuair suíochán bogadh in éineacht le gach duine eile san Eaglais. Rud a tharla!

Uair sa bhliain a mbím i gCúil Aodha, ag éisteacht Aifreann agus mé sa cheantar do Imbolc. Cé go mbíonn corr bhínse folamh in aice na haltóra, go hiondúil - mar gur cuid de chroí an phobail cór agus aifreann - bíonn an seipéal lán go maith.

Anois áfach, agus na hEaglais iata ag srianta atá ag iarraidh scaipeadh galair a chloí, is mór an athrú atá ann. Taobh leis an dteilefís atáim chun aifreann a éisteacht.

Bhí mé ag éisteacht leis an bPapa um Cháisc mar sin. Bhí sé diamhar Eaglais ollmhór a fheiceáil gan ann ach roinnt deicheanna de dhaoine - scartha amach óna chéile. Ceol an schola tanaí go maith san Eaglais mór fairsing. Iocón Mhuire, Slánú Pobal na Róimhe agus Cros Céasta le nasc leis an bplá sna meánaoiseanna ar an altóir - meabhrú go raibh a leithéid ann cheana agus go dtiocfaimid as, go bhfuil cúis misnigh ann dúinn.

Chonaic mé roinnt freisin de shearmanas Aoine an Chéasta ó Chúl Aodha - gan san seipéal ach an sagart agus dornán de bhaill an Cóir.

Meascán ab ea na hAifrinn eile a d'éist mé - as Gearmáinis don mórchuid. Roinnt acu as seipéilíní beaga in aice leis an gnáth séipeal - áit a raibh cuma níos nádúrtha ar an líon beag daoine a bhí i láthair. Ach freisin aifreann ó Ard Eaglais Köln - diamhair arís an dornán duine in Eaglais ollmhór.

Níl mé baileach cinnte cá bhfuil an sruth smaointe agus cuimhní cinn seo ag dul!

Is dóigh liom gur chun leasa an athnuachan é nach bhfuil daoine ag plódú Eaglaisí níos mór de bharr smacht sóisialta agus nósanna fadbhunaithe - go bhfuil soiscéalú agus cinntí pearsanta ag teacht in áit leanúint caoch rialacha. Chruthaigh sé sin deiseanna d'arrachtaí teacht i dtír ar soineanteacht, agus chlis ar na hEaspaig a ndualgas a dhéanamh - tá leorghníomh fada le déanamh as sin.

Tá an rud ceart déanta ag an Pápa agus na hEaspaig géilleadh don riachtanas sláinte agus smacht an stáit. Ach is gá a bheith airdeallach nch n-éilíonn Caesár níos mó ná mar atá dlite dó; gur leas an phobail, a bhfuil riachtanais anama chomh maith le colainne acu, an slat tomhais.

Beidh le feiceáil, ach measaim gur chun leasa athnuachan na hEaglaise an teidhm seo - go dtabharfaidh sé deis ar dhaoine athmhachnamh ar ionad Dé ina saoil.


2020-04-29

An Diabhal Déanta

Cnuasach sleachta próis gairid atá anseo; cuimhní cinn agus gearrscéalta - agus scaití gan é bheith soiléir cad atá fíor agus cad atá cumtha spreagtha ag fírinne.

Reacaireacht den scoth mar is dual do Joe Steve, greann tríd - faoi féin sách minic - ach dáiriréacht sna ceachtanna. Daonnacht agus caoine. Is minic casadh cliste i ndeireadh an scéil a athraíonn an léargas ó bhonn.

Gaois saol fada a chaith sé chun leasa a phobail. Ceannaire umhal ab ea Joe Steve ó laethanta Cearta Sibhialta ar aghaidh. Néamhspléach. Tá na tréithe sin a bhí ann go smior sna scéalta seo ar an gnáth shaol, an grá agus an gruaim. 

Fadhbanna an lae inniu - cliseadh pósadh, diabhlaíocht tiomána, éiginnteacht an linbh uchtaithe, rúin á scaoileadh. Iad ar fad curtha i láthair go ceanúil, ag léiriú na castachtaí i saol nach bhfuil riamh dubh agus bán - saol ina bhfuil sonas agus donas in orlaí trina chéile.


Tá Joe Steve imithe uainn, ach seo bollán eile ar an gcarn clocha saothair atá fágtha aige againn mar shólás agus lón intinne.

Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnacht.

2020-04-25

An Capall agus a Ghiolla


Tá go leor de shaothair CS Lewis, scéalta uilig Nairnia, a chuid ficsean eolaíochta do dhaoine fásta, agus a shaothair díonchruthaithe Críostaí ar mo leabhragáin le fada, agus cuid acu léite agus athléite. Scéalta Nairnia go  háirithe.

Bhí mé sásta nuair a thosaigh Antain Mac Lochlainn ag cuir Gaeilge orthu leis An Leon, An Bandraoi agus an Prios Éadaigh. 

Seo chugainn an dara gála. Scéal atá beagán ar leithligh ó na scéalta eile - ról imeallach ar fad ag daoine ón ár Domhan. Titeann amach le linn réimeas na ceathrar as an gcéad leabhar ar Ríocht Nairnia. 

Ach is beirt óg ón gCalarméin - impireacht mhór a bhfuil cosúlachtaí leis na Críocha Arabacha - atá lárnach. 

Scéal éalú go saoirse. 

Laochas dá ainneoin féin i ndán don mbuachaill agus cailín a dtugann eachtraí an scéil le chéile iad agus an bheirt capall cainte fuadaithe ó Nairnia. 

Tá réamhrá spéisiúil curtha ag Antain leis an leabhar, ag plé leis na ceisteanna a tharraingíonn an scéal anuas, de bhrí na cosúlachtaí idir na bithiúnaigh sa scéal agus Arabaigh. Cosaint ciallmhar agus comhthéacsú cúramach.

Tá an scéal féin taitneamhach agus aistrithe go soléite soiléir ag Antain, nathanna deasa dúchasacha fite tríd atá oiriúnach. 

Tá súil agam go leanfaidh sé air agus go mbeidh an sraith ar fad ar fáil amach anseo do léitheoirí óga agus dóibh siúd atá sách críonna, mar a dúirt Lewis féin, chun pléisiúr a aimsiú arís i scéalta sí. 

C. S. Lewis 
Aistrithe ag Antain Mac Lochlainn 
An Gúm 


2020-04-21

Idir Dáil is Pósadh

Fadó, fadó nuair a thug mo nuachar is mé féin lámh is focal dá chéile, bhí searmanas beag eaglasta i gceist. Bhronn an sagart cóip de Die Verlobten orainn, aistriúchán Gearmáinise ar I promessi sposi, úrscéal Alessandro Manzoni. Leabhar galánta atá ann, lán de na léaráidí a chuir Manzoni lena eagrán féin chun teacht timpeall ar lucht cóipeála bradaíola. Ach pé cúis a bhí leis tá sé ar an leabhragán gan léamh ó shin. 

Le déanaí áfach, agus muid i ngleic leis an Covid-19, a shroich a bhuaic san Iodáil san Eoraip, chonaic mé roinnt tagairtí don úrscéal a spreag m'fhiosracht. Is cosúil gur cuid den canóin oideachais é thall agus i litir ó phríomhoide scoile Iodálach a rinneadh athchló air i nuachtán Gearmánach, bhí tagairt do na ceachtanna maidir le fanacht daonna i gcúinsí a cothaíonn eagla atá le fáil ann. 

Scéal beirte den íosaicme atá ar tí pósadh. Lombard san seachtú haois déag agus smacht ag na Spáinnigh ar an tír. Mionuaisle agus a gcuid Bravi - ceithearnaigh - ina ualach ar an bpobal. 

Titeann mionuasal i ndrúis leis an mbean agus cuireann brú ar an sagart paróiste an pósadh a chuir ar athló. Déanann an lánúin iarracht teacht as an sáinn ach tarlaíonn sraith eachtraí a fhágann scartha iad ar  feadh roinnt blianta le linn cogaidh agus go háirithe an plá. Faoi dheireadh aimsíonn siad a chéile arís agus tá cúinsí athruithe sa chaoi agus go bhfuil deireadh sona i ndán dóibh. 

Úrscéal stairiúil den scoth, agus pearsana atá luaite sa stair ann, ina measc Federigo Borommeo ard easpag Milano. 

Béim ar suáilce agus daonnacht. 

Bhain mé taitneamh as, ach shamhlóinn gur mó tairbhe a bhain mé as ná mar a bheadh agus mé fós sna fichidí! 
 

2020-04-18

Arracht

Tá mé spreagtha ag feachtas TG4 agus an tÚdarás Craolacháin chun fad scannáin a chuir ar fáil as Gaeilge. Tá na haisteoirí ann!

Le linn scoil cheoil an Earraigh tháinig fear óg dathúil amach as Tí Mhurchú agus mise ar tí dul isteach. Bhí fhios agam go raibh aithne agam ar, ach ní raibh fhios agam cén fáth. Ansin chonaic mé gur i gcomhluadar Pádraig Ó hÉalaí a bhí sé (agus a léacht seisean ar seanfhocail díreach cloiste agam) agus thuig mé gur réalta Arracht a bhí romham. Dúirt leis go raibh mé ag súil go mór an scannán a fheiceáil san Lighthouse, agus bhí. 

Is pigneacha beaga atá ar fáil do na scannáin seo, ach tá scríbhneoirí agus cliar tar éis láidreacht a dhéanamh as sin. Ó hÉalaí go háirithe, a rinne troscadh fhada chun a cholainn a bheith in oiriúint do ról an teifigh ar a sheachaint ar oileán de bharr ainghníomhartha duine eile. 

B'é an téama is láidre domsa síos tríd an scannán ná an ghrá agus an caoine as ar fáisceadh Colmán Searcaigh, a chúram dá chlann agus dá phobal in aimsir uafáis. 

Is as radharc atá mórchuid de foréigean agus uafás an scannáin agus is amhlaidh is éifeachtaí mar sin é. 

Tugann Dara Devaney ana thaispeáintas freisin, brúidiúil leithliseach fiáin. 

Agus Saise Ní Choinn mar an gcailín óg a athmhúsclaíonn caoine Choilm agus a thagann idir é agus éadóchas marfach.

Léargas ar an duine i ladhar casúir an uafáis. 

Ní rud é tharla dóibh atá ann mar a deir Colmán sa scannán, ach rud a rinneadh orthu. 

Ana scannán. Faoi seo, murach an saol a bheith as riocht, bheadh sé feicthe sna pictiúrlanna. Beidh arís ann. Má bhíonn deis agat, tapaigh é. 

2020-04-17

Cnámh


Is ag Féile Imbolc traidhfil blianta ó shin a casadh Eoghan Mac Giolla Bhríde orm. Bhuail sé bob orainn nuair a d'inis sé scéal dúinn seachas an caint léirithe le power point a bhíomar ag dréim leis. Taibhiú samhlaíoch cliste. (Tá físeán ar fáil ar shuíomh Imbolc.ie)

Bhí dhá leabhair gearrscéalta foilsithe aige an uair úd,  "Idir Feoil is Leathar" agus "Díbeartaigh".  Chuir mé fios orthu. Thaithin liom. Roinnt de fáiscthe as a thaisteal i Meiriceá Theas. Scéalta neamhghnácha. Léargas éagsúil.

Sa chnuasach is déanaí Cnámh tá na tréithe céanna, ach breis snas orthu. Muid istigh in aigne na bpríomhcharachtar. Na scéalta féin níos cosúla le heipeasóid. Gan tús ná críoch shoiléir. Cuid de na carachtair ag streachailt le leadrán agus imní an ghnáth shaol. Déagóirí ag fulaingt miangas agus leadrán. Cuid eile ina ngeilt cruthanta.

Cor agus casadh san scéal. Spreagann smaoineamh. Máistreacht focail is teannas. 

Mothúcháin le blaiseadh agus bolú. 

Fillfear air... 

Eoghan Mac Giolla Bhríde 
Éabhlóid 
2019 

2020-04-14

Mná Dána

Bhí seachtain na Breataine Bige ag siúl i mBaile Átha Cliath thart ar tús mí Márta, agus taispeántas ar bun san CHQ ar na céanna. I gcruinneog de chuid an taispeántais sin ar an 9ú Márta bhí ócáid filíochta ag comóradh Lá Idirnáisúnta na mban. Triúr banfhile Éireannach, triúr Breatnach, tugtha le chéile ag Y Stamp – meitheal filíochta Breatnach, agus Reic na hÉireann.

Bhí mé ann, duine den beagán fear a bhí i láthair, ag ócáid a bhí ag ceiliúradh na mBan. Sin ráite, thug Llio Maddocks, an chéad file Breatnach a reic, suntas dó gur ag scríobh faoi thionchar na bhfear a bhí sí ainneoin go raibh fúithi dánta feimineach a scríobh. Ceal Breatnaise, is taobh le ceol a gutha a bhí mé seachas do mír amháin den chiogal "Nithe a deir Stócaigh Liom" ar chuir a comhghleacaí Taylor Edmonds Béarla air – sin agus an achoimre gairid a thug sí féin ar ábhar a dánta. Ba tréan a ceol áfach.

Thug Dairena Ní Chinnéide a rogha dánta féin dúinn san dá chanúint a bhfuil smacht ag a teanga gabhlach orthu! Searc mná, idir máthair, leannán agus bé: mealltach nó maíteach. Cíoradh ar an dúchas – ag iarraidh doimhneacht fréamhacha an fhocail a cheapadh i mBéarla.  Líonadh an phuball de chumhacht a héigse.

Ceol dáiríre a bhí ag Siân Miriam – le agus gan tionlacan lirchruit. (Lyre harp – theip orm aistriú a aimsiú). Amhrán ceana dá máthair. Dúlra Ynys Môn. Screamh agus doimhneacht a sráidbhaile dúchais. Ní raibh mé ar adhastar ag brí na bhfocail – ach bhlais mé go doimhin den gceol.

Is léir go bhfuil Sionainn Ní Ghreácháin tar éis a cuid féin a dhéanamh den nGaeilge atá foghlamtha aici ón meánscoil agus Ollscoil. Agus tá guth agus teacht i láthair aici a lig di an phuball a chrith le ceol a héigse,  searc, féiniúlacht, neart, neamhspleáchas.

As Caerdydd do Taylor Edmonds ach tá rútaí aici san Bhreatain agus sa Chairb. As Béarla a reic sí, dánta aduaine faoi máthair i ngleic le tréigean, bandia na Sabhrainne ag cosaint na mban agus ag baint díoltas as easurraim agus foréigean; nó caidreamh bia le seanathair ón Chairb ar fhág an saol a sháith coilm air agus rúin gan insint. Dhíol Llio Maddocks an cóir léi tríd Breatnais a chuir ar an dán sin, Patois.

Bunaitheoir Reic, Ciara Ní É – an Phenomenal Women í féin - a chuir clabhsúr leis an ócáid.  Bhí a mháthair i láthair, agus chomh maith leis an dán idirtheangach a scríobh sí do Cumann Peil na mBan reic sí péire dán seirce dá máthair, ceann i ngach teanga. Bhí an aer trom le mothúcháin, agus bhain fírinne na dánta deora asam – an ghrá laistiar den streachailt idir máthair agus iníon; an muinín a fhágann amhlaidh é.

Ba chineál faoiseamh é go bhfuil an dán a spreag ridire anaithnid méarchlár – Ramhar, Gránna, Iomarca smidiú, béalscaoilte agus lán di féin, chomh greannmhar céanna as Béarla agus atá as Gaeilge agus gur chuir sí an chruinneog ag canadh an curfá léi!

Ard oíche éigse agus léiriú ar bhláthú ginias na mbain ar dhá thaobh Muir Meann, sna teangacha ársa a fáisceadh as an ithir agus san teanga eile úd a ligeann dúinn caint le chéile agus léargas éigin a thabhairt ar anamacha a chéile.

Go gcoinní an Bé na mná éigse seo ághmhar, dána, cuí-smidithe, béalscaoilte ag dáileadh orainn féin!

2020-04-13

Octavia Butler - Earthseed

Luaigh mé cheana gur sheol NK Jeminsin agus Nnedi Okarafor i dtreo Octavia Butler mé, scríbhneoir Meiriceánach de shliocht na hAfraice.

Tá dhá úrscéal, The Parable of the Sower agus The Parable of the Talents sa sraith.
Bhí sé i gceist aici sraith fhada a chruthú ach níor éirigh léi. 

Seasann an dá leabhar ina bhfuil a laoch Lauren Oya Olamina lárnach go maith astu féin, dar liom.

Ag tús an scéil, is déagóir óg í. De bharr iarsmaí andúil a máthair i ndruga ar leith, fulaingíonn sí pian daoine eile má fheiceann sí ag fulaingt iad. Tá a hathair pósta arís agus muirir air. Tá cónaí orthu in eastáit bheag tithíochta, balla thart air, i timpeallacht Los Angeles. Lasmuigh, tá an tír ag titim in anord de bharr corraíl pholaitiúil agus tionchar athrú aeráide.

Tá an cuma ar go bhfuil an saol sách maith ach tuigeann sí an baol agus meabhraíonn agus beartaíonn in aghaidh an anachain ainneoin go mbíonn achrann dá bharr lena hathair, atá ag iarraidh misneach a choinneáil sa phobal bheag, a bhfuil sé mar ministéir acu freisin. Ainneoin go n-aithníonn sé go bhfuil dealramh lena smaointe agus bearta conas maireachtáil lasmuigh.

Diaidh ar ndiaidh buaileann na tubaistí agus bíonn uirthi dul ar a seachaint. Bailíonn sí pobal in iarracht tosú as an nua san anord, agus bíonn sí ag teagasc a síol teagaisc féin dóibh - go bhfuil sé i ndán don gcine daonna éalú go dtí na réalta agus saol úr a chruthú - gurb é sin an dóigh chun na fórsaí oilc a fhágann an cine scoiltí a shárú. 

Tagann bunúsachas creideamh, gaoth i seolta feachtas Uachtaráin atá ag iarraidh lámh láidir a imirt, salach ar a hiarrachtaí pobal a chruthú agus bíonn uirthi tosú as an nua arís. A grá caillte aici. A leanbh goidte. Deartháir aimsithe agus caillte arís.

Trí súile a hiníon goidte agus dialanna - léi féin, lena fear agus lena deartháir a insítear scéal an dara leabhair.

Is samhlú iontach é ar mhisneach agus dóchas i ngleic leis an olc agus an diostóip. Ach freisin ar chostas pearsanta agus teaghlaigh an té a fhéachann le fís a chur i gcrích. 

Fáiscthe as taithí údair agus léitheoireacht leathan an linbh uaignigh. Lón machnaimh (agus é ana thráthúil cé gur sna nóchaidí a scríobh sí é.). 

Cloch maith sa seánra "Cad a tharlódh dá..." agus gan mórán gá le díchreideamh a chur ar fionraí. D'fhéadfadh formhór na heachtraí titim amach mar a rinne sí cur síos orthu. Tharla a leithéidí cheana...